EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta

Ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 — ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 rialacha comhchoiteanna maidir le:

  • soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (BAT/SAL) i ndáil leis an aerthrácht ginearálta;
  • údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le deimhniú, maoirseacht agus forfheidhmiú, agus comhlachtaí a ghníomhaíonn thar a gceann;
  • dearadh struchtúr aerspáis* (ón 27 Eanáir 2022 ar aghaidh).

PRÍOMHPHOINTÍ

Soláthar BAT/SAL agus dearadh struchtúr aerspáis

Ní mór do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a áirithiú go gcomhlíonann BAT/SAL agus dearadh struchtúr aerspáis an rialachán seo chun aerthrácht ginearálta a éascú agus cúinsí sábháilteachta, riachtanais tráchta agus tionchar comhshaoil á gcur san áireamh.

Tá rialacha mionsonraithe ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán.

Má ghlacann siad rialacha breise ar bith chun an rialachán seo a chomhlánú, maidir le hábhair ar bith a fhágtar faoi na Ballstáit faoin rialachán, ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • caighdeáin agus moltaí an Choinbhinsiúin um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta an 7 Nollaig 1944 a leanúint;
  • fógra a thabhairt do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa laistigh de 2 mhí i ndiaidh na rialacha breise a ghlacadh;
  • rialacha den sórt sin a fhoilsiú trína bhfoilseacháin náisiúnta faisnéise aerloingseoireachta; agus
  • má chinneann siad soláthar seirbhísí sonracha aerthráchta áirithe a eagrú i dtimpeallacht iomaíoch, a áirithiú nach rachaidh na soláthraithe seirbhísí sin i mbun iompar frithiomaíoch nó nach mbainfidh siad mí–úsáid as ceannasacht sa mhargadh.

Maidir le dearadh struchtúr aerspáis, ní mór do na Ballstáit an méid a leanas a áirithiú freisin:

  • go gcomhlíonfaidh aon eintiteas atá freagrach as sonraí aerloingseoireachta agus faisnéis aerloingseoireachta a thionscnamh a úsáidtear mar fhoinse do tháirgí agus do sheirbhísí faisnéise aerloingseoireachta na ceanglais in Iarscríbhinn III;
  • go ndéanfaidh pearsanra oilte, inniúla agus údaraithe na sonraí agus an fhaisnéis sin a thionscnamh, a phróiseáil agus a tharchur;
  • go gcomhordófar gníomhaíochtaí agus seirbhísí soláthraithe ATM/ANS, chomh maith le malartú sonraí agus faisnéise ábhartha;
  • go gcuirfidh daoine nó eagraíochtaí atá freagrach as struchtúir aerspáis a dhearadh riachtanais Iarscríbhinn XI i bhfeidhm;
  • go ndéanfar cothabháil agus athbhreithnithe tréimhsiúla ar nósanna imeachta eitilte d’aeradróim agus d’aerspás faoina n–údarás.

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • an gá atá le seirbhísí aerthráchta a chinneadh agus cineálacha agus dlús aerthráchta, dálaí aimsire agus tosca eile arna sainiú in Iarscríbhinn IV á gcur san áireamh;
  • comhordú a áirithiú idir aonaid mhíleata agus soláthraithe seirbhíse aerthráchta;
  • comhordú a dhéanamh ar oibríochtaí aeir thar a gcríoch a d’fhéadfadh a bheith guaiseach don eitlíocht shibhialta;
  • a áirithiú nach n–úsáidfear minicíocht éigeandála aerárthaigh (121.5 meigiheirts) ach le haghaidh fíor–éigeandálaí mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV;
  • údaráis náisiúnta a ainmniú le haghaidh deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, ag a mbeidh na cumhachtaí mionsonraithe atá leagtha amach sa rialachán;

Iarscríbhinní

Liostaítear sna hiarscríbhinní na ceanglais mhionsonraithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh a n–údarás inniúil mar a leanas.

  • Iarscríbhinn I: Sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear in Iarscríbhinní II go XIII.
  • Iarscríbhinn II: Ceanglais maidir le húdaráis inniúla – maoirseacht ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna eile líonra BAT.
  • Iarscríbhinn III: Ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhíse.
  • Iarscríbhinn IV: Seirbhísí aerthráchta.
  • Iarscríbhinn V: Seirbhísí meitéareolaíochta.
  • Iarscríbhinn VI: Seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta.
  • Iarscríbhinn VII: Seirbhísí sonraí.
  • Iarscríbhinn VIII: Seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta nó faireachais.
  • Iarscríbhinn IX: Bainistíocht na sreibhe aerthráchta.
  • Iarscríbhinn X: Bainistíocht aerspáis.
  • Iarscríbhinn XI: Seirbhísí deartha nós imeachta eitilte.
  • Iarscríbhinn XII: Ceanglais shonracha don Bhainisteoir Líonra.
  • Iarscríbhinn XIII: Ceanglais do sholáthraithe seirbhíse maidir le hoiliúint pearsanra agus measúnú inniúlachta.

Tabhair faoi deara: Rinneadh na hiarscríbhinní bunaidh a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú roinnt uaireanta, an uair is déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/938, atá i bhfeidhm ón 30 Lúnasa 2022. Ionchorpraítear leis rialacha nua idirnáisiúnta in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn VI a bhaineann leis na ceanglais maidir le catalóg sonraí aerloingseoireachta agus foilsiú faisnéise aerloingseoireachta.

Is éard is Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ann ná gníomh cur chun feidhme lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1377, agus Rialachán (AE) Uimh. 677/2011.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 i bhfeidhm ón 2 Eanáir 2020.

CÚLRA

  • Baineann Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 (féach an achoimre) le rialacha AE maidir le haerspás.
  • Baineann Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 (féach an achoimre) leis an Aerspás Eorpach Aonair — rialacha AE maidir le seirbhísí aerloingseoireachta.
  • Tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 (féach an achoimre) an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú.
  • Bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1139 (féach an achoimre) Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa. Rinne an rialachán seo Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a aisghairm agus cuireadh é ina ionad.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Struchtúir aerspáis. Méid sonrach aerspáis (an chion den atmaisféar atá á rialú ag na tíortha os cionn a gcríoch) atá deartha chun oibriú sábháilte agus optamach aerárthaí a áirithiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur Chun Feidhm (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhm (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lgh. 1-126).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2017/373 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh 996/2010, Rialachán (AE) Uimh 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CEE) Uimh 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t–aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Rialachán réime) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1-9).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10-19).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (IO, L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.10.2022

Top