Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0235

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/235 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 663) (Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise, Spáinnise, Sualainnise agus Ungáirise amháin atá barántúil)

C/2023/663

IO L 32, 3.2.2023, p. 220–222 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/235/oj

3.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/220


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/235 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2023

lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 663)

(Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise, Spáinnise, Sualainnise agus Ungáirise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear gur trí úsáid a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar fhaisnéis idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus an stóráil a éilítear i dtaca le faisnéis den sórt sin faoin reachtaíocht chustaim. Chun na críche sin agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, dréachtaíonn an Coimisiún comhcheanglais maidir le sonraí.

(2)

Foráiltear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla lena gceadaítear do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát maolú ó theicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, má tá bonn cirt leis an maolú sin de bharr staid shonrach an Bhallstáit iarrthaigh agus má dheonaítear é ar feadh tréimhse ama shonrach.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (2) bunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (“an clár oibre”). Liostaítear sa chlár oibre na córais leictreonacha atá le forbairt agus na dátaí óna meastar go mbeidh na córais sin oibríochtúil. Chomh maith le nithe eile, sonraítear sa chlár sin an tréimhse ama maidir le cur chun feidhme agus imscaradh an fhógra maidir le teacht i gcomhréir le hAirteagal 6(1), Airteagail 16 agus 133 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(4)

Thairis sin, sonraítear in Airteagal 278(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an spriocdháta a bhféadfar, go dtí é, leas a bhaint, ar bhonn idirthréimhseach, as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun na forálacha a bhaineann leis an bhfógra maidir le teacht i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a chur chun feidhme.

(5)

Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfógra maidir le teacht i ndáil le maoirseacht ar earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais, d’fhorbair roinnt Ballstát córais leictreonacha cheana chun na fógraí sin a bhainistiú, mar shampla trí chórais chomhphobail chalafoirt. Is gá coigeartuithe a dhéanamh ar chórais den sórt sin de bhun fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus na ngníomhartha gaolmhara ón gCoimisiún, go háirithe i ndáil leis na comhcheanglais maidir le sonraí. De bhun Airteagal 278(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tá na coigeartuithe sin le cur i gcrích faoin 31 Nollaig 2022.

(6)

Tháinig trí chúinse mhóra gan choinne chun cinn, áfach, cúinsí a raibh tionchar nach beag acu ar acmhainní na mBallstát agus a bhfuil dúshláin chomhlántacha ag baint leo a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní sin: de dheasca phaindéim COVID-19 cuireadh moilleanna móra ar fhorbairtí TF san Ostair, sa Bheilg, sa tSeicia, sa Fhrainc, sa Ghréig, i Málta, san Ísiltír, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic agus sa Spáinn. I ngeall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus an méadú a tháinig dá bharr sin ar líon na ndearbhuithe custaim, bhí ar an mBeilg, ar an bhFrainc, ar an Ísiltír agus ar an Spáinn acmhainní agus tosaíochtaí a athrú. De bharr iarmhairtí airgeadais ionradh na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí custaim na dtíortha comharsanachta nó na dtíortha sa chóngar gheografach, géaraíodh ar an staid agus bhí gá le hacmhainní breise san Ostair agus sa Pholainn. Go háirithe, deacrachtaí soláthair agus tairisceana, chomh maith le saincheisteanna buiséadacha agus foirne, a d’eascair as na cúinsí thuasluaite, bhí tionchar nach beag acu sin ar chumas na mBallstát na spriocdhátaí a chomhlíonadh, mar a luaigh an Ostair, an Bhulgáir, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Ghréig, an Chróit, an Ungáir, Lucsamburg, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSualainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.

(7)

Bhí na cúinsí sonracha sin ina gcúis le moilleanna móra sna forbairtí leanúnacha TF agus dá mbarr cuireadh cosc ar Bhallstáit áirithe imscaradh modhanna TF a chur i gcrích le haghaidh phróiseáil an fhógra maidir le teacht faoin 31 Nollaig 2022. Dá bhrí sin, an 21 Aibreán 2022 i gcás na hOstaire, an 3 Bealtaine 2022 i gcás na Cipire, an 6 Bealtaine 2022 i gcás na Spáinne, an 23 Bealtaine 2022 i gcás na Slóivéine, an 3 Meitheamh 2022 i gcás na Bulgáire, an 3 Meitheamh 2022 i gcás na Gréige, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Fraince, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Portaingéile, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Beilge, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Sualainne, an 29 Meitheamh 2022 i gcás na Danmhairge, an 4 Iúil 2022 i gcás na Slóvaice, an 4 Iúil 2022 i gcás na hÍsiltíre, an 6 Iúil 2022 i gcás na hEastóine, an 7 Iúil 2022 i gcás na Polainne, an 13 Iúil 2022 i gcás Mhálta, an 19 Iúil 2022 i gcás na Cróite, an 22 Iúil 2022 i gcás na hUngáire, an 22 Iúil 2022 i gcás Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na Seicia agus an 17 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na Rómáine, d’iarr na Ballstáit sin leas a bhaint as bealaí le faisnéis a mhalartú agus a stóráil cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. I gcomhréir le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, leis na maoluithe sin ní dhéanfar dochar do mhalartú na faisnéise idir an Ballstát chuig a ndíreofar í agus Ballstáit eile ná do mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun an reachtaíocht chustaim a fheidhmiú.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt do na Ballstáit sin leanúint de na córais TF atá acu cheana a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais sonraí a leag na Ballstáit amach dá bhforáiltear in Airteagal 2(4), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (3) ón gCoimisiún ar feadh tréimhse theoranta.

(9)

Tá an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, an Ísiltír, an Ungáir, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin dul chun cinn arna dhéanamh ar fhorbairt na gcóras leictreonach chun fógra maidir le teacht a thabhairt mar chuid den phróiseas tuairiscithe ar dhul chun cinn a leagtar síos in Airteagal 278a de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá cumarsáid agus comhroinnt na faisnéise pleanála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 le háirithiú.

(10)

Beidh an Cinneadh seo gan dochar don oibleagáid atá ar oibreoir aerárthaigh, de bhun Airteagal 43(1)(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414, (4) na sonraí is gá mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún i ndáil le fógra maidir le teacht a chur isteach tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 182 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (5) (“ICS2”), tráth a dhéanfar ceangal leis an gcóras sin a bhunú laistigh den tréimhse ama maidir le hImscaradh 2 den chóras sin a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151.

(11)

Ag féachaint do thionchair na n-imthosca eisceachtúla ba chúis le moilleanna ar na forbairtí leanúnacha TF le haghaidh phróiseáil an fhógra maidir le teacht sna Ballstáit, staid reatha na bhforbairtí sin sna Ballstáit agus an gá atá le moilleanna móra breise a sheachaint, ba cheart an maolú a bheith ann go dtí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 i ndáil le haerárthach a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, agus tráth nach déanaí ná an 29 Feabhra 2024 i ndáil le hárthach farraige a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil, cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha chun an fógra a thabhairt maidir le teacht aerárthaigh a cheanglaítear le hAirteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus chun fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige go dtí an 29 Feabhra 2024.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 i ndáil le haerárthach a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, agus tráth nach déanaí ná an 29 Feabhra 2024 i ndáil le hárthach farraige a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Airteagal 3

Is ar Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, , (IO L 81, 9.3.2021, lch. 37).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


Top