Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacháin teicniúla náisiúnta agus saorghluaiseacht earraí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Aitheantas frithpháirteach earraí' for an updated information about the subject.

Rialacháin teicniúla náisiúnta agus saorghluaiseacht earraí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 — nósanna imeachta a bhaineann le cur i bhfeidhm rialachán teicniúil náisiúnta áirithe ar tháirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i dtír eile AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar shaorghluaiseacht earraí in AE.
  • Leagtar amach ann rialacha agus nósanna imeachta nach mór d’údaráis thíortha AE cloí leo nuair a dhéanann siad cinneadh nó nuair atá sé beartaithe acu cinneadh a dhéanamh lena bhféadfaí bac a chur ar shaorghluaiseacht earraí táirge a chuirtear ar an margadh go dleathach i dtír eile AE agus nach bhfuil cumhdaithe faoi rialacha comhchuibhithe ar leibhéal AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le cinntí riaracháin a bhunaítear ar riail theicniúil a bhfuil na héifeachtaí díreacha nó indíreacha seo a leanas mar thoradh orthu:

  • toirmeasc ar tháirge a chur ar an margadh;
  • mionathrú nó tástáil bhreise ar an táirge sin sular féidir é a chur ar an margadh;
  • aistarraingt an táirge sin.

Níl feidhm ag an rialachán seo maidir le:

Nósanna imeachta

Cuimsítear faoin rialachán seo an measúnú ar chomhréireacht táirge le rialacha teicniúla náisiúnta. Ní mór do na húdaráis inniúla i dtíortha AE cloí leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le:

  • faisnéis a bhailiú faoin táirge lena mbaineann;
  • aitheantas deimhnithe nó tuarascálacha tástála arna n–eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (creidiúnú agus faireachas margaidh): Ní fhéadfaidh tíortha AE deimhnithe nó tuarascálacha tástála a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin;
  • meastóireacht ar an ngá atá le riail theicniúil a chur i bhfeidhm: ba cheart an cinneadh a bhunú ar ghnéithe teicniúla nó eolaíocha lena gcruthaítear comhréireacht an bhirt atá beartaithe, a chur in iúl don fhiontar lena mbaineann agus féadfaidh agóid dhlíthiúil a dhéanamh ina choinne;
  • fionraí sealadach maidir le táirge a chur ar an margadh: tá toirmeasc air sin le linn an nós imeachta meastóireachta, ach amháin i gcásanna go mbaineann riosca tromchúiseach leis an táirge nó go bhfuil sé toirmiscthe i dtír AE ar fhorais na moráltachta poiblí nó na slándála poiblí.

Pointí teagmhála táirgí

Ní mór do gach tír AE pointe teagmhála táirgí amháin nó níos mó a ainmniú ina gcríocha agus a sonraí teagmhála a chur in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha eile AE. Soláthraítear faisnéis ag na pointí sin maidir le:

  • na rialacha teicniúla atá i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil siad bunaithe;
  • sonraí teagmhála na n–údarás inniúil, agus
  • na feabhsúcháin atá ar fáil.

Tuarascálacha agus athbhreithniú

Ní mór do thíortha AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin gach bliain. Ní mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an rialacháin seo gach 5 bliana agus liosta táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíochta comhchuibhithe AE a fhoilsiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 13 Bealtaine 2009.

CÚLRA

Aisghairtear Treoir 3052/95/CE leis an rialachán seo agus cuirtear an rialachán seo in ionad na Treorach sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le cur chun feidhme rialachán teicniúil náisiúnta áirithe maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 21-29)

Nuashonraithe 01.08.2018

Top