Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Soghluaisteacht do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe óga, múinteoirí agus oiliúnóirí

Soghluaisteacht do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe óga, múinteoirí agus oiliúnóirí

ACHOIMRE AR:

Moladh 2001/613/CE maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas Eorpach do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe, múinteoirí agus oiliúnóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

I ndiaidh na Comhairle Eorpaigh i Liospóin in 2000, tá sé mar aidhm leis an moladh seo tacaíocht a thabhairt do shaorghluaiseacht sa réimse oideachais agus oiliúna. Iarrtar ann ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) na bearta is gá a dhéanamh chun soghluaisteacht mac léinn, múinteoirí agus ball foirne oiliúna laistigh den Aontas Eorpach a spreagadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarrtar sa mholadh ar thíortha AE réidh a fháil le bacainní dlíthiúla, riaracháin, teangeolaíocha agus cultúrtha ar dhaoine:

  • atá i mbun staidéir nó oiliúna;
  • ag oibriú go deonach; nó
  • ag teagasc nó ag cur oiliúint ar fáil;

i dtír AE eile.

Tá siad seo a leanas i measc na gceisteanna, na n-aidhmeanna agus na moltaí a cuireadh ar aghaidh:

  • an sprioc chun dhá theanga AE ar a laghad a fhoghlaim, agus a bheith ullmhaithe ón taobh teangeolaíoch agus cultúrtha roimh thaisteal;
  • feasacht ar shaoránacht AE a chur chun cinn i measc daoine óga, chomh maith le meas ar dhifríochtaí;
  • rochtain éasca ar fhaisnéis faoi dheiseanna i dtíortha AE eile;
  • tacaíocht airgeadais (deontais, scoláireachtaí, fóirdheontais, iasachtaí, etc.) a éascú agus a shimpliú;
  • cúnamh a thabhairt le costais iompair, cóiríocht, béilí agus rochtain ar acmhainní cultúrtha ar an mbonn céanna le saoránaigh na dtíortha aíochta; agus
  • feasacht níos fearr maidir le teidlíochtaí airgeadais agus clúdach cómhalartach slándála sóisialaí.

Bearta a bhaineann go sonrach le mic léinn nó leo siúd atá i mbun oiliúna

  • mic léinn a spreagadh chun cuid dá staidéir a dhéanamh i dtír AE eile agus aithint acadúil tréimhsí staidéir a dhéantar idir tíortha a éascú;
  • samhlacha níos soiléire do theastais oiliúna a spreagadh, mar shampla, trí aistriúcháin agus pointí faisnéise láraithe a sholáthar;
  • a chur ar chumas mac léinn a thaispeáint ar mhodh níos éasca go bhfuil clúdach sláinte nó acmhainní airgeadais acu chun ceadanna cónaí a fháil; agus
  • comhtháthú agus tacaíocht mac léinn laistigh de chóras oideachais na tíre aíochta a éascú, chomh maith lena n-athimeascadh ina dtír baile.

Bearta a bhaineann le saorálaithe óga

  • a chinntiú go mbreithnítear ar chineál sonrach na gníomhaíochta deonaí i gceiseanna dlíthiúla agus riaracháin;
  • a chur chun cinn go dtabharfar isteach teastas rannpháirtíochta ag féachaint d’fhormáid choiteann AE d’iarratais ar phoist; agus
  • idirdhealú i gcoinne na saorálaithe atá i dteideal cosanta sóisialta a sheachaint.

Bearta a bhaineann le múinteoir agus oiliúnóirí

  • breathnú ar fhadhbanna a bhaineann le soghluaisteacht mar thoradh ar roinnt reachtaíochta náisiúnta agus comhar a spreagadh;
  • múinteoirí agus oiliúnóirí ar shoghluaisteacht a ionadú go sealadach;
  • comhtháthú san fhoras aíochta a éascú;
  • tréimhsí oiliúna Eorpacha a thabhairt isteach chun soghluaisteacht a éascú;
  • gné Eorpach sa ghairm a spreagadh trí ábhar na gclár oiliúna, agus trí theagmháil agus malartuithe idir forais; agus
  • taithí ar shoghluaisteacht Eorpach a chur chun cinn mar chomhpháirt ghairme.

Iarrtar ar thíortha AE tuarascáil a dhréachtú gach 2 bhliain ar an mbeart a rinneadh mar fhreagairt ar na moltaí sin.

CÚLRA

Bhí feidhm ag na moltaí atá léirithe i dtosach maidir le cláir AE amhail Socrates (oideachas), Leonardo da Vinci (gairmoiliúint) agus an Óige, agus tá siad sin ar fad ina gcuid anois den chlár Erasmus+, agus forlíontar bearta leo a thagann faoi ET 2020 anois faoina gcumhdaítear comhar san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2001/613/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le soghluaisteacht laistigh den Chomhphobal do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe, múinteoirí agus oiliúnóirí (IO L 215, , lgh. 30-37)

nuashonrú is deireanaí

Top