Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díolúine le haghaidh comhaontuithe ingearacha soláthair agus dáileacháin (ó 2022 ar aghaidh)

Díolúine le haghaidh comhaontuithe ingearacha soláthair agus dáileacháin (ó 2022 ar aghaidh)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/720 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe

Airteagal 101 CFAE — Comhrialacha maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Roinn 1 — Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS AIRTEAGAL 101 CFAE?

  • Le hAirteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear toirmeasc ar chomhaontuithe idir cuideachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus a choisceann, a shrianann nó a shaobhann iomaíocht. Mar sin féin, le hAirteagal 101(3) CFAE, díolmhaítear ó na comhaontuithe toirmisc sin ar mó iad ná na héifeachtaí frithiomaíocha.
  • Leis an rialachán, tugtar blocdhíolúine ó Airteagal 101(1) le haghaidh comhaontuithe ingearacha* faoi réir coinníollacha áirithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinníollacha maidir leis an rialachán a chur i bhfeidhm

Tá feidhm ag an rialachán maidir le comhaontuithe ingearacha ar an gcoinníoll:

  • tá sciar nach mó ná 30 % den mhargadh ag an soláthróir agus ag an gceannaitheoir araon; agus
  • níl srianta tromchúiseacha áirithe ar iomaíocht (cruashrianta) sa chomhaontú ingearach.

Cruashrianta

Má áirítear i gcomhaontú ingearach aon cheann de na srianta tromchúiseacha seo a leanas ar iomaíocht, déantar an comhaontú ar fad a eisiamh ón mblocdhíolúine:

  • srianta ar chumas ceannaitheora a phraghas díola a chinneadh, cé go bhféadfaidh an soláthróir uasphraghas díola a fhorchur nó praghas díola a mholadh;
  • srianta ar an gcríoch ina bhféadfaidh an ceannaitheoir, nó ar na custaiméirí a bhféadfaidh an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a chumhdaítear leis an gcomhaontú ingearach a dhíol leo, faoi réir eisceachtaí áirithe a chuireann ar chumas an tsoláthróra córais dáileacháin eisiacha nó roghnaíocha a oibriú;
  • srianta ar thras-soláthairtí idir comhaltaí de chóras dáileacháin roghnaíoch;
  • srianta lena gcuirtear cosc ar an gceannaitheoir úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí a chumhdaítear leis an gcomhaontú ingearach a dhíol;
  • srianta ar chumas soláthróra comhpháirteanna iad a dhíol mar pháirteanna spártha le húsáideoirí deiridh, le deisitheoirí, le mórdhíoltóirí nó le soláthraithe seirbhíse eile.

Srianta eisiata

Eisiatar sa rialachán na srianta seo a leanas ón mblocdhíolúine:

  • oibleagáidí gan dul in iomaíocht* atá éiginnte nó a mhaireann níos faide ná 5 bliana;
  • oibleagáidí ar an gceannaitheoir gan earraí ná seirbhísí a mhonarú, a cheannach nó a dhíol tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe;
  • gan cead a thabhairt do bhaill de chóras dáileacháin roghnaíoch brandaí iomaitheoirí a dhíol;
  • oibleagáidí ar bhaill de chóras dáileacháin roghnaíoch gan brandaí soláthróirí iomaíocha ar leith a dhíol;
  • oibleagáidí ar cheannaitheoirí seirbhísí idirghabhála ar líne gan earraí ná seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh ar théarmaí níos fabhraí trí sheirbhísí idirghabhála iomaíocha ar líne.

Cé go n-eisiatar na srianta sin ón mblocdhíolúine, is féidir leis an gcuid eile den chomhaontú ingearach leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine sin, ar choinníoll gur féidir leis oibriú gan na srianta eisiata.

Sochar na blocdhíolúine a tharraingt siar

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus údaráis iomaíochta na mBallstát tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar i gcásanna aonair ina gcinnfidh siad, mar sin féin, go bhfuil éifeachtaí ag comhaontuithe ingearacha áirithe nach bhfuil ag luí le hAirteagal 101(3) CFAE.

Treoir

D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte freisin maidir le srianta ingearacha (féach an achoimre). Tugtar treoir leo sin chun cabhrú le cuideachtaí an rialachán a léirmhíniú agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 101 CFAE maidir le comhaontuithe ingearacha nach dtairbhíonn den bhlocdhíolúine.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm leis ón 1 Meitheamh 2022 agus rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2034.
  • Maidir le comhaontuithe ingearacha nach gcomhlíonann coinníollacha an rialacháin, ach a bhí i bhfeidhm cheana an 31 Bealtaine 2022, agus a chomhlíon coinníollacha an rialacháin blocdhíolúine a bhí ann roimhe seo maidir le comhaontuithe ingearacha (Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 — féach an achoimre), baineann siad tairbhe as idirthréimhse a rachaidh in éag an 31 Bealtaine 2023.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú ingearach. Comhaontú nó socrú idir dhá ghnóthas nó níos mó a oibríonn ar leibhéil éagsúla den slabhra táirgthe nó dáileacháin a bhaineann leis na coinníollacha faoina gceannaíonn nó faoina ndíolann siad earraí nó seirbhísí.
Oibleagáid gan dul in iomaíocht. Oibleagáid ar cheannaitheoir gan earraí nó seirbhísí atá in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí a chumhdaítear leis an gcomhaontú ingearach a mhonarú, a cheannach nó a dhíol, ná oibleagáid níos mó ná 80 % de cheannacháin iomlána na n-earraí nó na seirbhísí sin nó a n-ionadaithe a cheannach ón soláthróir nó ó chuideachta arna hainmniú ag an soláthróir.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2022/720 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 maidir le Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (IO L 134, 11.5.2022, lgh. 4-13).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus comhfhogasú reachtaíochta — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Roinn 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoirlínte maidir le Srianta Ingearacha lena leagtar amach na prionsabail chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe ingearacha faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 248, 30.6.2022, lgh. 1-85).

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Formheas a dhéanamh ar inneachar dréachta le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe 2021/C 359/01 (IO C 359, 7.9.2021, lgh. 1-11).

Nuashonraithe 05.07.2022

Top