Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Muirir fánaíochta laistigh den Aontas Eorpach

Muirir fánaíochta laistigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/612 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis seirbhísí fánaíochta agus úsáideoirí ag taisteal thar lear san Aontas Eorpach (AE) a leathnú agus a fheabhsú le buntáistí breise, trí nascacht agus faisnéis níos fearr a thairiscint dóibh agus iad a chosaint ar phraghsanna iomarcacha ar ghlaonna, teachtaireachtaí SMS, agus sonraí trí leanúint le cosc a chur ar fhormhuirir. Tugtar “fánaíocht ar tháillí baile” ar an tseirbhís fheabhsaithe sin chomh maith.

Féachtar leis chomh maith:

  • fíorsheirbhís “fánaíocht ar tháillí baile” a áirithiú trí choinníollacha seirbhísí fánaíochta agus rochtain mhórdhíola ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a rialáil;
  • trédhearcacht a mhéadú agus feabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis faoi tháillí;
  • trédhearcacht a mhéadú d’úsáideoirí seirbhísí fánaíochta neamhrialaithe, amhail ar bord long nó aerárthaí, agus seirbhísí breisluacha (amhail deasca cabhrach, cuideachtaí árachais nó aerlínte);
  • rochtain ar sheirbhísí éigeandála saor in aisce a áirithiú agus trédhearcacht a mhéadú maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála, go háirithe trí mhodhanna malartacha cumarsáide éigeandála.

PRÍOMHPHOINTÍ

Fánaíocht ar rátaí náisiúnta a shíneadh go dtí 2032

  • Cuireadh deireadh le muirir fánaíochta in AE ar an 15 Meitheamh 2017, ach chuaigh an reachtaíocht in éag ar an 30 Meitheamh 2022. Tá an rialachán nua bailí go dtí 2032.

Rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola*

  • Ní mór d’oibreoirí líonraí soghluaiste gach iarratas réasúnach ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a chomhlíonadh, go háirithe ar bhealach trínar féidir leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta na seirbhísí soghluaiste miondíola a thairgtear sa bhaile a athchruthú i gcás gur féidir é sin a déanamh ar bhonn teicniúil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.
  • Ní fhéadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste iarratais ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a dhiúltú ach ar bhonn critéir oibiachtúla amháin, amhail indéantacht theicniúil agus sláine líonra. Ní forais iad breithnithe tráchtála chun iarratais ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a dhiúltú chun soláthar seirbhísí fánaíochta iomaíocha a theorannú.

Seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar

  • Ní ceadmhach do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirir a chur i bhfeidhm ar an bpraghas miondíola baile ar chustaiméirí in aon Bhallstát AE le haghaidh:
    • glaonna a dhéanamh agus a fháil;
    • teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus a fháil;
    • nasc idirlín a úsáid, mar shampla le haghaidh aipeanna ríomhphoist agus aipeanna atá nasctha leis an idirlíon;
    • sonraí a íoslódáil nó a uaslódáil, lena n–áirítear teachtaireachtaí meandracha, físchomhdháil agus glaonna gutha a úsáideann sonraí.
  • Ní mór nach lú tairbheach an tseirbhís a thairgfear ná an tseirbhís a thairgtear sa bhaile, go háirithe maidir le cáilíocht na seirbhíse, i gcás go bhfuil an ghlúin chéanna líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.
  • Ní mór d’oibreoirí cumarsáide soghluaiste moilleanna míréasúnta a sheachaint agus iad ag aistriú idir líonraí ag trasnuithe teorainneacha inmheánacha AE.

Muirir mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte

  • Ón 1 Iúil 2022 ar aghaidh:
    • beidh teorainn EUR 0.022 in aghaidh an nóiméid ar an muirear ar ghlaonna, ag laghdú go EUR 0.019 ar an 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2032;
    • beidh teorainn EUR 0.004 in aghaidh an SMS ar an muirear ar theachtaireachtaí SMS, ag laghdú go EUR 0.003 ar an 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2032;
    • beidh teorainn EUR 2.00 in aghaidh an ghigibhirt ar na muirir ar shonraí, ag laghdú de réir a chéile go EUR 1.00 in 2027, a bheidh i bhfeidhm go dtí 30 Meitheamh 2032.
  • Má bhíonn custaiméirí ag fánaíocht thar an méid a cheadaítear faoin mbeartas maidir le húsáid chóir, féadfaidh an t–oibreoir formhuirear nach mbeidh níos mó ná an teorainn praghais fánaíochta mórdhíola thuasluaite a chur i bhfeidhm.

Trédhearcacht

  • Ní mór do sholáthraithe fánaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • custaiméirí a chur ar an eolas faoi cháilíocht na seirbhísí fánaíochta;
    • custaiméirí a chur ar an eolas faoi na cineálacha seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir mhéadaithe agus iad ag fánaíocht;
    • a áirithiú go gcoinneofar a gcuid custaiméirí ar an eolas faoi na muirir ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ar bhealaí trínar féidir le húsáideoirí iarmhairtí airgeadais na húsáide sin a thuiscint agus trínar féidir leo monatóireacht a dhéanamh ar a gcaiteachas agus smacht a bheith acu air;
    • saoráid a chur i bhfeidhm lena gcuirtear bac ar úsáid bhreise seirbhísí fánaíochta a luaithe a shroicheann an úsáid iomlán teorainn, amhail EUR 50 nó EUR 100;
    • nuair is cuí, custaiméirí a chur ar an eolas faoin riosca a bhaineann le nascadh agus íoslódáil uathoibríoch agus neamhrialaithe fánaíochta sonraí, sula ndéanfar conradh miondíola agus go rialta ina dhiaidh sin;
    • custaiméirí a chur ar an eolas, saor in aisce, faoin dóigh ar féidir leo naisc uathoibríocha fánaíochta sonraí a chasadh as chun úsáid neamhrialaithe sonraí a sheachaint;
    • faisnéis phearsantaithe phraghsála a sholáthar, trí theachtaireacht uathoibríoch saor in aisce do chustaiméirí agus iad ag dul isteach i mBallstát seachas Ballstát a soláthraí baile, lena n–áirítear faisnéis faoin mbeartas maidir le húsáid chóir, aon fhormhuirir is infheidhme agus go bhfuil baol ann go ngearrfar praghas níos airde orthu agus seirbhísí breisluacha á n–úsáid acu;
    • faisnéis a sholáthar, trí theachtaireacht uathoibríoch saor in aisce do chustaiméirí agus iad ag dul isteach i mBallstát seachas Ballstát a soláthraí baile, faoi rochtain ar sheirbhísí éigeandála, lena n–áirítear trí mhodhanna malartacha;
    • bearta réasúnta a ghlacadh chun custaiméirí a chosaint ar mhuirir bhreise ar ghlaonna gutha agus ar theachtaireachtaí SMS má cheanglaíonn siad go neamhbheartaithe le líonraí poiblí soghluaiste neamh–trastíre nó le líonra i dtír lasmuigh de AE.

Úsáid chóir

Chun cosc a chur ar chustaiméirí úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta chun críoch eile seachas taisteal tréimhsiúil, féadfaidh soláthraithe seirbhíse teorainn um úsáid chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór don oibreoir custaiméirí a chur ar an eolas roimh ré faoi theorainn den sórt sin agus ní mór dó foláireamh a sheoladh má shroicheann an custaiméir 80 % den teorainn. Ní mór go dtiocfadh aon bheartas maidir le húsáid chóir le pleananna taraife na n–úsáideoirí agus cloí leis an bhfoirmle mhionsonraithe atá leagtha amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún.

Seirbhísí éigeandála a shroicheadh thar lear

  • Faoi mhí an Mheithimh 2023, gheobhaidh úsáideoirí meabhrúchán go huathoibríoch agus iad ag taisteal thar lear gur féidir leo rochtain a fháil ar na seirbhísí éigeandála saor in aisce trí ghlao a chur ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair “112” agus ar na modhanna eile teagmhála atá ar fáil, amhail trí théacs nó aipeanna fíor–ama.
  • Ní ceadmhach d’oibreoirí líonraí ar tugadh cuairt orthu muirear a ghearradh ar ghlaonna chuig na seirbhísí éigeandála.
  • Faoi dheireadh 2022, ba cheart do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach bunachar sonraí aonair ar fud AE a bhunú do sholáthraithe seirbhísí agus d’údaráis rialála náisiúnta lena n–áirítear:
    • raonta uimhrithe do sheirbhísí breisluacha i ngach Ballstát;
    • modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála arna sainordú i ngach Ballstát a mbeidh custaiméirí fánaíochta ábalta iad a úsáid ar bhonn teicniúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.

CÚLRA

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2120 a athmhúnlú agus a aisghairm leis an rialachán.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola. Oibreoir líonra soghluaiste amháin a chuireann saoráidí nó seirbhísí ar fáil do ghnóthas eile chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí fánaíochta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (IO L 115, 13.4.2022, lgh. 1-37).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm bheartas na húsáide córa agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an inbhuanaitheacht um dheireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus ar an iarratas a chuirfidh soláthraí fánaíochta isteach chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lgh. 46-62).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile–Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile–Aontais do ghuthghlaonna seasta a shocrú (IO L 137, 22.4.2021, lgh. 1-9).

Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lgh 70-115).

Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, pp. 36-214).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2018/1972 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 1-35).

Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lgh. 1-15).

Cinneadh 2008/294/CE ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2008 maidir le coinníollacha comhchuibhithe d’úsáid speictrim le haghaidh feidhmiú seirbhísí cumarsáide soghluaiste ar aerárthaí (seirbhísí MCA) sa Chomhphobal (IO L 98, 10.4.2008, lgh. 19-23).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37-47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 05.07.2022

Top