EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1971 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC)

CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus a ghníomhaireacht tacaíochta (Oifig BEREC), a thagann in ionad agus i ndiaidh na n–eagraíochtaí bunaidh den ainm céanna a bunaíodh faoin bpacáiste um Athchóiriú Teileachumarsáide le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.
  • Leagtar amach leis cúraimí athbhreithnithe úra do BEREC a bhfuil sé d’aidhm leo margadh inmheánach a chruthú don chumarsáid leictreonach laistigh de AE agus ardleibhéil infheistíochta, nuálaíochta agus cosanta tomhaltóirí a áirithiú ag an am céanna trí iomaíocht mhéadaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí ginearálta BEREC

Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag na húdaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna), agus ag údaráis inniúla eile chomh maith le BEREC, an Coimisiún agus tíortha AE i gclár oibre an Chóid um Chumarsáid Leictreonach Eorpach:

  • nascacht a chur chun cinn mar aon le líonraí acmhainne an-ard lena n–áirítear líonraí fostaithe, móibíleacha agus gan sreang, do gach saoránach agus gach gnólacht AE, trí na bearta seo a leanas:
    • tairbhí uasta a chumasú i gcomhthéacs rogha, praghais agus cáilíochta trí iomaíocht éifeachtach
    • slándáil líonraí agus seirbhísí a chothabháil
    • cosaint do thomhaltóirí a áirithiú trí rialacha sonracha agus
    • dul i ngleic le riachtanais ghrúpaí sóisialta faoi leith, go háirithe custaiméirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu agus custaiméirí scothaosta, agus rogha agus rochtain chomhionann a áirithiú do chustaiméirí atá faoi mhíchumas;
  • iomaíocht a chur chun cinn ag soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí, lena n–áirítear iomaíocht éifeachtach atá bunaithe ar an mbonneagar;
  • cur le forbairt na mhargaidh inmheánaigh le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí in AE, trí rialacha comhchoiteanna agus rialachán intuartha a fhorbairt ina mbeidh

Áirítear ar chúraimí rialála BEREC:

  • cúnamh agus comhairle a thabhairt do na ÚRNanna, agus do chomhlachtaí AE maidir le gnéithe teicniúla na cumarsáide leictreonaí.
  • cúnamh agus comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach ar iarratas uaidh, lena n–áirítear maidir le tograí reachtacha a ullmhú san earnáil.
  • tuairimí a eisiúint, go sonrach ar
    • réiteach díospóidí idir tíortha AE
    • dréachtbhearta náisiúnta um rialú margaidh
    • cinntí agus moltaí a dhréachtú maidir le moltaí ar chomhchuibiú agus
    • cinneadh uas-rátaí guthghlaonna ar fud AE;
  • treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme chreat rialála AE le haghaidh cumarsáid leictreonach maidir le
    • cur chun feidhme comhsheasmhach suirbhéanna geografacha agus réamhaisnéisí
    • ceisteanna rochtana agus idirnaisc chun iomaíocht a éascú idir oibreoirí, e.g. le rialachán, chomh maith le comhinfheistíocht córa rialála faoi leith i líonraí fíor-ardacmhainne.
    • cáilíocht seirbhíse agus modhanna tomhais
    • oibleagáidí ÚRN maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a chur chun feidhme
    • na híostáillí ar fud AE le haghaidh glaonna idirnáisiúnta ar thaobh amháin agus le haghaidh“fánaíocht ar tháillí baile” ar an taobh eile a chur chun feidhme
    • conas measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na gcóras um rabhadh poiblí;
  • Beidh ar BEREC tacú leis an gCoimisiún chomh maith i gcur chun feidhme an teimpléid achomair conartha.

Áirítear ar chúraimí Oifig BEREC:

  • seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus riaracháin a sholáthar do BEREC;
  • faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt ó ÚRNanna faoi na cúraimí rialála a shanntar do BEREC;
  • dea-chleachtas rialála a scaipeadh i measc ÚRNanna, chuncur chun feidhme comhsheasmhach agus níos fearr an chreata rialála le haghaidh cumarsáid leictreonach a spreagadh.
  • dréacht-tuarascálacha rialta a sholáthar maidir le gnéithe sonracha forbairtí i margadh Eorpach na cumarsáide leictreonaí, amhail fánaíocht agus tagarmharcáil;
  • cuidiú le BEREC cláir agus bunachair shonraí agus córas faisnéise agus cumarsáide a chur ar bun agus a chothabháil;
  • cuidiú le BEREC le comhairliúcháin phoiblí a stiúradh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 20 Nollaig 2018.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 1-35)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2018/172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 36-214)

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lgh. 1-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lgh. 10-35)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lgh. 1-10)

Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 1-6).

Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Grúpa um Beartas Speictream Raidió agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE (IO C 196, 12.6.2019, lgh. 16-21)

Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 1-6).

Nuashonraithe 12.07.2019

Top