Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach le Treoir 2014/59/AE rialacha nua chun déileáil le hinstitiúidí airgeadais anásta toisc gurbh éigean do go leor de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) airgead poiblí a chur isteach ina gcórais bhaincéireachta chun bainc a tharrtháil i ndiaidh ghéarchéim airgeadais 2008.
Féachtar leis an treoir le tarrthálacha ina mbaintear úsáid as airgead cáiníocóirí i gcásanna go dteipfeadh ar bhanc amach anseo a sheachaint.
Bunaítear léi rialacha comhchoiteanna AE maidir le téarnamh agus le hathstruchtúrú na mbanc anásta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Bainc a bhfuil deacrachtaí acu – cosc
Ní foláir do gach banc plean téarnaimh a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta inniúil.
Ní mór don údarás náisiúnta plean réitigh a dhréachtú chomh maith ar eagla nach mbeadh an téarnamh éifeachtach agus go mbeadh gá le hathstruchtúrú (réiteach).
Leagtar síos leis an dá phlean na gníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcás go mbeadh deacrachtaí ag banc agus go dteipfeadh air mar gheall orthu.
Bainc i ndrochstaid airgeadais – luath–idirghabháil
I gcás go bhfuil banc i ndrochstaid airgeadais, tá an chumhacht idirghabhála ag an údarás náisiúnta, mar shampla, trí riarthóir sealadach a cheapadh sa bhanc.
Bainc anásta — athstruchtúrú (réiteach)
Má leanann dul chun donais sa bhanc, tá cumhachtaí éagsúla ag an údarás náisiúnta réitigh le costais na teipe ar cháiníocóirí a laghdú lena n–áirítear a éileamh ar an earnáil phríobháideach na costais a íoc ar dtús.
B’éigean an sásra tarrthála sin, ar athrú cur chuige é i gcomparáid leis an uirlis phoiblí tarrthála, a chur i bhfeidhm faoi mhí Eanáir 2016. Bhí na Ballstáit ábalta a chinneadh an uirlis tarrthála inmheánaí a chorprú ina gcórais dlí roimh an dáta sin.
Má loiceann banc, beidh na scairshealbhóirí ar na chéad daoine a íocfaidh as na costais ar athstruchtúrú. Iarrfar ar chreidiúnaithe cuid de na costais a chur ar fáil ansin, agus is iad taisceoirí neamhráthaithe (ag a bhfuil taiscí os cionn €100,000) na daoine deireanacha a chuideoidh. Le Treoir leasaitheach 2017/2399 comhchuibhíodh na rialacha maidir le hordlathas creidiúnaithe bainc trí aicmiú nua maidir le fiachas sinsearach neamhthosaíochta a chruthú a rangaítear de réir dócmhainneachta os cionn ionstraimí cistí dílse agus fodhliteanas, ach faoi bhonn dliteanais shinsearacha eile. Tá sé mar aidhm leis an aicmiú reachtúil nua sin le haghaidh fiachas sinsearach neamhthosaíochta feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i ndáil le hionstraimí fiachais atá incháilithe i leith an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI). Beidh sé ina chuidiú chomh maith maidir le caighdeán an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais le haghaidh institiúidí airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach a chur chun feidhme san Aontas Eorpach.
Caithfidh scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe cur le costais chaillteanais na hinstitiúide anásta. Cumhdaítear leo caillteanais nach lú ná 8 % de dhliteanais (fiacha nó oibleagáidí) iomlána an bhainc lena mbaineann plean athstruchtúraithe. Má tá caillteanais le híoc ina dhiaidh sin, is féidir idirghabháil a dhéanamh tríd an an gciste réitigh (féach thíos). Cuimsítear sna cumhachtaí eile atá ag na húdaráis náisiúnta an fhéidearthacht an institiúid atá á hathstruchtúrú a dhíol nó í a chumasc le ceann eile.
Chun caighdeán an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais arna fhorbairt ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais i mí na Samhna 2015 a chur chun feidhme, tugadh isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2019/879 rialacha nua i ndáil le cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.
Le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2556 déantar rialacha na treorach, agus roinnt treoracha gaolmhara eile, a ailíniú leis na ceanglais maidir le riosca TFC le haghaidh eintitis airgeadais a leagtar amach sa rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil na hearnála airgeadais, Rialachán (AE) 2022/2554 (féach an achoimre).
Cistí náisiúnta réitigh chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do phleananna athstruchtúraithe na mbanc
Ní mór do gach Ballstát ciste náisiúnta réitigh a bhunú arna mhaoiniú roimh ré ag institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá bunaithe ina gcríoch féin. Bainfear úsáid as an gciste seo le hathchóiriú banc anásta a mhaoiniú.
Pointe rochtana aonair Eorpach
Le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2864, cuirtear isteach airteagal i dTreoir 2014/59/AE lena gceanglaítear ar na Ballstáit, ón , a áirithiú, agus aon fhaisnéis rialáilte á cur ar fáil don phobal, go gcuirfidh an t–eintiteas ábhartha an fhaisnéis sin isteach chuig an gcomhlacht bailiúcháin ag an am céanna. Ní mór dóibh freisin fógra a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859.
An ICDI inmheánach a shocrú ar bhonn comhdhlúite
Le Treoir leasaitheach (AE) 2024/1174, tugtar isteach rialacha trínar féidir leis na húdaráis réitigh an ICDI inmheánach a shocrú ar bhonn comhdhlúite, faoi réir coinníollacha áirithe. Déantar é sin chun an fhéidearthacht go n–imreofar tionchar díréireach, díobhálach ar struchtúir áirithe de chuid an ghrúpa baincéireachta a mhaolú, is iad sin iad siúd a oibríonn faoi mháthairchuideachta shealbhaíochta agus struchtúir cuideachtaí oibriúcháin áirithe – cás a shainaithin an Coimisiún Eorpach. I gcás ina dtugann an t–údarás réitigh cead do ghrúpa baincéireachta an chóireáil chomhdhlúite sin a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na fochuideachtaí idirmheánacha a sealúchais aonair ón ICDI inmheánach a asbhaint.
na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí ranníocaíochtaí aisíocaíochta institiúide le ciste réitigh a iarchur i bpáirt nó go hiomlán,
na critéir a úsáidtear lena chinneadh cé acu gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí de chuid na hinstitiúide atá riachtanach don gheilleagar, agus
na critéir a úsáidtear chun príomhlínte gnó agus seirbhísí gaolmhara a chinneadh;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/860 lena sonraítear tuilleadh na cúinsí ina bhfuil eisiamh ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó riachtanach faoi Airteagal 44(3) de Threoir 2014/59/AE;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/911 i ndáil le foirm agus ábhar an chur síos ar chomhaontuithe tacaíochta airgeadais grúpa;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/962 i ndáil le formáidí, teimpléid agus sainmhínithe aonfhoirmeacha le haghaidh sainaithint agus tarchur faisnéise ó na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 maidir le, i measc nithe eile, caighdeáin i gcomhair ábhar pleananna téarnaimh, pleananna réitigh agus pleananna réitigh grúpa;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1400 maidir le híosghnéithe plean atheagraithe gnó agus íos-ábhair na dtuarascálacha maidir lena chur chun feidhme;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1401 maidir le caighdeáin le haghaidh modheolaíochtaí agus prionsabal ar luacháil dliteanas a thagann as díorthaigh;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1450 maidir leis na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun an ICDI a shocrú;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1712 maidir le caighdeáin um fhaisnéis ar chonarthaí airgeadais;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/867 maidir le haicmí socruithe atá le cosaint in aistriú páirteach maoine;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/344 maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis na modheolaíochtaí chun an difríocht i láimhseáil réitigh a luacháil;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/345 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht maidir le luach sócmhainní agus dliteanas institiúidí nó eintiteas;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar thionchar teipthe institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha um maoiniú;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na teimpléid, na treoracha agus an mhodheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le ICDI don Údarás Baincéireachta Eorpach;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin faoin treoir;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó;
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun dliteanais a eascraíonn as díorthaigh a ríomh;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1618 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe; agus
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/895 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann le ríomh dliteanas incháilithe agus leis an gcóras idirthréimhseach;
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’éigean Treoir 2014/59/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus tá na rialacha i bhfeidhm ón .
B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2017/2399 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus tá na rialacha i bhfeidhm ón dáta sin.
B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2019/879 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá a cuid rialacha i bhfeidhm sna Ballstáit ón dáta sin i leith, seachas an riail maidir le nochtadh poiblí ICDI, atá i bhfeidhm ón , agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm ar dhátaí níos déanaí in imthosca áirithe.
B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2022/2556 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus tá rialacha i bhfeidhm ón dáta sin.
Ní mór Treoir leasaitheach (AE) 2023/2864 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus beidh feidhm aici ón lá sin.
B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2024/1174 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin , agus tá na rialacha i bhfeidhm ón .
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, , lgh. 190–348).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/59/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, ).
Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, , lgh. 1–79).
Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (IO L 333, , lgh. 153–163).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún an lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a thuairisciú (IO L 131, , lgh. 123–136).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, , lgh. 1–6).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh (IO L 292, , lgh. 1–3).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó (IO L 329, , lgh. 2–5).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/348 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar thionchar teipthe institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha um maoiniú (IO L 63, , lgh. 1–11).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/344 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis na modheolaíochtaí chun an difríocht i láimhseáil réitigh a luacháil (IO L 67, , lgh. 3–7).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/345 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar luach sócmhainní agus dliteanas institiúidí nó eintiteas (IO L 67, , lgh. 8–17).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le nósanna imeachta, foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha chun faisnéis a sholáthar chun críocha pleananna réitigh d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, , lgh. 1–65).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/867 ón gCoimisiún an maidir le haicmí socruithe atá le cosaint in aistriú páirteach maoine faoi Airteagal 76 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, , lgh. 15–19).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí urghnácha ex post a iarchur i bpáirt nó go hiomlán, agus maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí maidir le feidhmeanna ríthábhachtacha a chinneadh, agus maidir leis na línte gnó agus na seirbhísí gaolmhara maidir le príomhlínte gnó a chinneadh (IO L 131, , lgh. 41–47).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/860 ón gCoimisiún an lena sonraítear tuilleadh na cúinsí ina bhfuil eisiamh ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó riachtanach faoi Airteagal 44(3) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 144, , lgh. 11–20).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/911 ón gCoimisiún an lena leagtar síos caighdeáin theicniúla i ndáil le foirm agus ábhar an chur síos ar chomhaontuithe tacaíochta airgeadais grúpa i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 153, , lgh. 25–27).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/962 ón gCoimisiún an lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil leis na formáidí, teimpléid agus sainmhínithe aonfhoirmeacha le haghaidh sainaithint agus tarchur faisnéise ag údaráis inniúla agus údaráis réitigh chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach de réir Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 160, , lgh. 35–49).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pleananna téarnaimh agus pleananna téarnaimh grúpa, na coinníollacha le haghaidh tacaíocht airgeadais ghrúpa, na ceanglais do luachálaithe neamhspleácha, an t–aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó, nósanna imeachta agus inneachar na gceanglas maidir le fógra a thabhairt agus na bhfógraí maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO L 184, , lgh. 1–71).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1400 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosghnéithe atheagraithe gnó agus íos–ábhair na dtuarascálacha maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an phlean (IO L 228, , lgh. 1–6).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1401 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh modheolaíochtaí agus prionsabal ar luacháil dliteanas a thagann as díorthaigh (IO L 228, , lgh. 7–15).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1450 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun an t–íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais cháilitheacha a shocrú (IO L 237, , lgh. 1–9).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1712 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íos–sraith na faisnéise maidir leis na conarthaí airgeadais ba chóir a bheith sna taifid mhionsonraithe agus na cúinsí inar cheart an ceanglas a fhorchur (IO L 258, , lgh. 1–7).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis na socruithe um maoiniú réitigh (IO L 11, , lgh. 44–64).