Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pointe rochtana aonair Eorpach

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/2859 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/2859 seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil an Aontais Eorpaigh (AE) a chomhtháthú tuilleadh trí rochtain shlán láraithe leictreonach a chur ar fáil ar fhaisnéis phoiblí faoi eintitis1 agus faoina dtáirgí.
  • Déantar é sin leis an rialachán trí ordú a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) pointe rochtana aonair Eorpach le haghaidh na faisnéise a chur ar bun agus a fheidhmiú faoin .

PRÍOMHPHOINTÍ

Beidh na sonraí seo a leanas sa phointe rochtana, sonraí a thiomsóidh comhlachtaí sonracha bailiúcháin2:

  • an fhaisnéis a cheanglaítear le dlí reatha an Aontais (liostaítear san Iarscríbhinn na 19 rialachán agus 16 threoir atá i bhfeidhm) agus aon ghníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de ina dhiaidh sin;
  • faisnéis a chuirtear isteach go deonach.

Leagtar amach leis an rialachán amchlár le haghaidh taisceadh deonach:

  • faoin , ní mór do na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha ábhartha na caighdeáin theicniúla riachtanacha a dhréachtú agus iad sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh;
  • faoin , ní mór do Bhallstáit AE comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad a ainmniú chun an fhaisnéis a fháil;
  • ón , féadfaidh eintiteas faisnéis a chur isteach chuig comhlacht bailiúcháin náisiúnta, mar aon leis meiteashonraí iomchuí3.

Maidir leis na comhlachtaí bailiúcháin:

  • déanann siad an fhaisnéis a bhailiú, a stóráil agus a bhailíochtú;
  • soláthraíonn siad an fhaisnéis agus na meiteashonraí don phointe rochtana aonair saor in aisce laistigh de theorainneacha ama;
  • áirithíonn siad go mbeidh an fhaisnéis ar fáil don phointe rochtana ar feadh 10 mbliana ar a laghad nó ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis, nó gur faisnéis stairiúil í4;
  • féadfaidh siad diúltú d’fhaisnéis a mheasann siad gur léir go bhfuil sí míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na reachtaíochta;

Maidir le ESMA:

  • foilsíonn sé liosta de na comhlachtaí bailiúcháin agus coinníonn siad cothrom le dáta é;
  • cuireann sé beartas slándála TF éifeachtach agus comhréireach ar bun don phointe rochtana, agus déanann sé athbhreithniú tréimhsiúil air i bhfianaise treochtaí agus forbairtí cibearshlándála;
  • seiceálann sé go soláthraíonn an pointe rochtana na feidhmeanna atá liostaithe sa reachtaíocht;
  • áirithíonn sé go bhfuil an rochtain ar fhaisnéis neamh–idirdhealaitheach agus go bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach saor in aisce uirthi ag úsáideoirí, go háirithe institiúidí AE agus náisiúnta, eagraíochtaí nuachta, an saol acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha;
  • féadfaidh sé táillí a ghearradh as seirbhísí sonracha lena mbaineann costais arda nó íoslódálacha de mhéideanna móra faisnéise;
  • úsáideann sé bailíochtú uathoibrithe lena fhíorú go gcomhlíonann an fhaisnéis a chuir na comhlachtaí bailiúcháin isteach an rialachán;
  • comhoibríonn sé go dlúth leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde chun;
    • a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar an bpointe rochtana inrochtana gan mhoill mhíchuí;
    • tacaíocht seirbhíse a sholáthar do chomhlachtaí bailiúcháin;
    • a áirithiú go mbeidh an pointe rochtana inrochtana 97% ar a laghad den am in aghaidh na míosa,
    • dul i gcomhairle leis na comhlachtaí bailiúcháin;
    • faireachán a dhéanamh ar obair an phointe rochtana, go cáilíochtúil agus go cainníochtúil araon, agus tuairisciú go bliantúil don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Ní mór na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad a bheith sa phointe rochtana:

  • tairseach ghréasáin lena bhfuil comhéadan so–úsáidte, ina gcuirtear riachtanais daoine faoi mhíchumas san áireamh, lena soláthraítear faisnéis i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
  • comhéadan feidhmchláir aonair lenar féidir rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis;
  • feidhm chuardaigh i ngach teanga oifigiúil AE lena n–éascaítear cuardach ar bhonn meiteashonraí éagsúla;
  • amharcóir faisnéise;
  • seirbhís íoslódála, lena n–áirítear chun méideanna móra sonraí a íoslódáil;
  • seirbhís mheaisínaistriúcháin don fhaisnéise a aisghabhtar (faoin );
  • seirbhís fógraí lena gcuirtear faisnéis nua in iúl do na húsáideoirí (faoin );
  • an fhaisnéis a chuirtear isteach go deonach a chur i láthair ionas go mbeidh sé inaitheanta go héasca (faoin ).

Maidir leis an gCoimisiún:

  • faoin , i ndlúthchomhar le ESMA, tuairisceoidh sé don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le hobair agus éifeachtúlacht an phointe rochtana;
  • féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun codanna den rialachán a fhorbairt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Tá rochtain éasca ar shonraí iontaofa agus soiléire tábhachtach do chinnteoirí, d’infheisteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile sa gheilleagar agus sa tsochaí chun cinntí infheistíochta atá fónta, eolasach agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de agus ó taobh sóisialta de a dhéanamh. Le pointe rochtana aonair, tugtar níos mó infheictheachta do chuideachtaí i dtreo infheisteoirí, rud a chuireann níos mó deiseanna airgeadais ar fáil, go háirithe do ghnólachtaí beaga i margaí caipitil beaga. Ní fhorchuirtear leis an rialachán aon cheanglais bhreise tuairiscithe ar chuideachtaí.

Ina theachtaireacht i mí Mheán Fómhair 2020, “Aontas na margaí caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí — Plean gníomhaíochta nua”, mhol an Coimisiún go gcuirfí feabhas ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais eintiteas trí phointe rochtana aonair Eorpach a fhorbairt. Tá an rialachán ina chuid de phacáiste aontas na margaí caipitil a chuir an Coimisiún i láthair in 2021.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Eintiteas. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a gceanglaítear air nó uirthi faisnéis a chur isteach faoi reachtaíocht shonrach an Aontais, nó a dhéanann é sin ar bhonn deonach.
  2. Comhlacht bailiúcháin. Comhlacht, oifig, gníomhaireacht, údarás nó clár AE nó náisiúnta atá ainmnithe go dlíthiúil.
  3. Meiteashonraí. Faisnéis struchtúrtha a fhágann go bhfuil sé níos éasca faisnéis a aisghabháil, a úsáid nó a bhainistiú.
  4. Faisnéis stairiúil. An fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal tráth nach déanaí ná 5 bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais maidir leis an bhfaisnéis sin a chur isteach ar an bpointe rochtana aonair Eorpach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, ).

Corpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/2859 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top