Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dul i ngleic leis an athrú aeráide domhanda tar éis 2020 (Prótacal Pháras)

Dul i ngleic leis an athrú aeráide domhanda tar éis 2020 (Prótacal Pháras)

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2015) 81 final): Prótacal Pháras — Treoirphlean le haghaidh dul i ngleic leis an athrú aeráide domhanda tar éis 2020

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Tá cur síos inti ar ról ceannródaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) maidir lena áitiú go leagfaí síos spriocanna uaillmhianacha i gcomhaontú atá ina cheangal dlí, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Mura dtabharfar faoi ghníomhaíocht phráinneach, déanfaidh an t-athrú aeráide dochar mór, nach féidir a chur ina cheart, don chine dhaonna agus don chomhshaol. Ní mór do na tíortha uile laghdú mór a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa anois.
  • Leagtar amach inti cuspóirí AE i leith chomhdháil Pháras ar an athrú aeráide agus conas a d’fhéadfaí iad sin a bhaint amach. Áirítear leo an sprioc fhadtéarmach i ndáil le laghdú 60 % ar a laghad faoi leibhéil na bliana 2010 a dhéanamh ar na hastaíochtaí domhanda faoi 2050.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ba chóir go ndéanfaí an méid seo a leanas sa chomhaontú, ar a dtugtar Prótacal Pháras:

  • rannpháirtíocht an oiread tíortha agus is féidir, agus cuimsiú cuimsitheach na n-earnálacha go léir a áireamh, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta, aeriompair agus iompair mhuirí idirnáisiúnta, agus astaíochtaí;
  • gealltanais stóinsithe a áireamh d’fhonn éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú;
  • athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na hiarrachtaí maolaithe sin gach 5 bliana i ndiaidh 2020;
  • rialacha a bheith ann i dtaobh faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil gach tír a shínigh an comhaontú ar an mbóthar ceart chun a cuid gealltanas a chomhlíonadh;
  • infheistíocht a chur chun cinn, trí mhaoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach, i gcláir agus beartais ar astaíochtaí ísle, atá athléimneach ó thaobh na haeráide de;
  • malartú níos córasaí a spreagadh ar thaithí agus ar an dea-chleachtas in áiteanna éagsúla ar domhan agus eatarthu;
  • tacú le forbairt agus le húsáid raon leathan teicneolaíochtaí aeráide, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh, córais bainistíochta uisce agus teicneolaíochtaí chun cur i gcoinne éifeachtaí na hadhaimsire.

Chuir AE dlús faoina chuid taidhleoireachta aeráide roimh Chomhdháil Pháras. Tá plean gníomhaíochta i dtaobh taidhleoireacht aeráide formhuinithe aige. Tá sé ag baint leas as a lán beartas eile — comhar geilleagrach agus comhar um fhorbairt, taighde, teicneolaíocht, nuálaíocht, trádáil, comhshaol agus laghdú rioscaí tubaiste — chun tacú lena chuspóirí agus chun cuidiú lena chomhpháirtithe a gcuid gealltanas a chur chun feidhme.

Cuireadh an chaibidlíocht i gcrích i bPáras i mí na Nollag 2015. Cuirfear an comhaontú nua chun feidhme ó 2020 ar aghaidh.

CÚLRA

Tá torthaí le sonrú de bharr bheartais aeráide agus fuinnimh AE. Tháinig laghdú 23 % ar astaíochtaí in AE idir 1990 agus 2014, tráth ar tháinig méadú 46 % ar an OTI. Tá bearta suntasacha déanta ag AE ionas go mbeidh sé ar an ngeilleagar is éifeachtaí ar domhan i dtaobh astaíochtaí. I mí Dheireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh ceannairí AE creat nua aeráide agus fuinnimh faoi choinne 2030, agus é ina sprioc laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Prótacal Pháras — Treoirphlean le haghaidh dul i ngleic leis an athrú aeráide domhanda tar éis 2020 (COM(2015) 81 final, )

nuashonrú is deireanaí

Top