Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár NER 300 — teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhéadú

Clár NER 300 — teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhéadú

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch, chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh inathnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar amach le cinneadh NER 300* na rialacha agus na coinníollacha faoina maoiníonn an tAontas Eorpach (AE) tionscadail nuálacha taispeántais ísealcharbóin chun gáis dé–ocsaíde carbóin (CO2) a ghabháil agus a stóráil go geolaíoch. Tugtar tionscadail ghabhála agus stórála carbóin agus foinsí inathnuaite fuinnimh orthu sin.

Leasaíodh an cinneadh faoi dhó:

  • Le Cinneadh (AE) 2015/191 ón gCoimisiún síneadh teorainneacha ama maidir leis an gcinneadh infheistíochta deiridh agus an dáta teacht i bhfeidhm mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch (féach Airteagail 9 agus 11(1)).
  • Cinneadh (AE) 2017/2172 lena bhféadfar cistí nach heisíoctar trí NER 300 a sheoladh trí ionstraimí airgeadais eile (InnovFin EDP ionstraimí fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Dírítear sna tionscadail ghabhála agus stórála carbóin incháilithe ar ghiniúint cumhachta agus ar fheidhmeanna tionsclaíocha éagsúla, amhail scaglann agus táirgeadh iarainn agus cruach.
  • Sna tionscadail foinsí inathnuaite fuinnimh incháilithe cumhdaítear bithfhuinneamh, grianchumhacht, fótavoltachas, geoiteirmeach, gaoth, an t–aigéan, hidreachumhacht (leictreachas a ghintear le huisce gluaisteach) agus eangaí cliste (líonraí fuinnimh nua–aimseartha ina ndéantar uathmhonatóireacht ar shreabhadh fuinnimh).
  • Cuireadh €1.1 billiún ar fáil i leith 20 tionscadal fuinnimh inathnuaite i gcéad ghairm ar thograí a seoladh i mí na Nollag 2012. Bhí siad le tosú ag feidhmiú faoi mhí na Nollag 2016, spriocdháta a síneadh le Cinneadh (AE) 2015/191 go dtí mí na Nollag 2019, lena n–áirítear tréimhse chairde 1 bhliain.
  • Sa dara babhta, a eagraíodh i mí Iúil 2014, bronnadh €1 bhilliún ar 18 dtionscadal foinsí inathnuaite fuinnimh agus tionscadal stórála agus gabhála carbóin amháin. Bhí siad le tosú ag feidhmiú faoin 30 Nollaig 2018, ach síneadh an spriocdháta sin le Cinneadh (AE) 2015/191 go dtí mí an Mheithimh 2021, lena n–áirítear tréimhse chairde 1 bhliain. Mar gheall ar ráig COVID-19, rinneadh na dátaí teacht i bhfeidhm a shíneadh tuilleadh de réir an tionscadail, agus is é mí Iúil 2022 an dáta is déanaí.
  • Níl gairmeacha NER 300 ar bith eile beartaithe. Tá an Coimisiún Eorpach ag díriú anois ar na tionscadail a roghnaíodh cheana i gcomhair maoiniú agus tá faireachán á dhéanamh aige ar a ndul chun cinn.
  • Faoin 15 Nollaig gach bliain, ní mór do Bhallstáit AE tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le staid chur chun feidhme na dtionscadal atá i bhfeidhm. Cuimseofar inti sin an méid CO2 a bheidh stóráilte nó an méid fuinnimh ghlain a bheidh táirgthe, eisíocaíocht an mhaoinithe agus sonraí maidir le fadhbanna suntasacha ar bith.
  • Seoltar cistí gan chaitheamh ó thionscadail a aistarraingíodh faoin dara NER 300 isteach sa Chiste Nuálaíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 5 Samhain 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

NER 300: tugadh a ainm ar an gclár toisc go bhfuil sé maoinithe ó dhíol 300 milliún lamháltas astaíochtaí (cearta chun 1 tona CO2 a astú) i gcúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua ar chóras trádála astaíochtaí AE. Fóirdheonaítear leis suiteálacha teicneolaíochtaí nuálacha maidir le gabháil agus stóráil carbóin agus maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh inathnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lgh. 39-48)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2010/670/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lgh. 6-17)

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32-46)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 13.07.2021

Top