Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0146

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Feabhra 25.
XL e.a. v Sąd Rejonowy w Białymstoku agus Lietuvos Respublika.
Tarchur chun réamhrialú – Luachanna saothair sa státseirbhís náisiúnta a reo nó a laghdú – Bearta atá dírithe go sonrach ar bhreithiúna – Airteagal 2 CAE – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Oibleagáidí ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Inniúlacht chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – An fhéidearthacht maolú ar na rialacha mionsonraithe sin – Coinníollacha.
Cásanna uamtha C-146/23 agus C-374/23.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:109

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

25 Feabhra 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Luachanna saothair sa státseirbhís náisiúnta a reo nó a laghdú – Bearta atá dírithe go sonrach ar bhreithiúna – Airteagal 2 CAE – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Oibleagáidí ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú – Prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna – Inniúlacht chumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh – An fhéidearthacht maolú ar na rialacha mionsonraithe sin – Coinníollacha)

I gCásanna Uamtha C‑146/23 [Sąd Rejonowy w Białymstoku] agus C‑374/23 [Adoreikė] ( i ),

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Sąd Rejonowy w Białymstoku (Cúirt Dúiche, Białystok, an Pholainn) (C‑146/23) agus ó Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Vilnias, an Liotuáin) (C‑374/23), trí bhreitheanna an 10 Márta agus an 1 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 10 Márta agus an 13 Meitheamh 2023 faoi seach, sna himeachtaí idir

XL

v

Sąd Rejonowy w Białymstoku (C‑146/23),

agus

SR

RB

v

Lietuvos Respublika (C‑374/23),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe, C. Lycourgos, M. L. Arastey Sahún, N. Jääskinen, D. Gratsias agus M. Gavalec (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomraí, E. Regan, J. Passer, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 12 Márta 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

XL, a dhéanann ionadaíocht dó féin,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis, S. Grigonis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag K. Herrmann, A. Steiblytė agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Meitheamh 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú seo le léiriú Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2

Rinneadh na hiarrataí i gcomhthéacs imeachtaí idir, XL, Breitheamh, sa Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Chúirt Dúiche, Białystok, an Pholainn), i gCás C‑146/23, agus SR agus RB, beirt bhreithiúna, i gCás C‑374/23, i gcoinne Lietuvos Respublika (Poblacht na Liotuáine), maidir le méid a luacha saothair.

An dlí lena mbaineann

Dlí na Polainne

3

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 178 den Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht na Polainne), maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna:

‘1.   Beidh breithiúna, laistigh de chur i gcrích a n‑oifige, neamhspleách agus beidh siad faoi réir an Bhunreachta agus na reachtanna amháin.

2.   Socrófar coinníollacha oibre agus luach saothair na mbreithiúna ar chaoi go ráthófar dínit a n‑oifige agus a bheidh comhfhreagrach le raon feidhme a n‑oibleagáidí.

3.   Ní fhéadfaidh breithiúna a bheith cleamhnaithe le haon pháirtí polaitiúil ná ceardchumann ná a bheith ag gabháil d’aon ghníomhaíocht phoiblí nach bhfuil ag luí le prionsabal neamhspleáchais na gcúirteanna agus na mbreithiúna.’

4

Áirítear, in ustawa - Prawo o ustroju sądów powszechnych (Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna) an 27 Iúil 2001 (Dz. U. de 2001, Uimh. 98, mír 1070), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí i gCás C‑146/23 (‘an Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna), Airteagal 91, maidir le luach saothair na mBreithiúna’, ar mar seo a leanas atá an fhoclaíocht:

‘[...]

1c.   Faoi réir mhír 1, socrófar buntuarastal na mbreithiúna i gcomhair bliain faoi leith ar mheántuarastal i rith an dara ráithe den bhliain roimhe sin, arna fhoilsiú in (Dziennik Urzędowy Rzeczypospolitej Polskiej “Monitor Polski” (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne darb ainm “Monitor Polski”)), Uachtarán an (Głównego Urzędu Statystycznego (An Phríomh-Oifig Staidrimh, an Pholainn)), i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den (ustawa o emeryturach i rentach z Funduszu Ubezpieczeń Społecznych (an Dlí maidir le sochair seanaoise agus éagumais) an 17 Nollaig 1998 ((Dz. U. de 1998, no 162, mír 1118)).

1d.   Más rud é go bhfuil méid an mheán‑tuarastail dá dtagraítear i mír 1c fós níos lú ná an meántuarastal dá bhfoilsítear i gcomhair an dara ráithe den bhliain roimhe sin, glacfar leis an méid sin mar an bonnráta chun buntuarastal breithiúna a chinneadh.

2.   Cuirfear an buntuarastal breithiúna in iúl i ngráid, dá gcinnfear an leibhéal trí bhíthin iolraitheoirí a chur i bhfeidhm ar an mbonn le haghaidh an bhuntuarastail dá dtagraítear i mír 1c a chinneadh. Leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an dlí seo na gráid maidir le buntuarastail, de réir na bpost atá tógtha, agus na hiolraitheoirí a úsáidtear chun leibhéal an bhuntuarastail breithiúna i ngráid aonair a chinneadh.

[...]

6.   Tá an breitheamh i dteideal liúntas i leith dualgas speisialta a fháil i dteannta lena dhualgais.

7.   Ina theannta sin, difreálfar luach saothair breithiúna le liúntas sinsearachta a bheidh 5 % ar an iomlán, ón séú bliain seirbhíse amach, den bhuntuarastal agus ag méadú 1 % gach bliain go dtí go bhfuil 20 % den bhuntuarastal bainte amach.’

[...]’

5

De bhun Airteagal 8 den ustawa o szczególnych rozwiązaniach służących realizacji ustawy budżetowej na rok 2022 (an Dlí lena leagtar síos forálacha speisialta maidir le cur chun feidhme an dlí bhuiséadaigh le haghaidh 2022) an 17 Nollaig 2021 (Dz. U. 2021, mír 2445, ‘an dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2022’):

‘1.   Don bhliain 2022, socraítear an bonn le haghaidh buntuarastail breithiúna dá dtagraítear in Airteagal 91, mír 1c den [Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna ar mheántuarastal i rith an dara ráithe den bliain 2020, mar a fógraíodh i ráiteas Uachtarán an Phríomh-Oifig Staidrimh.

2.   Méadófar an bonn dá dtagraítear i mír 1 faoi 26 (zlotys na Polainne PLN (thart ar EUR 6)).

3.   Nuair a dhéantar tagairt le forálacha faoi leith do bhuntuarastail breithiúna dá dtagraítear in Airteagal 91, mír 1c den Dlí (maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna), bainfidh sé sin, don bhliain 2022, le meántuarastal an dara ráithe de 2020, mar a fógraíodh i ráiteas Uachtarán an Phríomh-Oifig Staidrimh agus mar a méadaíodh faoi 26 PLN.

4.   Nuair a dhéantar tagairt le forálacha ar leith do luach saothair breithiúna, bainfidh an luach saothair sin, don bhliain 2022, leis an luach saothair arna áireamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.’

6

Foráladh mar seo a leanas le hAirteagal 8 den ustawa o szczególnych rozwiązaniach służących realizacji ustawy budżetowej na rok 2023 (an Dlí lena leagtar síos forálacha speisialta maidir le cur chun feidhme an dlí bhuiséadaigh le haghaidh 2023) an 1 Nollaig 2022 (Dz. U. de 2022, mír 2666, ‘an dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023’):

‘1.   Don bhliain 2023, is é an bonn ar a gcinntear luach saothair breithiúna dá dtagraítear in Airteagal 91(1c) de ([a]n Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna) a mhéadófar go 5 444.42 PLN (thart ar EUR 1274).

2.   Nuair a dhéantar tagairt le forálacha ar leith do bhuntuarastal breithiúna dá dtagraítear in Airteagal 91(1c) de ([an] Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna), don bhliain 2023, méadófar méid an bhuntuarastail sin go 5 444.42 PLN.’

Dlí na Liotuáine

7

Foráiltear le hAirteagal 3 de Lietuvos Respublikos teisėjų darbo apmokėjimo įstatymas (Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir le luach saothair breithiúna; ‘LRJ’), an 6 Samhain 2008 (Žin., 2008, Uimh. 131-5022 ‘an Dlí maidir le luach saothair breithiúna’), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, go ndéantar luach saothair breithiúna a ríomh ó luach saothair na bpolaiteoirí Stáit, breithiúna, oifigeach Stáit, státseirbhíseach, agus fostaithe d’institiúidí a mhaoiníonn an Stát agus bardasachtaí de Phoblacht na Liotuáine le haghaidh bliain áirithe arna ghlacadh ag Parlaimint Phoblacht na Liotuáine, ar mholadh ó Rialtas Phoblacht an Bhallstáit sin. Ní fhéadfadh an méid bunúsach sin a bheith níos lú ná méid bunúsach na bliana roimhe sin, ach amháin i gcás ina ndearbhófar imthosca eisceachtúla. Ba cheart é a shocrú trí aird a thabhairt ar an meánráta boilscithe bliantúil don bhliain roimhe sin (a ríomhadh ag an innéacs náisiúnta praghsanna do thomhaltóirí), leibhéal an tuarastail íosta mhíosúil agus tionchar fachtóirí eile a théann i bhfeidhm ar leibhéal agus ar éabhlóid an mheántuarastail san earnáil phoiblí.

8

De bhun Airteagal 4(2) de LRJ, is éard a bhí i luach saothair breithiúna de chúirteanna de chuid an dlíchórais agus cúirteanna speisialaithe ná luach saothair, fad seirbhíse sa Státsheirbhís, íocaíocht le haghaidh oibre, agus a bheith ar fuireachas ar laethanta saoire agus ar laethanta saoire poiblí agus le haghaidh ionadaíochta agus, ar deireadh, agus an bónas i gcomhair méadú ualaigh oibre.

9

Rinneadh luach saothair breithiúna na apygardos teismai (Cúirteanna Réigiúnacha, an Liotuáin) a ríomh trí bhíthin an buntuarastal a iolrú faoi chomhéifeacht tuarastail, arbh ionann í, de bhun Chaibidil II den Iarscríbhinn den dlí sin, agus 17.2 do na breithiúna.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

Cás C‑143/23

10

An 4 Nollaig 2003, ceapadh XL mar Bhreitheamh don Sąd Rejonowy w Suwałkach (an Chúirt Dúiche, Suwałki, an Pholainn). Ón 3 Aibreán 2007, tá sé i seilbh a oifige sa Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Chúirt Dúiche, Białystok). Mar chuid dá bhunluach saothair, áirítear an bonn le haghaidh an bhuntuarastail a ríomh dá ndéantar a iolrú faoi chomhéifeacht de 2.5 agus lena gcuirtear forlíonadh 20 % den bhuntuarastal. B’ionann méid an bhoinn le haghaidh an bhuntuarastail a ríomh ar PLN 5 050.48 (thart ar EUR 1181) le haghaidh 2022 agus PLN 5 444.42 (thart ar EUR 1274) le haghaidh 2023.

11

Fuair XL luach saothair míosúil de 15 151.44 PLN (thart ar EUR 3544) i gcomhair na míonna Iúil go dtí Samhain 2022, 15 033.51 PLN (thart ar EUR 3517) i gcomhair mhí Nollaig 2022 agus 16 333.26 PLN (thart ar EUR 3821) i gcomhair mhí Eanáir 2023.

12

Tar éis dá fhostóir a chur in iúl dó, arna iarraidh sin dó, go bhfuair sé PLN 10000 (thart ar EUR 2339) níos mó ná mar a fuair sé mar luach saothair ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Eanáir 2023 dá ndéanfaí a luach saothair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 91(1c) den Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna, thug XL caingean i gcoinne an Sąd Rejonowy w Białymstoku (Cúirt Dúiche Białystok) os comhair na cúirte sin, arb í an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh go n‑íocfaí an tsuim sin, chomh maith le hús mainneachtana reachtúil.

13

Meabhraíonn an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, gur léir ó bhreithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 42 go 45) gur dearbhú riachtanach do neamhspleáchas na mbreithiúna é luach saothair breithiúna atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích. Measann an chúirt chéanna gur cheart an ráthaíocht sin a urramú, lena n‑áirítear i gcás ina dtéann a staid ábhartha in olcas mar thoradh ar na leasuithe ar an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le luach saothair breithiúna a chinneadh mar thoradh ar laghdú marthanach ar leibhéal a luacha saothair.

14

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl ansin go bhforáiltear le hAirteagal 91(1c) den Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna go gcinnfear buntuarastal breithiúna do bhliain ar leith go hoibiachtúil ar bhonn an mheán‑tuarastail i gcomhair an dara ráithe den bhliain roimhe sin, mar a chuir Uachtarán na Príomh-Oifige Staidrimh in iúl.

15

Cuireann sé leis sin go ndearnadh an sásra sin chun buntuarastal breithiúna a chinneadh a ríomh faoi thrí le déanaí, áfach. Dá bhrí sin, le haghaidh 2021, bunaíodh an bonn le haghaidh an bhuntuarastail i ndáil leis an meán‑tuarastail sa dara ráithe de bhliain ‘n‑2’, eadhon le haghaidh 2019, agus ní i ndáil leis an meántuarastal sa dara ráithe de bhliain ‘n‑1’, eadhon le haghaidh 2020, a raibh sé mar thoradh air go ndearnadh innéacsú ar luach saothair na mbreithiúna ‘a reo’. Le haghaidh 2022, rinneadh an meántuarastal don dara ráithe de 2020 a chur san áireamh, chomh maith le hincrimint 26 PLN. Ar deireadh, le haghaidh 2023, rinneadh luach saothair breithiúna a ríomh, ní ar bhonn an mheán‑tuarastail don dara ráithe de 2022, ach ar bhonn bonnráta arna chinneadh ag reachtóir na Polainne.

16

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur thug Rialtas na Polainne údar leis na leasuithe sin de bharr staid eacnamaíoch na Polainne, do 2021, mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus, do 2023, mar gheall ar an bpaindéim sin agus mar gheall ar an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Ar an taobh eile, níor luadh aon chúis ar leith le haghaidh 2022.

17

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin gur thionscain Céad Uachtarán an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn), Uachtarán an Naczelny Sąd Administracyjny (Cúirt Uachtarach Riaracháin, an Pholainn) agus an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna) trí chaingean ar leithligh os comhair an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) ag iarraidh dearbhú go raibh Airteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023 míbhunreachtúil. I gcomhthéacs na dtrí chaingean sin, áitíodh, go bunúsach, go sáraítear leis an Airteagal sin na ráthaíochtaí lena n‑áirithítear go bhfaighidh breithiúna luach saothair atá i gcomhréir le dínit a ndualgas, le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna agus leis an bprionsabal maidir le cearta faighte agus muinín sa Stát a chosaint. Leagtar síos leis an Airteagal sin modh chun buntuarastal breithiúna a chinneadh, contrártha lena gceart chun luach saothair a fháil arna chinneadh ar bhonn critéir oibiachtúla atá neamhspleách ar aon chinneadh treallach ón reachtas agus atá i gcomhréir le dínit a n‑oifige. Ós rud é go gcinneann an reachtas bonnráta i gcomhair thuarastal na mbreithiúna go bliantúil, níl an tsamhail a glacadh chun a chinneadh go bhfuil an luach saothair sin, go pointe áirithe, dothuartha. Thairis sin, cé gur measadh gur tugadh isteach ‘reo’ na luachanna saothair ar bhealach sealadach, léiríodh, trí iad a choimeád le haghaidh 2023, go raibh sé beartaithe luach saothair breithiúna a laghdú go buan, de shárú ar Airteagal 178(2) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne. Ar deireadh, ní fhéadfaí aon idirghabháil a dhéanamh i bhfeidhmiú agus in eagrú na mbreithiúna ach amháin ar bhonn eisceachtúil agus ba cheart í a bheith mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhbheartaithe ón gcumhacht reachtach agus ón gcumhacht bhreithiúnach.

18

Aontaíonn an chúirt a rinne an tarchur, agus í á mheas, nach bhfuil sí, ina cáil mar fhostóir XL, i dteideal diúltú do na forálacha náisiúnta atá faoi chonspóid, leis na hargóintí a leagtar amach sa mhír roimhe seo. Sa chás seo, baineann an cur isteach ar neamhspleáchas na mbreithiúna leis an ‘reo’ marthanach, ar feadh 3 bliana, ar innéacsú a luach saothair agus le tréigean de facto, le linn 2023, an tsásra chun luach saothair na mbreithiúna a chinneadh bunaithe ar an meántuarastal i rith an dara ráithe den bhliain roimhe sin, dá bhforáiltear in Airteagal 91(1c) den Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna. Measann an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil bonn cirt le forbairt laghdaithe bhuain, sheasmhaigh ar luach saothair breithiúna i bhfianaise staid chobhsaí airgeadas poiblí Phoblacht na Polainne agus go bhfuil sé beartaithe breithiúna neamhspleácha agus uathrialacha a thabhairt chun gníomhú go treallach ar bhonn cúinsí polaitiúla arna leagan síos ag na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha.

19

Cosúil le XL, measann an chúirt a rinne an tarchur nach féidir breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018-117), agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (C‑49/18, EU:C:2019:106), a thrasuí sa chás seo, sa mhéid, sa chás seo, go bhfuil an maolú ar an sásra chun luach saothair breithiúna a chinneadh buan, agus nach bhfuil siad sealadach, mar atá sna cásanna is cúis leis na breithiúnais sin, agus ina ndírítear é go príomha ar bhreithiúna, rud nárbh amhlaidh sna cásanna sin.

20

Sna himthosa sin, chinn an Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Chúirt Dúiche, Białystok) na himeachtaí a chur ar fionraí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 2 [CAE], ina sainítear na luachanna ar a bhfuil an tAontas [Eorpach] bunaithe maidir le hurraim don smacht reachta, agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) [CAE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den [Chairt], lena gceanglaítear ar na Ballstáit cosaint dlí éifeachtach a áirithiú, atá bunaithe ar an gceart chun rochtain a fháil ar bhinse neamhspleách neamhchlaonta, a léiriú sa chaoi go gcoisctear, le prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar, d’fhonn caiteachas buiséadach a theorannú, maolú ar shásra chun luach saothair breithiúna a shocrú ar bhonn critéar oibiachtúil atá neamhspleách ar chur isteach treallach de pháirt na n-údarás feidhmiúcháin agus reachtach, leis an toradh go mbíonn laghdú marthanach ar leibhéal luach saothair na mbreithiúna, rud a sháraíonn na ráthaíochtaí bunreachtúla lena n-áirithítear luach saothair do bhreithiúna atá i gcomhréir le dínit a n‑oifige agus le raon feidhme a ndualgas agus lena ráthaítear gur cúirteanna neamhspleácha agus breithiúna neamhspleácha a dhéanfaidh an ceartas a riar?’

21

Mar fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis ón gCúirt a bhaineann, inter alia, leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag breithiúnas an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) an 8 Samhain 2023 (Cás Uimh. K 1/23) ar an iarraidh ar réamhrialú, lenar cinneadh nach ndearnadh Airteagal 178(2) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne a chomhlíonadh le hAirteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur go raibh sé beartaithe aici an iarraidh sin a choinneáil ar bun, ós rud é nár scrúdaigh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) an cheist ar chomhlíon Airteagal 8 prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna a leagtar amach in Airteagal 178(1). Thairis sin, ní bhaineann an breithiúnas sin ach leis an dlí atá i gcuideachta leis an dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023, agus baineann an díospóid sna príomhimeachtaí freisin le cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar an prionsabal sin leis an dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2022.

Cás C‑37/23

22

Thionscain SR agus RB, breithiúna sa Vilniaus apygardos teismas (Cúirt Réigiúnach Vilnias, an Liotuáin) caingean maidir le dliteanas i gcoinne Phoblacht na Liotuáine os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, Vilnias, an Liotuáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh go n‑íocfaí damáistí de mhéid EUR 74 286.09 do SR agus de mhéid EUR 95 620.17 do RB. Maíonn siad go mbraitheann cinneadh a luacha saothair ar thoil pholaitiúil an fheidhmeannais agus an reachtais agus gur sháraigh sí, inter alia, prionsabal bunreachtúil neamhspleáchais na mbreithiúna.

23

Cáineann SR agus RB an easpa sásra dhlíthiúil lena gceadaítear do chúirt nó do bhreitheamh oibleagáid a chur ar an bhfeidhmeannas agus an reachtóir a áirithiú go bhfuil luach saothair breithiúna ar cóimhéid le dínit agus freagracht na hoifige breithiúnaí agus le srianta daingne, maidir le gníomhaíocht eile a shaothrú, inter alia.

24

Éilíonn Poblacht na Liotuáine, ar a taobh féin, go dtagann eagrú bhuiséad an Stáit agus, go háirithe, méid luacha saothair státseirbhíseach agus fostaithe san earnáil phoiblí faoi shainchumais an rialtais, dá bhforáiltear i mBunreacht Phoblacht na Liotuáine. Thairis sin, socraítear bunluach saothair na státseirbhíseach agus na bhfostaithe sin gach bliain ar bhonn acmhainní agus srianta airgeadais an Stáit, ionas nach bhféadfadh an Stát an méid bunúsach sin a mhéadú níos tapúla ná mar a rinne sé. Thairis sin, ó 2018 go 2023, tháinig méadú seasta ar an mbonnráta sin agus bhí tionchar díreach eacnamaíoch aige ar thuarastail san earnáil phríobháideach agus ar an meántuarastal náisiúnta, agus go raibh tionchar suntasach aige ar mhéadú phárolla na gcúirteanna chomh maith. Ar deireadh, measann an Ballstát sin freisin go dtagann an córas i leith luach saothair breithiúna faoi réir chumhacht lánroghnach eisiach bunreachtúil an stáit agus a institiúidí.

25

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, faoi chur i bhfeidhm comhcheangailte Airteagal 3 agus na hiarscríbhinne a ghabhann leis an Dlí maidir le luach saothair breithiúna, déantar ceann na apygardos teismai (cúirteanna réigiúnacha) a ríomh tríd an mbonnráta, arbh ionann é agus EUR 181 le haghaidh 2022 agus EUR 186 le haghaidh 2023, a iolrú faoi chomhéifeacht tuarastail 17.2, nár athraíodh an chomhéifeacht sin ón 1 Deireadh Fómhair 2013, cé is moite de bhreithiúna na aapylinkės teismai (cúirteanna dúiche, an Liotuáin).

26

Gan an liúntas sinsearachta a chur san áireamh, ba é EUR 2 440.85 (comhlán) le haghaidh 2008 agus EUR 2362 (comhlán) le haghaidh 2021 luach saothair bhreithiúna na apygardos teismai (cúirteanna réigiúnacha), agus an t‑athrú cánach a rinneadh in 2019 á chur san áireamh. Dá bhrí sin, cé gur cosúil gur tháinig méadú thart ar 8 % ar luach saothair breithiúna thar 13 bliana, tháinig laghdú iarbhír 3.2 % ar luach saothair ainmniúil breithiúna mar thoradh ar an athrú cánach sin amháin. Thairis sin, laghdódh luach saothair breithiúna ag druidim go dtí leibhéal an mheán‑tuarastail náisiúnta ó dheireadh 2021 ar aghaidh. Go deimhin, sa chéad ráithe de 2022, bhí an meántuarastal míosúil náisiúnta EUR 1 729.90 fad is a bhí an meántuarastal míosúil breithimh EUR 3 113.20. Thairis sin, tá breithiúna faoi réir atá go háirithe dian arb é atá iontu, go háirithe, iompraíocht dhochloíte a leanúint, a ndualgais a chomhlíonadh don luach saothair míosúil céanna beag beann ar a n‑ualach oibre agus gan gníomhaíochtaí eile a dhéanamh, cé is moite díobh siúd a bhaineann le teagasc agus cruthú.

27

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, thairis sin, de réir na moltaí a bhaineann leis na táillí uasta is iníoctha chun cúnamh a thabhairt do dhlíodóir nó do dhlíodóir faoi oiliúint i gcásanna sibhialta, a d’fhormheas Aire Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine agus Comhairle Bharra na Liotuáine in 2004, gurb é EUR 179.9 méid an tuarastail in aghaidh na huaire do dhlíodóir, cé go bhfuil luach saothair comhlán in aghaidh na huaire do bhreitheamh an apygardos teismas (an Chúirt Réigiúnach, an Liotuáin), gan incrimint ar fhad seirbhíse san áireamh, cothrom le thart ar EUR 20. Is ionann imeacht den sórt sin agus idirdhealú, contrártha do phrionsabal an chomhionannais agus d’Airteagal 2 CAE, a dhéanann dochar do na dlíodóirí sin maidir le dlíodóirí atá ag obair i ngairmeacha inchomparáide.

28

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ar deireadh, go leanann sé as breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117), go dtugtar le tuiscint le neamhspleáchas na mbreithiúna go gcinnfear luach saothair na mbreithiúna náisiúnta ar bhonn critéir atá neamhspleách ar chur isteach treallach de pháirt na n-údarás feidhmiúcháin agus reachtach agus go mbeidh leibhéal luach saothair na mbreithiúna ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, rud nach amhlaidh sa chás seo.

29

Sa chomhthéacs sin, maíonn an chúirt sin nach mór di deimhniú an bhfuil córas náisiúnta i leith luach saothair breithiúna a bhraitheann go díreach ar thoil pholaitiúil an fheidhmeannais agus an reachtais ag luí le dlí an Aontais agus an ráthaítear leis an gcóras sin na luachanna a chosnaítear le hAirteagal 2 CAE agus le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna a leagtar amach in Airteagal 47 den Chairt.

30

I bhfianaise an mhéid seo thuas, chinn Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, Vilnias) na himeachtaí a chur ar fionraí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

Ar cheart na luachanna de dhaonlathas, an smacht reachta, urraim do chearta an duine agus cóir, arna ráthú in Airteagal 2 CAE, agus na forálacha den dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, a léiriú amhail is go mbronntar ar na cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin de na Ballstáit an lánrogha neamhshrianta agus eisiach chun [luach saothair] breithiúna a shocrú, trí mheán reachtaíocht náisiúnta, ar ráta a bhraitheann amháin ar thoil na gcumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin?

2)

An bhfuil forálacha an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, chomh maith leo siúd in Airteagal 47 den [Chairt], lena gcumhdaítear, inter alia, neamhspleáchas na mbreithiúna, le léiriú mar fhorálacha lena gceadaítear do na Ballstáit, trí reachtaíocht náisiúnta, rialacha a thabhairt isteach lena leagtar síos luach saothair breithiúna atá faoi bhun an luacha saothair nó na dtáillí arna socrú ag an Stát i leith comhaltaí de ghairmeacha dlí eile?’

Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

31

Le breith ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Eanáir 2024, uamadh Cásanna C‑146/23 agus C‑374/23 chun críocha an nós imeachta ó bhéal agus an bhreithiúnais.

Dlínse na Cúirte Breithiúnais agus inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

32

Ina barúlacha i scríbhinn, áitíonn Rialtas na Liotúáine, ar dtús, nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun rialú a thabhairt ar na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur, ós rud é nach rialaítear le dlí an Aontais leibhéal luach saothair breithiúna náisiúnta nó conas a dhéantar an luach saothair sin a shocrú, a ríomh nó a íoc.

33

Mar sin féin, baineann an líne argóinte sin i ndáiríre le léiriú fhorálacha dhlí príomha an Aontais dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur ina ceisteanna. Mar sin féin, is léir go dtagann léiriú na bhforálacha seo faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais de bhun Airteagal 267 CFAE. Mar sin féin cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoi inniúlacht na Stát sin, ceanglaítear orthu, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, na hoibleagáidí atá orthu faoi dhlí an Aontais (féach, i ndáil leis sin, breithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ agus páirtithe eile, C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, mír 111 agus an 9 Eanáir 2024, G. agus páirtithe eile (Ceapachán breithiúna do na gnáthchúirteanna sa Pholainn), C‑181/21 agus C‑269/21, EU:C:2024:1, míreanna 57 agus 58), go háirithe sa mhéid go ndéanfaidh siad cinneadh faoi na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh).

34

Thairis sin, níl sé i gceist go mbeidh feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ó thaobh na hábharthachta de, maidir le haon bhreitheamh nó cúirt náisiúnta ar féidir leis rialú ar cheisteanna a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh agus a thagann, dá bhrí sin, faoi na réimsí atá folaithe leis an dlí sin de réir bhrí na forála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás an dá iarratasóir sna príomhimeachtaí i gCás C‑374/23, ina gcáil mar bhreitheamh den Telekaus apygardos teismas (Cúirt Réigiúnach, Vilnias).

35

Dá bhrí sin, tagann na ceisteanna a tharchuirtear i gCás C‑374/23 faoi dhlínse na Cúirte.

36

Ar an dara dul síos, áitíonn Rialtas na Liotuáine go bhfuil an iarraidh le haghaidh réamhrialú neamhinghlactha, ar an bhforas nach bhfuil baint ar bith ag na ceisteanna a tarchuireadh le fíorais agus ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil gá leis an léiriú atá á lorg chun an díospóid sin a réiteach. Dá bhrí sin, luaitear ann, sa chás seo, nach bhfuil aon bheart náisiúnta atá beartaithe go sonrach chun luach saothair breithiúna a laghdú faoi dhíospóid agus, le linn na tréimhse atá i gceist, gur tháinig méadú seasta ar luach saothair bhreithiúna na Liotuáine.

37

I ndáil leis sin, is cásdlí socair é, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon a chinneadh. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ag baint le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais agus, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a cuireadh le léirmhíniú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú le rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eileC‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, míreanna 115 agus 116 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Mar sin féin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil caingean maidir le dliteanas os comhair na cúirte a rinne an tarchur, arna dtionscnamh i gcoinne Phoblacht na Liotuáine ina n‑éilítear, go bunúsach, go sáraítear prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna leis an lánrogha atá ag an reachtóir agus feidhmeannas an Bhallstáit sin chun luach saothair breithiúna a shocrú. Sa chomhthéacs sin, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, chun breith a thabhairt ar an gcaingean sin, an gcomhlíontar an prionsabal sin leis na rialacha mionsonraithe maidir leis an luach saothair sin agus a mhéid a chinneadh, a eascraíonn as Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, agus Airteagal 47 den Chairt.

39

Dá bhrí sin, is cosúil gur gá freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuirtear i gCás C‑374/23, lena mbaineann léiriú ar na forálacha sin, chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur rialú a dhéanamh ar an díospóid sna príomhimeachtaí.

40

Leanann sé ón méid sin go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑374/23 inghlactha.

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

41

Mar réamhbharúil, a mhéid a bhaineann an dara ceist i gCás C‑374/23 le léiriú ar Airteagal 47 den Chairt, tá sé tábhachtach a chur in iúl go nglactar leis go bhfuil aitheantas ar an gceart chun leighis éifeachtaigh, i gcás ar leith, go bhfuil an duine a dhéanann an agairt ag brath ar chearta nó ar shaoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais nó go bhfuil an duine sin faoi réir imeachtaí arb ionann iad agus cur chun feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Mar sin féin, ní léir ón iarraidh ar réamhrialú go gcomhlíónann SR agus RB aon cheann de na coinníollacha sin.

43

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Chairt, níl feidhm ag Airteagal 47 den Chairt, dá réir sin, i gCás C‑374/23. Mar sin féin, ós rud é go gceanglaítear ar gach Ballstát, sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, leigheasanna a sholáthar atá leordhóthanach chun a áirithiú, sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, go ndéanfar cosaint éifeachtach bhreithiúnach, de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt go háirithe, a chur san áireamh go cuí chun an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú (breithiúnais an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 44 agus 45, agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, míreanna 36 agus 37).

44

Agus an méid sin soiléirithe, ní mór a thuiscint leis na ceisteanna dá dtagraítear i gCásanna C‑146/23 agus C‑374/23, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go bhfuiltear ag iarraidh a fháil amach, go bunúsach, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an méid seo a leanas le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna:

ar thaobh amháin, cinnfidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit, ar bhonn lánroghnach, i reachtaíocht an Bhallstáit sin, na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh;

ar an taobh eile, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin an Bhallstáit sin maolú ón reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh, trí chinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an méid dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin, nó fiú méid an luach saothair sin a reo nó a laghdú.

45

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a chur in iúl nach gceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 2 CAE ná leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ná le haon fhoráil eile de dhlí an Aontais, samhail bhunreachtúil ar leith a ghlacadh lena rialófar an caidreamh agus an idirghníomhaíocht idir brainsí éagsúla an Stáit, go háirithe maidir le sainiú agus teorannú a n‑inniúlachtaí. Faoi Airteagal 4(2) CAE, ní mór don Aontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, a théann lena struchtúir pholaitiúla agus bhunreachtúla, a urramú. Mar sin féin, agus a samhail bhunreachtúil faoi seach á roghnú acu, ceanglaítear ar na Ballstáit go gcomhlíonfaidís a gcuid ceanglas a dhíorthaíonn as dlí an Aontais (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Go deimhin, i gcomhréir leis an gcásdlí socair a mheabhraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoi inniúlacht na Stát sin, is gá do na Stáit sin, áfach, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, na hoibleagáidí atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, agus go háirithe, faoi Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is amhlaidh atá nuair a dhéanfaidh siad cinneadh maidir leis na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh.

47

Le hAirteagal 19 CAE, lena gcuirtear luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE in iúl go nithiúil, cuirtear de chúram ar na cúirteanna náisiúnta agus ar an gCúirt cur i bhfeidhm iomlán dhlí an Aontais a áirithiú sna Ballstáit uile agus an chosaint bhreithiúnach a fhaigheann daoine aonair ón dlí sin. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas na n‑údarás sin a chaomhnú (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B. agus páirtithe eile (Ceapachán breithiúna don Chúirt Uachtarach – Gníomhaíochtaí), C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 108 agus 115 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Tá an ceanglas maidir le neamhspleáchas na gcúirteanna, atá ina ghné dhílis den chúram a bhaineann le breithiúnas a thabhairt, mar chuid lárnach den cheart bunúsach chun cosaint dlí éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, a bhfuil ríthábhacht ag gabháil leis mar ráthaíocht ar chosaint na gceart uile arna dtabhairt do dhaoine aonair le dlí an Aontais Eorpaigh agus ar chaomhnú na luachanna is coiteann do na Ballstáit, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, go háirithe maidir le luach an smachta reachta (breithiúnais an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 49 agus an 29 Iúil 2024, Valančius, C‑119/23, EU:C:2024:653, mír 46).

49

Leis an gcoincheap ‘neamhspleáchas na gcúirteanna’, glactar leis, go háirithe, má tá an córas breithiúnach neamhspleách, go bhfuil an comhlacht lena mbaineann in ann a chúraimí breithiúnacha a fheidhmiú ar bhealach iomlán neamhspleách, gan bheith faoi réir ag aon srianta ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, agus go gcosnaítear é dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Amhail an chosaint do chomhaltaí an chomhlachta lena mbaineann in aghaidh a gcur as oifig, ráthaíocht fhíor-riachtanach don neamhspleáchas breithiúnais is ea na comhaltaí sin a bheith ag fáil leibhéal luacha saothair atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích (breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 44 agus 45 agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel, C‑49/18, EU:C:2019:106, mír 66).

50

Go sonrach, i gcomhréir le prionsabal dheighilt na gcumachtaí atá ina shainghné den smacht reachta, ní mór neamhspleáchas na gcúirteanna a áirithiú i ndáil leis an reachtas agus leis an bhfeidhmeannas (breithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 124; agus an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 54 agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 42).

51

É sin ráite, ní chiallaíonn an fíoras go bhfuil baint ag cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit le luach saothair breithiúna a chinneadh, ann féin, go gcruthaítear neamhspleáchas breithiúna ar na cumhachtaí sin nó go gcothaítear amhreas maidir le neamhspleáchas nó neamhchlaontacht na mbreithiúna sin. Mar a chuir an Coimisiún Eorpach in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, tá lánrogha leathan ag na Ballstáit agus a mbuiséid á dtarraingt suas acu agus cinneadh á dhéanamh acu idir na míreanna éagsúla caiteachais phoiblí. Áirítear leis an lánrogha leathan sin modh ríofa an chaiteachais sin a chinneadh agus, go háirithe, luach saothair na mbreithiúna. Is iad na cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin náisiúnta is fearr atá in ann comhthéacs socheacnamaíoch agus airgeadais ar leith an Bhallstáit ina bhfuil an buiséad le tarraingt suas agus neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthaítear a chur san áireamh.

52

Is amhlaidh fós nach féidir go gcothódh na rialacha náisiúnta lena rialaítear luach saothair breithiúna amhras inchosanta maidir le sheasmhacht na mbreithiúna lena mbaineann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna os a gcomhair (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 56 agus 57).

53

Chuige sin, féadfaidh cairteacha, tuarascálacha agus doiciméid eile arna dtarraingt suas ag comhlachtaí Chomhairle na hEorpa nó faoi chóras na Náisiún Aontaithe treoir ábhartha a sholáthar maidir le léiriú dhlí an Aontais i láthair forálacha náisiúnta ábhartha.

54

Ar dtús, maidir leis na rialacha mionsonraithe chun luach saothair na mbreithiúna a chinneadh, is gá, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, go gcinnfí na modúlachtaí sin de réir an dlí, lena bhféadfaidh foráil a dhéanamh do rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, agus go háirithe do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do na breithiúna lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, cuidíonn trédhearcacht an nós imeachta reachtaigh le neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú.

55

I ndáil leis sin, foráiltear le pointe 11 de na ‘Bunprionsabail maidir le Neamhspleáchas na mBreithiúna’ arna nglacadh ag Seachtú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Coireacht a Chosc agus Déileáil le Ciontóirí, a tionóladh in Milano an 26 Lúnasa go dtí an 6 Meán Fómhair 1985, nach mór go ‘[n]-urrófar... le dlí’ luach saothair leordhóthanach breithiúna. Mar an gcéanna, leagtar amach le Moladh CM/Rec(2010)12 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa dar teideal ‘Breithiúna: neamhspleáchas, éifeachtúlacht agus freagrachtaí’, arna ghlacadh an 17 Samhain 2010 (‘Moladh Choiste Airí Chomhairle na hEorpa 2010’), i mír 53 gur ‘cheart na príomhrialacha den chóras luach saothair breithiúna gairmiúla a leagan síos le dlí’.

56

Thairis sin, ceanglaítear le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna, arna léamh i gcomhar le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, go mbeidh na rialacha mionsonraithe chun a luachanna saothair a chinneadh oibiachtúil, intuartha, cobhsaí agus trédhearcach, chun treallach de pháirt údaráis feidhmiúcháin agus reachtacha an Bhallstáit lena mbaineann a chosc.

57

Ar an dara dul síos, mar a luaitear i mír 49 den bhreithiúnas seo, is ráthaíocht atá ina cuid dhílis dá neamhspleáchas é luach saothair breithiúna atá ar cóimhéid le tábhacht a bhfeidhmeanna.

58

I ndáil leis sin, is léir ón gcásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel (C‑49/18, EU:C:2019:106, míreanna 70, 71 agus 73), nach mór leibhéal luacha saothair na mbreithiúna a bheith ard go leor, ag féachaint do chomhthéacs socheacnamaíoch an Bhallstáit lena mbaineann, chun leibhéal áirithe neamhspleáchais eacnamaíoch a thabhairt dóibh chun iad a chosaint ar an mbaol go bhféadfadh aon idirghabháil sheachtrach nó aon bhrú seachtrach an bonn a bhaint de neodracht na gcinntí nach mór dóibh a ghlacadh. Dá bhrí sin, ní mór leibhéal an luacha saothair sin a bheith de chineál a chosnóidh breithiúna ar riosca an éillithe.

59

Luaitear an méid seo a leanas i mír 54 de Mholadh 2010 ó Choiste na nAirí, ‘Ba cheart go mbeadh luach saothair breithiúna ar cóimhéid lena ngairm agus a bhfreagreachtaí, agus go mbeadh sé leordhóthanach chun iad a chosaint i gcoinne dreasachtaí a bhfuil sé mar sprioc acu tionchar a imirt ar a gcinntí’. Luaitear i mír 57 den mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an moladh sin ‘gur príomhghné den chomhrac i gcoinne éilliú i leith breithiúna é leibhéal leordhóthanach luacha saothair agus go bhfuil sé d’aidhm aige iad a chosaint ar bhrú is féidir a fheidhmiú’.

60

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh luach saothair na mbreithiúna a bheith éagsúil ag brath ar fhad na seirbhíse agus ar chineál na bhfeidhmeanna a shanntar dóibh. Ar aon chuma, caithfidh sé a bheith ar cóimhéid le tábhacht a bhfeidhmeanna.

61

Chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht luach saothair breithiúna, ní mór a chur san áireamh, sa bhreis ar an ngnáth-bhuntuarastal, na bónais agus na liúntais éagsúla a fhaigheann siad, go háirithe maidir le fad a seirbhíse nó na dualgais a shanntar dóibh, ach freisin aon díolúine ó ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

62

Thairis sin, ní mór leordhóthanacht luach saothair na mbreithiúna a mheasúnú ag féachaint do staid shocheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 49 dá Thuairim. Ón taobh sin de, is iomchuí meánluach saothair na mbreithiúna a chur i gcomparáid leis an meántuarastal sa Stát sin, mar a léiríodh go háirithe sa tuarascáil mheastóireachta de chórais bhreithiúnacha Eorpacha arna tarraingt suas in 2020 ag an gCoimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ) (lch. 68).

63

Ina theannta sin, mar is léir ón tuarascáil sin (lch. 67), chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus, ar bhonn níos leithne, cáilíocht an cheartais i smacht reachta a ráthú, ‘ba cheart tuarastail gairmeacha dlíthiúla eile a chur san áireamh sna beartais cheartais freisin chun gairm an bhreithimh a dhéanamh tarraingteach do chleachtóirí dlí ardcháilithe’. Ní féidir a thuiscint as sin, áfach, go gcuirtear cosc le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna ar luach saothair breithiúna a bhunú ar leibhéal atá níos ísle ná meánluach saothair gairmithe dlíthiúla eile, go háirithe iad siúd a bhfuil gairm liobrálach á cleachtadh acu, amhail dlíodóirí, i gcás inar léir go bhfuil siad i staid atá éagsúil le staid na mbreithiúna.

64

Ar an tríú dul síos, caithfidh go bhféadfadh na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

65

Sa dara háit, maidir leis an bhféidearthacht, do bhrainsí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit, maolú ar reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe maidir le luach saothair breithiúna a chinneadh, trí chinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an luach saothair dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin, nó fiú méid an tuarastail sin a reo nó a laghdú, ní mór roinnt ceanglas a chomhlíonadh freisin le glacadh beart maolaithe den sórt sin.

66

Ar an gcéad dul síos, ní mór foráil a dhéanamh le dlí do bheart maolaithe amhail an ceann dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, amhail na rialacha ginearálta maidir le háireamh luach saothair breithiúna a ndéantar maolú air a chinneadh. Ina theannta sin, ní mór na socruithe maidir le luach saothair na mbreithiúna dá bhforáiltear leis an mbeart maolaithe seo a bheith oibiachtúil, intuartha agus trédhearcach.

67

Ar an dara dul síos, ní mór údar a thabhairt leis an mbeart maolaithe sin le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail, amhail an gá atá le heasnamh iomarcach rialtais a dhíothú, de réir bhrí Airteagal 126(1) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 46 agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel, C‑49/18, EU:C:2019:106, mír 67).

68

Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 60 dá Thuairim, ní ghlactar leis go n‑osclófar nós imeachta ina choinne faoi Phrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal le Conarthaí AE agus FAE.

69

Ní mór míniú soiléir a thabhairt ar na cúiseanna buiséadacha lena dtugtar údar le beart a ghlacadh de mhaolú ar rialacha an ghnáthdhlí maidir le luach saothair breithiúna. Thairis sin, faoi réir imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, níor cheart na bearta sin a dhíriú go sonrach ar chomhaltaí cúirteanna nó binsí náisiúnta agus ní mór iad a bheith mar chuid de chreat níos ginearálta arb é is aidhm dó a áirithiú go rannchuideoidh sraith níos leithne comhaltaí den státseirbhís náisiúnta leis an iarracht fhioscach leanúnach (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 49 agus an 7 Feabhra 2019, Escribano Vindel, C‑49/18, EU:C:2019:106, mír 67).

70

I ndáil leis sin, foráiltear an méid seo a leanas i mír 54 de Mholadh 2010 ó Choiste na nAirí, ‘ba cheart go dtabharfaí isteach forálacha dlíthiúla sonracha mar chosaint i gcoinne laghdú luach saothair a dhírítear ar bhreithiúna go sonrach’. Ar an taobh eile, mar a luaitear i mír 57 den ráiteas míniúcháin a ghabhann leis an moladh sin, ‘ní chuireann foráil maidir le neamhlaghdú ar luach saothair breithiúna bac sonrach ar laghdú ar luach saothair i gcomhthéacs beartas poiblí arb é is aidhm dóibh tuarastail chomhaltaí na seirbhísí poiblí a laghdú go ginearálta’.

71

Dá bhrí sin, nuair a ghlacann Ballstát bearta sriantacha buiséadacha a dhéanann difear dá státseirbhísigh agus dá sheirbhísigh phoiblí, féadfaidh sé a chinneadh, i sochaí arb í an dlúthpháirtíocht is saintréith di, mar a luaitear in Airteagal 2 CAE, na bearta sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le breithiúna náisiúnta.

72

Ar an tríú dul síos, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais Eorpaigh é (breithiúnas an 8 Márta 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Éifeacht dhíreach), C‑205/20, EU:C:2022:168, mír 31), ní mór beart maolaithe amhail an ceann dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo a bheith iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú, a bheith teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus nach bhfuil díréireach leis an gcuspóir sin, rud a thugann le tuiscint tábhacht an chuspóra sin agus tromchúis an chur isteach ar phrionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna a mheá.

73

I ndáil leis sin, ní mór do bheart den chineál sin, cé go ndealraíonn sé gurb iomchuí é chun cuspóir leas an phobail dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo a bhaint amach, leanúint de bheith eisceachtúil agus sealadach, a mhéid nach féidir feidhm a bheith aige thar an tréimhse is gá chun an cuspóir dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach, amhail easnamh rialtais iomarcach a dhíchur.

74

Thairis sin, níor cheart tionchar an bhirt sin ar luach saothair na mbreithiúna a bheith díréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.

75

Ar an gceathrú dul síos, chun neamhspleáchas na mbreithiúna a chaomhnú, ní mór leibhéal luach saothair na mbreithiúna a bheith ar cóimhéid i gcónaí le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, d’ainneoin beart sriantach buiséadach a bheith curtha i bhfeidhm orthu, agus fiú má tá nasc idir beart den sórt sin agus géarchéim thromchúiseach shocheacnamaíoch agus airgeadais, ionas go mbeidh siad saor ó idirghabháil sheachtrach nó ó bhrú seachtrach a d’fhéadfadh neamhspleáchas a gcumas breithiúnais a chur i mbaol agus tionchar a imirt ar a gcinntí, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo.

76

Ar an gcúigiú dul síos, ní mór do bheart maolaithe amhail an ceann dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, sna himthosca dá dtagraítear i mír 64 den bhreithiúnas seo.

77

Cé nach faoin gCúirt atá sé rialacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le cás ar leith, i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 267 CFAE, féadfaidh an Chúirt, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt do na cúirteanna a rinne an tarchur, comharthaí a thabhairt dóibh ó na comhaid sna príomhimeachtaí agus ó na barúlacha i scríbhinn atá ar fáil di, amhail cur ar chumas na gcúirteanna sin rialú a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meitheamh 1991, Newton, C‑356/89, EU:C:1991:265, mír 10; an 16 Iúil 2015, CHEZ Razpredelenie Bulgaria, C‑83/14, EU:C:2015:480, mír 71, agus an 7 Samhain 2024, Centro di Assistenza Doganale Mellano, C‑503/23, EU:C:2024:933, mír 85).

78

I gCás C‑146/23, ní mór don chúirt a rinne an tarchur deimhniú, mar a d’áitigh rialtas na Polainne os comhair na Cúirte, ar comhlíonadh cuspóir leasa ghinearálta leis na bearta maolaitheacha d’Airteagal 91(1c) den Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna a bhí infheidhme in 2022 agus in 2023 arb é atá ann acmhainní buiséadacha a ath-leithdháileadh i gcomhthéacs arb é is príomhthréith dó paindéim COVID-19, fogha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus an méadú nach bhfacthas riamh ar phraghsanna fuinnimh a bhí mar thoradh air sin.

79

Os rud é go raibh sé gur díríodh go sonrach ar luach saothair breithiúna agus ionchúisitheoirí le hAirteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2022 agus Airteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023, ní mór a mheas, ar dtús, go bhféadfadh leis na bearta sin an bonn a bhaint den phrionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna. Mar sin féin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 69 agus 70 den bhreithiúnas seo agus i bhfianaise na fianaise a chuir Rialtas na Polainne ar aghaidh os comhair na Cúirte, ní féidir a chur as an áireamh, áfach, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú, go bhfuil na bearta sin, agus iad dírithe go sonrach ar bhreithiúna, mar chuid d’athchóirithe níos leithne a dhéanann difear freisin do luach saothair catagóirí eile státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí. Go háirithe, de réir na dtosca sin, d’fhéadfadh sé go bhféachfadh na bearta sin, i ndáiríre, le bearta sriantacha buiséadacha a chur i bhfeidhm, ar bhealach iarchurtha, maidir le breithiúna a raibh catagóirí eile státseirbhíseach nó oifigeach poiblí faoina réir sna blianta roimhe sin.

80

Ina theannta sin, is cosúil, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, nach raibh feidhm ag an dá fhoráil náisiúnta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo ach ar feadh bliana. Is cosúil, dá bhrí sin, go raibh na bearta pá atá i gceist sna príomhimeachtaí eisceachtúil agus sealadach, rud a dhealraíonn a bheith deimhnithe toisc nár aisghaireadh an sásra chun luach saothair a ríomh dá bhforáiltear in Airteagal 91 den Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna agus go raibh feidhm aige arís in 2024, mar a thug Rialtas na Polainne agus an Coimisiún faoi deara ag an éisteacht os comhair na Cúirte.

81

Is léir freisin ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, nach raibh sé d’éifeacht ag na bearta sin a cheart chun luach saothair a fháil, a bhí, i bhfianaise chomhthéacs socheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an meántuarastal sa Stát sin, i gcomhréir le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann sé i gcrích, a bhaint de XL. Cé go bhféadfadh caillteanas cumhachta ceannaigh XL a bheith mar thoradh orthu, ní cosúil, de réir na faisnéise sa chomhad sin, gur laghdaigh méid a luach saothair leis na bearta sin, a calcadh in 2021 agus ar tháinig méadú 4.37 % air in 2022 agus méadú 7.8 % in 2023. Thairis sin, chuir Rialtas na Polainne agus an Coimisiún in iúl, trí na bónais éagsúla agus an díolúine ó ranníocaíochtaí slándála sóisialta atá ag breithiúna na Polainne a chomhtháthú, arb ionann é agus coigilteas de bheagnach 14 % den luach saothair comhlán, gur fhan a luach saothair, le linn na tréimhse sin, níos mó ná trí oiread an mheán‑tuarastail sa Pholainn.

82

Ar deireadh, is leor an tarchur chun réamhrialú a rinne an Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Chúirt Dúiche, Białystok) i gCás-146/23 chun a léiriú go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a dhéanamh ar na bearta pá atá i gceist sna príomhimeachtaí.

83

Dá bhrí sin, agus faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní cosúil gur sáraíodh, le hAirteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2022 agus Airteagal 8 den dlí atá i gcuideachta leis an mbuiséad le haghaidh 2023 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna, mar a leanas ón dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 CAE.

84

Maidir le Cás C‑374/23, ar an gcéad dul síos, is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go bhfuil bunús dlí leis an gcinneadh maidir le luach saothair bhreithiúna an apygardos teismai (cúirteanna réigiúnacha), eadhon Airteagal 3 den Dlí maidir le luach saothair breithiúna, lena bhforáiltear go socróidh na cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin bunráta an luacha saothair sin gach bliain ar leibhéal nach bhféadfadh a bheith níos ísle ná leibhéal na bliana roimhe sin agus nach mór dó sraith critéar oibiachtúil a chur san áireamh, amhail an meánráta boilscithe bliantúil don bhliain roimhe sin, arna ríomh ag an innéacs náisiúnta praghsanna do thomhaltóirí, leibhéal an tuarastail íosta mhíosúil agus tionchar fachtóirí eile a théann i bhfeidhm ar leibhéal agus ar éabhlóid an mheántuarastail san earnáil phoiblí. Ar an dara dul síos, i bhfianaise na dtosca sin, agus faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil na rialacha mionsonraithe sin oibiachtúil, intuartha, cobhsaí agus trédhearcach.

85

Ag glacadh leis go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur le leordhóthanacht an luacha saothair a fuair SR agus RB a thabhairt faoi cheist, tugadh faoi deara i mír 62 den bhreithiúnas seo nach mór leordhóthanacht luach saothair breithiúna a mheasúnú trí shocheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh agus trí mheánluach saothair na mbreithiúna a chur i gcomparáid leis an meántuarastal sa Stát sin.

86

Mar is léir ó tuarascáil mheastóireachta de chórais bhreithiúnacha Eorpacha arna tarraingt suas in 2020 ag CEPEJ (lch. 80) b’ionann meánluach saothair comhlán bhreithiúna na Liotuáine, ag tús a ngairme, agus 2.1 oiread an mheán‑tuarastail chomhláin sa Liotuáin agus 2.9 oiread an mheán‑tuarastail chomhláin sin do bhreithiúna Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine).

87

Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, d’athrú cánach a rinneadh in 2019, as ar eascair laghdú ar luach saothair ainmniúil na mbreithiúna sin. Mar sin féin, in éagmais aon léiriú ar an athrú sin san ordú tarchuir, ní leor brath ar chur i bhfeidhm an athraithe sin ar bhreithiúna, ann féin, chun tacú leis an gconclúid go ndearnadh sárú ar phrionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna.

88

Dá bhrí sin, agus faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní cosúil, i gCás C‑374/23, gur sáraíodh an prionsabal sin leis na rialacha mionsonraithe chun an luach saothair a fuair SR agus RB le linn na tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí a chinneadh.

89

Ar deireadh, is leor an tarchur chun réamhrialú a rinne Telekaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias) sa chás sin chun a léiriú go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a dhéanamh ar na bearta pá atá i gceist sna príomhimeachtaí sa chás sin.

90

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna dá dtagraítear i gCásanna C‑146/23 agus C‑374/23 nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar an méid seo a leanas le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna:

ar thaobh amháin, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit luach saothair breithiúna a chinneadh a mhéid nach mbaineann an cinneadh sin le cur i bhfeidhm cumhachta treallaí ach go bhfuil sé ag brath ar shocruithe:

dá bhforáiltear leis an dlí,

atá oibiachtúil, intuartha, cobhsaí agus trédhearcach,

lena n‑áirítear do bhall de na breithiúna luach saothair atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, agus staid shocheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an meántuarastal sa Bhallstát sin á gcur san áireamh, agus

a d’fhéadfadh a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit sin;

ar an taobh eile, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit maolú ón reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na rialacha mionsonraithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh, trí cinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an méid dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin, nó fiú méid an luacha saothair sin a reo nó a laghdú, ar choinníoll nach mbeadh beart maolaithe den sórt sin ina fheidhmiú cumhachta treallaí ach:

go ndéanfaí foráil dó leis an dlí,

go leagfaí síos leis socruithe luacha saothair atá oibiachtúil, intuartha agus trédhearcach,

go dtabharfaí údar leis le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail a shaothraítear i gcomhthéacs beart, faoi réir imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, nach bhfuil dírithe go sonrach ar bhreithiúna ach a dhéanann difear, ar bhonn níos ginearálta, do luach saothair catagóirí státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí,

go mbeadh sé riachtanach agus comhréireach go docht chun an cuspóir a shaothraítear leo a bhaint amach, rud a thugann le tuiscint go leanann sé de bheith eisceachtúil agus sealadach agus nach rachadh sé chun dochair do luach saothair breithiúna a bheith ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, agus

go bhféadfadh iad a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

Costais

91

Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na gcúirteanna a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis na cúirteanna sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar an méid seo a leanas le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna:

 

ar thaobh amháin, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit luach saothair breithiúna a chinneadh a mhéid nach mbaineann an cinneadh sin le cur i bhfeidhm cumhachta treallaí ach go bhfuil sé ag brath ar shocruithe:

dá bhforáiltear leis an dlí,

atá oibiachtúil, intuartha, cobhsaí agus trédhearcach,

lena n‑áirítear do bhall de na breithiúna luach saothair atá ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, agus staid shocheacnamaíoch agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an meántuarastal sa Bhallstát sin á gcur san áireamh, agus

a d’fhéadfadh a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit sin;

ar an taobh eile, go ndéanfaidh cumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin Ballstáit maolú ón reachtaíocht náisiúnta, lena sainmhínítear go hoibiachtúil na socruithe chun luach saothair breithiúna a chinneadh, trí chinneadh a dhéanamh an luach saothair sin a mhéadú, ach ar bhonn níos lú ná an méid dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin, nó fiú méid an luacha saothair sin a reo nó a laghdú, ar choinníoll nach mbeadh beart maolaithe den sórt sin ina fheidhmiú cumhachta treallaí ach:

go ndéanfaí foráil dó leis an dlí,

go leagfaí síos leis socruithe luacha saothair atá oibiachtúil, intuartha agus trédhearcach,

go dtabharfaí údar leis le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail a shaothraítear i gcomhthéacs beart, faoi réir imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, nach bhfuil dírithe go sonrach ar bhreithiúna ach a dhéanann difear, ar bhonn níos ginearálta, do luach saothair catagóirí státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí,

go mbeadh sé riachtanach agus comhréireach go docht le baint amach an chuspóra sin, rud a thugann le tuiscint go leanann sé de bheith eisceachtúil agus sealadach agus nach rachadh sé chun dochair do luach saothair breithiúna a bheith ar cóimhéid le tábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann siad i gcrích, agus

go bhféadfadh iad a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

 

Sínithe


( *1 ) Teangacha an cháis: an Liotuáinis agus an Pholainnis.

( i ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní ag tagairt d’fhíorainm páirtí ar bith sna himeachtaí atá sé.

Top