Eagrán sealadach

7 Samhain 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Aontas Custaim – Cód Custaim an Aontais – Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 – Airteagal 18 – Ionadaí custaim – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Treoir 2006/123/CE – Airteagail 10 agus 15 – Ionaid Chúnaimh Custaim – Teorainn chríochach a chur leis an ngníomhaíocht – Srian – Údar)

I gCás C‑503/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunale Amministrativo Regionale per il Piemonte (Cúirt Riaracháin Réigiúnach Phíodmant, an Iodáil), trí bhreith an 26 Iúil 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 7 Lúnasa 2023, sna himeachtaí

Centro di Assistenza Doganale (Cad) Mellano Srl

v

Agenzia delle Dogane e dei Monopoli – Agenzia delle Dogane – Direzione Interregionale per la Liguria,

Ministero dell’Economia e delle Finanze,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, A. Arabadjiev agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Centro di Assistenza Doganale (Cad) Mellano Srl, ag S. Mellano, avvocata,

–        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó F. Meloncelli, avvocato dello Stato,

–        an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati agus F. Moro, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 56 go 62 CFAE, ar Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1, ‘an Cód Custaim’) agus ar Airteagail 10 agus 15 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir ionaid chúnaimh custaim (‘CAD’), arb é Centro di Assistenza Doganale (Cad) Mellano Srl (‘Cad Mellano’) agus Agenzia delle Dogane e dei Monopoli – Agenzia delle Dogane – Direzione Interregionale per la Liguria (an Ghníomhaireacht Custaim agus Monaplachtaí – an Ghníomhaireacht Chustaim – Stiúrthóireacht Idir-Réigiúnach Liguria, an Iodáil) maidir le diúltú ag an ngníomhaireacht sin Cad Mellano a údarú a ghníomhaíochtaí a fheidhmiú lasmuigh de réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a oifig chláraithe aige.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 An Cód Custaim

3        Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 21 den Chód Custaim:

‘Ar mhaithe le gnó a éascú, ba cheart go leanfadh sé de bheith de cheart ag gach aon duine ionadaí a ainmniú agus é ag déileáil leis na húdaráis chustaim. Níor cheart, áfach, go bhféadfaí an ceart ionadaíochta sin a fhorchoimeád a thuilleadh faoi dhlí ar leag ceann de na Ballstáit síos é. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh ionadaí custaim a chomhlíonann na critéir maidir le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe le haghaidh simplithe custaim a dheonú i dteideal a sheirbhísí nó a seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an t‑oibreoir eacnamaíoch bunaithe. Mar riail ghinearálta, ba cheart go mbeidh ionadaí custaim bunaithe laistigh de chríoch chustaim an Aontais [Eorpaigh]. Ba cheart an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás ina mbeidh an t‑ionadaí custaim ag gníomhú thar ceann daoine nach bhfuil sé de cheangal orthu bheith bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais, seachas má fhoráiltear dá mhalairt.’

4        Seo a leanas foclaíocht Airteagal 18 den Chód sin, dar teideal ‘Ionadaí Custaim’:

‘(1)      Féadfaidh duine ar bith ionadaí custaim a ainmniú.

Féadfaidh ionadaíocht den sórt sin a bheith díreach, agus sa chás sin feidhmeoidh an t‑ionadaí in ainm agus thar ceann duine eile, nó féadfaidh sí a bheith indíreach agus sa chás sin feidhmeoidh an t‑ionadaí custaim ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann duine eile.

(2)      Beidh ionadaí custaim bunaithe laistigh de chríoch chustaim an Aontais.

Seachas má fhoráiltear a mhalairt, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh nuair a ghníomhaíonn an t‑ionadaí custaim thar ceann daoine nach bhfuil sé de cheangal orthu bheith bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais.

(3)      Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, na coinníollacha a chinneadh faoinar féidir le hionadaí custaim seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe. Gan dochar do chur i bhfeidhm critéar nach bhfuil chomh dian sin ag an mBallstát lena mbaineann, áfach, beidh ionadaí custaim a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 39 i dteideal na seirbhísí sin a sholáthar i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe.

(4)      Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha a cinneadh i gcomhréir leis an gcéad abairt de mhír 3 a chur i bhfeidhm maidir le hionadaithe custaim nach bhfuil bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais.’

5        Sonraítear an méid seo a leanas le hAirteagal 39 den Chód sin:

‘Is iad seo a leanas na critéir chun stádas “oibreora eacnamaíoch údaraithe” a dheonú:

(a)      easpa sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a ndearnadh an athuair ar reachtaíocht chustaim agus ar rialacha cánachais, lena n‑áirítear gan aon taifead a bheidh ann maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an iarratasóra;

(b)      ardleibhéal rialaithe ar a oibríochtaí nó a hoibríochtaí agus ar shreabhadh na n‑earraí á léiriú ag an iarratasóir, trí bhíthin córas sásúil chun bainistiú a fheidhmiú ar thaifid tráchtála agus ar thaifid iompair, más iomchuí, a cheadaíonn seiceálacha iomchuí custaim;

(c)      sócmhainneacht airgeadais, a measfar a bheith cruthaithe i gcás ina mbeidh seasamh maith airgeadais ag an iarratasóir, lena gcuirfear ar a chumas nó ar a cumas a ghealltanais nó a gealltanais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréith an chineáil gníomhaíochta ghnó lena mbaineann;

(d)      maidir leis an údarú dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 38(2), caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht a fheidhmítear; agus

(e)      maidir leis an údarú dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2), caighdeáin iomchuí slándála agus sábháilteachta, a measfar a bheith comhlíonta i gcás ina léireoidh an t‑iarratasóir go bhfuil na bearta iomchuí á gcothabháil aige nó aici chun slándáil agus sábháilteacht an tslabhra soláthair idirnáisiúnta á áirithiú, lena n‑áirítear i réimsí na sláine fisiciúla agus seiceálacha rochtana, na bpróiseas lóistíochúil agus láimhseáil na gcineálacha sonracha earraí, pearsanra agus maidir lena chomhpháirtithe nó lena comhpháirtithe gnó a aithint.’

 Treoir 2006/123,

6        Leagtar amach an méid a leanas le haithrisí 2, 5, 6, 29 agus 40 de Threoir 2006/123:

‘(2)      Tá sé ríthábhachtach margadh iomaíoch i seirbhísí a bheith ann chun dlús a chur le fás eacnamaíoch agus poist a chruthú san Aontas Eorpach. Faoi láthair tá bacainní iomadúla ann laistigh den mhargadh inmheánach lena gcuirtear cosc ar sholáthraithe, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a gcuid oibríochtaí a leathnú thar a dteorainneacha náisiúnta agus leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach. Dá bharr sin laghdaítear iomaíochas domhanda sholáthraithe an Aontais Eorpaigh. I saormhargadh ina gcuirtear iallach ar na Ballstáit deireadh a chur le srianta ar sholáthar trasteorann seirbhísí agus cur le trédhearcacht agus faisnéis do thomhaltóirí an tráth céanna, bheadh rogha ní ba leithne ag tomhaltóirí agus bheadh seirbhísí níos fearr ann dóibh ar phraghsanna ní b’ísle.

[...]

(5)      Is gá, dá bhrí sin, fáil réidh le bacainní ar an tsaoirse bunaíochta do sholáthraithe sna Ballstáit agus le bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí idir na Ballstáit agus a ráthú d’fhaighteoirí agus soláthraithe an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun an dá shaoirse bhunúsacha sin atá sa Chonradh a fheidhmiú go praiticiúil. Ós rud é go ndéanann na bacainní sa mhargadh inmheánach atá ar sheirbhísí difear d’oibreoirí ar mian leo a bheith bunaithe i mBallstáit eile chomh maith leis na hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhís i mBallstát eile gan a bheith bunaithe ann, is gá a chur ar a gcumas do sholáthraithe a gcuid gníomhaíochtaí seirbhíse a fhorbairt laistigh den mhargadh inmheánach trí bhunú i mBallstát nó trí leas a bhaint as saorghluaiseacht seirbhísí. Ba cheart do sholáthraithe a bheith in ann rogha a dhéanamh idir an dá shaoirse sin, ag brath ar an straitéis atá acu le haghaidh fáis i ngach Ballstát.

(6)      Ní féidir deireadh a chur leis na bacainní sin trí dhul i muinín Airteagail 43 agus 49 den Chonradh a chur i bhfeidhm go díreach, mar d’fhágfadh sé sin go gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu de réir an cháis trí nósanna imeachta um shárú a fheidhmiú i gcoinne na mBallstát lena mbaineann mar is gá na scéimeanna dlí náisiúnta a chomhordú roimh ré, lena n‑áirítear comhoibriú riaracháin a bhunú, chun deireadh a chur le cuid mhór de na bacainní. Mar atá aitheanta ag Parlaimint na hEorpa agus ag [Comhairle an Aontais Eorpaigh], fágann ionstraim reachtúil Chomhphobail gur féidir fíormhargadh inmheánach do sheirbhísí a bhaint amach.

[...]

(29)      Ós rud é go soláthraítear sa Chonradh bunúis dlí shonracha maidir le cúrsaí cánachais agus i bhfianaise na n‑ionstraimí Comhphobail a glacadh cheana sa réimse sin, is gá an réimse cánachais a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

[...]

(40)      [Cumhdaítear leis an gcoincheap] “cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail” [...] na forais seo a leanas ar a laghad: [...] cosaint tomhaltóirí, [...] an comhrac i gcoinne na calaoise, [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        De réir Airteagal 1(1) de Threoir 2006/123:

‘Bunaítear leis an Treoir seo forálacha ginearálta chun feidhmiú na saoirse bunaíochta do sholáthraithe seirbhíse agus saorghluaiseacht seirbhísí a éascú, agus ardcháilíocht seirbhísí á coimeád ar bun.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2 den Treoir sin:

‘(1)      Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe atá bunaithe i mBallstát.

[...]

(3)      Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le réimse an chánachais.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3(1) den Treoir sin:

‘Má tá forálacha an Treoir seo i gcoinbhleacht le foráil gnímh eile de chuid an Chomhphobail lena rialaítear gnéithe sonracha de rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó d’fheidhmiú na gníomhaíochta sin in earnálacha ar leith nó i gcás gairmeacha ar leith, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Chomhphobail agus beidh feidhm leis maidir leis na hearnálacha nó na gairmeacha ar leith sin. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 4 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)      ciallaíonn “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 50 den Chonradh;

[...]

(6) ciallaíonn “scéim údarúcháin” aon nós imeachta faoinarb amhlaidh, go bunúsach, go gceanglaítear ar sholáthraí nó faighteoir bearta a dhéanamh chun cinneadh foirmiúil, nó cinneadh intuigthe, a fháil ó údarás inniúil maidir le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó feidhmiú na gníomhaíochta sin

(7) ciallaíonn “ceanglas” aon oibleagáid, toirmeasc, coinníoll nó teorainn dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát nó de dhroim cásdlí, cleachtas riaracháin, rialacha comhlachtaí gairmiúla, nó rialacha comhchoiteanna de chuid comhlachais ghairmiúla nó eagraíochtaí gairmiúla eile, arna nglacadh i bhfeidhmiú a neamhspleáchais dhlíthiúil; ní mheasfar gur ceanglais de réir bhrí na Treorach seo iontu féin rialacha a leagtar síos i gcomhaontuithe comhchoiteanna arna gcaibidliú ag na comhpháirtithe sóisialta;

(8) ciallaíonn “cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail” cúiseanna a aithnítear amhlaidh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n‑áirítear na forais seo a leanas: beartas poiblí; an tslándáil phoiblí; sábháilteacht an phobail; an tsláinte phoiblí; cothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialta a chaomhnú; cosaint tomhaltóirí, faighteoirí seirbhísí agus oibrithe; cosaint na hóige; cothroime na n‑idirbheart trádála; an comhrac in aghaidh na calaoise; cosaint an chomhshaoil agus na timpeallachta uirbí; sláinte na n‑ainmhithe; maoin intleachtúil; caomhnú na hoidhreachta stairiúla, cultúrtha agus ealaíne; cuspóirí an bheartais shóisialta agus cuspóirí an bheartais cultúir;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Sonraítear le hAirteagal 10 de Threoir 2006/123, dar teideal ‘Coinníollacha maidir le húdarú a dheonú’:

‘(1)      Beidh scéimeanna údarúcháin bunaithe ar chritéir lena gcuirtear bac ar na húdaráis inniúla a gcumhacht mheasúnuithe a fheidhmiú ar bhealach treallach.

(2)      Is mar a leanas a bheidh na critéir dá dtagraítear i mír 1:

(a)      neamh-idirdhealaitheacht.

(b)      Údar a bheith leo ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail;

(c)      comhréireacht leis an gcuspóir sin maidir le leas an phobail;

[...]

(4)      Cuirfidh an t‑údarú ar chumas an tsoláthraí rochtain a bheith aige ar an ngníomhaíocht seirbhíse, nó an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú, ar fud na críche náisiúnta, lena n‑áirítear trí ghníomhaireachtaí, fochuideachtaí, brainsí nó oifigí a bhunú, ach amháin i gcás ina bhfuil údar le húdarú a bheith ann i leith gach bunaíochta aonair nó le teorannú an údaraithe do chuid áirithe den chríoch ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 15 den Treoir sin:

‘(1)      Déanfaidh na Ballstáit scrúdú le fáil amach an bhforchuirtear, faoina gcóras dlí, aon cheann de na ceanglais a liostaítear i mír 2 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon cheanglais den sórt sin comhoiriúnach do na coinníollacha a leagtar síos i mír 3. Déanfaidh na Ballstáit a bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a oiriúnú ionas go mbeidh siad comhoiriúnach do na coinníollacha sin.

(2)      Déanfaidh na Ballstáit scrúdú le fáil amach an bhfágann a gcóras dlí go bhfuil rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó a feidhmiú faoi réir aon cheann de na ceanglais neamh-idirdhealaitheacha seo a leanas:

(a)      srianta cainníochtúla nó críochacha, go háirithe i bhfoirm teorainneacha arna socrú de réir daonra nó de réir achar geografach íosta idir soláthraithe;

[...]

(e)      cosc ar níos mó ná bunaíocht amháin a bheith ag soláthraí i gcríoch an Stáit chéanna;

[...]

(3)      Fíoróidh na Ballstáit go gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 na coinníollacha seo a leanas:

(a)      neamh-idirdhealú; í mór na ceanglais a bheith neamh-idirdhealaitheach go díreach nó go hindíreach de réir náisiúntachta nó, maidir le cuideachtaí, de réir shuíomh na hoifige cláraithe;

(b)      riachtanas ní mór údar a bheith le ceanglais ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail;

(c)      comhréireacht: ní mór do na ceanglais a bheith oiriúnach chun an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach agus ní rachaidh siad thar an rud a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hIodáile

13      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 7(1f) agus (1g) Decreto-legge n. 417 – Disposizioni concernenti criteri di applicazione dell’imposta sul valore aggiunto, delle tasse per i contratti di trasferimento di titoli o valori e altre disposizioni tributarie urgenti (Dlí Foraithne Uimh. 417 maidir le forálacha a bhaineann leis na critéir chun cáin bhreisluacha a chur i bhfeidhm, cánacha ar chonarthaí chun urrúis nó urrúis a aistriú agus forálacha práinneacha cánach eile), an 30 Nollaig 1991 (GURI Uimh. 1 an 2 Eanáir 1992, lch. 3), arna thiontú ina dhlí, tar éis a leasaithe, le legge n. 66 (Dlí Uimh. 66) an 6 Feabhra 1992 (GURI Uimh. 33 an 10 Feabhra 1992, lch. 4):

‘1f.      Féadfaidh na Coimisinéirí Custaim dá dtagraítear i mír 1e cuideachtaí caipitil a bhunú a mbeidh caipiteal íosta lira [na hIodáile (ITL)] 100 milliún [(thart ar EUR 51 645)] acu, arb é an t‑aon chuspóir amháin atá leo seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar chun na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích, i gcomhréir le húdarú an Aire Airgeadais, i dteannta na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1e:

(a)      dearbhuithe custaim a fháil nó a eisiúint, a n‑ábhar a dheimhniú tar éis na doiciméid tráchtála ábhartha a fháil agus a sheiceáil go foirmiúil, lena n‑áirítear chun cláir agus critéir roghnúcháin a ghlacadh chun scrúdú iomlán nó páirteach a dhéanamh ar na hearraí;

(b)      na sonraí a dheimhniú arna bhfáil agus arna bpróiseáil i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) de mhír 1e ar mhaithe le ceanglais nós imeachta ó na Rialacháin Chomhphobail a chur i gcrích.

1g.      Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis chánach a iarraidh ar na cuideachtaí údaraithe go bhfeidhmeoidís gníomhaíochtaí cúnaimh custaim, lena n‑áirítear, de mhaolú ar aon fhoráil reachtúil nó rialála atá neamhréireach, na sonraí agus an fhaisnéis ina sheilbh. Leagfar amach le Foraithne ón Aire Airgeadais a bheidh le glacadh faoin 31 Iúil 1992 [...] na forálacha is gá chun fomhír 1f a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear na forálacha maidir le cuideachtaí dá dtagraítear i bhfomhír 1f sin agus, go háirithe, critéir agus gnás a gclárú sa chlár dá dtagraítear chuige sin, eisiúint an údaraithe ag an Aire Airgeadais chun na cúraimí arna gcur orthu a dhéanamh agus na forálacha maidir le seiceálacha agus faireachán, lena n‑áirítear iniúchadh, ag na húdaráis chánach [...]’

14      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1 de decreto ministeriale n. 549 – Regolamento recante la costituzione dei centri di assistenza doganale (Foraithne Aireachta Uimh. 549 – Rialachán maidir le hIonaid Chúnaimh Custaim a bhunú), an 11 Nollaig 1992 (GURI Uimh. 17, an 22 Eanáir 1993, lch. 16 ‘Foraithne Aireachta Uimh. 549/1992’):

‘(1)      Beidh cuideachtaí caipitiúla, darb ainm CADanna [...] inbhunaithe ag Coimisinéirí Custaim atá cláraithe le trí bliana anuas ar a laghad sa chlár gairmiúil [...] agus a fheidhmíonn a ngníomhaíocht ghairmiúil lasmuigh de chaidreamh fostaíochta a bhfuil tuarastal ag dul leis, arb é an t‑aon chuspóir atá leo seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar [...]

(2)      Beidh [CADanna] faoi réir faireacháin, lena n‑áirítear iniúchadh, ag na húdaráis chánach [...]

[...]’

15      De réir théarmaí Airteagal 2 den Fhoraithne sin:

‘(1)      Tabharfaidh an Aire Airgeadais an t‑údarú, dá dtagraítear in Airteagal 7(1f) de Dhlí [Uimh. 66] do na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i ndiaidh na ndoiciméad a leanas a thíolacadh don cheantar custaim agus chánach indírigh: (a) gníomhas inbhunaithe na cuideachta ina sonraítear na comhpháirtithe, chomh maith le tagairtí d’údarú le bailíocht neamhtheoranta aige; (b) airteagail chomhlachais, arna mbunú de réir an teimpléid formheasta i gceangal leis an bhForaithne seo; (c) an deimhniú maidir le clárú na cuideachta leis an gcomhlachas tráchtála, tionsclaíochta, ceardaíochta agus talmhaíochta; (d) an deimhniúchán ón gcomhairle ceantair inniúil lena bhfianaítear go bhfuil na comhpháirtithe ar fad cláraithe le trí bliana anuas ar a laghad sa chlár gairmiúil, go bhfeidhmíonn siad gníomhaíocht ghairmiúil lasmuigh de chaidreamh fostaíochta a bhfuil tuarastal ag dul leis agus nach bhfuil feidhm maidir leo ag aon cheann de na cásanna lena dtógtar fionraíocht nó tarraingt siar a gcomhaontaithe, de réir Airteagal 53 nó 54 de [decreto del presidente della Repubblica n. 43 – Approvazione del testo unico delle disposizioni legislative in materia doganale (Foraithne Uimh. 43 ó Uachtarán na Poblachta lena nglactar téacs comhdhlúite na bhforálacha reachtacha maidir le cúrsaí custaim) an 23 Eanáir 1973 (Gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 80 an 28 Márta 1973; “Foraithne Uimh. 43/1973”).

(2)      Thairis sin, ní mór doiciméad arna eisiúint ag an gceantar custaim inniúil sa chríoch ina bhfuil oifigí [CADanna] a thíolacadh, lena bhfianaítear, i ndiaidh iniúchadh, gurb amhlaidh gurb ann do shaoráid ina bhfuil an t‑áitreabh agus áiseanna iomchuí chun an ghníomhaíocht cúnaimh custaim a fheidhmiú, mar aon le córas um thaifeadadh chuntasaíocht agus um choimeád comhad. Aon bhunaíocht a leagtar gníomhaíocht [CAD] uirthi ina dhiaidh sin, ní mór fógra a thabhairt ina leith don cheantar inniúil chustaim freisin chun críche an iniúchta is gá.’

[...]’

16      Sonraítear an méid a leanas in Airteagal 3 d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992:

‘(1)      Bunófar sainchlár ag lucht stiúirthóireacht lárnach chustaim an cheantair custaim agus cánachais indírigh, nach mór do na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) clárú ann tar éis réamhúdarú a fháil ón Aire Airgeadais. Is éard a bheidh i gceist le clárú sonraí aitheantais, uimhir údaraithe, cód aitheantais cánach agus uimhir [cháin bhreisluacha (CBL)] na cuideachta, chomh maith le huimhir ordaithe a leagan.

[...]

(3)      Feidhmeoidh na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a ngníomhaíocht i réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu agus d’fhéadfaidís dul i gcomhpháirtíocht lena leithéidí de chuideachtaí a bhfuil a n‑oifig chláraithe agus an t‑údarú chun feidhmiú i gcríocha eile lena mbaineann stiúrthóireachtaí ceantracha éagsúla agus chun grúpálacha Eorpacha um leas eacnamaíoch a bhunú, mar a fhoráiltear dóibh le Rialachán (CEE) Uimh. 2137/1985 [ón gComhairle an 25 Iúil 1985, maidir le grúpáil Eorpach um leas eacnamaíoch (GELE) a bhunú (IO 1985 L 199, lch. 1)], a rialaítear leis an decreto legislativo [...] n. 240 [(Foraithne Reachtach Uimh. 240), an 23 Iúil 1991]’.

17      Foráiltear don mhéid a leanas in Airteagal 7 d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992:

‘D’fhéadfadh lucht stiúrthóireachta custaim an cheantair a ordú go ndéanfaí seiceálacha nó fíorúcháin ar an ngníomhaíocht arna feidhmiú in oifigí nó in áiteanna eile [CAD] ina réimse inniúlachta chríochach.’

18      De réir Airteagal 8 den Fhoraithne Aireachta sin:

‘(1)      Ar mhaithe le háirithiú go gcoimeádfaí na cláir ag [CADanna] mar is ceart, gur minic a dhéanfaí na hoibríochtaí agus go gcomhlíonfaí na hoibleagáidí arna bhforordú, is é a bheidh i gceist leis an bhfaireachán, lena n‑áirítear iniúchadh, a bheidh le déanamh ar [CADanna] ná cros-seiceáil, trí shampláil, idir na hoibríochtaí de thoradh ar na cláir, na taifid agus aon doiciméad eile a bheidh faoi sheilbh ag [CADanna] agus doiciméid na n‑oifigí custaim agus na n‑úsáideoirí a bheidh feidhmithe acu i [CADanna] sin. Déanfar a leithéid d’fhaireachán uair sa bhliain ar a laghad.

[...]

(3)      Gan dochar d’aon oibleagáid dhlíthiúil eile, i gcás ina nochtfar le déanamh an fhaireacháín go bhfuil mídhleathachtaí sna réimsí a thagann faoi inniúlacht seirbhíse airgeadais nó rialtas eile, cuirfear na seirbhísí lena mbaineann ar an eolas go foirmiúil.’

19      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3 de decreto ministeriale n. 213 – Norme di adeguamento dell’attività degli spedizionieri doganali alle mutate esigenze dei traffici e dell’interscambio internazionale delle merci (Dlí Uimh. 213 maidir le forálacha lena gcuirtear gníomhaíocht na gCoimisinéirí Custaim in oiriúint do na cora sa scéal ó thaobh na riachtanas de réir thrácht agus malartuithe idirnáisiúnta earraí) an 25 Iúil 2000 (GURI Uimh. 178 an 1 Lúnasa 2000, lch. 5):

‘[...]

(4)      Forálfar leis an údarú chun feidhmiú arna eisiúint go gceadófar dóibh páirt a ghlacadh sna himeachtaí simplithe le haghaidh bunú dá bhforáiltear in Airteagal 76 de Chód Chustaim an Chomhphobail arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992[, lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO 1992 L 302, lch. 1),] agus in Airteagal 253 et seq. de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993, [lena leagtar amach forálacha áirithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CEE) Uim. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO 1993 L 254, lch. 1),] faoi na coinníollacha agus de réir na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear ann.

(5)      I gcomhthéacs imeachtaí simplithe a chur i bhfeidhm, féadfaidh CADanna earraí a thíolacadh ní amháin sna ceantair agus sna háiteanna atá beartaithe le haghaidh na n‑oibríochtaí custaim dá dtagraítear in Airteagal 17 [d’Fhoraithne Uimh. 43/1973] ach in áitreabh agus trádstórais na ndaoine ar thar a gceann a fheidhmeoidh siad i ngach cás agus ina bhfuil na hearraí, ar choinníoll go mbeidh an t‑áitreabh nó trádstórais sin i réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil údarú chun feidhmiú acu.

[...]’

20      Sonraítear an méid a leanas le Airteagal 47(3) d’Fhoraithne Uimh. 43/1973, arna leasú le hAirteagal 82(1) (b) de decreto legislativo n. 59 – Attuazione della direttiva 2006/123/CE relativa ai servizi nel mercato interno (Foraithne Reachtach Uimh. 59 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach) an 26 Márta 2010 (Gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 94 an 23 Aibreán 2010):

‘Ceadófar dearbhuithe custaim a thíolacadh ar fud na críche le duine a cheapadh mar choimisinéir custaim.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

21      Is CAD é Cad Mellano a bhíonn sé de ghníomhaíocht aige seirbhísí ionadaíochta custaim a thairiscint dá chustaiméirí. Údaraíodh a leithéid ag Direzione territoriale II per la Liguria, il Piemonte e la Valle d’Aosta (lucht Stiúrthóireachta Críochaí II le haghaidh Liguria, Píodmant agus Valle d’Aosta, an Iodáil), atá inniúil le haghaidh an cheantair ina bhfuil a oifig chláraithe. Ar mhaithe leis an nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm, tá ag Cad Mellano, sa chríoch custaim sin, áitreabh údaraithe chun oibríochtaí custaim a dhéanamh maidir le hearraí gan gá lena n‑imréiteach le lucht custaim nó lena dtabhairt go háitreabh an allmhaireora.

22      In 2021, thug Cad Mellano conradh i gcrích leis an gcuideachta Ghearmánach ALFA maidir le heisiúint duillíní allmhairithe agus onnmhairithe custaim ón Ríocht Aontaithe nó chuig an Ríocht Aontaithe.

23      Ar mhaithe le déanamh na n‑oibríochtaí maidir le hearraí ALFA a allmhairiú agus a onnmhairiú, thug Cad Mellano conradh i gcrích leis an gcuideachta BETA a bhí trádstóras aige i gcúige Vicenza (an Iodáil), atá lasmuigh de réimse inniúlachta a cheantair custaim ina bhfuil a oifig chláraithe ag Cad Mellano. Dá bhrí sin, d’iarr Cad Mellano ar na húdaráis chustaim inniúla go n‑údaróidís an t‑áitreabh sin.

24      An 20 Deireadh Fómhair 2021, diúltaíodh don iarratas sin toisc nach gceadaítear le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 do CAD a ghníomhaíocht a fheidhmiú lasmuigh den cheantar custaim ina bhfuil a oifig chláraithe aige.

25      Thug Cad Mellano caingean os comhair Tribunale Amministrativo Regionale per il Piemonte (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Phíodmant, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ionas go gcuirfí an diúltú sin ar neamhní.

26      Ar an gcéad dul síos, cuireann an chúirt sin in iúl go bhfuil amhras uirthi maidir le comhréireacht Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 le hAirteagal 18(3) den Chód Custaim. Go deimhin, de réir na forála sin, a luaithe a chomhlíonann ionadaí custaim na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 39(a) go (d) den Chód sin, ní mór údarú a thabhairt dó seirbhísí a sholáthar i mBallstát seachas an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe. Go háirithe, ní mór a cuid gníomhaíochtaí a bheith infheidhmithe ag a leithéid d’ionadaí ar fud chríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

27      Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 a bheith contrártha d’Airteagal 10(4) de Threoir 2006/123. Go deimhin, déantar leis an bhforáil sin gurb infhaighte rochtain ar an ngníomhaíocht seirbhíse, nó an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú, ar fud na críche náisiúnta, ‘lena n‑áirítear trí ghníomhaireachtaí, fochuideachtaí, brainsí nó oifigí a bhunú’, seachas i gcás ina bhfuil údar le teorannú an údaraithe do chuid shonraithe den chríoch ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail. Ar an gcéad dul síos, ní cosúil go bhfuil aon údar lena leithéid de theorannú sa chás sna príomhimeachtaí. Ar an dara dul síos, is é éifeacht na forála náisiúnta atá i gceist cosc a chur ar CAD níos mó ná bunaíocht amháin a bheith aige sa chríoch náisiúnta. Ní bheadh a leithéid de thoirmeasc riachtanach ná comhréireach.

28      Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh an teorannú críochach ar fheidhmiú ghníomhaíochtaí CAD a bheith contrártha d’Airteagail 56 go 62 CFAE. Go deimhin, bheadh CADanna sin, a bhíonn ag feidhmiú mar chuideachtaí caipitil, i gcás atá míbhuntáisteach go hoibiachtúil i ndáil le Coimisinéirí Custaim nach bhfuil faoi réir aon teorannú críochach arb ionann an ghníomhaíocht atá á feidhmiú acu agus atá á feidhmiú ag CADanna.

29      Tugann an chúirt faoi deara, sa chomhthéacs sin, gur féidir éifeachtaí trasteorann chomh maith a bheith ag an srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar atá ag CADanna arna mbunú san Iodáil a thógtar le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, ós infheidhme an fhoráil sin maidir le soláthraithe arna mbunú i mBallstáit eile.

30      Sna himthosca sin, chinn an Tribunale Amministrativo Regionale per il Piemonte (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Phíodmant) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An gcaithfear Airteagal 18 [den Chód Custaim], i gcomhar le haithris 21, a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992) agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú [...] ag ‘áit údaraithe’ laistigh den Stiúrthóireacht [Custaim] Réigiúnach/Idir-réigiúnach/Idirchúige ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh?

(2)      An gcaithfear Airteagail 10 agus 15 de Threoir [2006/123] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992) agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú – [...] ag ‘áit údaraithe’ laistigh den Stiúrthóireacht Réigiúnach/Idir-réigiúnach/ Idirchúige ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh, agus ag an am chéanna an ceart chun oibriú ar fud na críche náisiúnta á gcoimeád do ghníomhairí custaim amháin?

(3)      An gcaithfear Airteagail 56 go 62 CFAE a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú – [...] ag ‘áit údaraithe’ laistigh den Stiúrthóireacht Réigiúnach/Idir-réigiúnach/ Idirchúige ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh, agus ag an am chéanna an ceart chun oibriú ar fud na críche náisiúnta á gcoimeád do ghníomhairí custaim amháin? ‘

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

31      Measann Rialtas na hIodáile go bhfuil na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú gan chuspóir. Go deimhin, ós féidir seasamh le léiriú ar Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 atá i gcomhréir le dlí an Aontais, níl feidhm ag an iarraidh ar réamhrialú.

32      Ní mór a thabhairt chun cuimhne gur bun leis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE scaradh soiléir na bhfeidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais. I ndáil leis sin, is í an chúirt náisiúnta amháin atá inniúil ar chinneadh agus measúnú a dhéanamh ar fhíorais na bpríomhimeachtaí agus ar an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm. A dhála sin, is faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé, ar os a comhair a bhfuil an díospóid agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise shainghnéithe an cháis, ar an ngá atá leis agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, U.I.(Ionadaí Custaim Indíreach), C‑714/20, EU:C:2022:374, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil toimhde ábharthachta ag na ceisteanna maidir le léiriú ar dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach a shainíonn sé de réir a chúraim, agus nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú. Ní bhféadfadh an Chúirt diúltú d’iarraidh arna déanamh ag chúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fírinne ná cuspóir na bpríomhimeachtaí, i gcás inar fadhb chuir i gcás í, nó i gcás nach bhfuil na fíricí nó pointí dlí ag an gCúirt atá riachtanach chun freagra fónta a thabhairt ar na ceisteanna arna gcur uirthi (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Legea, C‑686/21, EU:C:2023:357, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      Sa chás seo, leag an chúirt amach go soiléir a dhóthain an comhthéacs dlí agus fíorasach agus na cúiseanna a thug air an léiriú ar roinnt fhorálacha dhlí an Aontais a fhiafraí ar riachtanach léi ionas gurbh intugtha a breithiúnas. Ní dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú arna iarraidh leis na príomhimeachtaí nó gur fhadhb chuir i gcás an fhadhb arna tógáil.

35      Ní thugtar an measúnú sin faoi cheist leis an argóint arna cur chun cinn ag Rialtas na hIodáile. Go deimhin, bíodh is fíor go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta, a mhéid is féidir, mar atá i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais ar mhaithe le lán‑éifeacht dhlí an Aontais a áirithiú, is amhlaidh, mar sin féin, mar chuid de na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gCúirt atá sé léiriú a dhéanamh ar na forálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear san ordú tarchuir ar mhaithe le hiomlán an ábhair measúnaithe ar chomhréireacht an dlí náisiúnta leis na forálacha sin a sholáthar don chúirt a rinne an tarchur. Trína cheisteanna le haghaidh réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur go sonrach ar an gCúirt ábhar léirithe dhlí an Aontais ionas gurb inmheasúnaithe comhréireacht reachtaíocht náisiúnta áirithe leis an dlí sin, ach ní iarrann sí ar an gCúirt rialú a thabhairt aisti féin ar an gcomhréireacht sin.

36      Sna himthosca sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

 Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

37      Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 18(3) den Chód Custaim a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear gníomhaíocht na n‑ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil arb é an t‑aon chuspóir atá aici seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin.

38      I gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha dhlí an Aontais i bhfianaise ní hamháin a dtéarmaí ach an chomhthéacs ina bhfuil na cuspóirí arna saothrú leis an reachtaíocht ina bhfuil siad (breithiúnais an 15 Iúil 2021, BEMH agus CNCC, C‑325/20, EU:C:2021:611, mír 18, agus an 12 Deireadh Fómhair 2023, INTER CONSULTING, C‑726/21, EU:C:2023:764, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      De réir théarmaí an chéad fhomhír d’Airteagal 18(3) den Chód Custaim, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, na coinníollacha a chinneadh faoinar féidir le hionadaí custaim seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe.

40      Ó thaobh sholáthar seirbhísí ag ionadaí custaim atá bunaithe i mBallstát eile, foráiltear leis an dara abairt d’Airteagal 18(3) den Chód sin, gan dochar do chuir i bhfeidhm na gcritéar níos lú doichte ag an mBallstát lena mbaineann, d’údarú a bheith ag a leithéid d’ionadaí na seirbhísí sin a thairiscint i mBallstát eile seachas an Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe, a mhéid a chomhlíonann sé na critéir arna socrú in Airteagal 39(a) go (d) den Chód sin.

41      Mar sin, de réir na gcritéar sin, ní mór d’ionadaí custaim a léiriú nach ndearna sé sáruithe tromchúiseach nó sáruithe arís is arís eile ar an reachtaíocht chustaim agus ar na forálacha cánach, go ndéanann sé a airde sin de sheiceáil ar a oibríochtaí agus ar ghluaiseachtaí earraí trí chóras um thaifid tráchtála a bhainistiú, go bhfuil sé sócmhainneach ó thaobh airgeadais de agus go bhfuil sé ina shásúla sin de chás airgeadais go bhfuil a ghealltanais intugtha, i bhfianaise thréithe chineál na gníomhaíochta eacnamaíochta lena mbaineann agus go gcomhlíonann sé na caighdeáin phraiticiúla maidir le hinniúlacht agus cáilíochtaí gairmiúla a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht arna feidhmiú.

42      Dá bhrí sin, fágann Airteagal 18(3) den Chód Custaim go bhfuil ionadaí custaim ar mian leis seirbhísí a thairiscint i mBallstát eile seachas an Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 39(a) go (d) den Chód sin, gan dochar do chur i bhfeidhm na gcritéar níos lú doichte ag an mBallstát lena mbaineann. Os a choinne sin, níl na coinníollacha sin de cheangal ar ionadaí custaim a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, ós féidir leis an mBallstát sin coinníollacha sholáthar na seirbhísí sin a shocrú, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais.

43      Sa chás seo, leagtar amach coinníoll is infheidhme maidir le CADanna le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, lena dteorannaítear a ngníomhaíocht do réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a oifig chláraithe acu. Dá bharr sin, d’fheidhmigh Poblacht na hIodáile an ceart, a aithnítear go bhfuil aici leis an gcéad abairt d’Airteagal 18(3) den Chód, chun na coinníollacha a shocrú inar féidir le hionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil arna mbunú i gcríoch an Bhallstáit sin seirbhísí a sholáthar sa chríoch sin.

44      Fágann na breithnithe roimhe go gcaithfear Airteagal 18(3) den Chód Custaim a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear gníomhaíocht na n‑ionadaithe custaim atá eagraithe mar chuideachtaí caipitil arb é an t‑aon chuspóir atá aici seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin, a mhéid a chomhlíontar dlí an Aontais lena leithéid de reachtaíocht.

 An dara agus an tríú ceist

45      Leis an dara ceist agus an tríú ceist dá cuid, nach mór scrúdú a dhéanamh orthu le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagail 10 agus 15 de Threoir 2006/123 agus Airteagail 56 go 62 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian ar fheidhmiú ghníomhaíocht ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachta caipitil arb é an t‑aon chuspóir atá aici seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin.

46      Ar an gcéad dul síos, fágann aithris 6 de Threoir 2006/123 nach bhféadfaí fáil réidh le bacainní ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí Airteagal 56 CFAE a chur i bhfeidhm go díreach agus tríd amháin toisc, inter alia, gurb an‑chasta déileáil le bacainní ar an tsaoire sin de réir an cháis (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Ghréig (C‑729/17, EU:C:2019:534, mír 53).

47      Go deimhin, b’ionann comhscrúdú a dhéanamh ar bheart náisiúnta i bhfianaise idir fhorálacha Threoir 2006/123 agus fhorálacha CFAE agus scrúdú a thionscnamh de réir an cháis, faoi reachtaíocht phríomha, agus thabharfaí faoi cheist leis an comhfhogasú dírithe a dhéantar leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2018, X agus Visser, C‑360/15 agus C‑31/16, EU:C:2018:44, mír 96).

48      Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás ina dtagann srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi raon feidhme Threoir 2006/123, nach gá scrúdú a dhéanamh air i bhfianaise Airteagal 56 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Ghréig, C‑729/17, EU:C:2019:534, mír 54).

49      Ar an dara dul síos, is deimhin gur fíor go mbaineann na príomhimeachtaí le cás atá intíre amach is amach, a mhéid a bhaineann na himthosca le cuideachta de chuid na hIodáile a dhiúltú ag údaráis na hIodáile faoi fheidhmiú a gníomhaíochta i gcríoch na hIodáile i gceantar custaim seachas an ceantar custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin.

50      Mar sin féin, ní dual d’imthoisc dá leithéid forálacha Chaibidil III de Threoir 2006/123, ina bhfuil Airteagail 10 agus 15 den Treoir sin, a chur ó infheidhmeacht, a mhéid nach mór forálacha Chaibidil III sin a léiriú sa chaoi a bhfuil feidhm acu chomh maith maidir le cás nach mbaineann an méid ábhartha de ach leis an gcuid intíre de Bhallstát amháin (breithiúnas an 13 Eanáir 2022, Minister Sprawiedliwości, C‑55/20, EU:C:2022:6, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear). Go deimhin, is é atá de dhíth ar mhargadh inmheánach seirbhísí a bhaint amach go hiomlán ná, go mór mór, fáil réidh leis na bacainní roimh sholáthraithe iad féin a bhunú i mBallstáit, bíodh sin ina mBallstát féin nó i mBallstát eile, ar bacainní iad lena bhféadfaí difear a dhéanamh dá gcumas seirbhísí a sholáthar dóibh siúd atá san Aontas ar fad (breithiúnas an 30 Eanáir 2018, X agus Visser, C‑360/15 agus C‑31/16, EU:C:2018:44, mír 105).

51      Dá bhrí sin, ar mhaithe le freagra a thabhairt ar cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur, ní mór forálacha Threoir 2006/123 a léiriú a mhéid arb infheidhme iad maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí.

 Raon feidhme Threoir 2006/123

52      Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhforáiltear, le hAirteagal 3(1) de Threoir 2006/123, i gcás ina bhfuil forálacha na Treorach sin i dtreis le forálacha gnímh lena rialaítear sainghnéithe na rochtana ar ghníomhaíocht seirbhísí nó ar a feidhmiú in earnálacha sonracha nó le haghaidh gairmeacha sonracha, do thosaíocht fhorálacha a leithéide de ghníomh.

53      Mar is léir ó mhíreanna 39 agus 44 den bhreithiúnas seo, foráiltear le hAirteagal 18(3) den Chód Custaim go bhféadfaidh na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh faoinar féidir le hionadaí custaim a sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh agus ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht Ballstáit lena dteorannaítear feidhmiú ghníomhaíocht ionadaithe custaim do réimse inniúlachta an cheantair custaim ina bhfuil sé bunaithe.

54      I ndáil leis sin, fágann an méid sin nach bhfuil rialacha i gCód Custaim atá i dtreis le forálacha Threoir 2006/123, ar dá réir arb infheidhme an Treoir sin maidir leis ina seirbhísí arna soláthar ag ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil arna mbunú i gcríoch na hIodáile, de réir na teorann críochaí dá fhoráiltear le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992.

55      Ó thaobh ghníomhaíocht iarbhír na n‑ionadaithe custaim, foráiltear le hAirteagal 2(1) agus Airteagal 4 de Threoir 2006/123, d’fheidhm a bheith aici maidir le gach gníomhaíocht eacnamaíochta nach bhfuil tuarastal ag dul léi, ar gnách di a bheith á feidhmiú ag soláthraí arna bhunú i mBallstát faoi chomhair íocaíochta, bíodh nó ná bíodh sé bunaithe go cobhsaí seasmhach sa Ballstát a dhírítear air, faoi réir na ngníomhaíochtaí agus na réimse a chuirtear as áireamh go sainráite faoi Airteagal 2(2) agus (3) den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2015, Trijber agus Harmsen, C‑340/14 agus C‑341/14, EU:C:2015:641, mír 45).

56      Mar sin, cuirtear sraith gníomhaíochtaí óna raon feidhme le hAirteagal 2(2) den Treoir sin. Thairis sin, sonraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin nach mbeidh feidhm ag an Treoir sin maidir le cúrsaí cánach.

57      Sa chás seo, mar is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt, soláthraíonn ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil arna mbunú i chríoch na hIodáile, de réir na teorann críochaí dá fhoráiltear le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, seirbhísí cúnaimh chun ceanglais nós imeachta custaim a chur i gcrích faoi chomaoin íocaíochta.

58      Baineann a leithéid de sheirbhísí le cuspóir díreach Threoir 2006/123, mar is léir ó Airteagal 2(1) di, a mhéid is soláthraithe a sholáthraíonn a seirbhísí i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe iad na hionadaithe custaim sin. Thairis sin, freagraíonn gníomhaíocht an ionadaithe custaim don choincheap díreach ‘seirbhísí’, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin, a mhéid arb í atá ann ná gníomhaíocht nach bhfuil tuarastal ag dul leis, is gnách a fheidhmítear faoi chomhair íocaíochta.

59      Thairis sin, ní thagann na seirbhísí arna soláthar ag na hionadaithe custaim sin go follasach faoi na gníomhaíochtaí a chuirtear ó raon fheidhme Threoir 2006/123 go sainráite, de réir Airteagal 2(2) den Treoir sin.

60      Lena chois sin, ó thaobh Airteagal 2(3) de Threoir 2006/123, lena bhforáiltear nach mbeidh ‘feidhm [aici] maidir le réimse an chánachais’, fágann aithris 29 den Treoir gur cúis le réimse an chánachais a chur óna raon feidhme ná go bhforáiltear le CFAE do shainbhunúis dlí chuige sin.

61      I ndáil leis sin, mar a thug an Coimisiún Eorpach dá aire, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir réimse an chánachais agus an réimse chustaim, toisc gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh an réimse chustaim de réir Airteagal 3(1)(a) CFAE agus go rialaítear í le reachtaíocht chustaim an Aontais, go háirithe an Cód Custaim. Maidir leis na seirbhísí arna soláthar ag ionadaithe custaim, tagraítear in Airteagal 18(3) den chód sin do reachtaíocht náisiúnta, agus ceanglaítear leis go gcomhlíontar leis an reachtaíocht sin dlí an Aontais, agus dá bhrí sin Treoir 2006/123 chomh maith. Dá bhrí sin, níl an Treoir sin dofheidhme sa chás seo de réir Airteagal 2(3) den Treoir sin.

62      Sna himthosca sin, tagann gníomhaíocht ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil arna mbunú san Iodáil, de réir na teorann críochaí dá fhoráiltear le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, faoi raon feidhme Threoir 2006/123.

63      Cuirtear treise lena leithéid de léiriú ar raon feidhme Threoir 2006/123 trí chuspóirí na Treorach sin arb iad atá iontu, mar is léir ó Airteagal 1 di, arna léamh i gcomhair le haithrisí 2 agus 5 di, forálacha ginearálta a leagan amach chun fáil réidh le srianta ar shaoirse bhunaíochta soláthraithe sna Ballstáit agus ar an tsaorghluaiseacht seirbhísí eatarthu, ar mhaithe le cur le margadh inmheánach saor iomaíoch a bhaint amach (breithiúnas an 30 Eanáir 2018, X agus Visser, C‑360/15 agus C‑31/16, EU:C:2018:44, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear).

64      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, tagann reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a rialaítear léi feidhmiú ghníomhaíochtaí ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachtaí caipitil atá bunaithe i gcríoch na hIodáile, faoi raon feidhme Threoir 2006/123.

 Forálacha ábhartha Threoir 2006/123

65      De réir an dara ceist arna tarchur le haghaidh réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais Airteagail 10 agus 15 de Threoir 2006/123 a léiriú.

66      De réir Airteagal 10(1) de Threoir 2006/123, a thagann faoi Roinn 1 de Chaibidil III den Treoir sin maidir le húdaruithe rochtana ar ghníomhaíocht seirbhísí, is iad atá le bheith mar bhun le scéim údarúcháin ná critéir lena leagtar síos an creat rialála le haghaidh fheidhmiú rogha na n‑údarás inniúla ionas nach n‑úsáidfear go treallach é.

67      Sainmhínítear le hAirteagal 4(6) de Threoir 2006/123 an coincheap ‘scéim údarúcháin’, de réir bhrí Airteagal 10(1) den Treoir sin, mar aon nós imeachta faoinarb amhlaidh, go bunúsach, go gceanglaítear ar sholáthraí nó faighteoir bearta a dhéanamh chun cinneadh foirmiúil, nó cinneadh intuigthe, a fháil ó údarás inniúil maidir le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó feidhmiú na gníomhaíochta sin.

68      Sonraítear le hAirteagal 15(1) agus (2) den Treoir sin, a thagann faoi Roinn 2 de Chaibidil III di, maidir leis na ceanglais atá toirmiscthe nó faoi réir measúnaithe, na ceanglais a údaraítear do na Ballstáit rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó a feidhmiú a chur faoina réir, faoi na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 15(3) sin.

69      Sainmhínítear in Airteagal 4(7) den Treoir sin an coincheap ‘ceanglas’, arna lua in Airteagal 15(1) agus (2) de Threoir 2006/123, mar aon oibleagáid, toirmeasc, coinníoll nó teorainn dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát nó de dhroim cásdlí, cleachtas riaracháin, rialacha comhlachtaí gairmiúla, nó rialacha comhchoiteanna de chuid comhlachais ghairmiúla nó eagraíochtaí gairmiúla eile, arna nglacadh i bhfeidhmiú a neamhspleáchais dhlíthiúil.

70      Rialaigh an Chúirt go bhfuil idirdhealú ann idir ‘scéim údarúcháin’, de réir bhrí Airteagal 4(6) de Threoir 2006/123, agus ‘ceanglas’, de réir bhrí Airteagal 4(7) den Treoir sin, a mhéid arb é atá ann ná céim ag an soláthraí seirbhíse agus gníomh nós imeachta ar dá réir a údaraíonn na húdaráis inniúla gníomhaíocht an soláthraithe sin (breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, Cali Apartments, C‑724/18 agus C‑727/18, EU:C:2020:743, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71      Fágann an iarraidh ar réamhrialú, de réir Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, nach bhféadfar CAD a údarú le haghaidh áit lena bhféadfar ceanglais nós imeachta custaim a chur i gcrích gan na hearraí a thíolacadh go fisiciúil in oifig custaim ach amháin i gcás ina bhfuil an áit sin bunaithe sa cheantar chustaim sin.

72      I bhfianaise shaintréithe an teorannaithe críche dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, ní mór a mheas go dtagann a leithéid de choinníoll faoin gcoincheap ‘ceanglas’ de réir bhrí Airteagal 15(1) agus (2) de Threoir 2006/123, mar a shainmhínítear an coincheap sin in Airteagal 4(7) den Treoir sin. Is é éifeacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí teorainn a chur le feidhmiú ghníomhaíochtaí na n‑ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachta caipitil arb é an t‑aon chuspóir atá léi seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar do lucht an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin.

 Léiriú ar Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2006/123

73      De réir Airteagal 15(2) (a) de Threoir 2006/123, scrúdóidh na Ballstáit an gcuirtear lena gcórais dlí rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó feidhmiú gníomhaíochta seirbhíse faoi réir, inter alia, teorainn chríochach a chomhlíonadh.

74      I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin gurb ionann teorannú críochach ar an údarú chun gníomhaíocht seirbhíse a dhéanamh, de réir Airteagal 15 den Treoir sin, agus srian ar shaoirse bunaíochta soláthraithe seirbhíse (breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Hiebler, C‑293/14, EU:C:2015:843, mír 49).

75      Go deimhin, tugtar síos go sainráite do ‘shrianta críochacha’ ar fheidhmiú gníomhaíochta seirbhísí le hAirteagal 15(2)(a) de Threoir 2006/123 mar ‘cheanglais’, de réir bhrí Airteagal 4(7) den Treoir sin, ar coinníollacha iad lena ndéantar difear do shaoirse bunaíochta na soláthraithe seirbhíse (breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Hiebler, C‑293/14, EU:C:2015:843, mír 51).

76      Sa chás seo, cuirtear cosc le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, ar CADanna áit údaraithe a bheith aige i réimse inniúlachta chríochach ceantair custaim seachas an ceantar ina bhfuil a oifig chláraithe dá bhrí go bhforchuirtear teorainn chríochach ar a ngníomhaíocht arb ionann í agus teorannú.

77      I ndáil leis sin, mar a thugann Cad Mellano agus an Coimisiún dá n‑aire, ní bhféadfaí fáil réidh leis an srian de réir na forála sin toisc, de réir Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, go bhféadfadh CADanna, mar ghrúpálacha Eorpacha um leas eacnamaíoch, dul i gcomhpháirtíocht lena leithéidí de chuideachtaí a bhfuil a n‑oifig chláraithe i gceantair custaim chun a seirbhísí a chur ar fáil iontu, ós rud é nach ceadmhach dóibh seirbhísí a sholáthar lasmuigh den cheantar custaim ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu de réir na rialacha mionsonraithe arna roghnú acu.

78      Ar mhaithe lena glacadh, ní mór na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Threoir 2006/123 lena leithéid de srian, eadhon nach mór é a chur i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach de réir náisiúntachta agus gur gá dó a bheith riachtanach agus comhréireach do na cuspóirí a shaothraítear leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Hiebler, C‑293/14, EU:C:2015:843, míreanna 56 go 70).

79      Chuige sin, d’fhéadfaí glacadh leis an srian faoin gceanglas a fhorchuirtear le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, i bhfianaise na gcoinníollacha arna bhforordú le hAirteagal 15(3) de Threoir 2006/123, i gcás nach neamh-idirdhealaitheach go díreach nó go hindíreach an srian sin de réir náisiúntachta nó, ó thaobh cuideachtaí de, de réir shuíomh a n‑oifige cláraithe, i gcás ina bhfuil údar leis ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail, gan dul thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach, nuair nach bhfuil an toradh chéanna le bheith inbhainte amach le bearta eile atá níos lú ceangailtí.

80      Ar an gcéad dul síos, maidir le comhlíonadh choinníoll an neamh-idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(a) de Threoir 2006/123, tá comhthuiscint ann go bhfuil feidhm ag an gceanglas arna leagan síos in Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 gan idirdhealú ar bhonn náisiúntachta nó suíomh na hoifige cláraithe, ós rud é nach mór do gach ionadaí custaim ar mian leis an nós imeachta simplithe ‘áit údaraithe’ a úsáid an ceanglas sin a chomhlíonadh, bíodh sé bunaithe san Iodáil nó i mBallstát eile.

81      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil údar leis an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 15(3)(b) de Threoir 2006/123, tá Rialtas na hIodáile ag brath ar an gcuspóir maidir le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim, d’fhonn calaois chustaim a chosc agus faighteoirí seirbhísí cúnaimh custaim a chosaint.

82      Maidir leis an gcuspóir maidir le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim, chun calaois chustaim a chosc agus chun faighteoirí seirbhísí cúnaimh custaim a chosaint, is fíor, i gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Threoir 2006/123, arna léamh i bhfianaise aithris 40 di, gur cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail iad faighteoirí seirbhísí a chosaint agus an comhrac i gcoinne na calaoise, ar cúiseanna iad trína bhféadfaí údar a thabhairt le srianta ar shaoirse bunaíochta (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CNAE agus páirtithe eile, C‑292/21, EU:C:2023:32, mír 61).

83      Ar an tríú dul síos, maidir leis an gceist an gcomhlíontar leis an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí prionsabal na comhréireachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(3)(c) de Threoir 2006/123, ní mór inbhainteacht amach an chuspóra arna shaothrú a fhíorú, nach dtéann siad thar an rud a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus nach bhfuil aon bhearta ann nach bhfuil chomh dochrach céanna don tsaoirse atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CNAE agus páirtithe eile, C‑292/21, EU:C:2023:32, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

84      I ndáil leis sin, ní mór a shoiléiriú chomh maith, i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach, nach bhfuil an cuspóir arna shaothrú inráthaithe le reachtaíocht náisiúnta ach amháin i gcás ina gcomhlíontar i ndáiríre an riachtanas é a bhaint amach go leanúnach córasach (breithiúnas an 29 Iúil 2019, an Coimisiún v an Ostair (Innealtóirí Sibhialta, Gníomhairí Paitinní agus Tréidlianna), C‑209/18, EU:C:2019:632, mír 94).

85      I ndeireadh na dála, an chúirt náisiúnta amháin atá inniúil ar mheasúnú a dhéanamh ar fhíorais na bpríomhimeachtaí agus ar chinneadh cé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll sin le beart. Ar mhaithe le freagra fónta a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, áfach, d’fhéadfadh an Chúirt faisnéis a thabhairt di ón gcáschomhad sna príomhimeachtaí agus ó na barúlacha i scríbhinn atá aici, ionas gur féidir leis an gcúirt sin rialú a thabhairt (breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CNAE agus páirtithe eile, C‑292/21, EU:C:2023:32 mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

86      Ar an gcéad dul síos, ó thaobh inbhainteacht amach an chuspóra maidir le héifeachtúlacht seiceálacha a áirithiú le beart amhail an beart dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, is léir ón méid arna sholáthar don Chúirt go bhfuil nasc geografach inchaomhnaithe leis an teorainn chríochach ar CADanna idir an áit ina bhfeidhmíonn CADanna a ngníomhaíocht agus an ceantar custaim ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu.

87      I ndáil leis sin, ní mór a mheas go bhféadfadh gaireacht gheografach na hoifige custaim inniúla agus an fhaisnéis atá aici di mar an t‑údarás a d’údaraigh an áit ar mhaithe leis na nósanna imeachta custaim a chur i gcrích, i bprionsabal, éifeachtúlacht na seiceálacha ar an láthair a mhéadú, trí sheiceáil choisctheach leanúnach a chur chun ináiritheachta, mar a thug Rialtas na hIodáile le fios.

88      Dá ainneoin sin, ní cosúil go n‑áirithítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí gurb í an oifig custaim atá inniúil ar sheiceáil a dhéanamh ar CAD ná an oifig is gaire don áit údaraithe ina bhfuil CAD sin údaraithe a ghníomhaíochtaí a dhéanamh.

89      Thairis sin, is léir ón ordú tarchuir, faoi Airteagal 47(3) d’Fhoraithne Uimh. 43/1973, go bhféadfaidh Coimisinéirí Custaim dearbhuithe custaim a thíolacadh ar fud chríoch na hIodáile. I ndáil leis sin, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur, sular leasaíodh í, gur leagadh amach leis an bhforáil sin a chomhionann de theorainn chríochach do na Coimisinéirí Custaim agus a bhfuil infheidhme maidir le CADanna.

90      I bhfianaise na córa neamhionanne sin idir Coimisinéirí Custaim agus CADanna, agus faoi réir fíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní cosúil gurb inbhainte amach na cuspóirí arna saothrú leis an teorainn chríochach a thógtar le hAirteagal 3(3) d’Fhoraithne Uimh. 549/1992, nach infheidhme é maidir le CADanna, ós rud é nach gcomhlíontar i ndáiríre leis an riachtanas iad a bhaint amach go leanúnach córasach.

91      Sa mhéid a thugann Rialtas na hIodáile dá haire, sa chomhthéacs sin, nach bhféadadh Coimisinéirí Custaim nós imeachta simplithe ‘na háite údaraithe’ a úsáid, ós rud é go gceanglaítear orthu na ceanglais nós imeachta custaim a chur i gcrích in áitreabh a gcustaiméirí, an bhuntáiste a bhaineann leis an nós imeachta sin ná nach mór earraí a thíolacadh go fisiciúil in áitreabh na n‑údarás custaim mar sin féin. Is cosúil chomh maith go bhfuil a leithéid de bhuntáiste ag Coimisinéirí Custaim ós féidir earraí ó áitreabh a gcustaiméirí a chur faoi réir ceanglais nós imeachta.

92      Ar an dara dul síos, ó thaobh cibé acu an dtéann nó nach dtéann an beart i gceist thar an rud a bhfuil gá leis chun an cuspóir arna shaothrú a bhaint amach, trí chosc ar CADanna ‘áiteanna údaraithe’ a úsáid a bhfuil i gcríoch ceantair custaim eile seachas an ceantar ina bhfuil a n‑oifig chláraithe acu, ceanglaítear orthu, chun úsáid a bhaint as a leithéid d’áiteanna, a n‑oifig chláraithe a aistriú chuig an gceantar custaim sin nó dul i gcomhpháirtíocht, mar ghrúpálacha Eorpacha um leas eacnamaíoch, lena leithéidí de chuideachtaí a bhfuil a n‑oifig chláraithe sa cheantar sin.

93      Mar is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte, féadfar bearta nach bhfuil chomh sriantach leis an teorannú críochach faoi Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 a bheartú chun a áirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim, chun calaois chustaim a chosc agus chun faighteoirí seirbhísí cúnaimh custaim a chosaint.

94      Mar sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur scrúdú a dhéanamh, go háirithe, an mbeadh nó nach mbeadh an t‑aon toradh amháin inbhainte amach le malartú na faisnéise is gá chun seiceálacha a dhéanamh ar na ceanglais nós imeachta chustaim arna gcur i gcrích ag CADanna, dá bhforáiltear le hAirteagal 8(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992, idir na hoifigí custaim agus leis an mbeart i gceist sna príomhimeachtaí nuair is beart níos lú ceangailtí é ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ná an fhoráil i gceist sna príomhimeachtaí.

95      Fágann na breithnithe roimhe seo nach mór Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2006/123 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear, ar mhaithe le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim, chun calaois chustaim a chosc agus faighteoirí seirbhísí cúnaimh custaim a chosaint, feidhmiú gníomhaíochta ionadaithe custaim arna n‑eagrú mar chuideachta caipitil arb é an t‑aon chuspóir atá léi seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin, a mhéid nach gcuirtear a leithéid de theorannú críochach i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gurb inbhainte amach trí bhearta níos lú ceangailtí an cuspóir maidir le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim.

 Costais

96      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chostais. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (céad dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013, lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear gníomhaíocht na nionadaithe custaim arna neagrú mar chuideachtaí caipitil arb é an taon chuspóir atá aici seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin, a mhéid a chomhlíontar dlí an Aontais lena leithéid de reachtaíocht.

2.      Maidir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006, maidir le seirbhísí sa margadh inmheánach,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear, ar mhaithe le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim, chun calaois chustaim a chosc agus faighteoirí seirbhísí cúnaimh custaim a chosaint, feidhmiú gníomhaíochta ionadaithe custaim arna neagrú mar chuideachta caipitil arb é an taon chuspóir atá léi seirbhísí cúnaimh custaim a sholáthar laistigh de réimse inniúlachta chríochach an cheantair custaim ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta sin, a mhéid nach gcuirtear a leithéid de theorainn chríochach i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gurb inbhainte amach trí bhearta níos lú ceangailtí an cuspóir maidir le háirithiú gurb éifeachtúil seiceálacha custaim.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Iodáilis.