EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0803

Cás T-803/22: Caingean arna tabhairt an 30 Nollaig 2022 – TZ v an Chomhairle

IO C 63, 20.2.2023, p. 64–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/64


Caingean arna tabhairt an 30 Nollaig 2022 – TZ v an Chomhairle

(Cás T-803/22)

(2023/C 63/81)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TZ (ionadaí: J. Janssen, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

admháil agus seasamh leis na saincheisteanna ar neamhniú a ardaíodh san iarratas seo;

Caibidil III de Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna (1) arda fuinnimh (“an Rialachán atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, Airteagal 15 den Rialachán atá faoi chonspóid sa mhéid is go gceadaíonn sé tobhach chúlghabhálach de ranníocaíocht dlúthpháirtíochta thar thréimhse na bliana 2022 a neamhniú; agus

a ordú don Chomhairle costais an nós imeachta seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid go mícheart ar bhonn Airteagal 122(1) CFAE agus gur cheart go nglacfadh an Chomhairle é, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, toisc go bhfuil na bearta fioscacha sa Rialachán atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú é an Rialachán atá faoi chonspóid ar an gceart chun maoine mar a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chéad Phrótacal a ghabhann leis an ECHR agus in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le prionsabail dhlíthiúlachta agus deimhneachta dlíthiúla an Aontais Eorpaigh, sa mhéid is go a gceadaíonn an Rialachán atá faoi chonspóid cur i bhfeidhm cúlghabhálach.


(1)  IO 2022, L 261 I, lch. 1.


Top