Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0646

    Cás T-646/22: Caingean arna tabhairt an 14 Deireadh Fómhair 2022 — Piaggio & C. V EUIPO — e-bility (Scooter)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 58–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/58


    Caingean arna tabhairt an 14 Deireadh Fómhair 2022 — Piaggio & C. V EUIPO — e-bility (Scooter)

    (Cás T-646/22)

    (2022/C 463/86)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Piaggio & C. SpA (Pontedera, an Iodáil) (ionadaithe: F. Jacobacci agus B. La Tella, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh — EUIPO

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc: e-bility GmbH (Remagen, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Scooter) — Dearadh Comhphobail Uimh. 4363588-0001

    Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid Cinneadh ón dtríú Bord Achomhairc EUIPO an 8 Lúnasa 2022 i gCás R 1663/2020-3

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a dhearbhú go bhfuil Dearadh Comhphobail Uimh. 4363588-0001 faoi úinéireacht an dílseánaigh neamhbhailí;

    a ordú gurb é an cosantóir agus an dílseánach a íocfaidh costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc;

    a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile a d’fhéadfadh a bheith sna himeachtaí seo costais iomlána na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

    Measúnú mícheart agus eisiamh gan bhunús ar fhianaise chinntitheach arna soláthar ag an iarratasóir;

    Sárú ar Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 25(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.


    Top