This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0645
Case T-645/22: Action brought on 15 October 2022 — C. & S. v EUIPO — Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)
Cás T-645/22: Caingean arna tabhairt an 15 Deireadh Fómhair 2022 – C. & S. v EUIPO – Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)
Cás T-645/22: Caingean arna tabhairt an 15 Deireadh Fómhair 2022 – C. & S. v EUIPO – Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)
IO C 463, 5.12.2022, p. 58–58
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/58 |
Caingean arna tabhairt an 15 Deireadh Fómhair 2022 – C. & S. v EUIPO – Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)
(Cás T-645/22)
(2022/C 463/85)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: C. & S. Srl (Umbertide, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Scuderia AlphaTauri SpA (Faenza, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CS jeans your best fashion partner – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 387 986
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2022 i gCás R 182/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |