Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0134

    Cás T-134/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Meán Fómhair 2022 – OO v BEI (Státseirbhís – Foireann BEI – Luach saothair – Liúntas cónaithe eachtraigh laghdaithe faoina leath – Ráiteas tuarastail – An tráth chun imeachtaí a bhunú – Neamh-inghlachtacht)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 52–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/52


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Meán Fómhair 2022 – OO v BEI

    (Cás T-134/22) (1)

    (Státseirbhís - Foireann BEI - Luach saothair - Liúntas cónaithe eachtraigh laghdaithe faoina leath - Ráiteas tuarastail - An tráth chun imeachtaí a bhunú - Neamh-inghlachtacht)

    (2022/C 463/76)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: OO (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

    Cosantóirí: an Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus J. Pawlowicz, Gníomhairí, agus B. Wägenbaur, Dlíodóir)

    Ábhar:

    Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE agus faoi Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar fógra ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 27 Feabhra 2012, a mhéid a dhámhann an fógra sin liúntas cónaithe eachtraigh arna laghdú faoina leath, a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don iarratas mar neamh-inghlactha.

    2.

    Ordaítear do OO na costais a íoc.


    (1)  IO C 191, 10.5.2022.


    Top