This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0624
Case T-624/21: Order of the General Court of 22 September 2022 — Primagran v EUIPO — Primagaz (prımagran) (EU trade mark — Opposition proceedings — Application for the EU figurative mark prımagran — Earlier EU figurative mark PRIMA — Relative ground for refusal — Likelihood of confusion — Article 8(1)(b) of Regulation (EU) 2017/1001 — Article 27(2) of Delegated Regulation (EU) 2018/625 — Article 95(1) of Regulation 2017/1001 — Prohibition of reformatio in pejus — Action manifestly lacking any foundation in law)
Cás T-624/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Meán Fómhair 2022 – Primagran v EUIPO – Primagaz (prımagran) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “prımagran” – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PRIMA” roimhe seo – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 95(1) de Rialachán 2017/1001 – Toirmeasc ar reformatio in pejus – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

IO C 463, 5.12.2022, p. 46–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/46 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Meán Fómhair 2022 – Primagran v EUIPO – Primagaz (prımagran)
(Cás T-624/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “prımagran” - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PRIMA” roimhe seo - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mhearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 95(1) de Rialachán 2017/1001 - Toirmeasc ar reformatio in pejus - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
(2022/C 463/66)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Primagran sp. z o.o. (Stegna, an Pholainn) (ionadaí: E. Jaroszyńska-Kozłowska, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas, J. Crespo Carrillo agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Compagnie des gaz de pétrole Primagaz (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: S. Herrburger, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh an Cheathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Iúil 2021 (Cás R 2486/2020-4).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Primagran sp. z o.o. a chostais féin a íoc, chomh maith le costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Compagnie des gaz de pétrole Primagaz |