This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0522
Case T-522/21: Order of the General Court of 19 December 2022 — XH v Commission (Staff case — Officials — Promotion — 2020 promotion exercise — Decision refusing to amend the applicant’s Sysper 2 file — Decision not to promote the applicant — Time limits for lodging an appeal — Public policy nature — Starting point — Application for legal aid — Suspension of time limits — Computation of time limits — Lateness — Unforeseeable circumstances or force majeure — Excusable error — Inadmissibility)
Cás T-522/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Nollaig 2022 – XH v an Coimisiún (Seirbhís Shibhialta – Oifigigh – Ardú céime – Cleachtadh um ardú céime 2020 – Cinneadh lena ndiúltaítear comhad Sysper an iarratasóra a leasú – Cinneadh gan ardú céime a bhronnadh ar an iarratasóir – Teorainneacha ama le haghaidh achomhairc – Ceist leasa poiblí – Pointe tosaigh – Iarratas ar chúnamh dlí – Teorainneacha ama a chur ar fionraí – Ríomh na dteorainneacha ama – Moille – Foiche Dé nó force majeure – Earráid inmhaite – Do-ghlacacht)

IO C 63, 20.2.2023, p. 47–48
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/47 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Nollaig 2022 – XH v an Coimisiún
(Cás T-522/21) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Ardú céime - Cleachtadh um ardú céime 2020 - Cinneadh lena ndiúltaítear comhad Sysper an iarratasóra a leasú - Cinneadh gan ardú céime a bhronnadh ar an iarratasóir - Teorainneacha ama le haghaidh achomhairc - Ceist leasa poiblí - Pointe tosaigh - Iarratas ar chúnamh dlí - Teorainneacha ama a chur ar fionraí - Ríomh na dteorainneacha ama - Moille - Foiche Dé nó force majeure - Earráid inmhaite - Do-ghlacacht)
(2023/C 63/61)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: XH (ionadaí: K. Górny-Salwarowska, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff, L. Hohenecker agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar gcéad dul síos, go gcuirfí Cinneadh an Choimisiúin an 24 Samhain 2020 lena ndiúltaítear a comhad Sysper a leasú, arna dheimhniú le Cinneadh an 16 Meitheamh 2021 lena ndiúltaítear dá héileamh ar neamhní, agus ar an dara dul síos, go gcuirfí Cinneadh an Choimisiúin an 12 Samhain 2020 gan a hainm a chur leis an liosta d’oifigigh a bhain ardú céime amach in 2020, arna dheimhniú an 8 Meitheamh 2021 lena ndiúltaítear dá héileamh, ar neamhní, agus ar an tríú dul síos, cúiteamh as an damáiste a bhain di.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean mar gheall ar a bheith do-ghlactha. |
2. |
Ordaítear do XH na costais a íoc. |