Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0752

    Cás T-752/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Associação do Socorro e Amparo v EUIPO – De Bragança (quis ut Deus) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh quis ut Deus – Easpa fíorusáid a bhaint as an trádmharc – Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 40–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/40


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Associação do Socorro e Amparo v EUIPO – De Bragança (quis ut Deus)

    (Cás T-752/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh quis ut Deus - Easpa fíorusáid a bhaint as an trádmharc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2022/C 463/57)

    Teanga an cháis: an Phortaingéilis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Associação do Socorro e Amparo (Liospóin, an Phortaingéil) (ionadaí: J. Motta Veiga, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: I. Ribeiro da Cunha agus D. Gája, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Duarte Pio De Bragança (Sintra, an Phortaingéil)

    Ábhar

    Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 581/2021-4).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 581/2021-4) ar neamhní a mhéid ar cuireadh cinneadh ón Rannán Cúlghairme an 29 Eanáir 2021 ar neamhní go páirteach leis.

    2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

    3)

    Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc chomh maith le costais Associação do Socorro e Amparo.


    (1)  IO C 37, 24.1.2022.


    Top