Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0530

    Cás T-530/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Pierre Lannier v EUIPO – Pierre Lang Trading (PL) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear na ceannlitreacha “P” agus “L” forshuite – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear teaglaim scáthánaithe de cheannlitreacha “P” agus “L” forshuite – Inghlacthacht an achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc – Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

    IO C 63, 20.2.2023, p. 42–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 63/42


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Pierre Lannier v EUIPO – Pierre Lang Trading (PL)

    (Cás T-530/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear na ceannlitreacha “P” agus “L” forshuite - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear teaglaim scáthánaithe de cheannlitreacha “P” agus “L” forshuite - Inghlacthacht an achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

    (2023/C 63/52)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Pierre Lannier (Ernolsheim-lès-Saverne, an Fhrainc) (ionadaí: N. Boespflug, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Pierre Lang Trading GmbH (Vín, an Ostair) (ionadaí: A. Ginzburg, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Meitheamh 2021 (Cás R 1915/2020-5) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Pierre Lannier na costais a íoc.


    (1)  IO C 422, 18.10.2021.


    Top