EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0397

Cás C-397/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – HUMDA Magyar Autó-Motorsport Fejlesztési Ügynökség Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága (Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú dlí cánach – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Díolacháin nach bhfuil faoi réir CBL – CBL a sonrascadh go míchuí agus a íocadh go míchuí – Leachtú an tsoláthraí – Diúltú an údaráis chánach CBL a íocadh go míchuí a aisíoc leis an gcustaiméir – Prionsabail na héifeachtachta, na neodrachta cánach agus an neamh-idirdhealaithe)

IO C 463, 5.12.2022, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/10


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – HUMDA Magyar Autó-Motorsport Fejlesztési Ügynökség Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-397/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchuibhiú dlí cánach - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Díolacháin nach bhfuil faoi réir CBL - CBL a sonrascadh go míchuí agus a íocadh go míchuí - Leachtú an tsoláthraí - Diúltú an údaráis chánach CBL a íocadh go míchuí a aisíoc leis an gcustaiméir - Prionsabail na héifeachtachta, na neodrachta cánach agus an neamh-idirdhealaithe)

(2022/C 463/12)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HUMDA Magyar Autó-Motorsport Fejlesztési Ügynökség Zrt.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na héifeachtachta agus neodracht na cánach breisluacha (CBL),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc léi ar reachtaíocht Ballstáit ar dá réir nach féidir le duine inchánach ar sholáthair duine inchánach eile seirbhís dó aisíocaíocht a éileamh, go díreach ón údarás cánach, ar an méid a chomhfhreagraíonn don CBL ar ina leith a rinne an soláthraí seirbhíse sin sonrascadh míchuí ar an duine inchánach sin agus a d’íoc an soláthraí seirbhíse sin leis an Státchiste, i gcás ina bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair an méid sin a éileamh ón soláthraí seirbhíse sin mar gheall ar an soláthraí seirbhíse sin dul faoi leachtú agus cé nach féidir calaois ná mí-úsáid a chur i leith an dá dhuine inchánach sin, agus mar thoradh air sin nach bhfuil aon bhaol ann go gcaillfear ioncam cánach don Bhallstát sin.

2)

Maidir le hAirteagal 183 de Threoir 2006/112, arna léamh i bhfianaise phrionsabal neodrachta CBL,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás inar féidir le duine inchánach ar sholáthair duine inchánach eile seirbhís dó aisíocaíocht a éileamh go díreach ón údarás cánach i leith an mhéid a chomhfhreagraíonn don CBL ar ina leith a rinne an soláthraí seirbhíse sin sonrascadh míchuí ar an duine inchánach sin agus a d’íoc an soláthraí seirbhíse sin leis an Státchiste, tá d’oibleagáid ar an údarás sin ús a íoc ar an méid sin i gcás nach ndearna sé an aisíocaíocht sin laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis gur iarradh air déanamh amhlaidh. Tagann na rialacha maidir le hús a chur i bhfeidhm ar an méid sin faoi neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, faoi réir phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, agus tuigtear nár cheart go bhfágfadh na rialacha náisiúnta a bhaineann go háirithe le ríomh aon úis atá dlite nach mbeidh cúiteamh leordhóthanach ag an duine inchánach i ndáil leis an gcaillteanas a tharla mar thoradh ar aisíocaíocht dhéanach an mhéid sin. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé gach rud atá laistigh dá dlínse a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt don Airteagal 183 sin tríd an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO C 357, 06.09.2021


Top