Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0627

    Cás T-627/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – LAICO v an Comhairle (Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Earráid mheasúnaithe)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/24


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – LAICO v an Comhairle

    (Cás T-627/20) (1)

    (Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Earráid mheasúnaithe)

    (2022/C 463/32)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Libyan African Investment Company (LAICO) (Tripilí, an Libia) (ionadaithe: A. Bahrami agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus V. Piessevaux, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, sa chéad áit, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1137 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 247, lch. 40) agus Cinneadh (CBES) 2021/1251 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2021 L 272, lch. 71), a mhéid a gcoinnítear ainm an iarratasóra leo ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO 2015 L 206, lch. 34), agus, sa dara áit, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1130 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 247, lch. 14) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO 2021 L 272, lch. 1), a mhéid a gcoinnítear ainm an iarratasóra leo ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO 2016 L 12, lch. 1).

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1137 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus Cinneadh (CBES) 2021/1251 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia ar neamhní a mhéid a gcoinnítear ainm Libyan African Investment Company (LAICO) leo ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES;

    2.

    Cuirtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1130 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 ar neamhní a mhéid a gcoinnítear ainm LAICO leo ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011;

    3.

    Ordaítear go seasfaidh éifeachtaí Airteagal 1 de Chinneadh 2021/1251 i leith LAICO go dtí go dtéann an tréimhse chun achomharc a thionscnamh in éag, dá bhforáiltear in Airteagal 56(1) de Reacht Chúirt Bhreitiúnais an Aontais Eorpaigh, nó, má dhéantar achomharc a thionscnamh laistigh den tréimhse sin, go dtí dáta aon diúltaithe don achomharc sin;;

    4.

    Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.


    (1)  IO C 443, 21.12.2020.


    Top