Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0035

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí Beart nua le haghaidh pailneoirí

COM/2023/35 final

An Bhruiséil,24.1.2023

COM(2023) 35 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí



Beart nua le haghaidh pailneoirí

{SWD(2023) 18 final}


1.Réamhrá

Is cúis mhór imní ar fud na sochaí é an meath atá tagtha ar phailneoirí fiáine agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin le haghaidh na slándála bia, shláinte an duine, cháilíocht an tsaoil agus feidhmiúlacht éiceachóras. Is cúis é le glaonna, go háirithe ó eolaithe agus ón tsochaí shibhialta, ar ghníomhaíocht chinntitheach chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna leis an meath sin. Sampla amháin a tháinig chun cinn le déanaí is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh darb ainm ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! 1 , lena niarrtar go ndéanfaí aistriú i dtreo na talmhaíochta a thacaíonn le beacha, agus cuireadh i láthair an Choimisiúin go rathúil é i mí Dheireadh Fómhair 2022 tar éis níos mó ná 1 mhilliún ráiteas tacaíochta a bhailiú ó shaoránaigh an Aontais.

Braitheann thart ar ceithre as cúig bharr agus speiceas fhiáinbhláthacha san Eoraip, méid áirithe ar a laghad, ar phailniú ainmhithe a dhéanann na mílte speiceas feithidí. Baineann tairbhí follasacha le haghaidh an gheilleagair leis an tseirbhís sin: meastar go bhfuil EUR 5 bhilliún ar a laghad in aghaidh na bliana i gceist leis an rannchuidiú a dhéanann sé le haschur talmhaíochta an Aontais 2 . Tá an chuid is mó de na tairbhí bunriachtanacha a sholáthraíonn pailneoirí fós gan chainníochtú, amhail a rannchuidiú leis an tslándáil cothúcháin agus leis an tsláinte, nó le sláinte agus athléimneacht éiceachóras a chothabháil trí phlandaí fiáine a phailniú.

Mar sin féin, tá caillteanas ollmhór pailneoirí fiáine roimh an Eoraip agus an domhan 3 . De réir liosta dearg na hEorpa 4 , tá meath ag teacht ar an bpobal i gcás ceann as gach trí speiceas beach, féileacán agus beach gabhair. Thairis sin, tá ceann as gach deich speiceas beach agus féileacán agus ceann as gach trí speiceas beach gabhair speiceas faoi bhagairt díothaithe. Cé gur ábhar imní iad na figiúirí sin cheana, níl forléargas ann go fóill. D’fhéadfadh sé go nochtfaí cás níos measa fós dá mbeadh tuiscint níos fearr againn ar staid na bpailneoirí 5 .

An meath atá ag teacht ar an líon pailneoirí, is bagairt é ar fholláine an duine agus ar an dúlra araon. Déanann an chailliúint pailneoirí dochar don táirgiúlacht fhadtéarmach talmhaíochta, treocht a dhéantar níos measa fós le cúinsí eile, go háirithe an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar siúl.

Rinneadh iarrachtaí domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhithéagsúlachta ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe (COP15) i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht i mí na Nollag 2022. Ní mór bearta uaillmhianacha a bheith ag gabháil leis na hiarrachtaí domhanda sin chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú ar leibhéal an Aontais, agus is dlúthchuid den obair sin iad pailneoirí.

In 2018 ghlac an Coimisiún an chéad chreat ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an meath ar an líon pailneoirí fiáine – Tionscnamh an Aontais Eorpaigh um Pailneoirí 6 . Leis an tionscnamh sin, leagtar síos cuspóirí fadtéarmacha do 2030 agus tacar cuimsitheach beart atá le cur chun feidhme sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tacaíonn grúpaí páirtithe leasmhara leis agus chuir an pobal an-spéis ann. Neartaigh an Comhaontú Glas don Eoraip cuspóirí an tionscnaimh go mór.

Le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 7 leagtar síos an uaillmhian fhoriomlán go naisiompófaí an meath atá ar an líon pailneoirí agus ar an éagsúlacht pailneoirí faoi 2030 mar chuid de shraith gealltanas agus spriocanna chun an dúlra a athchóiriú san Aontas. Leis an straitéis, bunaíodh Ardán Bithéagsúlachta an Aontais freisin faoinar bunaíodh meitheal um pailneoirí chun a bheith ina príomhardán rialaithe le haghaidh an Tionscnaimh um Pailneoirí. Cuidítear le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar phailneoirí le tionscnaimh eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip, amhail an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, an Plean Gníomhaíochta um Thruailliú Nialasach, an Straitéis Foraoiseachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 8 .

Is éard atá sa Teachtaireacht seo, creat gníomhaíochta athbhreithnithe le haghaidh Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí, agus cuirtear le comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara agus le haiseolas institiúideach 9 ó Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste na Réigiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Leagtar amach ann na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas gona Bhallstáit chun an meath atá tagtha ar an líon pailneoirí a aisiompú faoi 2030.

Obair leantach atá san athbhreithniú tar éis an athbhreithnithe a rinne an Coimisiún in 2021 ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an Tionscnamh um Pailneoirí a chur chun feidhme 10 . Léirigh an tathbhreithniú gur uirlis beartais bhailí fós é ach gur gá dúshláin mhóra a shárú fós chun stop a chur leis an meath ar an líon pailneoirí agus chun an meath sin a aisiompú. Ní mór tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh go háirithe chun dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath, agus ní mór sásraí láidre faireacháin agus rialála a bheith ina mbonn leis an ngníomhaíocht sin. Iarradh san athbhreithniú go ndéanfaí athbhreithniú ar an Tionscnamh chun go gcomhlíonfar na cuspóirí fadtéarmacha atá leis.

Leis an athbhreithniú, déantar obair leantach i bhfianaise na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 11 ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun pailneoirí fiáine a chosaint. Leis an tuarascáil sin, aithníodh bearnaí i bpríomhbheartais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar na príomhbhagairtí ar phailneoirí fiáine agus moltar sa tuarascáil go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le bearta sonracha a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nach gcuirtear san áireamh i láthair na huaire sa Tionscnamh um Pailneoirí. Cuireadh in iúl sa tuarascáil freisin gur gá na gníomhaíochtaí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr chun pailneoirí fiáine a chosaint faoi bheartais caomhnaithe bithéagsúlachta agus talmhaíochta an Aontais agus feabhas a chur ar an gcosaint atá ag pailneoirí fiáine ar lotnaidicídí.

I mí an Mheithimh 2022, chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh Dlí um Athchóiriú Dúlra 12 , arb é is aidhm dó uaillmhian na Straitéise Bithéagsúlachta a chumhdach sa dlí: áirítear ann sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí de le haghaidh na mBallstát chun an meath ar phobail pailneoirí a aisiompú faoi 2030, agus treochtaí méadaitheacha a choinneáil ar bun ina dhiaidh sin. Tá an Dlí um Athchóiriú Dúlra agus an Tionscnamh athbhreithnithe seo um Pailneoirí fite fuaite le chéile: leis an togra reachtach, tugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, sna Pleananna Náisiúnta Athchóirithe, faoi na bearta is éifeachtaí chun an sprioc a bhaint amach. Is é is aidhm do na bearta sa Tionscnamh athbhreithnithe seo, lena gcuimsítear réimse leathan beartas ón Aontas, tacú leis na bearta náisiúnta athchóirithe a éilítear faoin Dlí um Athchóiriú Dúlra atá beartaithe agus na bearta sin a chomhlánú freisin.

2.Gníomhaíocht an Aontais chun an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú

Leis an Tionscnamh Athbhreithnithe um Pailneoirí, leagtar síos cuspóirí le haghaidh 2030 agus bearta gaolmhara faoi na trí thosaíocht seo a leanas:

I: Feabhas a chur ar an eolas atá ann ar an meath atá tagtha ar an líon pailneoirí, ar na cúiseanna leis agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis

II: Feabhas a chur ar chaomhnú pailneoirí agus dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath

III: An tsochaí a ghríosú agus an phleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn ar gach leibhéal

Sna caibidlí ina dhiaidh seo, forbraítear na tosaíochtaí sin agus na gníomhaíochtaí lena mbaineann. Liostaítear na gníomhaíochtaí uile sa tábla san iarscríbhinn.

2.1.TOSAÍOCHT I: Feabhas a chur ar an eolas atá ann ar an meath atá tagtha ar an líon pailneoirí, ar na cúiseanna leis agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis

Ní mór eolaíocht láidir a bheith mar bhonn taca leis an ngníomhaíocht chun cuidiú le pailneoirí. Ó bhí 2018 ann, rinneadh dul chun cinn mór maidir le heolas a bhailiú ar chaomhnú pailneoirí, ar eolas é is féidir gníomhú i bhfianaise air, ach tá bearnaí móra eolais fós ann. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun córas láidir faireacháin uile-Aontais a chur i bhfeidhm le haghaidh pailneoirí, measúnuithe criticiúla agus anailís spásúil a dhéanamh agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn.

Córas cuimsitheach faireacháin a bhunú

Chun bearta éifeachtacha caomhnaithe agus athchóirithe a chur chun feidhme le haghaidh pobail pailneoirí, is gá an dáileadh, an staid ina bhfuil siad agus na treochtaí atá ann a mhapáil ar bhealach atá cruinn go leor ó thaobh spáis agus ama de. Mar gheall air sin, tá gá le scéim láidir faireacháin uile-Aontais lena soláthraítear faisnéis go tráthrialta agus go minic thar thréimhse fhada. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i gcomhar ar mhodheolaíocht faireacháin agus táthar ag cur leis na roghanna teicniúla le haghaidh Scéim ón Aontas um Fhaireachán ar Phailneoirí (EU-PoMS) 13 . Chun treochtaí i bhflúirse agus éagsúlacht pailneoirí a thomhas go mion agus chun measúnú iontaofa a dhéanamh ar an dul chun a dhéantar chun an meath atá tagtha ar phailneoirí a aisiompú, ní mór an faireachán a dhéanamh ag líon leordhóthanach láithreán. Faoin Dlí um Athchóiriú Dúlra atá beartaithe, chuirfí oibleagáid ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar speicis pailneoirí gach bliain, de réir modheolaíocht chaighdeánaithe. 

Thairis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh freisin ar na príomhbhagairtí i dtaobh an mheatha ar an líon pailneoirí. An Tionscnamh Eorpach um Fhaireachán ar an mBithéagsúlacht i dTírdhreacha Talmhaíochta (EMBAL) 14 , lena mbailítear faisnéis faoi ghnáthóga pailneoirí i dtírdhreacha talmhaíochta agus tionscadal Insignia 15 , arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar lotnaidicídí agus ar thruailleáin eile trí úsáid a bhaint as an mbeach mheala mar bhiththáscaire, is bealaí éifeachtúla iad chun na bearnaí faisnéise a líonadh maidir le staid gnáthóg pailneoirí agus an truailliú comhshaoil. Tá gá le cur chun feidhme córasach san fhadtéarma maidir leis na próisis sin. Dá mbunófaí creat comhtháite chun faireachán a dhéanamh ar an meath ar an líon pailneoirí, na cúiseanna leis sin agus na hiarmhairtí a bhaineann leis, de réir samhail idirghabhála DPSIR (cúiseanna, brúnna, staid, tionchar agus freagairt), bheifí in ann aschuir agus torthaí na gníomhaíochtaí ábhartha beartais a rianú.

Tacú leis an taighde agus leis an measúnú

Beidh gá fós le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun eolas ar féidir gníomhú i bhfianaise air a ghiniúint, eolas a bhunófar ar shonraí agus ar fhaisnéis a bhailítear go córasach, gníomhaíochtaí a dtacóidh creat réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht – Fís Eorpach – leo mar aon le hiarrachtaí náisiúnta taighde. Ní mór dúinn tuiscint níos fearr a fháil ar éagsúlacht thacsanomaíoch agus fheidhmiúil na bpobal pailneoirí agus ar dháileadh na bpobal sin, agus ar na bagairtí ar phailneoirí agus a n‑idirghníomhaíochtaí. Ní mór dúinn tuiscint a fháil go háirithe ar na bagairtí ar phailneoirí nach bhfuil tuiscint mhaith againn orthu (féach Tosaíocht II).

Is gá freisin uirlisí measúnaithe a fhorbairt a thuilleadh, amhail an measúnú ar an Liosta Dearg agus mapáil uile-Aontais ar phríomhlimistéir pailneoirí, chun go mbeifear in ann bearta spriocdhírithe caomhnaithe agus athchóirithe a dhéanamh.

An fothú acmhainneachta agus an chomhroinnt eolais a chur chun cinn

Tá an faireachán agus an taighde dian ar acmhainní agus ní mór acmhainní airgeadais agus daonna a úsáid ar bhealach costéifeachtach. Is féidir leis an bhforbairt straitéiseach ar bhonneagar taighde, ar uirlisí faireacháin agus ar shaineolas cuidiú ina leith sin. Beidh sé sin tábhachtach go háirithe chun acmhainneacht na heolaíochta gairmiúla agus saoránach araon a mhéadú chun tabhairt faoi obair thacsanomaíoch, trí dheiseanna oibre, oideachais agus oiliúna a sholáthar.

Uirlisí ar líne atá ann cheana, amhail Mol Eolais an Aontais maidir le Pailneoirí agus Córas Faisnéise Bithéagsúlachta don Eoraip (BISE), ba cheart úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí sin chun torthaí faireacháin agus an t‑eolas a ghintear tríd an taighde agus tríd an nuálaíocht a chomhroinnt. Chuige sin, tá gá le rannpháirtíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Leis an gcomhroinnt eolais, mar aon leis an rochtain oscailte ar shonraí, méadófar éifeachtúlacht infheistíochtaí poiblí agus cinnteofar trédhearcacht próiseas eolaíochta-beartais agus na cinnteoireachta.

2.2.TOSAÍOCHT II: Feabhas a chur ar chaomhnú pailneoirí agus dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath

Áirítear leis na mórbhagairtí ar phailneoirí fiáine athrú ar thalamhúsáid (lena n‑áirítear an t‑uirbiú), dianchleachtais bainistíochta talmhaíochta (lena n‑áirítear úsáid lotnaidicídí), an truailliú comhshaoil (lena n‑áirítear truailliú solais), speicis choimhthíocha ionracha agus an t‑athrú aeráide. D’fhéadfadh bagairtí eile a bheith ag teacht chun cinn, agus brú a chur ar phailneoirí. Tá tuiscint níos fearr ar bhagairtí áirithe, amhail an diantalmhaíocht agus úsáid lotnaidicídí ná a chéile. Tuigtear go maith na bearta iomchuí chun an tionchar atá acu a mhaolú. Tá gá le méadú mear ar an nglacadh leis na bearta sin.

I gcás bagairtí eile, amhail truailliú ó cheimiceáin, truailleáin aeir agus miotail throma, níl eolas leordhóthanach ann chun méid agus dáileadh na dtionchar ar phailneoirí a mheas, nó chun straitéis idirghabhála iomchuí a cheapadh. Sa chás sin, tá gá le tuilleadh faireacháin agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun go mbeifear in ann freagairt bunaithe ar an eolaíocht a thabhairt ar an meath ar an líon pailneoirí.

Feabhas a chur ar chaomhnú speiceas agus gnáthóg pailneoirí

Tá pobail pailneoirí faoi bhrú ar fud tírdhreacha éagsúla agus úsáidí éagsúla talún, brúnna a idirghníomhaíonn le chéile, rud a chuireann a thuilleadh leis an tionchar díobhálach a bhíonn acu. Dá bhrí sin, níor cheart gníomhaíochtaí chun na tionchair sin a mhaolú a dhéanamh astu féin ach is gá iad a chomhordú ó earnáil go cheile agus iad a phleanáil go maith chun comhsheasmhacht, sineirgí agus an chost-éifeachtúlacht a áirithiú.

Is bunchlocha iad na limistéir faoi chosaint agus bainistíocht iomchuí talún chun éagsúlacht shaibhir speiceas pailneoirí a chaomhnú. Ina theannta sin, ba cheart gníomhaíochtaí athchóirithe atá beartaithe go straitéiseach a chur chun feidhme chun limistéir leormhaithe gnáthóg pailneoirí atá dea-nasctha agus ar ardchaighdeán a áirithiú. Is príomh-uirlis iad na pleananna caomhnaithe speiceas 16 chun cur chuige straitéiseach den sórt sin a chomhordú, go háirithe le haghaidh na speiceas is mó faoi bhagairt. Leis na pleananna sin, soláthraítear faisnéis faoi stádas, éiceolaíocht, bagairtí agus bearta caomhnaithe atá i bhfeidhm faoi láthair i gcás gach speicis agus liostaítear na príomhghníomhaíochtaí is gá chun feabhas a chur ar an stádas caomhnaithe ar fud an Aontais. Tá trí phlean caomhnaithe á bhforbairt ag an gCoimisiún faoi láthair le haghaidh grúpaí áirithe speiceas pailneoirí atá faoi bhagairt. Cumhdófar tírdhreacha talmhaíochta agus foraoise ar fud an Aontais le dhá phlean agus leis an tríú plean cumhdófar limistéar geografach ar leith, is é sin na hOileáin Chanáracha. Tar éis na pleananna a thabhairt chun críche, ba cheart glacadh agus cur chun feidhme leathan na bpleananna a áirithiú trí bhíthin tacaíocht ó fhoinsí éagsúla cistiúcháin, lena náirítear an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (Clár LIFE).

Ba cheart an caomhnú pailneoirí a chomhtháthú go maith sa bhainistíocht ar limistéir faoi chosaint, go háirithe líonra Natura 2000. Tá roinnt cineálacha gnáthóg a chosnaítear leis an Treoir maidir le Gnáthóga fíor-riachtanach le haghaidh pailneoirí. Dá n‑áireofaí pailneoirí mar ghnáthspeicis san fhaireachán agus sa mheasúnú a dhéantar ar stádas caomhantais na ngnáthóg sin, chuideofaí le caomhnú pailneoirí a chuíchóiriú i bpleananna bainistíochta Natura 2000.

Le cur i bhfeidhm an fhaireacháin ar phailneoirí, cuideofar le mapáil níos fearr a dhéanamh ar speicis neamhchoitianta pailneoirí agus speicis pailneoirí faoi bhagairt. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun iarrachtaí caomhnaithe agus athchóirithe a mhionchoigeartú, agus chun limistéir chosanta nua a cheapadh, i gcomhthéacs sprioc an Aontais 30 % dá limistéir a bheith faoi chosaint faoi 2030 faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030.

Talamhúsáid agus athrú ar thalamhúsáid, amhail diansaothrú sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, an t‑uirbiú agus an fhorbairt bonneagair, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar phailneoirí trí infhaighteacht gnáthóg pailneoirí a laghdú agus an ilroinnt gnáthóg a mhéadú. Tá gá le cur chuige comhtháite ar fud tírdhreacha nádúrtha agus cultúrtha chun gníomhú in aghaidh na hilroinnte gnáthóg. Is féidir é sin a bhaint amach trí bhíthin líonra stráicí gnáthóg atá pleanáilte go straitéiseach arb éard atá iontu bonneagar nasctha ar fud an tírdhreacha a thrasnaíonn réigiúin bhithgheografacha agus riaracháin. Leis na conairí éiceolaíocha sin le haghaidh pailneoirí – a mholaimid ‘Conairí Crónáin’ a thabhairt orthu – chuirfí ar a gcumas do speicis bogadh ar lorg bia, fothana nó láithreáin neadaithe agus phórúcháin. Thairis sin, bheadh na conairí sin ina mbealaí imirce le haghaidh speicis a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu agus dá bhrí sin, thacófaí le hiarrachtaí oiriúnaithe. Tá próisis pleanála spásúlachta ar gach leibhéal rialála ríthábhachtach le haghaidh chur chun feidhme rathúil an líonra Conairí Crónáin.

Ba cheart tacú a thuilleadh le gníomhaíochtaí le haghaidh pailneoirí ar fud tírdhreach trí chistí an Aontais, go háirithe comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais, cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide. Ba cheart do na Ballstáit an comhar trasteorann i ndáil leis sin a spreagadh go mór agus a éascú freisin.

Gnáthóga pailneoirí a athchóiriú i dtírdhreacha talmhaíochta

Ar na brúnna atá ar eolas, tá cleachtais áirithe bainistíochta talmhaíochta amhail an monashaothrú, úsáid mhór a bhaint as lotnaidicídí agus an dianchuraíocht, dianinnilt nó dianbhaint agus i gcás ina dtarlaíonn sé, ró-leasú féarthalaimh 17 , arb é is toradh orthu meath ar an líon pailneoirí i dtírdhreacha talmhaíochta. Gné ríthábhachtach den treocht sin a aisiompú is ea glacadh níos mó teicnící agranamaíocha a thacaíonn le pailneoirí.

Ceann de na príomhionstraimí chun tacú leis an aistriú sin is ea CBT, trí bhíthin beart amhail an fheirmeoireacht orgánach, gnéithe tírdhreacha a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, an agrafhoraoiseacht, úsáid laghdaithe ceimiceán agus cosaint plandaí a thacaíonn le pailneoirí ar fhéarach agus ar stráicí maolánacha. In 2023-27, beidh CBT faoi rialú ailtireacht nua ghlas lena ngabhann ceanglais bunlíne níos láidre agus éiciscéimeanna nua faoi Cholún I, in éineacht le bearta faoi Cholún II, amhail gealltanais maidir le bainistíocht agra-chomhshaoil-aeráide. Ba cheart idirghabhálacha a théann chun tairbhe do phailneoirí i dtírdhreacha talmhaíochta a phleanáil ar bhealach straitéiseach comhordaithe, ar bhonn na riachtanas a shainaithnítear ar an leibhéal áitiúil. Is éard atá i dtírdhreacha a thacaíonn le pailneoirí na tírdhreacha bithéagsúla ina bhfuil go leor gnéithe tírdhreacha agus ina soláthraítear líon leordhóthanach gnáthóg dea-nasctha ar ardchaighdeán 18 .

Laistigh de CBT, is féidir leis na Ballstáit idirghabhálacha straitéiseacha a cheapadh lena rannchuidítear leis na cuspóirí sonracha eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Mar shampla, leis na scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí, is féidir an cur chuige a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos mó solúbthachta agus dreasachtaí a thabhairt d’fheirmeoirí chun cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun feidhme. Thairis sin, spreagtar na Ballstáit chun brúnna ar leibhéal an tírdhreacha a mhaolú trí scéimeanna tiomsaitheacha, lena ndreasaítear an comhar idir feirmeoirí i gcur chun feidhme tiomsaitheach na ngealltanas agra-comhshaoil-aeráide.

Áirítear sna Pleananna Straitéiseacha CBT a d’fhorbair na Ballstáit 19 roinnt gníomhaíochtaí éagsúla lena bhféadfaí pailneoirí a chosaint. Mar shampla, tá sé d’aidhm ag roinnt Pleananna limistéir bheathaithe a chruthú le haghaidh pailneoirí fiáine, amhail stráicí bláthanna, bliantóga meala a shaothrú, nó gnéithe tírdhreacha oiriúnacha eile. Baineann gealltanais eile le limistéir neamhtháirgiúla a bhunú ar thalamh arúil chun stádas pailneoirí a fheabhsú agus chun an soláthar bia le haghaidh feithidí is pailneoirí a mhéadú, i measc nithe eile. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’aidhm ag na Pleananna modhanna bitheolaíocha rialaithe lotnaidí a chur in ionad táirgí ceimiceacha cosanta plandaí, beart a rannchuideodh go mór le pailneoirí a chosaint.

Ní mór rioscaí a eascraíonn as agraicheimiceáin (go háirithe lotnaidicídí agus ualaí arda cothaitheach) a mhaolú go maith freisin. Chuige sin, tá gá le hiarrachtaí coiteanna agus comhar idir údaráis phoiblí agus feirmeoirí. Comhairleoirí feirme ar a bhfuil dea-oiliúint sa bhithéagsúlacht agus sa chaomhnú pailneoirí mar aon le gníomhaíochtaí léirithe agus cumarsáide, tá siad ríthábhachtach chun glacadh níos fearr le bearta spriocdhírithe a éascú. Nuair a bheidh fáil orthu, ba cheart táscairí láidre atá bunaithe ar an modheolaíocht uile-Aontais um fhaireachán ar phailneoirí (féach Tosaíocht I) a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n‑idirghabhálacha. Faoi CBT, is féidir cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát a úsáid, i measc foinsí eile cistiúcháin, chun tacú le cur chun feidhme na scéime um fhaireachán ar phailneoirí (EU-PoMS).

An tionchair ag úsáid lotnaidicídí ar phailneoirí a mhaolú

Is cúis mhór iad lotnaidicídí fós leis an meath ar an líon pailneoirí, agus ní mór an tionchar atá acu a mhaolú le beartais agus le cleachtais spriocdhírithe. I Straitéis an Aontais ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus sa Straitéis Bhithéagsúlachta, gheall an Coimisiún an riosca a bhaineann le lotnaidicídí agus úsáid lotnaidicídí a laghdú agus úsáid lotnaidicídí níos guaisí a laghdú 50 % faoi 2030. Tá sé beartaithe na spriocanna sin a chur chun feidhme, go háirithe, tríd an Rialachán atá beartaithe maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Táirgí Cosanta Plandaí 20 . Tabharfaidh an Coimisiún faoi obair bhreise chun feabhas a chur ar na táscairí a úsáidtear chun an laghdú ar an riosca agus ar úsáid táirgí cosanta plandaí a chainníochtú.

Mar chuid den dréachtrialachán, mhol an Coimisiún freisin cosc a chur ar úsáid lotnaidicídí i limistéir íogaire. Áirítear orthu sin limistéir a chosnaítear chun an dúlra a chaomhnú agus limistéir ina bhfuil pailneoirí atá faoi bhagairt díothaithe. Mar chuid den idirbheartaíocht idirinstitiúideach, tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag féachaint go mion ar mhódúlachtaí le haghaidh an toirmisc sin. Déantar foráil freisin leis an dréachtrialachán maidir le glacadh méadaithe bainistithe comhtháite lotnaidí. Bunaítear leis sin ordlathas idirghabhálacha chun plandaí a chosaint, lena ndírítear ar bhearta ísealriosca agus ní úsáidtear lotnaidicídí ceimiceacha ach amháin mar rogha dheiridh.

Cúis imní amháin atá ag méadú is ea údaruithe éigeandála a dheonaíonn na Ballstáit le haghaidh lotnaidicídí nach bhformheastar a thuilleadh ar leibhéal an Aontais. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcás agus sainordóidh sé don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a fhíorú an bhfuil na réasúnuithe a thugann na Ballstáit le haghaidh na núdaraithe sin bailí. Rinne an Coimisiún amhlaidh cheana roinnt babhtaí i ndáil le húdaruithe éigeandála chun neoinicitíonóidigh áirithe a úsáid 21 . Thairis sin, tá bearta á ndéanamh ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar infhaighteacht roghanna malartacha ísealriosca ar an rialú ceimiceach lotnaidí, go háirithe roghanna a bhaineann le réitigh bhitheolaíocha amhail miocrorgánaigh 22 .

Tá an Coimisiún ag obair chun an measúnú riosca ar lotnaidicídí le haghaidh pailneoirí a atreisiú. Áirítear leis sin an measúnú riosca le haghaidh beach a neartú 23 chun an tionchar neamh-inmhianaithe ag úsáid lotnaidicídí ar bheacha meala agus ar speicis beach fiáin a íoslaghdú. Thairis sin, is gá dlús a chur ar bhonn práinneach le hinfhaighteacht modhanna tástála lenar féidir tocsaineacht lotnaidicídí le haghaidh pailneoirí fiáine a chinneadh. Is gá a áirithiú freisin go dtoirmiscfear comhfhoirmligh a úsáid in éineacht le substaintí gníomhacha i dtáirgí cosanta plandaí nuair a mheastar go bhfuil tionchar do-ghlactha acu ar an gcomhshaol, lena náirítear pailneoirí.

Gnáthóga pailneoirí i limistéir uirbeacha a fheabhsú

Laghdaítear leis an uirbiú agus leis an bhforbairt bonneagair infhaighteacht gnáthóg nádúrtha pailneoirí. Má phleanáiltear agus má bhainistítear limistéir uirbeacha i gceart áfach, is féidir leo a bheith ina dtearmann le haghaidh pailneoirí go háirithe i dtírdhreach níos leithne nach bhfuil acmhainní bláthacha ann. Is féidir leo nascacht gnáthóg a fheabhsú freisin trí ghnáthóga idirmheánacha a sholáthar, amhail páirceanna poiblí, gairdíní príobháideacha (i limistéir thuaithe freisin), feirmeacha uirbeacha agus ballaí glasa agus díonta glasa.

D’fhorbair an Coimisiún treoraíocht maidir le cathracha a thacaíonn le pailneoirí 24 , treoraíocht ba cheart a chur chun cinn a thuilleadh agus a chur i bhfeidhm go forleathan i gcathracha. Thairis sin, ba cheart an caomhnú pailneoirí a chur san áireamh agus pleananna glasaithe uirbigh á bhforbairt 25 . Is áiteanna iad limistéir uirbeacha ina ndéantar go leor gníomhaíochtaí rannpháirtíochta freisin agus dá bhrí sin tá ról tábhachtach acu maidir le rannpháirtíocht saoránach i ngníomhaíochtaí caomhnaithe a mhéadú.

Tionchair speiceas coimhthíoch ionrach ar phailneoirí a laghdú

Is féidir le speicis choimhthíocha ionracha áirithe brú díreach nó indíreach a chur ar phailneoirí. D’fhéadfaidís creachadh a dhéanamh ar phailneoirí dúchasacha, galair nó pataiginí nua a iompar nó dul in iomaíocht le pailneoirí dúchasacha le haghaidh foinsí bia. D’fhéadfadh plandaí coimhthíocha ionracha an ceann is fearr a fháil ar phlandaí dúchasacha, agus dá bhrí sin, athrú a chur ar phobail plandaí a mbraitheann pailneoirí dúchasacha orthu.

Chun tabhairt isteach agus leathadh breise speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, speicis is féidir tionchar tromchúiseach a bheith acu ar phailneoirí, breithneofar iad a áireamh ar an liosta speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas 26 .

Maidir le srian a chur ar úsáid lotnaidicídí i limistéir íogaire, chun a áirithiú nach ndéantar dochar do bhainistíocht speiceas coimhthíoch ionrach amach anseo, beidh sé tábhachtach infhaighteacht na roghanna bainistíochta neamhcheimiceacha a mhéadú mar aon lena nglacadh agus éifeachtacht.

Ba cheart an riosca a bhaineann le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch atá díobhálach do phailneoirí a laghdú a thuilleadh freisin trí úsáid plandaí dúchasacha agus meascán síolta lena dtacaítear le pailneoirí a chur chun cinn i limistéir lena n‑áirítear gairdíní príobháideacha, limistéir phoiblí, talamh feirme agus foraoisí.

Dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cúiseanna eile leis an meath ar an líon pailneoirí

Leis an athrú aeráide, athraítear dálaí áitiúla aimsire i dtéarmaí teochta agus frasaíochta, agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go laghdófaí na hacmhainní atá ar fáil do phailneoirí (e.g. mar gheall ar thriomach) agus go gcuirfí isteach ar chaidrimh idir plandaí agus pailneoirí a éabhlóidíodh le chéile, amhail uainiú an bhláthaithe agus teacht chun cinn pailneoirí speisialaithe.

Meastar go nathrófar réimse dáilte roinnt speiceas chun oiriúnú do dhálaí athraithe aeráide, rud a d’fhágfadh go mbeadh orthu bogadh chuig limistéir nua. Cé gur chuir an tAontas sraith beartas agus straitéisí aeráide i bhfeidhm chun go mbeidh an tAontas ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach agus aeráid-díonach faoi 2050 27 , cuirfear isteach ar éiceachórais na hEorpa sna blianta amach romhainn mar gheall ar an athrú aeráide gan aon agó. Dá bhrí sin, beidh sé tábhachtach tionchar an athraithe aeráide ar phailneoirí agus ar ghnáthóga a mheas agus na limistéir is leochailí i dtaobh pailneoirí sa chomhthéacs sin a shainaithint, d’fhonn bearta maolaithe spriocdhírithe a cheapadh agus a chur chun feidhme



A mhéid a bhaineann leis an truailliú solais, tuigtear go maith an tionchar atá aige ar phailneoirí oíche, tuiscint lena gcumasaítear gníomhaíochtaí sonracha maolaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Chomhtháthaigh an Coimisiún na moltaí faoin mbealach chun an truailliú solais a mhaolú sna treoirlínte le haghaidh saoránach 28 agus cathracha 29 agus leanfaidh sé de na moltaí sin a chur chun cinn.

D’fhéadfadh bithicídí difear a dhéanamh do phailneoirí freisin. Tá formheas substaintí gníomhacha agus údarú táirgí bithicíde ina bhfuil na substaintí sin faoi réir dianmheasúnú riosca 30 . Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ag ceapadh cur chuige sonrach faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le bithicídí le haghaidh pailneoirí 31 .

2.3.TOSAÍOCHT III: An tsochaí a ghríosú agus an phleanáil straitéiseach agus an comhar a chur chun cinn ar gach leibhéal

Cuidiú le saoránaigh agus le gnólachtaí gníomhú

Chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa dá thosaíocht roimhe seo a chur chun feidhme, ní mór na gníomhaithe ábhartha uile a ghríosú go ginearálta, lena n‑áirítear eolaithe, déantóirí beartas, saoránaigh, feirmeoirí agus gnólachtaí.

Ba cheart gníomhaíochtaí éifeachtacha cumarsáide, slógtha agus líonraithe a bheith mar bhonn taca leis sin. Ba cheart rannpháirtíocht an phobail san fhaireachán ar phailneoirí agus sa chaomhnú pailneoirí a chur chun cinn a thuilleadh. Ba cheart an eolaíocht saoránach a chuimsiú sa mhéid sin mar aon le próisis eagraithe rannpháirtíochta pobail i ngníomhaíochtaí faireacháin agus caomhnaithe ar na leibhéal ábhartha uile. Féadfaidh an Creat Eorpach Inniúlachta um Inbhuanaitheacht 32 é a chur ar a gcumas do shaoránaigh gníomhú i ndáil leis sin.

Toisc go meastar go mbeidh tionchar mór ag an meath ar an líon pailneoirí ar na glúine atá le teacht, ba cheart cúram a dhéanamh de rannpháirtíocht na hóige. Maidir leis sin, soláthraítear bealaí comhlántacha le teicneolaíochtaí nua, amhail eispéireas réaltachta fíorúla na Páirce Pailneoirí 33 , chun dul i bhfeidhm ar an tsochaí trí chéile.

Ba cheart rannpháirtíocht na bpríomhearnálacha gnó a éascú a thuilleadh trí bhíthin líonraí atá ann cheana, d’fhonn glacadh na dtreoirlínte maidir le gníomhaíocht caomhnaithe pailneoirí a chur chun cinn ar fud na n‑earnálacha.

An phleanáil agus an comhar straitéiseach a chur chun cinn ar gach leibhéal

Ní mór an Tionscnamh um Pailneoirí a iompú ina chuir chuige straitéiseacha dea-cheaptha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ní dhéanfar an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú ach trí ghníomhaíocht chomhsheasmhach a dhéanamh ar fud na leibhéal rialaithe uile.

Leis na straitéisí náisiúnta um pailneoirí, ba cheart iarrachtaí a spreagadh agus a chomhordú ar fud na n‑earnálacha ábhartha agus beartais a spreagadh agus a chomhordú chun an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú faoi 2030, lena n‑áirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí a dtacaítear leo le cistí ó bheartas comhtháthaithe an Aontais. Ba cheart iad a iompú ina bpleananna gníomhaíochta ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Ní mór na straitéisí agus na pleananna gníomhaíochta a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus úsáid á baint as líonraí agus as ardáin atá ann cheana chun an comhar idir gníomhaithe éagsúla a éascú. I gcás inar gá, ba cheart féachaint ar líonraí agus ardáin nua a bhunú. Maidir le hábhair agus idirghabhálacha atá conspóideach, is bealach iad próisis rannpháirtíochta, pléite agus comhchruthaitheachta chun aghaidh a thabhairt ar theannas idir gníomhaithe éagsúla, lena n‑áirítear saoránaigh. Beidh tábhacht ar leith ag baint le ról gníomhach le haghaidh Choiste Eorpach na Réigiún, Coiste a chuirfidh an rannpháirtíocht agus an comhar réigiúnach chun cinn.

Ar deireadh, ní dúshlán le haghaidh na hEorpa amháin é an meath ar an líon pailneoirí. Ba cheart iarrachtaí an Aontais a bheith ina rannchuidiú le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an treocht dhomhanda sin a aisiompú, faoin Tionscnamh Idirnáisiúnta um Pailneoirí 34 agus trí fhóraim idirnáisiúnta ábhartha eile.

3.Conclúid  

Maidir leis an meath ar an líon pailneoirí fiáine a stopadh agus a aisiompú, níl an dara rogha ann más mian leis an Aontas an bhithéagsúlacht a chaomhnú, rud atá ríthábhachtach le haghaidh fholláine an duine. Leis an gcreat nua gníomhaíochta faoi Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí, leagtar amach conair le haghaidh an Aontais chun an dúshlán sin a shárú. Mar aon leis an togra le haghaidh Dlí um Athchóiriú Dúlra atá beartaithe, is beart nua é le haghaidh pailneoirí san Aontas.

Rannchuideoidh an tionscnamh athbhreithnithe seo leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta agus an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’. Déanfaidh sé rannchuidiú luachmhar freisin le dul chun cinn an Aontais i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha na Náisiún Aontaithe agus na ngealltanas a comhaontaíodh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an creat nua gníomhaíochta faoin Tionscnamh seo a fhormhuiniú agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile.


IARSCRÍBHINN – Creat Nua Gníomhaíochta

Tugtar forléargas san iarscríbhinn seo ar na cuspóirí agus ar na gníomhaíochtaí a áirítear faoi gach tosaíocht de Thionscnamh Athbhreithnithe an Aontais um Pailneoirí.

TOSAÍOCHT I: Feabhas a chur ar an eolas atá ann ar an meath ar an líon pailneoirí, ar na cúiseanna leis an meath sin agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis

Cuspóirí atá le baint amach faoi 2030

Déantar faireachán go tráthrialta ar staid na bpailneoirí agus ar na príomhchúiseanna leis an meath ar an líon pailneoirí trí bhíthin córas faireacháin uile-Aontais agus déantar measúnú ar na nithe sin go tráthrialta freisin. Leis sin, soláthraítear bonn chun táscairí láidre a fhorbairt, táscairí a úsáidfear chun eolas a chur ar fáil maidir leis an tionchar atá ag beartais ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ar phailneoirí. Dúntar bearnaí criticiúla eolais maidir leis an meath ar an líon pailneoirí, na cúiseanna leis an meath sin agus na hiarmhairtí a bhaineann leis le haghaidh na sochaí agus an gheilleagair. Tá rochtain oscailte ar shonraí agus ar fhaisnéis faoi phailneoirí.

GNÍOMHAÍOCHT

LE TABHAIRT I gCRÍCH FAOI

1. CÓRAS FAIREACHÁIN CUIMSITHEACH A BHUNÚ

1.1

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit forbairt agus tástáil modheolaíochta caighdeánaithe le haghaidh  scéim an Aontais um fhaireachán ar phailneoirí (EU-PoMS) a thabhairt chun críche. Áiritheofar leis an modheolaíocht go soláthrófar na tacair bhliantúla sonraí maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, agus go mbeidh cumhacht leordhóthanach staidrimh ann chun measúnú a dhéanamh ar aisiompú an mheatha ar an líon pailneoirí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht ar fáil, ba cheart do na Ballstáit an scéim a chur chun feidhme ar an talamh.

2026

1.2

Ceapfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, creat comhtháite chun faireachán a dhéanamh ar an meath ar phailneoirí, ar na cúiseanna leis an meath sin agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis 35 . Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do thiomsú córasach sonraí maidir leis na mórbhagairtí ar phailneoirí, go háirithe trí thionscnaimh EMBAL 36 agus Insignia 37 .

2026

1.3

Forbróidh an Coimisiún táscairí ar staid na bpobal pailneoirí agus maidir leis an mbrú atá orthu agus fiosróidh sé roghanna chun táscairí a fhorbairt maidir leis na tionchair atá ag pailneoirí ar shláinte an éiceachórais, ar an ngeilleagar agus ar fholláine an duine. Forbrófar na táscairí sin d’fhonn rannchuidiú leis an meastóireacht ar bheartais ábhartha, amhail an comhbheartas talmhaíochta (nasc le Gníomhaíocht 5.4), i measc nithe eile.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

2. TACÚ LEIS AN TAIGHDE AGUS LEIS AN MEASÚNÚ

2.1

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn maidir le staid na bpailneoirí, na cúiseanna leis an meath atá tagtha orthu agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an meath sin mar aon le bearta éifeachtacha maolaithe a chur chun cinn freisin. Le taighde bunúsach feidhmeach tosaíochta, a dtacaítear leis trí Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht – Fís Eorpach – agus le hiarrachtaí náisiúnta taighde, ba cheart an bonn eolais maidir le grúpaí pailneoirí a mhéadú agus feabhas a chur ar an tuiscint ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar phailneoirí.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

2.2

Tabharfaidh an Coimisiún an mheastóireacht ar Liosta Dearg na hEorpa chun críche le haghaidh príomhghrúpaí feithidí is pailneoirí – beacha, beacha gabhair, féileacáin agus leamhain.

2024

2.3

I gcomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, sainaithneoidh an Coimisiún na Príomhlimistéir Pailneoirí san Aontas, limistéir ar cheart iarrachtaí caomhnaithe agus athchóirithe a dhíriú orthu, agus mapálfaidh sé freisin iad.

2025

3. AN FOTHÚ ACMHAINNEACHTA AGUS AN CHOMHROINNT EOLAIS A CHUR CHUN CINN

3.1

Bunaithe ar mheasúnú ar na bearnaí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú le hinfheistíocht lena méadófaí inniúlacht shaineolaithe an Aontais maidir le tacsanomaíocht pailneoirí (i.e. an eolaíocht a bhaineann leis na horgánaigh sin a ainmniú, a aicmiú agus tuairisc a thabhairt orthu) chun riachtanais taighde agus faireacháin a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí oideachais a mhéadú agus deiseanna oibre a chruthú sa réimse sin.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

3.2

Leanfaidh an Coimisiún de thacar sonraí ar speicis pailneoirí a fhorbairt (lena n‑áirítear tuairisc, íomhánna agus léarscáileanna dáileacháin le haghaidh na speiceas uile) agus tacóidh sé le treoracha allamuigh agus eochracha sainaitheantais a fhorbairt chun faireachán ar phailneoirí a éascú.

2025

3.3

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit rochtain oscailte ar shonraí agus ar fhaisnéis a chur chun cinn i gcás sonraí agus faisnéis a ghintear le gníomhaíochtaí taighde agus faireacháin, agus i gcás sonraí ó fhoinsí sonraí ábhartha eile amhail sonraí úsáide talún faoi Chóras Comhtháite Riaracháin agus Rialúcháin (CCRR) CBT.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

3.4

Leanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil de bheidh ag éascú na comhroinnte eolais trí bhíthin Mhol Eolais an Aontais maidir le Pailneoirí 38  agus trí bhíthin an Chórais Faisnéise Bithéagsúlachta don Eoraip (BISE) 39 .

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

3.5

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú le tuilleadh forbartha ar an mbonneagar taighde atá tábhachtach chun feabhas a chur ar an mbonn eolais atá ann maidir le pailneoirí, lena náirítear trí chur le tionscnaimh atá ann cheana amhail Córas Dáilte na mBailiúchán Eolaíoch (DISSCO) 40 agus an Taighde Fadtéarmach ar Éiceachórais san Eoraip (eLTER) 41 .

2026

TOSAÍOCHT II: Feabhas a chur ar chaomhnú pailneoirí agus dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath

Cuspóirí atá le baint amach faoi 2030

Sainaithníodh bearta iomchuí caomhnaithe agus athchóirithe le haghaidh pailneoirí agus na ngnáthóg agus cuireadh na bearta sin chun feidhme. Comhtháthaítear bearta atá ábhartha maidir le pailneoirí go hiomlán leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus baineann na Ballstáit leas iomlán as na deiseanna cistiúcháin atá ann chun gnáthóga pailneoirí a choinneáil ar bun agus a athchóiriú i limistéir thuaithe agus uirbeacha, lena n‑áirítear faoi bheartas comhtháthaithe an Aontais. Tá gnáthóga pailneoirí nasctha go héifeachtach sa tírdhreach ginearálta agus cuirtear ar a gcumas do phailneoirí scaipeadh ar fud na críche agus freagairt ar dhrochthionchair aeráide. Cosnaítear pailneoirí ar thionchar lotnaidicídí, ar thruailleáin eile chomhshaoil agus ar speicis choimhthíocha ionracha.

4. FEABHAS A CHUR AR CHAOMHNÚ SPEICEAS AGUS GNÁTHÓGA PAILNEOIRÍ

4.1

Tabharfaidh an Coimisiún chun críche forbairt na bpleananna caomhnaithe le haghaidh speicis pailneoirí atá faoi bhagairt. Cumhdófar tírdhreacha talmhaíochta agus foraoise le dhá phlean agus leis an tríú plean cumhdófar na hOileáin Chanáracha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú leis an gcur chun feidhme.

2026

4.2

Sainaithneoidh an Coimisiún pailneoirí is gnách a bheith ann i ngnáthóga a chosnaítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear caomhnú pailneoirí san áireamh leis na bearta a chuirtear chun feidhme le haghaidh na ngnáthóg sin, go háirithe faoi phleananna bainistíochta Natura 2000. Ba cheart don Choimisiún cistiú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh na mbeart sin.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

4.3

Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais na speiceas pailneoirí atá faoi bhagairt 42 sa bhainistíocht a dhéantar ar limistéir faoi chosaint atá ann cheana, agus sna gealltanais a dhéanann siad maidir le limistéir nua faoi chosaint faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

4.4

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, agus tacaíocht á bhfáil acu ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, treoirphlean a cheapadh le haghaidh líonra conairí éiceolaíocha le haghaidh pailneoirí – ‘Conairí Crónáin’ – agus plean beart a fhorbairt lena chur chun feidhme. Leis an bplean, cuirfear leis an mapáil ar Phríomhlimistéir Pailneoirí agus le cruthú limistéar nua gnáthóg trí athchóiriú. Chun tacú le cur chun feidhme líonra na Línte Crónáin, ba cheart do na Ballstáit an caomhnú pailneoirí a chomhtháthú le beartais pleanála spáis ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

2027, agus cur chun feidhme leanúnach go dtí 2030

4.5

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de ghníomhaíochtaí a chur chun cinn le haghaidh caomhnú pailneoirí trí bhíthin clár LIFE.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

5. GNÁTHÓGA PAILNEOIRÍ A ATHCHÓIRIÚ I dTÍRDHREACHA TALMHAÍOCHTA

5.1

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar leis na Ballstáit chun tacaíocht a mhéadú le haghaidh na feirmeoireachta a thacaíonn le pailneoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). Ba cheart do na Ballstáit idirghabhálacha spriocdhírithe atá beartaithe go straitéiseach a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú i dtírdhreacha talmhaíochta faoi 2030, mar chuid de CBT agus ionstraimí ábhartha eile (e.g. bearta náisiúnta nó réigiúnacha caomhnaithe dúlra). Ba cheart dóibh comhsheasmhacht agus sineirgí idir na hionstraimí agus na bearta difriúla sin a áirithiú. I bhfianaise an riachtanais sin, fiosróidh an Coimisiún roghanna faoin mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an gcaomhnú agus ar an athchóiriú pailneoirí san athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar CBT.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

5.2

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag spreagadh na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara chun dea-chleachtas a chomhroinnt agus gníomhaíochtaí comhordúcháin a eagrú faoi CBT atá ann faoi láthair, chun ceapadh agus glacadh ionstraimí éifeachtacha a éascú, ar ionstraimí iad a rachaidh chun tairbhe do phailneoirí, amhail scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí agus bearta comhchoiteanna  a dhéanann feirmeoirí, lena n‑áirítear trí Líonra CBT an Aontais agus ardáin eile le haghaidh páirtithe leasmhara.

2027

5.3

Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar inniúlacht seirbhísí comhairleacha feirme le haghaidh caomhnú agus athchóiriú pailneoirí. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí cumarsáide agus léirithe a chur chun feidhme freisin le haghaidh scéimeanna a thacaíonn le pailneoirí.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

5.4

Leanfaidh an Coimisiún de tháscaire pailneoirí a fhorbairt, d’fhonn é a chomhtháthú le creat faireacháin agus meastóireachta feidhmíochta CBT, nuair a bheidh scéim an Aontais um fhaireachán ar phailneoirí (EU-PoMS) curtha chun feidhme go leordhóthanach.

2026

6. TIONCHAIR ÚSÁIDE LOTNAIDICÍDÍ AR PHAILNEOIRÍ A MHAOLÚ

6.1

Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit uile córais a bhunú i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla ábhartha chun a áirithiú go gcuireann úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí bainistiú comhtháite lotnaidí (IPM) chun feidhme, d’fhonn an tionchar a bhíonn ag táirgí cosanta plandaí ar phailneoirí a íoslaghdú.

2026

6.2

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na roghanna atá ann chun feabhas a chur ar na táscairí comhchuibhithe riosca atá ann cheana nó chun táscairí nua a fhorbairt, obair lena ndéanfar meastachán níos fearr ar na treochtaí atá ann maidir le riosca a bhaineann le táirgí cosanta plandaí agus lena n‑úsáid, lena n‑áirítear na rioscaí le haghaidh pailneoirí.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

6.3

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar údaruithe éigeandála le haghaidh lotnaidicídí atá díobhálach do phailneoirí agus, i gcás ina meastar gur gá iad, iarrfaidh sé ar EFSA meastóireacht a dhéanamh ar na cúiseanna a thugann na Ballstáit. Sainordóidh an Coimisiún do EFSA prótacail shonracha a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar na cúiseanna sin. I gcás ina meastar údaruithe éigeandála a bheith gan údar maith, leanfaidh an Coimisiún de chinntí a ghlacadh chun iad a thoirmeasc. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an doiciméid treoraíochta maidir le húdaruithe éigeandála agus i gcás inar gá, breithneoidh sé critéir atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a leagan síos faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir leis na cásanna inar féidir údaruithe éigeandála a dheonú.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

6.4

Nuair a fhoilseofar an Treoirdhoiciméad athbhreithnithe ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí atá ann le haghaidh beach mar gheall ar úsáid lotnaidicídí, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun an Treoirdhoiciméad sin a fhormhuiniú agus a chur chun feidhme 43 . Iarrfaidh an Coimisiún ar EFSA athbhreithniú eile a dhéanamh nuair a bheidh eolas nó uirlisí samhaltaithe nua ar fáil.

2024

6.5

Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, plean chun modhanna breise tástála a fhorbairt, a bhailíochtú agus comparáid idirshaotharlainne a dhéanamh eatarthu chun tocsaineacht lotnaidicídí do phailneoirí a chinneadh, lena n‑áirítear pailneoirí fiáine. Leis an bplean oibre sin, breithneofar na speicis is táscairí is gá a thástáil agus áiritheofar leis tionchar fo-mharfach agus ainsealach lotnaidicídí ann. Áiritheofar sa phlean tacaíocht le haghaidh aitheantas idirnáisiúnta i gcás na modhanna sin trí bhíthin Treoirlínte nua Tástála ón an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

2025

6.6

Ullmhóidh an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme 44 ina leagfar amach nós imeachta agus critéir chun comhfhoirmligh dho-ghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint, arb éard a bheith ann na critéir cosanta comhshaoil lena gcumhdaítear pailneoirí.

2024

7. GNÁTHÓGA PAILNEOIRÍ I LIMISTÉIR UIRBEACHA A FHEABHSÚ

7.1

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cathracha a spreagadh chun an treoir le haghaidh cathracha a thacaíonn le pailneoirí 45 a chur chun feidhme.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

7.2

Agus Pleananna um Ghlasú Uirbeach 46 á bhforbairt ag cathracha na hEorpa, ba cheart dóibh  ceanglais caomhnaithe pailneoirí a chur san áireamh.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

8. TIONCHAIR SPEICEAS COIMHTHÍOCH IONRACH AR PHAILNEOIRÍ A LAGHDÚ

8.1

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhagairtí ar phailneoirí ó speicis choimhthíocha ionracha nach n‑áirítear go fóill ar an liosta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 agus ullmhóidh sé measúnuithe riosca le haghaidh na speiceas is trioblóidí.

2025

8.2

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar roghanna bainistíochta le haghaidh na speiceas coimhthíoch iontach planda is díobhálaí do phailneoirí fiáine, d’fhonn infhaighteacht, glacadh agus éifeachtacht roghanna bainistíochta neamhcheimiceacha a mhéadú.

2028

8.3

Forbróidh an Coimisiún treoirlínte chun úsáid meascán plandaí dúchasacha agus síolta lena dtacaítear le pailneoirí a chur chun cinn i limistéir lena n‑áirítear gairdíní príobháideacha, limistéir phoiblí, talamh feirme agus foraoisí.

2027

9. DUL I NGLEIC LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE AGUS LE CÚISEANNA EILE LEIS AN MEATH AR AN LÍON PAILNEOIRÍ

9.1

Le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, sainaithneoidh an Coimisiún na limistéir is leochailí i dtaobh pailneoirí i gcomhthéacs an athraithe aeráide, agus déanfaidh sé bearta maolaithe spriocdhírithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit tionchar an athraithe aeráide ar phailneoirí agus ar na gnáthóga a chur san áireamh sna straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

9.2

Ba cheart do na Ballstáit  tionchar an truaillithe solais ar phailneoirí a mhaolú trí bheartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Cuirfidh an Coimisiún chun cinn glacadh na treoraíochta le haghaidh an phobail 47 agus cathracha 48 ina thaobh sin. 

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

9.3

Forbróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán treoirlínte chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le bithicídí le haghaidh pailneoirí.

2024

TOSAÍOCHT III: An tsochaí a ghríosú agus an phleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn ar gach leibhéal

Cuspóirí atá le baint amach faoi 2030

Maidir le pleananna gníomhaíochta chun an meath ar phailneoirí a aisiompú, rinneadh na pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta réigiúnach agus áitiúil. Méadaíodh an tionchar a bhíonn ag beartais phoiblí tríd an bpobal agus gnólachtaí a shlógadh go héifeachtach. Méadaíodh an tionchar a bhíonn ag bearta aonair trí chomhar agus trí chomhordú níos fearr idir na gníomhaithe ábhartha ar gach leibhéal. Tá an tAontas ina cheannaire ar an leibhéal domhanda i dtaobh tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht idirnáisiúnta maidir le pailneoirí agus i dtaobh an ghníomhaíocht sin a éascú.

10. CUIDIÚ LE SAORÁNAIGH AGUS LE GNÓLACHTAÍ GNÍOMHÚ

10.1

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint d’fheasacht an phobail a chothú maidir leis an meath atá ag teacht ar an líon pailneoirí agus ról a thabhairt don phobal sa ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt air sin, trí tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí cumarsáide agus líonraithe.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

10.2

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an eolaíocht saoránach a chur chun cinn agus rannpháirtíocht an phobail san fhaireachán ar phailneoirí agus sa chaomhnú pailneoirí a éascú, agus ba cheart dóibh tacaíocht a thabhairt go háirithe do rannpháirtíocht na hóige agus don rialachas rannpháirtíochta.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

10.3

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit glacadh na dtreoracha a chur chun cinn maidir le gníomhaíocht a dhéanann príomhearnálacha gnó chun pailneoirí a chosaint 49 , lena náirítear trí ardán an Aontais um an nGnó agus an Bhithéagsúlacht.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

11. AN tSOCHAÍ A GHRÍOSÚ AGUS AN PHLEANÁIL STRAITÉISEACH AGUS COMHAR A CHUR CHUN CINN AR GACH LEIBHÉAL

11.1

Ba cheart do na Ballstáit, straitéisí náisiúnta pailneoirí a fhorbairt i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh lena gcomhordófar agus lena spreagfar iarrachtaí ar fud na n‑earnálacha ábhartha agus beartais  a fhorbairt chun an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú faoi 2030. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit i ndáil leis sin, lena n‑áirítear trí mheitheal Ardán Bithéagsúlachta an Aontais um pailneoirí.

2025

11.2

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht chun pailneoirí a chaomhnú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus an ghníomhaíocht sin a spreagadh, lena n‑áirítear trí chistí bheartas comhtháthaithe an Aontais. Ba cheart d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna gníomhaíochta a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na pobail áitiúla, pleananna lena rannchuideofar le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta an meath ar an líon pailneoirí a aisiompú faoi 2030.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

11.3

Ba cheart do Choiste Eorpach na Réigiún tacú le cur chun feidhme an Tionscnaimh um Pailneoirí i measc údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an chomhroinnt eolais agus dea-chleachtas a chur chun cinn maidir leis an mbealach chun pailneoirí a chosaint. Ba cheart don Choimisiún agus do Choiste Eorpach na Réigiún dul i gcomhar chun rannpháirtíocht gach leibhéal rialtais a chur chun cinn, rannpháirtíocht lena n‑áiritheofaí tacaíocht, spreagadh agus comhordú leormhaith le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

11.4

Leanfaidh an Coimisiún de chomhar ilghníomhaithe a éascú trí bhíthin ardáin atá ann cheana amhail Meitheal Ardán Bithéagsúlachta an Aontais um Pailneoirí, ardán beartais Interreg, clár idir piaraí TAIEX-EIR, Líonra CBT an Aontais agus Ardán an Aontais don Ghlasú Uirbeach. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar riachtanais bhreise chun an inniúlacht comhair idir gníomhaithe éagsúla ar leibhéal an Aontais a mhéadú.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

11.5

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de ghníomhaíocht idirnáisiúnta éifeachtach maidir le pailneoirí a chur chun cinn, lena n‑áirítear faoi chuimsiú Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Coinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht agus ECFE.

Ar bhonn leanúnach go dtí 2030

(1)

  https://europa.eu/citizens-initiative/initiatives/details/2019/000016_ga . Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach freagra ar an Tionscnamh Eorpach sin ó na Saoránaigh trí theachtaireacht thiomnaithe in 2023.

(2)

Vysna, V., Maes, J., Petersen, J.E., La Notte, A., Vallecillo, S., Aizpurua, N., Ivits, E., Teller, A., Accounting for ecosystems and their services in the European Union [Cuntasaíocht d’éiceachórais agus a seirbhísí san Aontas Eorpach] (INCA). Tuarascáil chríochnaitheach ó chéim II de thionscadal INCA arb é is aidhm dó treoirthionscadal a fhorbairt maidir le córas comhtháite cuntas éiceachórais don Aontas Eorpach. Tuarascáil staidrimh. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(3)

  IPBES (2016). Assessment report by the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services on pollinators, pollination and food production.

(4)

  https://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/species/redlist  

(5)

  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Tionscnamh an Aontais maidir le Pailneoirí (SWD(2018) 302), leathanach 3.

(6)

  Tionscnamh an Aontais um Pailneoirí (COM(2018) 395).

(7)

  Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM(2020) 380).

(8)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_21_6687  

(9)

  https://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/species/pollinators/policy_ga.html  

(10)

  Report on progress in the implementation of the EU Pollinators Initiative [Tuarascáil faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí] (COM(2021) 261 final).

(11)

  ECA Special Report 15/2020 [Tuarascáil Speisialta CIE 15/2020] .

(12)

  Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra (COM(2022) 304).

(13)

  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC122225  

(14)

  https://wikis.ec.europa.eu/pages/viewpage.action?pageId=25560696  

(15)

  https://wikis.ec.europa.eu/pages/viewpage.action?pageId=36702461  

(16)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Action+plans  

(17)

  Commission Staff Working Document accompanying the EU Pollinators Initiative [Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Tionscnamh an Aontais um Pailneoirí] (SWD(2018) 302 final)

(18)

  IPBES (2016). Assessment report by the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services on pollinators, pollination and food production.

(19)

Tháinig Pleananna Straitéiseacha CBT i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

(20)

  Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí (COM(2022) 305).

(21)

  https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/approval-active-substances/renewal-approval/neonicotinoids_ga  

(22)

  https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/micro-organisms_ga  

(23)

  https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/protection-bees_ga  

(24)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Pollinator-friendly+cities  

(25)

  https://environment.ec.europa.eu/topics/urban-environment/urban-greening-platform_ga  

(26)

  Rialachán (AE) 1143/2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú

.

(27)

  https://climate.ec.europa.eu/index_ga  

(28)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Citizens  

(29)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Cities  

(30)

  https://health.ec.europa.eu/biocides/biocidal-products_ga  

(31)

  https://echa.europa.eu/documents/10162/17234/scoping_paper_pollinators_guidance_en.pdf/7957c0f8-5ded-4a6e-17a7-2a899bbb141a  

(32)

  https://joint-research-centre.ec.europa.eu/greencomp-european-sustainability-competence-framework_ga  

(33)

  https://environment.ec.europa.eu/topics/nature-and-biodiversity/pollinator-park_ga  

(34)

  https://www.cbd.int/doc/decisions/cop-14/cop-14-dec-06-en.pdf  

(35)

Leanfaidh sé sin samhail idirghabhála DPSIR (cúiseanna, brúnna, staid, tionchar agus freagairt).

(36)

  https://wikis.ec.europa.eu/pages/viewpage.action?pageId=25560696  

(37)

  https://wikis.ec.europa.eu/pages/viewpage.action?pageId=36702461  

(38)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/EU+Pollinator+Information+Hive  

(39)

  https://biodiversity.europa.eu  

(40)

  https://www.dissco.eu  

(41)

  https://elter-ri.eu  

(42)

De réir na measúnuithe le haghaidh Liosta Dearg na hEorpa, https://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/species/redlist .  

(43)

  https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/3295  

(44)

Faoi Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(45)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Cities  

(46)

  https://environment.ec.europa.eu/topics/urban-environment/urban-greening-platform_ga  

(47)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Citizens  

(48)

  https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Cities  

(49)

Treoracha maidir le gníomhaíocht a dhéanann na hearnálacha seo a leanas chun pailneoirí a chosaint: an tagraibhia agus deochanna; an miondíol; an fhoraoiseacht; an ghairneoireacht; an fhoirgníocht; an ailtireacht tírdhreacha; an turasóireacht; an fuinneamh; an bheachadóireacht; agus an earnáil eastóscach; féach https://wikis.ec.europa.eu/display/EUPKH/Businesses  

Top