This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023AP0325
Amendments adopted by the European Parliament on 14 September 2023 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council establishing a framework for ensuring a secure and sustainable supply of critical raw materials and amending Regulations (EU) No 168/2013, (EU) 2018/858, (EU) 2018/1724 and (EU) 2019/1020 (COM(2023)0160 — C9-0061/2023 — 2023/0079(COD)) [Amendment 1, unless otherwise indicated]
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160 – C9-0061/2023 – 2023/0079(COD)) [Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160 – C9-0061/2023 – 2023/0079(COD)) [Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]
IO C, C/2024/1791, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1791/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1791 |
22.3.2024 |
P9_TA(2023)0325
Creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160 – C9-0061/2023 – 2023/0079(COD)) (1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt] (*1)
(C/2024/1791)
LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (*2)
ar an togra ón gCoimisiún
2023/0079(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá rochtain ar amhábhair ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais, don aistriú digiteach agus glas, don tslándáil agus don chosaint agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá sraith amhábhar neamhfhuinnimh neamhthalmhaíochta ann a mheastar a bheith ríthábhachtach, mar gheall ar a mórthábhacht eacnamaíoch agus mar gheall ar a neamhchosaint ar ardriosca soláthair, go minic mar gheall ar chomhchruinniú ard soláthair ó roinnt tríú tíortha. I bhfianaise an róil lárnaigh atá ag go leor amhábhair chriticiúla den sórt sin maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus i bhfianaise a n-úsáide le haghaidh feidhmeanna cosanta agus aeraspáis, tiocfaidh méadú as cuimse ar an éileamh sna blianta amach romhainn, agus is gá, dá bhrí sin, bearta a chur chun feidhme chun é a mhaolú agus an tAontas a chosaint ar an mbearna atá ag dul i méid idir soláthar agus éileamh ar an leibhéal domhanda. D’fhéadfadh tuilleadh amhábhar a úsáidtear in earnálacha eile amhail talmhaíocht, sláinte nó tógáil a bheith neamhchosanta ar rioscaí arda soláthair amach anseo. Ag an am céanna, tá an riosca go mbeidh suaitheadh soláthair ann ag méadú i gcoinne an chúlra de theannas geopholaitiúil agus iomaíocht acmhainní a bheith ag dul i méid. Chomh maith leis sin, mura ndéantar é a bhainistiú i gceart, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus shóisialta a bheith mar thoradh ar éileamh méadaithe ar amhábhair chriticiúla. Ag féachaint do na treochtaí sin, is gá bearta a ghlacadh chun rochtain ar sholáthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú chun athléimneacht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a chosain tríd an méadú ar éileamh a mhaolú, trí ionadú agus méaduithe éifeachtúlachta a chothú chun criticiúlacht an fháis easpónantúil a bhfuiltear ag súil leis san éileamh san Aontas a laghdú, chun athléimneacht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a choimirciú. |
|
(1a) |
Chomh maith leis an éileamh méadaitheach ar amhábhair phríomha agus thánaisteacha, tá éileamh méadaitheach ar oibrithe oilte. Tá an ganntanas oibrithe oilte san Aontas ag céim ríthábhachtach cheana féin, in earnáil na n-amhábhar freisin, rud a éileoidh 1,2 milliún oibrí oilte breise faoi 2030 in earnáil na soghluaisteachta leictreonaí agus in earnáil na bhfoinsí in-athnuaite. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na Ballstáit oiliúint agus scileanna a sholáthar agus breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nithiúla ar leibhéal an Aontais, amhail acadamh Eorpach amhábhar a bhunú chun tallann a sholáthar d’earnálacha na n-amhábhar agus na n-ábhar ardfhorbartha, agus chun an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú. |
|
(1b) |
Ní mór machnamh práinneach a dhéanamh ar an staid slándála san Eoraip agus ar fud an domhain maidir le conas athléimneacht an tslabhra soláthair a neartú, lena n-áirítear in earnáil na cosanta. |
|
(2) |
I bhfianaise chastacht agus shaintréith thrasnáisiúnta na slabhraí luacha amhábhar criticiúil, tá an-seans ann go ndéanfar iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt le bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú. Dá bhrí sin, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, ba cheart creat coiteann de chuid an Aontais a chruthú chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar an dúshlán lárnach sin ar bhealach cóir agus cothromasach agus na rialacha is infheidhme maidir le hiomaíocht san Aontas agus maidir leis an státchabhair á gcomhlíonadh go hiomlán. |
|
(3) |
Ar an gcéad dul síos, chun rochtain éifeachtach an Aontais ar sholáthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú, ba cheart a áireamh sa chreat sin bearta chun rioscaí soláthair an Aontais atá ag méadú a laghdú trí chumais an Aontais feadh na gcéimeanna uile sa slabhra luacha amhábhar straitéiseach a neartú, lena n-áirítear eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil, i dtreo tagarmharcanna arna sainiú do gach amhábhar straitéiseach. Maidir le hathchúrsáil, ba cheart é a bheith mar aidhm acmhainneacht athchúrsála gach amhábhair straitéisigh a fheabhsú agus féidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch á gcur i gcuntas. Ar an dara dul síos, ós rud é go leanfaidh an tAontas de bheith ag brath ar allmhairí, ba cheart bearta a áireamh sa chreat chun éagsúlú sholáthairtí amhábhar straitéiseach an Aontais a mhéadú, go háirithe agus é mar aidhm leis spleáchais dhíreacha agus indíreacha ar chomhpháirtithe neamhiontaofa a laghdú agus, ag an am céanna, úsáid roghanna malartacha agus ionadaithe ar na hamhábhair chriticiúla sin a chothú, arb é is aidhm dóibh lorg comhshaoil níos ísle a bhaint amach, chun an t-éileamh orthu a laghdú nó a mhaolú. Ar an tríú dul síos, is gá bearta a sholáthar chun cumas an Aontais a neartú rioscaí soláthair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú agus gníomhú go tapa dá réir sin. Ar an gceathrú dul síos, ba cheart bearta a bheith sa chreat chun ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht bharrfheabhsaithe na n-amhábhar criticiúil a thomhlaítear san Aontas a mhéadú agus taighde agus forbairt ar ábhair agus ar mhodhanna táirgthe nuálacha malartacha a chothú chun amhábhair a thomhlaítear san Aontas a ionadú. Ar deireadh, ba cheart bearta a dhéanamh chun teorainn a chur leis an éileamh méadaitheach ar amhábhair chriticiúla trí éifeachtúlacht agus glacadh ábhar a mhéadú sa slabhra luacha ina iomláine. |
|
(4) |
Lena áirithiú go ndíreofar na bearta a leagtar amach sa Rialachán ar na hábhair is ábhartha, ba cheart liosta d’amhábhair straitéiseacha agus liosta d’amhábhair chriticiúla a bhunú. Ba cheart na liostaí sin a úsáid freisin chun iarrachtaí na mBallstát a threorú agus a chomhordú chun cuidiú le haidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh amhábhair a bhfuil ardtábhacht straitéiseach ag baint leo bheith ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, ag cur san áireamh an-úsáid i dteicneolaíochtaí straitéiseacha atá mar bhonn faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach nó le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis, arb iad is saintréithe dóibh bearna shuntasach a d’fhéadfadh a bheith ann idir soláthar domhanda agus éileamh réamh-mheasta, agus a bhfuil sé sách deacair táirgeadh a mhéadú ina leith, mar shampla, de bharr tréimhsí tionscanta fada le haghaidh tionscadail nua lena méadaítear an acmhainn soláthair. Chun go gcuirfí i gcuntas athruithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le rioscaí ad hoc, amhail na rioscaí sin a eascraíonn as coinbhleachtaí geopholaitiúlanó tubaistí nádúrtha, ba cheart liosta na n-ábhar straitéiseach a athbhreithniú go tréimhsiúil agus, más gá, a thabhairt cothrom le dáta. Chun a áirithiú go mbeidh na hiarrachtaí chun acmhainneachtaí an Aontais a mhéadú feadh an tslabhra luacha, acmhainneacht an Aontais a threisiú chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí soláthair agus iad a mhaolú agus éagsúlú an tsoláthair a mhéadú dírithe ar na hábhair is mó a bhfuil gá leo ina leith, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta ábhartha ach amháin maidir le liosta d’amhábhair straitéiseacha. |
|
(5) |
Ba cheart go mbeadh sa liosta d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair straitéiseacha go léir chomh maith le haon amhábhar eile a bhfuil ardtábhacht ag baint leo do gheilleagar foriomlán an Aontais agus lena mbaineann baol mór go mbeidh suaitheadh soláthair ann. Chun athruithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha féideartha a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, ag leanúint an cleachtas reatha dó, measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil bunaithe ar shonraí maidir le táirgeadh, trádáil, feidhmeanna, athchúrsáil agus ionadú le haghaidh réimse leathan amhábhar chun liostaí na n-amhábhar criticiúil agus straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta agus a bheidh ag teacht leis an bhforbairt ar an tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair a bhaineann leis na hamhábhair sin. Ba cheart go n-áireofaí sa liosta d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair sin lena sroichtear nó lena sáraítear na tairseacha maidir le tábhacht eacnamaíoch agus riosca soláthair araon, gan na hamhábhair ábhartha a rangú de réir criticiúlachta. Ba cheart go mbeadh an measúnú sin bunaithe ar mheán na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil thar thréimhse 5 bliana. Na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaineann le hionad ilfhreastail maidir le gach amhábhar criticiúil maidir le ceadú, pleanáil, taiscéalaíocht, faireachán, ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le gach amhábhar criticiúil. Meastar go mbeidh an t-éileamh domhanda ar amhábhair chriticiúla níos airde ná an soláthar go luath, rud a fhágann go gcruthófar cothrom iomaíochta do roghanna malartacha nuálacha agus inbhuanaithe atá ríthábhachtach don Aontas. Chuige sin, ní hamháin gur gá infheistíochtaí a dhéanamh sa taighde ach ní mór dálaí margaidh a chruthú a chuirfidh ar chumas ionadaithe in-athnuaite dul in iomaíocht le hamhábhair iontaise thraidisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas bearta réamhghníomhacha a ghlacadh chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil a mhaolú i gcomparáid le réamh-mheastacháin, gan a bhonn tionsclaíoch a chur i mbaol. Ba cheart liosta na n-amhábhar criticiúil agus na dtosaíochtaí gaolmhara a chur i gcuntas i ndlí ábhartha uile an Aontais agus sa dlí náisiúnta i gcás ina n-imreofar tionchar díreach nó indíreach ar na hábhair sin. |
|
(6) |
Chun cumais an Aontais a neartú feadh an tslabhra luacha amhábhar straitéiseach, ba cheart tagarmharcanna a shocrú chun iarrachtaí a threorú agus an dul chun cinn a rianú. Ba cheart go bhféachfaí le cumais a mhéadú do gach amhábhar straitéiseach ag gach céim den slabhra luacha, agus é mar aidhm tagarmharcanna foriomlána acmhainneachta a bhaint amach maidir le heastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar straitéiseach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don Aontas úsáid as a acmhainní geolaíocha féin d’amhábhair straitéiseacha a mhéadú agus acmhainn a fhorbairt ionas gur féidir leis na hábhair is gá a bhaint amach chun 10 % ar a laghad de thomhaltas amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh. Ag cuimhneamh go mbraitheann an acmhainneacht eastósctha go mór ar acmhainní geolaíocha an Aontais a bheith ar fáil, braitheann baint amach an tagarmhairc sin ar an infhaighteacht sin. Ar an dara dul síos, chun slabhra luacha iomlán a chruthú agus cosc a chur ar aon bhac ag na céimeanna idirmheánacha, ba cheart don Aontas a chumas próiseála a mhéadú ar feadh an tslabhra luacha agus a bheith ábalta 40 % ar a laghad dá thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach a tháirgeadh. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cuid d’acmhainneacht phróiseála nua an Aontais a fhorbairt faoi chomhpháirtíochtaí straitéiseacha san Aontas maidir le príomhthionscadail straitéiseacha atá chun leasa fhrithpháirtigh i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha agus i margaí atá ag teacht chun cinn. Ar an tríú dul síos, táthar ag súil gur féidir sciar atá ag méadú de thomhaltas amhábhar straitéiseach an Aontais a chumhdach le hamhábhair thánaisteacha sna blianta amach romhainn, rud a chuirfeadh feabhas ar shlándáil agus ar inbhuanaitheacht sholáthar amhábhair an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart acmhainneacht athchúrsála an Aontais a bheith in ann méid + 10 % ar a laghad d’acmhainneacht athchúrsála a tháirgeadh bunaithe ar bhonnlíne 2020-2022 le haghaidh gach amhábhair straitéisigh chun 45 % de gach amhábhar straitéiseach atá i ndramhaíl an Aontais a bhailiú, a shórtáil agus a phróiseáil, agus indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh. Tagraíonn na tagarmharcanna sin do thréimhse ama 2030, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais arna leagan síos faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus na spriocanna digiteacha faoin Deacáid Dhigiteach (4), a bhfuil siad mar bhonn fúthu. Ina theannta sin, le poist ardchaighdeáin, lena n-áirítear forbairt scileanna agus aistriú ó phost go post, tabharfar aghaidh ar na rioscaí sa mhargadh saothair earnála agus cuideoidh siad le hiomaíochas an Aontais a áirithiú. Laistigh den mheasúnú sin, tá gá le solúbthacht chun sonraíochtaí uathúla an amhábhair atá i gceist a mheas, lena n-áirítear airíonna ábhartha agus dúshláin feadh an tslabhra luacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis freisin tacú leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana. |
|
(7) |
Maidir le roinnt amhábhar, braitheann an tAontas go hiomlán, nach mór, ar aon tír amháin dá sholáthar. Cruthaítear ardriosca go mbeidh suaitheadh soláthair ann le spleáchais den sórt sin agus, i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne, méadaítear rioscaí leochaileachta agus slándála an Aontais leo. Chun riosca féideartha dá leithéid a theorannú agus chun athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a mhéadú, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh lena áirithiú, nach mbeidh sé ag brath, faoi 2030, ar aon tríú tír amháin le haghaidh níos mó ná 65 % dá sholáthar d’aon amhábhar straitéiseach, neamhphróiseáilte agus ag aon chéim den phróiseáil, agus aird ar leith á tabhairt, áfach, ar thíortha a bhfuil Comhpháirtíocht Straitéiseach bunaithe ag an Aontas leo maidir le hamhábhair as a n-eascraíonn dearbhuithe níos mó maidir le rioscaí soláthair. |
|
(8) |
Is gá bearta iomchuí a chur ar bun chun tacú le Tionscadail Straitéiseacha arb é is aidhm dóibh amhábhair straitéiseacha a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil san Aontas, ar cheart dóibh, mar aon le hiarrachtaí na mBallstát, cur le méadú ar chumais i dtreo na dtagarmharcanna. Tá bearta eile, go háirithe maidir le taiscéalaíocht nó ciorclaíocht, chomh tábhachtach céanna chun céimeanna éagsúla den slabhra luacha a threisiú freisin agus rannchuidíonn siad ar an gcaoi sin chun na tagarmharcanna a bhaint amach. Lena áirithiú go gcomhlíonfar na tagarmharcanna in am, ba cheart don Choimisiún, le cuidiú ón mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (‘an Bord’), an dul chun cinn maidir leis na tagarmharcanna a rianú agus a thuairisciú. I gcás nach leor an dul chun cinn a thuairiscítear i dtreo na dtagarmharcanna go ginearálta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar indéantacht agus comhréireacht na mbeart breise. I bprionsabal, níor cheart go spreagfadh easpa dul chun cinn ar shraith amháin nó ar shraith bheag amhábhar straitéiseach an gá atá le hiarrachtaí breise ón Aontas. |
|
(9) |
Chun cumais a fhorbairt san Aontas, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord, Tionscadail Straitéiseacha a shainaithint san Aontas a bhfuil sé beartaithe go mbeidh siad gníomhach maidir le heastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar straitéiseach, nó i bhforbairt agus i méadú ionadach. Ba cheart do Thionscadail Straitéiseacha a bheith ina dtionscadail shuaitheanta ó thaobh na nuálaíochta teicneolaíochta agus na hinbhuanaitheachta de. Le tacaíocht éifeachtach i gcomhair Tionscadail Straitéiseacha, d’fhéadfaí feabhas a chur ar rochtain ar ábhair d’earnálacha iartheachtacha chomh maith le deiseanna eacnamaíocha a chruthú feadh an tslabhra luacha, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do phobail áitiúla agus d’fhéadfaí cur le cruthú fostaíochta. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go ndéanfar Tionscadail Straitéiseacha a fhorbairt ar fud an Aontais, ba cheart go mbainfeadh tionscadail den sórt sin tairbhe as nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe agus intuartha agus as tacaíocht chun rochtain a fháil ar mhaoiniú a d’fhéadfadh a bheith, dá mba rud é go n-éireodh leis, ina eiseamláir do nósanna imeachta ceadaithe agus rochtain ar mhaoiniú d’amhábhair chriticiúla nó d’amhábhair eile. Chun tacaíocht a dhíriú agus a mbreisluach a áirithiú, ba cheart tionscadail a mheasúnú, sula dtabharfar tacaíocht den sórt sin ina leith, i gcomhréir le sraith critéar. Le Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, ba cheart go neartófaí slándáil soláthair an Aontais le haghaidh amhábhair straitéiseacha, go léireofaí indéantacht theicniúil leordhóthanach agus go gcuirfí chun feidhme iad ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ón taobh sóisialta de. Ba cheart go soláthrófaí sochair trasteorann lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann leo freisin. I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar na critéir sin atá le comhlíonadh, ba cheart dó an t-aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fhoilsiú i gcinneadh. Ós rud é go bhfuil aitheantas gasta ríthábhachtach chun tacú go héifeachtach le slándáil soláthair an Aontais, ba cheart go gcoinneofaí an próiseas measúnaithe éadrom agus nach mbeadh sé ródheacair. Tá maolú ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla ar cheann de na luamháin chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú agus a lorg comhshaoil dhomhanda a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún táscaire a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar éabhlóid an leibhéil criticiúlachta agus éifeachtúlachta ábhair na dtáirgí idirmheánacha agus deiridh ina bhfuil amhábhair chriticiúla. |
|
(10) |
Chun soláthar an Aontais d’amhábhair straitéiseacha a éagsúlú, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord, agus i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, Tionscadail Straitéiseacha a shainaithint i dtríú tíortha agus sna tíortha agus sna críocha thar lear dá dtagraítear in Iarscríbhinn II CFAE a bhfuil sé beartaithe acu a bheith gníomhach maidir le heastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar straitéiseach. Ba cheart go n-urramódh tionscadail den sórt sin caighdeáin agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus cearta an duine, agus ba cheart dóibh úsáid samhlacha cuimsitheacha gnó ina bhfuil pobail áitiúla rannpháirteach sa chinnteoireacht a spreagadh. Chun a áirithiú go gcuirfear na Tionscadail Straitéiseacha sin chun feidhme go héifeachtach, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as rochtain níos fearr ar mhaoiniú agus as sásraí dí-rioscaithe le haghaidh infheistíochta. Chun a mbreisluach agus a gcomhthairbhí don Aontas agus do na tríú tíortha lena mbaineann a áirithiú, lena n-áirítear do thríú tíortha ina bhfuil siad lonnaithe, ba cheart tionscadail a mheasúnú de réir tacar critéar. Amhail Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, ba cheart go rannchuideofaí le neartú shlándáil soláthair an Aontais le haghaidh amhábhair straitéiseacha, go léireofaí indéantacht theicniúil leordhóthanach agus go gcuirfí chun feidhme go hinbhuanaithe iad ag úsáid creat scéime um dheimhniú inbhuanaitheachta maidir le hamhábhair atá aitheanta ag an gCoimisiún. Ba cheart don tionscadal a bheith chun tairbhe an Aontais agus an tríú tír lena mbaineann. I gcás inar gá, tacóidh an tAontas le tríú tíortha chun a gcreat dlíthiúil, a n-acmhainneacht dea-rialachais agus a dtrédhearcacht in earnáil na n-amhábhar a threisiú agus é mar aidhm leis sin staid chomhthairbheach a dhéanamh den chomhpháirtíocht amhábhar, lena n-áirítear don phobal áitiúil. Ba cheart do thionscadal cur le breisluach sa tír sin, agus i gcás tíortha atá i mbéal forbartha agus tíortha atá ag teacht chun cinn, a chur ar a chumas bogadh suas sa slabhra luacha agus a chomhsheasmhacht leis na prionsabail a chumhdaítear sna Conarthaí, i gcomhbheartas tráchtála agus i dtosaíochtaí straitéiseacha an Aontais chomh maith le prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt a leagtar síos in Airteagal 208 CFAE á chur san áireamh. Féadfar luach den sórt sin a fháil ó chion an tionscadail le níos mó ná céim amháin den slabhra luacha amhábhar agus ó thairbhí eacnamaíocha agus sóisialta níos leithne a chruthú tríd an tionscadal, lena n-áirítear poist a chruthú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS). I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar na critéir sin atá le comhlíonadh, ba cheart dó an t-aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fhoilsiú i gcinneadh. |
|
(11) |
Chun inbhuanaitheacht an mhéadaithe ar tháirgeadh amhábhar a áirithiú, ba cheart tionscadail amhábhar nua a chur chun feidhme go hinbhuanaithe. Chun na críche sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na Tionscadail Straitéiseacha a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo agus ionstraimí idirnáisiúnta á gcur san áireamh lena gcumhdaítear gach gné den inbhuanaitheacht a chuirtear i dtábhacht i bprionsabail an Aontais maidir le hamhábhair inbhuanaithe (5), lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an comhshaol muirí agus cósta, cleachtais atá freagrach go sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear meas ar chearta an duine amhail cearta na mban agus na leanaí, agus cleachtais ghnó thrédhearcacha. Ba cheart rannpháirtíocht de mheon macánta chomh maith le comhairliúcháin chuimsitheacha fhiúntacha le pobail áitiúla, lena n-áirítear le pobail dhúchasacha, a áirithiú leis na tionscadail freisin. Chun bealach soiléir agus éifeachtúil a sholáthar do thionscnóirí tionscadail chun an critéar sin a chomhlíonadh, ba cheart a mheas gur leor comhlíonadh reachtaíocht ábhartha an Aontais, caighdeáin idirnáisiúnta, treoirlínte agus prionsabail nó rannpháirtíocht i scéim deimhniúcháin a aithnítear faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún tuilleadh plé a dhéanamh, i ndlúth-idirphlé leis na Ballstáit, le tríú tíortha, leis an tionscal, le comhlachtaí um chaighdeánú agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, i bpléití faoi chaighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le hamhábhair chriticiúla a eastóscadh, a phróiseáil agus a athchúrsáil. D’fhéadfaí féachaint ar thionscadail mhianadóireachta inbhuanaithe agus chomhshaoil, ina n-ionchorpraítear próisis nuálacha agus ina ndéantar próiseáil mianraí agus miotalóireachta gar do na láithreáin eastósctha, mar thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne. Ní mór do thionscadail den sórt sin cur go suntasach leis an bhfás eacnamaíoch, le cruthú post, leis an aistriú glas agus digiteach, agus le hiomaíochas do thionscal agus do gheilleagar an Aontais a fheabhsú. Thairis sin, chun ailíniú a dhéanamh le luachanna agus cuspóirí an Aontais, ba cheart tiomantas buanseasmhach a léiriú i dtionscadail den sórt sin don trédhearcacht, don oideachas agus do rannpháirtíocht an phobail, agus úsáid breoslaí iontaise á seachaint trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, dramhaíl a laghdú, agus úsáid a bhaint as cleachtais inbhuanaithe úsáide uisce. I bhformhór na gcásanna, déantar amhábhair straitéiseacha a eastóscadh mar sheachtháirgí de mhianra iompróra. Chun go gcomhlíonfaidh an tAontas cuspóirí an Rialacháin seo, ní bheidh tionchar ag cineál fotháirge na n-amhábhar straitéiseach ar nádúr straitéiseach na dtionscadal eastósctha sin. Dá bhrí sin, is féidir a mheas gur tionscadail straitéiseacha iad tionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu eastóscadh, i gcás ina n-eastósctar an mianra straitéiseach mar phríomhtháirge agus i gcás ina n-eastóctar é mar fhotháirge. |
|
(12) |
Ba cheart aon tionscnóir tionscadail straitéiseach amhábhar a bheith ábalta iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun aitheantas a fháil dá thionscadail mar Thionscadal Straitéiseach. Ba cheart go gcuimseofaí san iarratas doiciméid ábhartha agus fianaise a bhaineann leis na critéir. Chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar inmharthanacht shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch, ar indéantacht an tionscadail chomh maith leis an leibhéal muiníne sna meastacháin, ba cheart don tionscnóir tionscadail aicmiú an tionscadail a sholáthar de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní, agus chun bailíochtú oibiachtúil a éascú, ba cheart dóibh tacú leis an aicmiú sin le fianaise ábhartha. Ba cheart tráthchlár don tionscadal a chur i gceangal le hiarratas freisin, chun a mheas cathain a bheadh an tionscadal ábalta cur leis na tagarmharcanna maidir le hacmhainn intíre nó maidir le héagsúlú. Ós rud é go bhfuil glacadh an phobail le tionscadail mhianadóireachta ríthábhachtach dá gcur chun feidhme éifeachtach, ba cheart don tionscnóir plean a sholáthar freisin ina mbeadh bearta chun glacadh an phobail a éascú. Tá sé sin bailí freisin do thionscadail i dtríú tíortha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhpháirtithe sóisialta, ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhairí maoirseachta eile. Ba cheart don tionscnóir plean gnó a sholáthar freisin lena soláthraítear faisnéis maidir le hinmharthanacht airgeadais an tionscadail agus lena dtugtar forléargas ar chistiú, lena n-áirítear an struchtúr úinéireachta chun a áirithiú nach dtiocfaidh cistiú tionscadail salach ar an aidhm atá ann an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn a mhéadú, go háirithe maidir le tionscadail i dtríú tíortha nó arna maoiniú ag comhpháirtithe ó thríú tíortha. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis a sholáthar maidir le comhaontuithe tógála a baineadh amach cheana féin chomh maith le meastacháin maidir le cruthú post a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de, lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú, agus na tionscnaimh atá beartaithe chun rannpháirtíocht na mban a fheabhsú chomh maith leis na dálaí oibre foriomlána. |
|
(13) |
Lena áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach agus go héifeachtúil le hiarratais, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta tús áite a thabhairt do phróiseáil na n-iarratas ar thionscadail a bhaineann le céimeanna sonracha sa slabhra luacha le hamhábhair straitéiseacha atá faoi ghannionadaíocht, lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn cothrom an Aontais i dtreo gach tagarmhairc le haghaidh acmhainn an Aontais atá sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tosaíocht a thabhairt do Thionscadail Straitéiseacha a rannchuidíonn le ciorclaíocht amhábhar nó a chuireann FBManna isteach ar choinníoll go ndéantar cothromaíocht tionscadal idir céimeanna éagsúla an tslabhra luacha a choinneáil. Ba cheart don Choimisiún iarracht réamhghníomhach a dhéanamh freisin ar thíortha comhpháirtíochta chun comhoibriú straitéiseach a chur chun cinn. |
|
(14) |
Mar go bhfuil gá le comhar ón mBallstát ar a chríoch a gcuirfear Tionscadal Straitéiseach chun feidhme lena chur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, ba cheart an ceart a bheith ag an mBallstát sin cur i gcoinne go dtabharfaí stádas Tionscadail Straitéisigh do thionscadal, ar an dóigh sin, an tionscadal sin a chosc. Má dhéanann sé amhlaidh, ba cheart don Bhallstát ábhartha údar réasúnaithe a thabhairt lena dhiúltú faoi threoir na gcritéar is infheidhme. Mar an gcéanna, níor cheart don Aontas stádas Tionscadail Straitéisigh a dheonú do thionscadail a chuirfidh tríú tír chun feidhme i gcoinne thoil a rialtais agus, dá bhrí sin, níor cheart dó déanamh amhlaidh i gcás ina gcuirfeadh rialtas tríú tír ina choinne. |
|
(15) |
Chun mí-úsáid an aitheantais mar Thionscadal Straitéiseach a chosc, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta a chinneadh tosaigh a aisghairm maidir le haitheantas a thabhairt do thionscadal mar thionscadal straitéiseach mura gcomhlíonann sé na coinníollacha a thuilleadh nó má bhí an t-aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart. Sula bhféadfaidh sé é sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBord agus éisteacht leis an tionscnóir tionscadail. Ba cheart do thionscnóirí tionscadail leanúint de bheith go hiomlán faoi dhliteanas as aon mheabhlaireacht d’aon ghnó, agus féadfaidh siad a bheith faoi réir imeachtaí breithiúnacha comhfhreagracha a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(16) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá siad maidir le slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach a áirithiú, ba cheart a mheas go dtéann Tionscadail Straitéiseacha chun leasa an phobail nó chun leasa na slándála poiblí. Tá sé ríthábhachtach slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach a áirithiú chun go n-éireoidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach chomh maith le hathléimneacht earnálachana cosanta agus an spáis. Chun rannchuidiú le slándáil soláthair amhábhar straitéiseach san Aontas, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht i nósanna imeachta náisiúnta deonaithe ceadanna chun dlús a chur le Tionscadail Straitéiseacha a bhaint amach i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
(17) |
Áirithítear le próisis náisiúnta deonaithe ceadanna go mbeidh tionscadail amhábhar sábháilte, slán agus go gcomhlíonann siad ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta. Le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, leagtar síos coinníollacha comhchoiteanna maidir le próiseas agus ábhar na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, rud a áirithíonn ardleibhéal cosanta comhshaoil agus a éascaíonn saothrú inbhuanaithe acmhainneacht an Aontais feadh an tslabhra luacha amhábhar. Dá bhrí sin, ba cheart stádas an Tionscadail Straitéisigh a bheith gan dochar d’aon choinníoll is infheidhme maidir le ceadú na dtionscadal ábhartha, lena n-áirítear na coinníollacha sin a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i dTreoir 92/43/CEE (7) ón gComhairle, i dTreoir 2000/60/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dTreoir 2010/75/AE (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir 2004/35/CE (10) Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dTreoir 2009/147/CE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i dTreoir 2006/21/CE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(18) |
Ag an am céanna, le hintuarthacht, castacht agus, uaireanta, fad iomarcach na bpróiseas náisiúnta deonaithe ceadanna, baintear an bonn den tslándáil infheistíochta is gá chun tionscadail amhábhar straitéiseach a fhorbairt go héifeachtach. Dá bhrí sin, lena gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus dlús a chur leis, ba cheart do na Ballstáit nós imeachta cuíchóirithe agus intuartha um cheada a chur i bhfeidhm maidir le Tionscadail Straitéiseacha. Chuige sin, ba cheart stádas tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail leasa choitinn chun cóireáil mhear riaracháin agus cóireáil phráinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitithe díospóide a bhaineann leo. Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar údaráis inniúla an ceadú a chuíchóiriú do thionscadail eile maidir leis an slabhra luacha amhábhar criticiúil nach Tionscadail Straitéiseacha iad. |
|
(19) |
I bhfianaise a róil maidir le slándáil soláthair an Aontais le haghaidh amhábhair straitéiseacha a áirithiú, agus i bhfianaise a mhéid a chuireann siad le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart don údarás ceadúcháin atá freagrach a mheas go dtéann Tionscadail Straitéiseacha a bheith ar mhaithe le leas an phobail agus leis an tslándáil phoiblí. Tionscadail Straitéiseacha a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol, a mhéid a thagann sé faoi raon feidhme Threoir 2000/60/CE, Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus Threoir 2009/147/CE (13) féadfar iad a údarú i gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceadúcháin atá freagrach, bunaithe ar a mheasúnú de réir an cháis, go sáraíonn an leas poiblí ar a bhfreastalaíonn an tionscadal na tionchair sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha go léir a leagtar amach sna Treoracha sin. Ba cheart sainiúlacht gheolaíoch na suíomhanna eastósctha a chur san áireamh go cuí sa mheasúnú cás ar chás, rud a chuireann srian le cinntí maidir le suíomh toisc nach ann do réitigh mhalartacha ar láithreáin eastósctha. |
|
(20) |
Chun an chastacht sa phróiseas ceadanna a laghdú agus chun an éifeachtúlacht agus an trédhearcacht ann a mhéadú, ba cheart go mbeadh thionscnóirí tionscadal a dhéanann tionscadail amhábhar criticiúil ábalta idirghníomhú le húdarás náisiúnta aonair atá freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna ina iomláine a éascú agus a chomhordú agus i gcás Tionscadail Straitéiseacha eiseoidh sé cinneadh cuimsitheach laistigh den teorainn ama is infheidhme. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta aonair a ainmniú. Ba cheart cásoifigeach a chuireann pointe teagmhála éasca ar fáil a shannadh. D’fhéadfadh an cásoifigeach ceaptha sin a bheith mar chuid d’údarás eile freisin maidir le struchtúir náisiúnta éagsúla an ionaid ilfhreastail. Más gá, i bhfianaise eagraíocht inmheánach Ballstáit, ba cheart go mbeifí ábalta cúraimí an údaráis inniúil náisiúnta a tharmligean chuig údarás eile, faoi réir na gcoinníollacha céanna. Gan difear a dhéanamh do luas na n-imeachtaí, ba cheart don údarás inniúil ainmnithe a bheith in ann tuairim agus rannpháirtíocht aireachtaí inniúla eile a iarraidh. Chun cur chun feidhme éifeachtach a fhreagrachtaí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pearsanra agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá n-údarás inniúil náisiúnta, nó d’aon údarás atá ag gníomhú thar a cheann. |
|
(21) |
Chun soiléireacht a áirithiú maidir le stádas ceadaithe na dTionscadal Straitéiseach agus chun éifeachtacht mí-úsáide féideartha as an dlíthíocht a theorannú, agus gan an bonn a bhaint d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar aon díospóid a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le Tionscadail Straitéiseacha a réiteach go tráthúil. Chuige sin, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ag iarratasóirí agus ag tionscnóirí tionscadail ar nós imeachta simplí um réiteach díospóide agus go dtabharfar cóireáil phráinneach do thionscadail straitéiseacha i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitigh díospóidí a bhaineann leis nationscadail. Ina theannta sin, ba cheart go n-éascódh an Rialachán seo malartú dea-chleachtas chun díospóidí a réiteach, amhail meithleacha ad hoc faoi eadránaithe neodracha chun saincheisteanna oscailte a réiteach. |
|
(22) |
Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta i dtaca le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do na ceanglais faisnéise agus do na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh. Go sonrach, ba cheart a áirithiú gur féidir le tionscnóirí tionscadail Tionscadail Straitéisigh rochtain a fháil ar aon nós imeachta a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna ar líne agus é a chomhlánú go hiomlán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/1724 agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis. |
|
(23) |
Chun an tslándáil agus an tsoiléireacht is gá chun méadú a dhéanamh ar fhorbairt an Tionscadail Straitéisigh a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí eile, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna a bhaineann le tionscadail den sórt sin thar an teorainn ama réamhshocraithe. I gcás Tionscadail Straitéiseacha nach mbaineann ach le próiseáil nó le hathchúrsáil, níor cheart go mairfeadh an próiseas deonaithe ceadanna níos mó ná 1 bhliain. I gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh, áfach, níor cheart go mairfeadh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná 2 bhliain, agus castacht agus méid na dtionchar féideartha i gceist á gcur san áireamh. Chun na teorainneacha ama sin a bhaint amach go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní agus pearsanra leordhóthanacha ag na húdaráis fhreagracha. Tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear an acmhainn riaracháin a bhaineann le ceadú náisiúnta a neartú. |
|
(24) |
Tá na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais ina gcuid dhílis den phróiseas deonaithe ceadanna maidir le tionscadal amhábhar, lena n-áirítear i ndáil le huisce, gnáthóga agus éin, agus is cosaint fhíor-riachtanach iad lena áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a chosc nó a íoslaghdú. Chun a áirithiú go bhfuil na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha intuartha agus tráthúil agus nach sáraíonn siad an teorainn ama réamhshocraithe le haghaidh céim ar leith sa phróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar na measúnuithe agus na húdaruithe is gá agus gan leibhéal na cosanta comhshaoil a ísliú. I ndáil leis sin, ba cheart a áirithiú go ndéantar an measúnú riachtanach a chuachadh chun forluí neamhriachtanach a chosc agus ba cheart a áirithiú go n-aontóidh tionscnóirí tionscadail agus údaráis fhreagracha go sainráite faoi raon feidhme an mheasúnaithe chuachtaithe sula gcuirfear chun feidhme é chun bearta leantacha neamhriachtanacha a chosc, gan dochar do cháilíocht na measúnuithe sin. |
|
(25) |
Is féidir le coinbhleachtaí úsáide talún bacainní a chruthú ar imscaradh tionscadal amhábhar criticiúil, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, áit ar gné choiteann d’oibríochtaí mianadóireachta é díshealbhú éigeantach. Pleananna dea-dheartha, atá bunaithe ar dhlúthchomhar a bhfuil bonn cirt leis idir na húdaráis inniúla ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear pleananna spáis agus criosú, ina gcuirtear san áireamh an acmhainn le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil a chur chun feidhme agus a ndéantar measúnú ar a dtionchair fhéideartha ar an gcomhshaol, d’fhéadfadh siad a bheidh ina gcuidiú le hearraí agus leasanna poiblí a chothromú, rud a laghdóidh an riosca coinbhleachta agus a chuirfidh dlús le cur chun feidhme inbhuanaithe tionscadal amhábhar san Aontas agus i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis fhreagracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla smaoineamh ar fhorálacha maidir le tionscadail amhábhar a chur san áireamh agus pleananna ábhartha á bhforbairt acu. |
|
(26) |
Laistigh den Aontas, is minic a bhíonn deacrachtaí ag tionscadail amhábhar criticiúil maidir le rochtain ar mhaoiniú. Is minic a bhíonn ardluaineacht praghsanna, agaí tionscanta fada, comhchruinniú ard agus teimhneacht i gceist le margaí amhábhar criticiúil. Ina theannta sin, éilíonn maoiniú don earnáil ardleibhéal saineolais agus ionstraimí airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leo infheistíochtaí a dhí-rioscú, amhail cistí amhábhar, faoiseamh cánach, ráthaíochtaí airgeadais, deontais nó bearta eile airgeadais um maolú riosca atá in easnamh go minic i measc institiúidí airgeadais. Chun na tosca sin a shárú agus chun cur lena áirithiú go mbeidh soláthar cobhsaí iontaofa amhábhar straitéiseach ann, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún dul i ngleic le constaicí i dtéarmaí beartas agus cuidiú a thabhairt maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar a thacaíocht riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit gealltanais chomhshaoil, shóisialta agus saothair arna nglacadh ag na tionscnóirí tionscadail ábhartha a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le tacaíocht airgeadais. Chun a bheith iomaíoch, nuálach agus athléimneach, agus chun a bheith in ann dlús a chur lena tháirgeadh, lena phróiseáil agus lena athchúrsáil chomh maith lena acmhainneachtaí ionadaíochta, ní mór don ghníomh um amhábhair chriticiúla rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach araon. Sa phráinn a bhaineann le gníomhú agus chun na tagarmharcanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, tá sé chomh tábhachtach céanna a áirithiú go leanfaidh beartais chothrománacha eile, amhail tionscnaimh maidir le maoiniú inbhuanaithe, de bheith comhsheasmhach le hiarrachtaí an Aontais rochtain leordhóthanach thionscal na n-amhábhar criticiúil ar mhaoiniú agus ar infheistíocht a éascú. |
|
(27) |
Ní féidir slabhra luacha láidir a chruthú san Eoraip ach le hacmhainní airgeadais leordhóthanacha amháin. Oibreoidh an Coimisiún le comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU chun bealaí a lorg chun tacaíocht d’infheistíocht a mhéadú i gcomhréir leis na cuspóirí comhchoiteanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/523 (15) agus sa Rialachán seo. Is féidir le Mol Comhairleach InvestEU cur le bailiú píblíne tionscadal inmharthana. |
|
(27a) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart sineirgí a fheabhsú le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi láthair ón Aontas agus ó na Ballstáit trí chláir agus gníomhaíochtaí sa taighde agus nuálaíocht (T & N) i ndáil le hamhábhair chriticiúla agus i bhforbairtí cuid den slabhra soláthair, go háirithe an Clár Réime Fís Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (Fís Eorpach) agus Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (17). |
|
(28) |
Chun teorainneacha na n-iarrachtaí ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha reatha a bhíonn ilroinnte go minic a shárú, comhtháthú agus toradh ar infheistíocht a éascú, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do bhainc cur chun cinn comhordú agus sineirgí a chruthú ar bhealach níos fearr idir na cláir um maoiniú atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ba cheart dóibh comhordú agus comhar níos fearr leis an tionscal agus le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart foghrúpa tiomnaithe den Bhord a bhunú ina dtabharfar le chéile saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chomh maith le hinstitiúidí airgeadais poiblí ábhartha. Ba cheart don fhoghrúpa sin plé a dhéanamh ar riachtanais mhaoiniúcháin aonair na dTionscadal Straitéiseach agus ar na féidearthachtaí maoiniúcháin a bhaineann leo cheana chun moladh a thabhairt do thionscnóirí tionscadail maidir leis an mbealach is fearr le rochtain a fháil ar na féidearthachtaí maoiniúcháin atá ann cheana. Agus moltaí á bplé agus moltaí á ndéanamh acu maidir le maoiniú Tionscadal Straitéiseach i dtríú tíortha, lena n-áirítear margaí atá ag teacht chun cinn agus tíortha atá i mbéal forbartha, ba cheart don Choimisiún agus don Bhord, i gcomhar leis na tíortha comhpháirtíochta ionchasacha, tosaíocht a thabhairt do Thionscadail Straitéiseacha faoin straitéis Global Gateway, agus comhordú a dhéanamh le hinstitiúidí airgeadais forbartha náisiúnta agus idirnáisiúnta (18). |
|
(28a) |
Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun T&N maidir le hamhábhair chriticiúla a chothú agus chun tacú leo, ós rud é go mbeidh buntaighde ríthábhachtach chun ábhair nua agus ábhair ionadacha a aimsiú. |
|
(28b) |
Tá gá le hionstraimí sonracha airgeadais agus tacaíochta agus cistí spriocdhírithe T&N chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ionadú, próisis athchúrsála agus timthriallta ábhair iata ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí chláir T&N agus ionstraimí eile chun borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe maidir le próiseáil dramhaíola, ábhair shárfhorbartha agus ionadú, agus chun teicneolaíochtaí nua agus nuálacha a fhorbairt i réimse na mianadóireachta inbhuanaithe d’amhábhair chriticiúla san Aontas. |
|
(29) |
Tá infheistíocht phríobháideach arna ndéanamh ag cuideachtaí, infheisteoirí airgeadais agus ceannaitheoirí fíor-riachtanach. I gcás nach leor infheistíocht phríobháideach amháin, d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith ag teastáil chun tionscadail feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí, iasachtaí nó infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí cuasachothromais. D’fhéadfadh Státchabhair a bheith i gceist leis an tacaíocht phoiblí sin. Ní mór éifeacht dreasachta a bheith leis an gcabhair sin, ní mór gá a bheith leis an gcabhair sin agus ní mór di a bheith iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte státchabhrach atá ann cheana, a ndearnadh grinn-athbhreithniú orthu le déanaí i gcomhréir le cuspóirí an dá aistriú, soláthraítear go leor féidearthachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil agus le cuspóirí eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart don Choimisiún breithniú breise a dhéanamh ar an bhféidearthacht ciste tiomnaithe a bhunú ar leibhéal an Aontais, mar shampla i bhfoirm Ciste Eorpach le haghaidh Amhábhair Straitéiseacha lena n-áirítear ionstraimí imrothlacha a bhreithniú, nó tacaíocht airgeadais a chur i leataobh trí athbheartú i leith cistí faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Ba cheart eolas atá ann cheana, ardáin infheistíochta agus píblínte maidir le tionscadail amhábhar criticiúil a úsáid sa chomhthéacs sin. |
|
(30) |
Úsáidtear tacaíocht phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha sonracha sainaitheanta agus níor cheart, de thoradh gníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú, bac a chur ar chomhar idir cuideachtaí ó Bhallstáit éagsúla, ná an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart gníomhaíochtaí a bheith spriocdhírithe agus éifeachtúil agus ba cheart breisluach soiléir a bheith acu don Aontas. |
|
(31) |
Mar gheall ar phraghsanna luaineacha maidir le roinnt amhábhar straitéiseach, a dhéantar níos measa mar gheall ar an mbealach teoranta atá ann chun iad a fhálú ar réamh-mhargaí, cruthaítear constaic do thionscnóirí tionscadail maidir le maoiniú a fháil i gcomhair tionscadail amhábhar straitéiseach agus i gcomhair tomhaltóirí iartheachtacha a lorgaíonn praghsanna cobhsaí agus intuartha a fháil le haghaidh príomh-ionchur. D’fhonn an éiginnteacht maidir le praghsanna ar amhábhair straitéiseacha amach anseo a laghdú, is gá foráil a dhéanamh maidir le córas a chur ar bun lena gcuirfear ar chumas ceannaitheoirí a bhfuil suim acu ann agus tionscnóirí Tionscadal Straitéiseach araon a dtairiscintí ceannaigh nó díola a chur in iúl agus iad a chur i dteagmháil le chéile i gcás ina bhféadfadh na tairiscintí faoi seach a bheith comhoiriúnach. Tá an córas sin bunriachtanach chun rannpháirtíocht FBManna i slabhraí luacha na n-amhábhar straitéiseach a chothú. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil chun cuibhreannais ghnó a chumasú rochtain a fháil ar mhargaí nach bhfuil cumhdaithe go fóill ag Comhpháirtíocht Straitéiseach nó ag comhaontú saorthrádála. |
|
(31a) |
Ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta, i gcomhaontú leis an mBord, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, iniúchadh a dhéanamh ar Shaoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin de chuid an Aontais a chur ar bun lena gcuirfear ar chumas ghnóthais an Aontais infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a rannchuidíonn leis na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach. |
|
(32) |
Forbraíodh an t-eolas agus an mhapáil atá ann cheana ar tharluithe amhábhar an Aontais tráth nach raibh sé ina thosaíocht soláthar amhábhar criticiúil a áirithiú chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt. Chun faisnéis a fháil agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis na tarluithe amhábhar criticiúil, lena n-áirítear an acmhainneacht a bhaineann le heastóscadh geoiteirmeach , ba cheart do na Ballstáit cláir náisiúnta a tharraingt suas chun iniúchadh ginearálta a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla agus ar miotail iompróra a bhféadfadh amhábhair chriticiúla a bheith iontu , ar cheart go n-áireofaí leo beart amhail mapáil mianraí, feachtais gheocheimice, suirbhéanna geo-eolaíochta chomh maith le hathphróiseáil tacar sonraí geo-eolaíocha atá ann cheana. Baineann ardriosca airgeadais le tarluithe mianraí a aithint agus measúnú a dhéanamh ar an inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch a bhaineann lena n-eastóscadh. Chun an riosca sin a laghdú agus forbairt tionscadal eastósctha a éascú, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear le linn a gclár taiscéalaíochta náisiúnta féin a chur ar fáil go poiblí, i gcás inarb iomchuí, trí úsáid a bhaint as creat an Bhonneagair d’Fhaisnéis Spáis arna bhunú le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). |
|
(32a) |
Chun na spriocanna eastósctha, próiseála agus athchúrsála a chumasú, ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas atá ag mic léinn agus céimithe geo-eolaíochta san Aontas. |
|
(33) |
Le sonraí agus seirbhísí spáis a dhíorthaítear ó fhaire na cruinne agus córais GNSS, go háirithe na córais a dhíorthaítear ó Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh, ó Copernicus, ó Galileo agus ó EGNOS, ba cheart iad a úsáid a mhéid is féidir chun tacú leis na hiarrachtaí i dtreo slabhraí luacha amhábhar criticiúil inbhuanaithe trí shreabhadh leanúnach faisnéise a sholáthar, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do ghníomhaíochtaí amhail faireachán agus bainistiú ar limistéir mhianadóireachta, an measúnú tionchair comhshaoil agus socheacnamaíoch, nó taiscéalaíocht acmhainní mianraí. Ós rud é gur féidir sonraí a sholáthar freisin ó shonraí agus seirbhísí spáis faoi limistéir iargúlta agus neamh-inrochtana, ba cheart do na Ballstáit í a chur san áireamh a mhéid is féidir agus a gcláir náisiúnta taiscéalaíochta á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme acu. |
|
(34) |
Cé go bhfuil gá le slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a threisiú chun slándáil an tsoláthair a mhéadú, beidh slabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil fós ina gcinn dhomhanda agus beidh siad neamhchosanta ar thosca seachtracha. Maidir le himeachtaí a tharla le déanaí nó atá ar siúl faoi láthair, idir ghéarchéim COVID-19 agus an t-ionsaí míleata gan chúis i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le tionchar Thionscnamh Chrios agus Bhóthar na Síne ar thríú tíortha, leag siad béim ar a leochailí atá cuid de shlabhraí soláthair an Aontais ar shuaitheadh agus a phráinní atá sé seifteanna a shainaithint chun an t-éileamh a mhaolú, go háirithe maidir le hamhábhair straitéiseacha. Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus na tionscail Eorpacha ábalta suaitheadh soláthair a réamh-mheas agus go mbeidh siad ullmhaithe chun na hiarmhairtí a bheidh leo a sheasamh, ba cheart bearta a fhorbairt chun an acmhainneacht faireacháin a mhéadú, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú chun stoic straitéiseacha a chomhordú i gcás inar gá, agus ullmhacht cuideachtaí a neartú. |
|
(35) |
Níl an acmhainn chéanna ag na Ballstáit nuair a bhaineann sé le feasacht faoi riosca agus réamh-mheas riosca, agus níl struchtúir thiomnaithe forbartha ag na Ballstáit go léir lena ndéantar faireachán ar shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil agus ar féidir cuideachtaí a chur ar an eolas leo faoi rioscaí féideartha go mbeidh suaitheadh soláthair ann. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhfuil infheistíocht déanta ag roinnt cuideachtaí i bhfaireachán a slabhraí soláthair, níl sé d’acmhainn ag cuideachtaí eile é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, i bhfianaise ghné domhanda shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil agus i bhfianaise a gcastachta, ba cheart don Choimisiún deais faireacháin thiomnaithe a fhorbairt lena ndéanfar measúnú ar rioscaí soláthair amhábhar criticiúil agus lena n-áiritheofar infhaighteacht na faisnéise a bhailítear ar fáil d’údaráis phoiblí agus do ghníomhaithe príobháideacha, agus ar an dóigh sin méadófar sineirgí i measc na mBallstát. Lena áirithiú go mbeidh slabhraí luacha an Aontais ullmhaithe a ndóthain i gcoinne suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh tarlú, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis a dhéanamh lena ndéanfaí measúnú ar leochaileacht na slabhraí soláthair na n-amhábhar straitéiseach agus ar a neamhchosaint ar rioscaí soláthair. Ba cheart do na Ballstáit cur leis an gcleachtadh sin trí thástálacha struis den sórt sin a dhéanamh, nuair is féidir, trína ngníomhaireachtaí náisiúnta soláthair agus faisnéise a chumhdaíonn amhábhair chriticiúla. Ba cheart don Bhord a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú ar chur chun feidhme na dtástálacha struis. Nuair nach bhfuil sé d’acmhainn ag aon Bhallstát an tástáil struis a theastaíonn a dhéanamh ar amhábhar straitéiseach ar leith, ba cheart don Choimisiún í a dhéanamh é féin. Ba cheart don Choimisiún straitéisí féideartha a mholadh freisin ar féidir leis na húdaráis phoiblí agus le gníomhaithe príobháideacha iad a ghlacadh chun rioscaí soláthair a mhaolú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, amhail bearta beartais breise a chur chun feidhme chun an gá atá lehamhábhair straitéiseacha a laghdú stoic straitéiseacha a fhorbairt nó lena soláthar a éagsúlú tuilleadh Chun an fhaisnéis a bhailiú is gá chun na bearta faireacháin agus tástálacha struis a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh le buan-fhoghrúpa ábhartha an Bhoird agus ba cheart do na Ballstáit cuideachtaí móra atá tábhachtach d’fheidhmiú an tslabhra luacha a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Nuair nach bhfuil sé d’acmhainn ag aon bhall den bhuan-fhoghrúpa an tástáil struis is gá a dhéanamh ar amhábhar straitéiseach ar leith, ba cheart don Choimisiún í a dhéanamh é féin. |
|
(36) |
Is uirlis thábhachtach iad stoic straitéiseacha chun suaitheadh soláthair a mhaolú, go háirithe le haghaidh amhábhar. Cé go n-éascaítear leis an Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair atá beartaithe forbairt fhéideartha a dhéanamh ar stoic den sórt sin i gcás modh airdill an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú, níl oibleagáidí ar na Ballstáit ná ar chuideachtaí a stoic straitéiseacha a fhorbairt nó a chomhordú roimh shuaitheadh soláthair. Ina theannta sin, níl aon sásra comhordúcháin ar fud an Aontais Eorpaigh lena n-éascaítear measúnú comhchoiteann a fhorbairt agus anailís a dhéanamh ar fhorluí agus ar shineirgí féideartha. Dá bhrí sin, mar chéad chéim, agus an easpa faisnéis ábhartha atá ann faoi láthair á cur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoina stoic straitéiseacha, bíodh siad á n-oibriú ag údaráis phoiblí nó ag oibreoirí eacnamaíocha thar ceann na mBallstát. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin an leibhéal stoic atá ar fáil in aghaidh an amhábhair straitéisigh, ionchas na leibhéal stoic, agus na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis na stoic sin. Ba cheart go mbeadh aon iarratas comhréireach, ba cheart aird a thabhairt ann ar an gcostas agus ar an iarracht a theastaíonn chun na sonraí a chur ar fáil chomh maith lena thionchar ar an tslándáil náisiúnta, agus ba cheart teorainneacha ama iomchuí a leagan amach chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Féadfar faisnéis faoi stoic na n-oibreoirí eacnamaíocha a chur leis an anailís, cé nach ionann é sin agus iarraidh ar fhaisnéis fúthu. Ba cheart don Choimisiún na sonraí a láimhseáil ar bhealach slán, agus níor cheart dó faisnéis a fhoilsiú ach ar leibhéal comhiomlán amháin. Mar dara céim, bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas, ba cheart don Bhord leibhéal sábháilte stoc de chuid an Aontais a léiriú, agus tomhaltas bliantúil iomlán na n-amhábhar straitéiseach lena mbaineann á chur san áireamh ag an Aontas. Bunaithe ar chomparáid idir stoic atá ann cheana agus leibhéil fhoriomlána na stoc straitéiseach le haghaidh amhábhair straitéiseacha ar fud an Aontais, ba cheart don Bhord, ag gníomhú dó i gcomhaontú leis an gCoimisiún, a bheith ábalta tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint chuig na Ballstáit maidir le conas coinbhéirseachtaí a mhéadú agus iad a spreagadh chun a gcuid stoc straitéisí a fhorbairt, agus saobhadh an mhargaidh á sheachaint, agus saobhadh an mhargaidh á sheachaint, lena n-áirítear chun dochair do mhargaí atá ag teacht chun cinn agus do thíortha atá i mbéal forbartha. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart don Bhord an gá atá le dreasachtaí a choinneáil maidir le stoic straitéiseacha arna bhforbairt ag oibreoirí príobháideacha a úsáideann amhábhair straitéiseacha a bhreithniú. |
|
(37) |
Chun comhordú breise a áirithiú, ba cheart don Choimisiún comhairliúchán riachtanach a áirithiú roimh rannpháirtíocht na mBallstát i bhfóraim idirnáisiúnta inar féidir stoic straitéiseacha den sórt sin a phlé, go háirithe trí bhuan-fhoghrúpa tiomnaithe an Bhoird. Mar an gcéanna, d’fhonn comhlántacht a mhéadú idir an togra seo agus ionstraimí cothrománacha nó ionstraimí ábhair-shonracha eile, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis a bailíodh agus a comhiomlánaíodh ar aghaidh chuig sásraí rialachais airdill nó géarchéime, amhail grúpa comhairleach na hIonstraime Éigeandála don Mhargadh Aonair atá beartaithe, Bord Eorpach Leathsheoltóirí an Ghnímh im Shliseanna atá beartaithe, Bord HERA nó an Bord um Ghéarchéim Sláinte. |
|
(38) |
Chun a áirithiú go mbeidh siad ullmhaithe a ndóthain chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh soláthair, ba cheart do chuideachtaí móra a mhonaraíonn teicneolaíochtaí straitéiseacha san Aontas a úsáideann amhábhair straitéiseachabainistiú riosca inmheánach iomchuí a áirithiú. Áiritheofar leis sin go gcuirfidh siad san áireamh na rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair straitéiseacha agus go bhforbróidh siad straitéisí iomchuí um maolú le go mbeidh siad ullmhaithe níos fearr i gcás suaitheadh soláthair. Mar an gcéanna, ba cheart do na cuideachtaí móra a thagann faoin raon feidhme sin tástálacha struis rialta a dhéanamh ar a slabhraí soláthair straitéiseacha amhábhar lena áirithiú go mbreithneoidh siad gach cás éagsúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar i gcás suaite. Mar thoradh ar na bearta sin tabharfar breithnithe breise ar chostais na rioscaí soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(39) |
Níl go leor margaí le haghaidh amhábhair straitéiseacha go hiomlán trédhearcach agus dírítear iad ar thaobh an tsoláthair, rud a mhéadaíonn cumhacht idirbheartaíochta na ndíoltóirí agus a mhéadaíonn praghsanna do na ceannaitheoirí, rud a chruthaíonn dúshlán don mhargadh. Chun cuidiú le hinfhaighteacht amhábhair do ghnóthais atá bunaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún córas a chur ar bun trína mbeifear ábalta éileamh na gceannaitheoirí a bhfuil suim acu iontu a chomhiomlánú. Agus an córas sin á fhorbairt aige, ba cheart don Choimisiún an taithí a fuarthas in iarrachtaí comhchosúla a chur san áireamh, go háirithe maidir le comhcheannach gáis mar a bunaíodh roimhe sinmar fhreagairt ar an ngéarchéim gáis faoi Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (20). Ba cheart d’údaráis na mBallstát a bheith ábalta páirt a ghlacadh sa chóras sin freisin chun a stoic straitéiseacha a fhorbairt. Ba cheart gach beart a ghlacfar mar chuid de sin faoin sásra sin a bheith comhoiriúnach le dlí iomaíochta an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. |
|
(39a) |
Tá tábhacht mhór eacnamaíoch agus straitéiseach ag baint le hearnáil amhábhar atá athléimneach agus iomaíoch don Aontas. I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo, eadhon acmhainneacht an Aontais maidir le heastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar straitéiseach a neartú, tá sé tábhachtach timpeallacht mhargaidh atá cothrom agus intuartha a áirithiú do ghnóthais ar fud shlabhra luacha iomlán na n-amhábhar. Dá bhrí sin, ní mór d’aon chóras, atá ceaptha an t-éileamh a chomhiomlánú chun seasamh margaidh ghnóthais an Aontais ar thaobh an éilimh a neartú, breithniú cúramach a dhéanamh ar éifeachtaí an mhargaidh ar ghnóthais an Aontais ar thaobh an tsoláthair. |
|
(40) |
Ní bheidh comhchuibhiú dlíthe agus rialachán náisiúnta i gceist leis na forálacha maidir le faireachán agus stoic straitéiseacha a áirítear sa Rialachán seo ná ní chuirtear in ionad na sásraí atá ann cheana iad. Ba cheart go mbeadh dreasachtaí faireacháin agus ullmhachta riosca i gcomhréir le hionstraimí Eorpacha. Dá bhrí sin, maidir le hionstraimí amhail togra na hIonstraime Éigeandála don Mhargadh Aonair arb é is aidhm dó géarchéim a théann i gcion ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair nó do Rialachán (AE) 2022/2372 (21) ón gComhairle a réamh-mheas, a mhaolú agus freagairt di i ndáil le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha a bhaineann le géarchéim a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh feidhm a bheith acu fós maidir le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha i gcás géarchéime nó i gcás bagartha a mhéid a thagann na hábhair sin faoi raon feidhme ionstraimí dá leithéid. Ba cheart don Choimisiún comhlántacht agus comhleanúnachas idir an Rialachán seo agus ionstraimí géarchéime a áirithiú trí mhalartú airdeallach faisnéise idir na comhlachtaí comhairleacha agus rialachais faoi seach arna mbunú leis na hionstraimí géarchéime sin trí mhalartú faisnéise. |
|
(41) |
Miotail is ea formhór na n-amhábhar criticiúil, ar féidir iad a athchúrsáil de shíor i bprionsabal, ach meathlaíonn na hairíonna corruair mar gheall air sin. Soláthraítear leis sin an fhéidearthacht bogadh i dtreo fíorgheilleagar ciorclach i gcomhthéacs an aistrithe ghlais. I ndiaidh na chéad chéime d’fhás tapa an éilimh ar amhábhar criticiúil le haghaidh teicneolaíochtaí nua, i gcás ina mbeidh eastóscadh príomhúil agus próiseáil fós mar phríomhfhoinse ina leith, ba cheart go n-éireodh athchúrsáil agus athúsáid níos tábhachtaí agus ba cheart go ndéanfaí an gá le heastóscadh príomhúil agus na tionchair ghaolmhara a laghdú léi. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá rátaí athchúrsála agus athúsáide fhormhór na n-amhábhar criticiúil íseal, lena n-áirítear mar gheall ar easpa breithnithe ar in-athchúrsáilteacht ag céim deartha na dtáirgí, agus is minic nach gcuirtear córais agus teicneolaíochtaí athchúrsála in oiriúint do shainiúlachtaí na n-amhábhar sin. Tá gá, dá bhrí sin, le gníomhaíocht lena dtugtar aghaidh ar na tosca éagsúla lena gcoinnítear siar an acmhainneacht um chiorclaíocht. Gan beann ar an méid amhábhar straitéiseach a thomhlaítear in 2030, ba cheart don Aontas díriú ar chiorclaíocht na n-amhábhar sin. |
|
(41a) |
Ní mór don Eoraip a ceannasacht straitéiseach oscailte a fheabhsú agus a hathléimneacht a mhéadú mar ullmhúchán do shuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann sa soláthar de dheasca géarchéimeanna sláinte nó géarchéimeanna eile. Má dhéantar an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainne a fhorbairt agus athchúrsáil agus aisghabháil na n-amhábhar criticiúil a mhéadú san am céanna, is fearr mar a éireoidh leis an Eoraip an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(42) |
Coinníonn na Ballstáit inniúlachtaí tábhachtacha i réimse na ciorclaíochta, mar shampla, i réimse na gcóras bailithe agus cóireála dramhaíola. Ba cheart iad sin a úsáid chun rátaí bailithe agus athchúrsála do shruthanna dramhaíola a mhéadú lena mbaineann acmhainneacht ard amhábhair chriticiúla a aisghabháil, agus úsáid á baint, mar shampla, as dreasachtaí airgeadais amhail lascainí, luach saothair airgeadaíochta nó córais aisíoctha éarlaisí agus sláine an mhargaidh inmheánaigh á caomhnú. Ba cheart d’údaráis na mBallstát difríocht a dhéanamh freisin toisc go soláthraíonn ceannaitheoirí amhábhar criticiúil agus táirgí a bhfuil amhábhair chriticiúla iontu, agus le cláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta soláthraítear acmhainní suntasacha chun staid an eolais agus na teicneolaíochta le haghaidh ciorclaíocht amhábhar criticiúil chomh maith le héifeachtúlacht ábhartha agusstraitéisí ionadaíochta a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla, eacnamaíocha agus teicniúla. Réiteach féideartha amháin ar cheart do na Ballstáit breathnú air is ea sásraí comhroinnte riosca idir oibreoirí agus an Ballstát chun téarnamh ó shaoráidí dramhaíola dúnta a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát, dea-chleachtais a thagarmharcáil agus a scaipeadh agus moltaí a thabhairt do na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí breise, i gcás inarb iomchuí. |
|
(42a) |
I ndramhaíl leictreonach tá tiúchan na n-amhábhar criticiúil ar mó a méid ná na cinn a fhaightear sna gráid mhianaigh is fearr ar fud an domhain. Is deis shuntasach eacnamaíoch é seo don mhianadóireacht uirbeach, agus tá ardacmhainneacht forbartha ag baint leis. |
|
(43) |
Tá leagáid um eastóscadh amhábhar ag an Aontas i gcuid mhaith dá réigiúin agus, dá bhrí sin, tá leagáid méideanna suntasacha de dhramhaíl eastóscach ar shaoráidí dúnta nach bhfuil anailís déanta orthu i gcoitinne aige, de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar a dtábhacht eacnamaíoch le déanaí, i gcás acmhainneacht amhábhar criticiúil. D’fhéadfadh aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráidí dramhaíola eastóscacha éifeachtaí diúltacha sóisialta agus comhshaoil gníomhaíochtaí eastóscacha nua a sheachaint agus a mhaolú, luach eacnamaíoch agus fostaíocht a chruthú i réigiúin mhianadóireachta stairiúla, a ndéanann díthionsclú agus meath difear dóibh go minic, cé go bhféadfadh ról suntasach a bheith ag na réigiúin sin maidir le hathléimneacht an Aontais a fheabhsú agus maidir le tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus shóisialta na rochtana ar amhábhair a laghdú. Tá an easpa airde agus an easpa faisnéise ar ábhar amhábhar criticiúil, go háirithe ar shaoráidí dramhaíola dúnta, ina phríomhbhacainn maidir le húsáid níos mó a bhaint as acmhainneacht amhábhar criticiúil na dramhaíola eastóscaí. |
|
(44) |
Ba cheart aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráidí dramhaíola eastóscaí a bheith ina gcuid de luachshocrú saoráidí dramhaíola ábhartha. Leagtar amach i dTreoir 2006/21/CE ardcheanglais maidir le cosaint sláinte comhshaoil agus daonna maidir le bainistíocht dramhíola an tionscail eastóscaigh. Cé gur cheart na hardcheanglais sin a choinneáil, is iomchuí bearta breise a bhunú chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a uasmhéadú. |
|
(45) |
Ba cheart d’oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí, idir shaoráidí reatha agus saoráidí nua, réamhstaidéar um measúnú eacnamaíoch a dhéanamh maidir le haisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a fhaightear ar an láithreán agus a sil-leagain agus ón dramhaíl sin atá á giniúint. I gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola a bunaíodh le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), ba cheart tús áite a thabhairt do ghiniúint dramhaíola ina bhfuil amhábhair chriticiúla a chosc, trí amhábhair chriticiúla a eastóscadh as an méid a eastóscadh sular tháinig sí chun bheith ina dramhaíl. Agus an staidéar sin á fhorbairt, ba cheart d’oibreoirí an fhaisnéis is gá a bhailiú, lena n-áirítear comhchruinnithe agus cainníochtaí amhábhar criticiúil sa dramhaíl eastóscach, agus measúnú a dhéanamh ar roghanna iomadúla maidir le próisis, oibríochtaí nó socruithe gnó lena gcumasófaí aisghabháil amhábhar criticiúil atá indéanta go teicniúilagus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Tagann an oibleagáid sin sa bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2006/21/CE agus sna dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear í agus tá sí infheidhme go díreach. Agus é á chur chun feidhme, ba cheart d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla iarracht a dhéanamh an t-ualach riaracháin a íoslaghdú agus nósanna imeachta a chomhtháthú a mhéid is féidir. |
|
(46) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an easpa faisnéise atá ann faoi láthair maidir leis an acmhainneacht amhábhar criticiúil a bhaineann le saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta, ba cheart do na Ballstáit bunachar sonraí a tharraingt suas ina mbeadh an fhaisnéis uile is ábhartha chun an téarnamh a chur chun cinn, go háirithe cainníochtaí agus comhchruinnithe amhábhar criticiúil sa tsaoráid dramhaíola eastóscaí, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí agus i bhfoirm sho-úsáidte dhigiteach, rud a éascóidh rochtain ar fhaisnéis theicniúil níos mionsonraithe. Chun rochtain sho-úsáidte ar an bhfaisnéis a éascú, ba cheart do na Ballstáit, mar shampla, pointe teagmhála a sholáthar chun malartuithe níos grinne le forbróirí ionchasacha tionscadal téarnaimh amhábhar criticiúil a éascú. Ba cheart an bunachar sonraí a dhearadh ionas gur féidir le tionscnóirí ionchasacha tionscadail saoráidí ag a bhfuil ardacmhainneacht ó thaobh athshlánú eacnamaíoch inmharthana a shainaithint go héascasa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Chun acmhainní teoranta a dhíriú, ba cheart do na Ballstáit cur chuige céimneach a leanúint maidir le bailiú faisnéise agus na céimeanna bailithe faisnéise is déine a dhéanamh do na saoráidí is mó a bhfuil gealladh fúthu amháin. Ba cheart na gníomhaíochtaí bailithe faisnéise a dhíriú ar faisnéis chruinn agus ionadaíoch a sholáthar maidir leis na saoráidí dramhaíola eastóscaí agus an léiriú is fearr is féidir ar acmhainneacht aisghabhála amhábhar criticiúil a fháil. |
|
(47) |
Ionchorpraítear buanmaighnéid i réimse leathan táirgí, agus is iad tuirbíní gaoithe agus feithiclí leictreacha na feidhmeanna is tábhachtaí agus is mó fáis ach freisin táirgí eile, lena n-áirítear feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, róbait thionsclaíocha, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuaraithe, caidéil teasa, mótair leictreacha, caidéil leictreacha thionsclaíocha, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí agus miasniteoirí ina bhfuil méideanna suntasacha ar fiú iad a aisghabháil. Tá amhábhair chriticiúla i bhformhór na mbuanmhaighnéad, go háirithe na cineálacha is feidhmiúla, mar shampla neoidimiam, praiséidimiam, diospróisiam agus teirbiam, bórón, samairiam, nicil nó cóbalt. Is féidir iad a athchúrsáil ach ní dhéantar amhlaidh san Aontas inniu ach ar scála beag nó i gcomhthéacs tionscadail taighde. Dá bhrí sin, ba cheart buanmhaighnéid a bheith ina dtáirge tosaíochta chun ciorclaíocht a mhéadú. |
|
(48) |
Réamhchoinníoll chun ciorclaíocht na maighnéid a mhéadú le haghaidh athchúrsálaithe, athchóiritheoirí agus deisitheoirí is ea go mbeidh rochtain ag athchúrsálaithe ar an bhfaisnéis is gá maidir le méid, cineál agus comhdhéanamh ceimiceach maighnéad i dtáirge, a suíomh agus an bratú, na gliúnna agus na breiseáin a úsáidtear, chomh maith le faisnéis ar conas na buanmhaighnéid a bhaint as an táirge. Ina theannta sin, chun cás gnó maidir le hathchúrsáil maighnéad a áirithiú, ba cheart méid méadaithe d’ábhair athchúrsáilte a bheith i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais le himeacht ama. Agus trédhearcacht á soláthar maidir leis an ábhar athchúrsáilte sa chéad chéim, ba cheart íosmhéid ábhair athchúrsáilte a shocrú i ndiaidh measúnú tiomnaithe a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí agus ar na tionchair dhóchúla. |
|
(49) |
Is minic a dheimhnítear amhábhair chriticiúla a dhíoltar ar mhargadh an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht a slabhra táirgthe agus soláthair. Is féidir deimhniúchán a fháil i gcomhthéacs réimse leathan scéimeanna deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha atá ar fáil lena mbaineann raonta feidhme éagsúla agus déine éagsúil, rud a chruthaíonn an fhéidearthacht go mbeadh mearbhall ann maidir le cineál agus fírinneacht na n-éileamh a dhéantar faoi inbhuanaitheacht choibhneasta na n-amhábhar criticiúil a chuirtear ar mhargadh an Aontais bunaithe ar an deimhniúchán sin. Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aithneofaí scéimeanna deimhniúcháin ar cheart a mheas gur scéimeanna cuimsitheacha agus iontaofa iad, lena soláthrófaí bonn coiteann d’údaráis agus do rannpháirtithe sa mhargadh chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht amhábhar criticiúil. Níor cheart aitheantas a thabhairt ach do scéimeanna deimhniúcháin lena gcumhdaítear réimse leathan gnéithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil, a bhaineann leis an aer, leis an ithir, leis an uisce agus leis an mbithéagsúlacht, le cearta an duine lena n-áirítear breithnithe rialachais maidir le cearta saothair lena n-áirítear trédhearcacht ghnó agus rannpháirtíocht na bpobal áitiúil, lena ráthaítear ardchaighdeáin inbhuanaitheachta, agus ina bhfuil forálacha maidir le fíorú agus faireachán neamhspleách tríú páirtí ar chomhlíonadh. Chun nósanna imeachta éifeachtúla a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do thionscnóirí tionscadal a dhéanann iarratas ar aitheantas mar Thionscadail Straitéiseacha brath ar rannpháirtíocht i scéim aitheanta lena thaispeáint go bhfuil a dtionscadal á chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe. |
|
(50) |
Bíonn tionchair ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, go háirithe ar an uisce agus ar an mbithéagsúlacht, mar thoradh ar tháirgeadh amhábhar criticiúil ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha. Chun teorainn a chur le damáiste den sórt sin agus táirgeadh amhábhar criticiúil níos inbhuanaithe a dhreasú, ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún chun córas a fhorbairt chun lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a ríomh, lena n-áirítear próiseas fíorúcháin, lena áirithiú go dtaispeánfar faisnéis faoin lorg sin go poiblí ar amhábhair chriticiúla a chuirtear ar mhargadh an Aontais faisnéis faoin lorg sin. Ba cheart an córas a bhunú ar mhodhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha i réimse an mheasúnaithe saolré a chur san áireamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le lorg comhshaoil ábhair a dhearbhú ach amháin i gcás inar cinneadh, bunaithe ar mheasúnú tiomnaithe, go gcuideodh sé le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus go mbeidh sé i gcomhréir leis na costais eacnamaíocha trí sholáthar amhábhar criticiúil a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu a éascú agus nach rachaidh sé i gcion go díréireach ar shreafaí trádála. Nuair a ghlacfar na modhanna ríomha ábhartha, ba cheart don Choimisiún aicmí feidhmíochta a fhorbairt le haghaidh amhábhair chriticiúla, agus ar an dóigh sin deis a thabhairt do cheannaitheoirí ionchasacha comparáid a dhéanamh go héasca idir lorg coibhneasta comhshaoil na n-ábhar atá ar fáil agus an margadh a spreagadh i dtreo ábhair níos inbhuanaithe. Ba cheart do dhíoltóirí amhábhar criticiúil a áirithiú go mbeidh an dearbhú maidir le lorg comhshaoil ar fáil dá gcustaiméirí. Le trédhearcacht maidir le lorg coibhneasta na n-amhábhar criticiúil a chuirtear ar mhargadh an Aontais féadfar beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a éascú freisin, amhail dreasachtaí nó critéir maidir le soláthar poiblí glas, lena gcothófar táirgeadh amhábhar criticiúil a bhfuil tionchair chomhshaoil níos ísle acu. Creidtear gur san fharraige dhomhain atá an leibhéal is airde bithéagsúlacht ar Domhan agus go gcuireann sí seirbhísí ríthábhachtacha comhshaoil ar fáil, lena n-áirítear ceapadh carbóin ar bhonn fadtéarmach. Is rídhócha go mbeidh mianadóireacht domhainfharraige ina cúis le caillteanas bithéagsúlachta buan agus damáiste don éiceachóras. I gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, níor cheart aon mhianadóireacht domhainfharraige a dhéanamh fad is nach bhfuil taighde leordhóthanach déanta ar a héifeachtaí ar an muirthimpeallacht agus ar an mbithéagsúlacht, agus fad nach bhfuil aon chomhthoil eolaíoch ann gur féidir mianadóireacht domhainfharraige a bhainistiú ar bhealach lena n-áirithítear nach gcaillfear bithéagsúlacht mhuirí ná go ndéanfar damáiste don éiceachóras. |
|
(51) |
Is bonn ábhartha iad na modhanna Lorg Comhshaoil chun na rialacha maidir le ríomh a fhorbairt. Braitheann siad ar mhodhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de ina gcuirtear oibleagáidí comhchosúla arna mbunú le reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh agus lena gcumhdaítear tionchair chomhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus tionchair a bhaineann le huisce, aer, ithir, acmhainní, úsáid talún agus tocsaineacht. |
|
(52) |
Ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí freagracha measúnú ar chomhréireacht a dtáirgí nó a n-ábhar leis na ceanglais maidir le ciorclaíocht buanmhaighnéad a fheabhsú agus maidir le lorg comhshaoil amhábhar criticiúil a dhearbhú sula gcuirfear ar an margadh iad agus go ndéanfaidh údaráis náisiúnta inniúla na ceanglais sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Na forálacha comhréireachta agus faireachais margaidh arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2019/1020 agus Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir leis na ceanglais sin. Lena áirithiú tuilleadh go mbainfear an úsáid is fearr as na creataí atá ann cheana, ba cheart a áirithiú, i gcás táirgí atá faoi réir cineálcheadaithe faoi Rialachán (AE) 2018/858 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, go ndéanfar comhlíonadh a fhorfheidhmiú tríd an gcóras cineálcheadaithe atá ann cheana. |
|
(53) |
Ba cheart don Choimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú mar thaca le cuspóirí an Rialacháin seo. |
|
(54) |
Tá Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha tugtha i gcrích ag an Aontas a chumhdaíonn amhábhair le tríú tíortha chun Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAmhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme. Chun an soláthar a éagsúlú, ba cheart na hiarrachtaí sin a threisiú agus ba cheart bunú Tionscadal Straitéiseach a bheith mar thoradh orthu. Creat comhleanúnach a fhorbairt agus a áirithiú chun comhpháirtíochtaí a bheidh ann amach anseo a thabhairt i gcrích agus chun taidhleoireacht Eorpach maidir le hamhábhair a fhorbairt i gcomhréir le taidhleoireacht fuinnimh agus aeráide an Aontais. ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, mar chuid dá n-idirghníomhaíocht ar an mBord, plé, anailís a dhéanamh agus comhordú a áirithiú maidir le, inter alia, i dtaobh an mbaineann na comhpháirtíochtaí atá ann cheana na haidhmeanna atá beartaithe amach, tús áite a thabhairt do thríú tíortha le haghaidh comhpháirtíochtaí nua, ábhar na gcomhpháirtíochtaí sin agus a gcomhleanúnachas agus a sineirgí féideartha idir comhar déthaobhach na mBallstát le tríú tíortha ábhartha agus rochtain leordhóthanach ar mhaoiniú a bheith ar fáil. Ba cheart don Aontas comhpháirtíochtaí comhthairbheacha agus inbhuanaithe a lorg leis na tríú tíortha sin, lena n-áirítear le geilleagair mhargaidh atá ag teacht chun cinn agus le geilleagair atá i mbéal forbartha (EMDE), i gcomhréir lena straitéis Global Gateway, a chur chuige Foireann na hEorpa, an comhbheartas tráchtála agus agus a bheartas forbartha agus eachtrach, ar nithe iad a chuireann le héagsúlú a shlabhra soláthair amhábhar agus a chuireann luach leis an táirgeadh sna tíortha sin. Ba cheart tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh freisin infheistíocht a dhéanamh i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leo agus atá rannpháirteach sa mhargadh inmheánach, i dtíortha is iarrthóirí nó i dtríú tíortha atá ar aon intinn leo agus nach gcumhdaítear le Comhpháirtíocht Straitéiseach ná le comhaontú saorthrádála. Ba cheart go n-áireofaí ar na leasanna frithpháirteacha sin caighdeáin chomhshaoil, cosaint shóisialta agus cosaint chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint i gcomhréir leis an reachtaíocht idirnáisiúnta agus náisiúnta, agus lánurraim á tabhairt do rialacha comhair iltaobhaigh. |
|
(54a) |
Ní mór do thosaíocht straitéiseach an Aontais a sholáthar amhábhar criticiúil a éagsúlú a bheith ina tosaíocht i ngníomhaíocht sheachtrach agus taidhleoireacht an Aontais faoi chuimsiú chur chuige Fhoireann na hEorpa agus i gcomhréir lena bheartas seachtrach fuinnimh agus aeráide. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartas seachtrach amhábhar an Aontais míniú a thabhairt ar chur chuige an Aontais maidir le héifeachtúlacht acmhainní, inbhuanaitheacht, ciorclaíocht agus ionadú agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis freisin fóraim idirnáisiúnta a chruthú agus, más gá, fóraim idirnáisiúnta a chruthú ar mhaithe le comhordú agus trédhearcacht níos fearr i margaí domhanda na n-amhábhar mar aon le hardáin le haghaidh ceannach comhpháirteach. |
|
(55) |
Chun tacú le cur chun feidhme na gcúraimí a bhaineann le Tionscadail Straitéiseacha a fhorbairt agus lena maoiniú, lena gcláir taiscéalaíochta, lena gcumais faireacháin nó lena stoic straitéiseacha agus chun comhairle iomchuí a thabhairt don Choimisiún, ba cheart Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a bhunú. Ba cheart an Bord a bheith comhdhéanta de Bhallstáit, d’ionadaí ón gCoimisiún agus de chuid an Choimisiúin, agus a bheith in ann rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus páirtithe eile a áirithiú mar bhreathnóirí amhail an lucht acadúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí eile de chuid an Aontais agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. Chun an saineolas is gá a fhorbairt chun cúraimí áirithe a chur chun feidhme, ba cheart don Bhord buanghrúpaí a bhunú maidir le maoiniú, taiscéalaíocht, faireachán agus stoic straitéiseacha agus ar an inbhuanaitheacht, ar cheart dóibh gníomhú mar líonra trí na húdaráis náisiúnta ábhartha éagsúla a bhailiú agus, nuair is gá, dul i gcomhairle leis an lucht tionscail, leis an lucht acadúil, leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe ábhartha eile. Ba cheart go mbeadh comhairle agus tuairimí an Bhoird neamhcheangailteach agus níor cheart go gcuirfeadh easpa comhairle nó tuairime den sórt sin cosc ar an gCoimisiún a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. |
|
(56) |
D’fhéadfadh sé gur léiriú é an éagmais dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí, lena n-áirítear an acmhainn agus na tagarmharcanna um éagsúlú, go bhfuil gá le bearta breise a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin. |
|
(57) |
Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, a íoslaghdú, ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe éagsúla a chuíchóiriú agus ba cheart don Choimisiún teimpléad a fhorbairt lena gceadófar do na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe maidir le tionscadail, taiscéalaíocht agus faireachán a chomhlíonadh laistigh de dhoiciméad aonair a fhoilsítear go rialta, agus d’fhéadfadh an doiciméad sin a bheith rúnda nó srianta. |
|
(58) |
Chun comhar iontaofa inchiallaithe a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú. Níor cheart don Choimisiún ná do na húdaráis inniúla náisiúnta, a n-oifigigh, a seirbhísigh shibhialta ná daoine eile atá ag oibriú faoi mhaoirseacht na n-údarás sin ná oifigigh agus státseirbhísigh údaráis eile de chuid na mBallstát faisnéis a nochtadh arna fáil nó arna malartú acu de bhun an Rialacháin seo agus den chineál a chumhdaítear faoin oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir leis an mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla. Ba cheart na sonraí a láimhseáil agus a stóráil i dtimpeallacht shábháilte. |
|
(59) |
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(60) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: (a) na teimpléid a shonrú atá le húsáid le haghaidh iarratas ar aitheantas do Thionscadail Straitéiseacha, tuarascálacha ar dhul chun cinn a bhaineann le Tionscadail Straitéiseacha, na cláir taiscéalaíochta náisiúnta, agus tuairisciú na mBallstát a bhaineann le taiscéalaíocht, faireachán, stoic straitéiseacha agus ciorclaíocht; (b) cad iad na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola a measfar go bhfuil ardacmhainneacht aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo a shonrú; agus (c) na critéir agus a gcur i bhfeidhm chun scéimeanna a aithint a bhaineann le hinbhuanaitheacht amhábhar criticiúil a dhearbhú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). |
|
(61) |
Lena áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith á gcomhlíonadh acu, ba cheart pionóis a ghearradh ar chuideachtaí nach gcomhlíonann a n-oibleagáid, lena n-áirítear maidir le hullmhacht riosca, tuairisciú tionscadal agus faisnéis in-athchúrsáilteachta. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíontacht leis an Rialacháin seo. |
|
(62) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an dul chun cinn i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear na tagarmharcanna um acmhainneacht agus éagsúlú, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil freisin, bunaithe ar chur chun feidhme na mbeart a bhaineann le trédhearcacht lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil, ar oiriúnacht tairseacha uasta a bhunú a bhaineann leis an lorg comhshaoil. |
|
(63) |
Sa mhéid gur státchabhair é aon bheart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá na forálacha a bhaineann le bearta den sórt sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. |
|
(64) |
I dtaca le cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá, feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh lena mbunaítear creat chun rochtain an Aontais ar sholáthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóirí
1. Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat a bhunú chun soláthar amhábhar criticiúil de chuid an Aontais a tá iomaíoch go hidirnáisiún ta, slán, athléimneach agus inbhuanaithe a áirithiú, lena n-áirítear trí inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht agus ciorclaíocht a chothú ar fud an tslabhra luacha.
2. Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
na céimeanna éagsúla de shlabhra luacha na n-amhábhar straitéiseach a neartú agus é maraidhm leis a áirithiú go mbeidh méadú suntasach tagtha, faoi 2030, ar chumais an Aontais do gach amhábhar straitéiseach ionas go mbeidh, ar an iomlán, acmhainneacht an Aontais gar do na tagarmharcanna seo a leanas nó go mbeidh siad bainte amach aige:
|
|
(b) |
allmhairí amhábhar straitéiseach an Aontais a éagsúlú d’fhonn a áirithiú, faoi 2030, gur féidir tomhaltas bliantúil an Aontais maidir le gach amhábhar straitéiseach ag aon chéim ábhartha den phróiseáil a bheith ag brath ar allmhairí ó roinnt tríú tíortha nach gcuireann níos mó ná 65 % de thomhaltas bliantúil an Aontais ar fáil, agus gur cheart tosaíocht a thabhairt don spleáchas a laghdú ar chomhpháirtithe neamhiontaofa nach bhfuil luachanna an Aontais acu, urraim do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta; |
|
(c) |
feabhas a chur ar chumas an Aontais faireachán agus maolú a dhéanamh ar an riosca soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma agus an t-iomaíochas idirnáisiúnta á chur san áireamh go hiomlán; |
|
(d) |
saorghluaiseacht amhábhar criticiúil agus táirgí ina bhfuil amhábhair chriticiúla a chuirtear ar mhargadh an Aontais a áirithiú, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil agus inbhuanaitheachtaá áirithiú, trí fheabhas a chur ar a gciorclaíocht, ar a marthanacht, ar a n-indeisitheacht agus ar a n-infhaighteacht chostéifeachtúil ar an margadh inmheánach; |
|
(da) |
forbairt agus úsáid amhábhar ionadach a chur chun cinn trí mhodhanna táirgthe a chothú in ionad amhábhar agus taighde agus forbairt ábhar nuálach malartach chun lorg comhshaoil an Aontais a ísliú; |
|
(db) |
méadú an Aontais ar éileamh na n-amhábhar criticiúil a mhaolú, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht agus glacadh an ionadaithe ábhar a mhéadú ar fud na slabhraí luacha agus é mar aidhm leis sin amhábhair nach bhfuil chomh criticiúil céanna a thomhailt i gcomhréir leis an gcás tagartha réamh-mheasta mar thoradh ar mhír 4b; |
|
(dc) |
sciar na n-amhábhar tánaisteach laistigh de thomhaltas amhábhar straitéiseach an Aontais a mhéadú |
3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 42, gur dócha nach mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 amach, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht bearta a mholadh nó a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin.
4. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na cuspóirí agus na tagarmharcanna a leagtar síos i mír 2,pointe a(iii), mar thosaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais i ndlí ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear de réir bhrí Airteagal 5(4)(a)(i) de Rialachán XX/XXXX [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas: marthanacht, ath-inúsáidteacht, indeisitheacht, úsáid acmhainní nó éifeachtúlacht acmhainní, an fhéidearthacht athmhonarú agus athchúrsáil a dhéanamh, ábhar athchúrsáilte agus an fhéidearthacht ábhair a aisghabháil.
4a. Déanfar na slabhraí luacha a cruthaíodh agus a neartaítear mar thoradh ar an Rialachán sin san Aontas agus i dtríú tíortha araon a neartú tuilleadh tar éis 2030. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin san áireamh agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 46 á dhéanamh aige.
4b. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcomhréir le hAirteagal 36, réamh-mheastacháin ar thomhaltas bliantúil amhábhar criticiúil go dtí 2050 le garspriocanna idirmheánacha a sholáthar agus iad a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad. Beidh na réamh-mheastacháin sin bunaithe ar chleachtadh samhaltaithe ionchuir-aschuir d’optamú costas ó bhun aníos atá saibhir ó thaobh teicneolaíochta de, lena leathnófar na sonraí agus na tuarascálacha atá ann cheana arna dtáirgeadh ag Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin agus cásanna éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear cásanna ísealéilimh agus ardéilimh chomh maith le cás tagartha. Déanfar na réamh-mheastacháin sin a dhí-chomhiomlánú ar leibhéal gach Ballstáit nó faoina bhun, agus cumhdófar na hearnálacha eacnamaíocha uile leo. Áireofar leis sin na hamhábhair chriticiúla a ionchorpraítear i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus beidh siad i gcomhréir le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais agus leis na huaillmhianta a chumhdaítear sa [Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta].
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘amhábhar’ substaint i staid phróiseáilte nó neamhphróiseáilte a úsáidtear mar ionchur i monarú táirgí idirmheánacha nó táirgí deiridh, cé is moite de shubstaintí a úsáidtear mar bhia, mar bheatha nó mar bhreosla dócháin go príomha; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘amhábhair chriticiúla’ na hamhábhair mar a shainítear in Airteagal 4; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘amhábhair straitéiseacha’ na hamhábhair mar a shainítear in Airteagal 3; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘slabhra luacha amhábhar’ gach gníomhaíocht agus gach próiseas a bhaineann le hiniúchadh, eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘taiscéalaíocht’ na gníomhaíochtaí uile a dhírítear ar airíonna tarluithe mianraí a shainaithint agus a shuíomh; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘eastóscadh’ eastóscadh príomhúil nó tánaisteach mianta, mianraí agus táirgí plandaí óna bhfoinse bhunaidh mar phríomhtháirge nó mar sheachtháirge, lena n-áirítear ó tharlú mianraí faoi thalamh, ó tharlú mianraí faoi uisce, sáile agus crainn agus uathu; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘acmhainn eastósctha an Aontais’ comhiomlán uasmhéideanna bliantúla táirgthe na n-oibríochtaí eastósctha le haghaidh mianta, mianraí, táirgí plandaí agus tiúchain ina bhfuil amhábhair straitéiseacha, lena n-áirítear oibríochtaí próiseála a bhíonn suite de ghnáth ag an láithreán eastósctha nó gar dó, agus atá lonnaithe san Aontas; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘cúltacaí’ na tarluithe mianraí uile a bhfuil sé inmharthanach ón taobh eacnamaíoch iad a eastóscadh i gcomhthéacs margaidh ar leith; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘próiseáil’ gach próiseas fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch lena ndéantar amhábhar a athrú ó mhianraí, ó tháirgí plandaí nó ó dhramhaíl go miotail íona, cóimhiotail nó foirmeacha eile atá inúsáidte go heacnamaíoch; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘cumas próiseála an Aontais’ comhiomlán uasmhéideanna bliantúla na n-oibríochtaí próiseála le haghaidh amhábhair straitéiseacha, cé is moite d’oibríochtaí den sórt sin a bhíonn suite de ghnáth ag an láithreán eastósctha nó gar dó, agus atá lonnaithe san Aontas; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘athchúrsáil’ aon oibríocht aisghabhála dramhaíola ó réamhthomhaltóir agus iarthomhaltóir araon trína ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile; |
|
(12) |
Ciallaíonn ‘acmhainneacht athchúrsála an Aontais’ comhiomlán uasmhéid bliantúil na n-oibríochtaí athchúrsála le haghaidh amhábhair straitéiseacha, lena n-áirítear sórtáil agus réamhchóireáil na dramhaíola, lena n-áirítear mais dhubh, agus a próiseáil go hamhábhair thánaisteacha, agus atá lonnaithe san Aontas; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘tomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach’ comhiomlán mhéid na n-amhábhar straitéiseach arna dtomhailt ag gnóthais atá bunaithe san Aontas i bhfoirm phróiseáilte, cé is moite d’amhábhair straitéiseacha a ionchorpraítear i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh a chuirtear ar mhargadh an Aontais; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘riosca soláthair’ riosca soláthair arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘tionscadal amhábhar’ aon saoráid atá pleanáilte nó aon síneadh nó athchur suntasach atá pleanáilte ar shaoráid atá ann cheana agus atá gníomhach maidir le heastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘ceannaitheoir’ gnóthas a rinne comhaontú ceannaigh le tionscnóir tionscadail; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘comhaontú ceannaigh’ aon chomhaontú conarthach idir gnóthas agus tionscnóir tionscadail ina bhfuil gealltanas ar thaobh an ghnóthais sciar de na hamhábhair arna dtáirgeadh ag tionscadal amhábhar sonrach a fháil thar thréimhse áirithe ama nó gealltanas ar thaobh an tionscnóra tionscadail an rogha a thabhairt don ghnóthas déanamh amhlaidh; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a fhorbraíonn tionscadal amhábhar; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear gach cead riaracháin ábhartha chun na Tionscadail Straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a phleanáil, a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna tógála, ceadanna ceimiceán agus ceadanna naisc eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás ina n-éilítear iad sin, agus lena gcuimsítear gach iarratas agus nós imeachta riaracháin ó bhailíocht an iarratais a admháil go dtí go dtugtar fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta don údarás inniúil náisiúnta freagrach dá dtagraítear in Airteagal 8(1); |
|
(20) |
ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a dhéanann údaráis na mBallstát gan cúirteanna nó binsí a chur san áireamh lena gcinntear an bhfuil tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal amhábhar a chur chun feidhme nó nach bhfuil, gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘taiscéalaíocht ghinearálta’ taiscéalaíocht ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, gan taiscéalaíocht spriocdhírithe a áireamh; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘taiscéalaíocht spriocdhírithe’ imscrúdú mionsonraithe ar tharlú mianraí aonair; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘fosuithe mianta doimhne’ tarluithe mianraí atá suite níos doimhne i screamh an Domhain ná tarluithe mianta a shaothraítear go traidisiúnta; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘mapáil thuarthach’ mapa ina léirítear limistéir ar dócha go mbeidh tarluithe mianraí amhábhair ar leith iontu; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘suaitheadh soláthair’ laghdú suntasach gan choinne ar infhaighteacht amhábhair nó méadú suntasach ar phraghas amhábhair is mó ná an ghnáthluaineacht i bpraghsanna an mhargaidh; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘slabhra soláthair amhábhar’ gníomhaíochtaí agus próisis uile an tslabhra luacha amhábhar suas go dtí an pointe ina n-úsáidtear amhábhar mar ionchur i monarú táirgí idirmheánacha nó táirgí deiridh; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘straitéisí um maolú’ na beartais arna bhforbairt ag oibreoir eacnamaíoch chun teorainn a chur leis an dóchúlacht go dtarlódh suaitheadh soláthair ar a shlabhra soláthair nó chun na damáistí a tharla de bharr suaitheadh den sórt sin ar a ghníomhaíocht eacnamaíoch a mhaolú; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘príomh-oibreoirí margaidh’ táirgeoirí a bhfuil baint acu le heastóscadh, le próiseáil nó le hathchúrsáil amhábhar criticiúil, trádálaithe agus dáileoirí amhábhar criticiúil, agus cuideachtaí iartheachtacha a úsáideann méideanna suntasacha amhábhar criticiúil; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘stoc straitéiseach’ cainníocht amhábhair áirithe i cibé foirm a stórálann oibreoir poiblí nó príobháideach é chun é a scaoileadh i gcás suaitheadh soláthair; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘cuideachta mhór’ aon chuideachta a raibh níos mó ná 500 fostaí aici ar an meán agus a raibh glanláimhdeachas domhanda ba mhó ná EUR 150 milliún aici sa bhliain airgeadais dheireanach a bhfuil ráitis airgeadais bhliantúla ullmhaithe ina leith; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí straitéiseacha’ na teicneolaíochtaí is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus d’fheidhmeanna cosanta agus spáis; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘bord stiúrthóirí’ an comhlacht riaracháin nó maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú feidhmiúcháin na cuideachta, nó, mura bhfuil comhlacht den sórt sin ann, an duine nó na daoine a bhfuil feidhmeanna coibhéiseacha á gcomhlíonadh acu; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘bailiú’ dramhaíl a bhailiú, lena n-áirítear réamhshórtáil agus réamhstóráil dramhaíola chun críocha í a thabhairt go saoráid chóireála dramhaíola; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘cóireáil’ oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha, lena n-áirítear ullmhú roimh aisghabháil nó diúscartha; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘athshlánú’ aon oibríocht arb é an príomhthoradh atá uirthi go mbaintear úsáid fhónta as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile a mbainfí feidhm ar leith astu murach sin, nó go n-ullmhaítear dramhaíl chun an fheidhm sin a bhaint aisti, sa tsaoráid nó sa gheilleagar i gcoitinne; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘dramhaíl eastóscach’ dramhaíl eastóscach de réir bhrí Threoir 2006/21/CE; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘saoráid dramhaíola eastóscaí’ saoráid dramhaíola de réir bhrí Threoir 2006/21/CE; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘réamh-mheasúnú eacnamaíoch’ measúnú coincheapúil luathchéime ar inmharthanacht eacnamaíoch fhéideartha tionscadail amhábhar chun amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó dhramhaíl eastóscach; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘feiste íomháithe athshondais mhaighnéadaigh’ feiste leighis neamhionrach ina n-úsáidtear réimsí maighnéadacha chun íomhánna anatamaíocha a dhéanamh nó aon fheiste eile ina n-úsáidtear réimsí maighnéadacha chun íomhánna a dhéanamh den taobh istigh de réad; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘gineadóir fuinnimh gaoithe’ an chuid de thuirbín gaoithe ar tír mór nó amach ón gcósta lena dtiontaítear fuinneamh meicniúil an rótair go fuinneamh leictreach; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘róbat tionsclaíoch’ ionramhálaí ilchuspóireach a rialaítear go huathoibríoch, atá in-athchláraithe agus atá in-ríomhchláraithe i dtrí ais nó níos mó, agus ar féidir é a shocrú nó a úsáid go soghluaiste i bhfeidhmchláir uathoibrithe thionsclaíocha; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chineálcheadaithe i gcatagóir M nó i gcatagóir N de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/858; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘modh éadrom iompair’ aon fheithicil ar rothaí is féidir a chumhachtú leis an mótar leictreach as féin nó le meascán de chumhacht mhótair agus de chumhacht an duine, lena n-áirítear scútair leictreacha, rothair leictreacha agus feithiclí cineálcheadaithe i gcatagóir L de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘gineadóir fuaraithe’ an chuid de chóras fuaraithe lena ngintear difríocht teochta trínár féidir teas a bhaint as an spás nó as an bpróiseas fuaraithe, agus úsáid á baint as timthriall leictreach comhbhrúite gaile; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘teaschaidéal’ an chuid de chóras teasa lena ngintear difríocht teochta lenar féidir teas a sholáthar don spás nó don phróiseas atá le téamh, agus úsáid á baint as timthriall leictreach comhbhrúite gaile; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘mótar leictreach’ feiste lena dtiontaítear cumhacht ionchurtha leictrigh go cumhacht aschurtha mheicniúil, agus lena bhfuil aschur rátaithe arb ionann é agus 0,12 kW nó níos mó ná sin; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘meaisín níocháin uathoibríoch’ meaisín níocháin ina nítear go hiomlán an lód sa mheaisín níocháin gan aon ghá le hidirghabháil úsáideora ag aon am le linn an chláir; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim’ fearas ina dtriomaítear teicstílí trína rothlú i ndruma rothlach trína dtéitear aer téite; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘micreathonn’ aon fhearas a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun bia a théamh agus úsáid á baint as fuinneamh leictreamaighnéadach; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘folúsghlantóir’ fearas lena mbaintear ithir ó dhromchla atá le glanadh trí aershreabhadh a chruthaítear le brú arna fhorbairt laistigh den aonad; |
|
(51) |
ciallaíonn ‘miasniteoir’ meaisín ina ndéantar earraí boird a ghlanadh agus a shruthlú; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘buanmhaighnéad’ maighnéad a choinníonn a mhaighnéadas i ndiaidh é a bhaint de réimse seachtrach maighnéadach; |
|
(53) |
ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ siombail barrachóid línigh, siombail dhéthoiseach nó meán gabhála sonraí eile um shainaithint uathoibríoch is féidir a léamh le feiste; |
|
(54) |
ciallaíonn ‘aitheantóir uathúil táirge’ teaghrán uathúil carachtar chun táirgí a shainaithint; |
|
(55) |
ciallaíonn ‘bratú maighnéid’ sraith ábhair a úsáidtear go ginearálta chun maighnéid a chosaint ar chreimeadh; |
|
(56) |
ciallaíonn ‘aistriú’ láimhseáil láimhe, mheicniúil, cheimiceach, theirmeach nó mhiotalach agus de thoradh air sin go mbeidh na comhpháirteanna nó na hábhair spriocdhírithe inaitheanta mar shruth aschuir ar leith nó mar chuid de shruth aschuir; |
|
(57) |
ciallaíonn ‘athchúrsálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athchúrsáil i saoráid cheadaithe; |
|
(58) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(59) |
ciallaíonn ‘cineál amhábhair chriticiúil’ amhábhar criticiúil a chuirtear ar an margadh agus a idirdhealaítear de réir a chéime próiseála, a chomhdhéanaimh cheimicigh, a thionscnaimh gheografaigh nó na modhanna táirgthe a úsáidtear; |
|
(60) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; |
|
(61) |
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27, in Airteagal 28 nó in Airteagal 34; |
|
(62) |
ciallaíonn ‘Comhpháirtíocht Straitéiseach’ gealltanas idir an tAontas agus tríú tír maidir le comhar a mhéadú a bhaineann leis an slabhra luacha amhábhar a bhunaítear trí ionstraim neamhcheangailteach lena leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla comhleasa. Bainfidh an dá chomhpháirtí tairbhe as comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bheith ann, lena n-áirítear trína bheith in ann eolas a chomhroinnt. |
Caibidil 2
Amhábhair chriticiúla agus amhábhair straitéiseacha
Airteagal 3
Liosta na n-amhábhar straitéiseach
1. Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1, lena n-áirítear amhábhair ar seachtháirge iad de phróisis eile eastósctha nó athchúrsála.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a leasú chun liosta na n-amhábhar straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear trí amhábhair a chur leis an liosta sin má bhraitear rioscaí soláthair mar thoradh ar an bhfaireachán agus an tástáil struis a dhéantar de bhun an Rialacháin seo. An nuashonrú ad hoc sin ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, ní bheidh aon tionchar aige ar na nuashonruithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
Áireofar i liosta nuashonraithe d’amhábhair straitéiseacha, as measc na n-amhábhar a ndéanfar measúnú orthu, na hamhábhair a bheidh orthu siúd is airde scór i dtaca le tábhacht straitéiseach, fás réamh-mheasta ar an éileamh agus infhaighteacht agus freisin an deacracht a bhaineann leis an táirgeadh a mhéadú agus, thar aon ní eile, tacóidh sé le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus (2). Is i gcomhréir le hIarscríbhinn I, Roinn 2, a chinnfear an tábhacht straitéiseach, an fás réamh-mheasta ar an éileamh agus an infhaighteacht mar aon leis an deacracht a bhaineann leis an táirgeadh a mhéadú.
3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach agus, más gá, nuashonróidh sé an liosta sin faoin [IO cuir isteach: dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna soiléire le haon nuashonrú den sórt sin. Arna iarraidh sin don Bhord, ar bhonn an fhaireacháin agus na tástála struis i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta, agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrú air, aon tráth, mar chuid de na hathbhreithnithe sceidealta sin.
3a. Úsáidfidh an Coimisiún modheolaíocht atá trédhearcach agus atá sainithe go soiléir amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn 2, le haghaidh an mheasúnaithe ar na hamhábhair straitéiseacha a bheidh le háireamh ar an liosta, lena n-áirítear trí úsáid bileog eolais teicniúil, dála na modheolaíochta arna cur i bhfeidhm maidir le liosta sin na n-amhábhar criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 4.
Article3a
Amhábhair Tánaisteacha Straitéiseacha
1. Faoin… [6 mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún liosta d’amhábhair thánaisteacha straitéiseacha, lena n-áirítear fuíoll feiriúil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
2. Agus an liosta dá dtagraítear sa chéad mhír á shainiú breithneoidh an Coimisiún go sonrach ábharthacht amhábhair thánaisteacha don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus spáis, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
an rannchuidiú leis an tomhaltas amhábhar breise a chaomhnú a bhfuil gá leis murach sin le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha; |
|
(b) |
méid na n-astaíochtaí GCT coiscthe trí amhábhair thánaisteacha a úsáid nuair a úsáidtear iad chun teicneolaíochtaí straitéiseacha ábhartha a mhonarú i gcomparáid le hábhair eile; agus |
|
(c) |
an fás ar an éileamh domhanda réamh-mheasta fáis le haghaidh amhábhair thánaisteacha. |
3. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a leasú trí liosta na n-amhábhar tánaisteach straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta. Áireofar ar liosta nuashonraithe d’amhábhair thánaisteacha straitéiseacha an ról tábhachtach straitéiseach sa dícharbónú agus san aistriú glas, an fás mór réamh-mheasta ar an éileamh ar an leibhéal domhanda, an deacracht a bhaineann le bailiú agus athshlánú a mhéadú san Aontas, ardacmhainneacht maidir le hathshlánú amhábhar criticiúil san Aontas.
4. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar tánaisteach straitéiseach agus, más gá, nuashonróidh sé an liosta sin faoin… [IO cuir isteach: dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin [Leasú. 4]
Airteagal 4
Liosta na n-amhábhar criticiúla
1. Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn 1.
2. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun Iarscríbhinn II, Roinn 1 a leasú chun liosta na n-amhábhar criticiúla a thabhairt cothrom le dáta.
Áireofar i liosta nuashonraithe d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair straitéiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn1 chomh maith le haon amhábhar eile a shroichfidh nó a sháróidh na tairseacha maidir le an tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair dá dtagraítear i mír 3. Ríomhfar an tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Roinn 2. Déanfaidh an Coimisiún breithniú i dtaobh gné bhreise a chuimsiú sa mheasúnú criticiúlachta a bheadh ina léiriú ar ghanntanas na n-ábhar agus a ndéine fuinnimh sa táirgeadh.
3. Na tairseacha a bheidh i gceist ná 1 le haghaidh riosca soláthair agus 2,8 le haghaidh tábhacht eacnamaíoch.
4. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar criticiúil agus, más gá, nuashonróidh sé an liosta sin faoin [IO cuir isteach: dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach dhábhliainina dhiaidh sin. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna soiléire le haon nuashonrú den sórt sin.
Caibidil 3
Slabhra luacha amhábhar an Aontais a neartú
ROINN 1
TIONSCADAIL STRAITÉISEACHA
Airteagal 5
Critéir maidir le haitheantas a thabhairt do Thionscadail Straitéiseacha
1. I ndiaidh don tionscnóir tionscadail iarratas a dhéanamh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 6, aithneoidh an Coimisiún mar Thionscadail Straitéiseacha amhábhar a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
|
(a) |
go rannchuideodh an tionscadal méid fiúntach le slándáil sholáthar amhábhar straitéiseach an Aontaistrí cheann amháin den dá chritéar seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|
(b) |
go bhfuil nó go mbeidh an tionscadal indéanta ón taobh teicniúil laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gur féidir méid táirgeachta ionchasach an tionscadail a mheas le leibhéal leordhóthanach muiníne; |
|
(c) |
go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair shochaíocha, chomhshaoil agus aeráide lena n-áirítear an t-uisce, an t-aer agus an ithir, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach agus cearta saothair a urramú, acmhainneacht post ar ardchaighdeán agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leormhaithe um chomhlíonadh chun an baol go mbeadh drochthionchar ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III ; [Leasú. 18] |
|
(d) |
maidir le tionscadail san Aontas, go mbeadh tairbhí trasteorann ag baint le bunú, oibriú nó táirgeadh an tionscadail lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear earnálacha iartheachtacha; |
|
(e) |
i gcás tionscadail i dtríútíortha ar margaí atá ag teacht chun cinn nó tíortha atá i mbéal forbartha iad, ní bheadh ach comhpháirtithe tionscadail ar aon intinn ar áireamh sa tionscadal, dhéanfaí é a oibriú faoi chuimsiú scéim deimhniúcháin inbhuanaitheachta maidir le hamhábhair arna n-aithint ag an gCoimisiún agus rachadh sé chun tairbhe an Aontais agus an tríú tír lena mbaineann araon trí mhaitheas a dhéanamhsa tír sin agus trí rannchuidiú le forbairt a geilleagair agus le bunú tionscal iartheachtach ábhartha, lena n-áirítear tionscail próiseála áitiúla. |
|
(ea) |
Maidir le hiarratais ar stádas Tuarascála Straitéisí a bhaineann go heisiach le próiseáil nó athchúrsáil atá lonnaithe i limistéir a chosnaítear faoi Threoir 92/43/CEE (25) ón gComhairle agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) , ní chuirfidh an Coimisiún san áireamh iad i leith stádas Tuarascála Straitéisí, mura mbeidh údar cuí ann lena dhéanamh. |
2. Déanfaidh an Coimisiún comhlíonadh na gcritéar aitheantais a leagtar amach i mír 1 a mheasúnú i gcomhréir leis na gnéithe agus leis an bhfianaise a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun Iarscríbhinn III a leasú chun na gnéithe agus an fhianaise atá le cur san áireamh a oiriúnú agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar aitheantais a leagtar amach i mír 1 maidir leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó chun athruithe ar reachtaíocht an Aontais nó ar ionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 4, nó glacadh reachtaíochta breise de chuid an Aontais nó ionstraimí idirnáisiúnta atá ábhartha chun an critéar dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) a chomhlíonadh, a chur san áireamh. Féadfaidh an tionscnóir tionscadail a dhearbhú go gcomhlíontar an critéar dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), trí dheimhniúchán i scéim nó trí ghealltanas na scéimeanna sin a chomhlíonadh tráth chur chun feidhme an tionscadail, i gcomhréir le hIarscríbhinn III, an cúigiú mír. Déanfaidh an Coimisiún tionscnóirí tionscadail atá i mbun cead Tionscadail Straitéisigh a fháil mar aon le húinéirí scéime a chur ar an eolas faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 ag tús na tréimhse agóide a leagtar síos in Airteagal 36(4). A luaithe a thiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún tionscnóirí tionscadail agus úinéirí sceime ar an eolas faoi sinfreisin.
3. Ní dhéanfaidh aitheantas tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach difear do na ceanglais is infheidhme maidir leis an tionscadal ábhartha nó an tionscnóir tionscadail ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlíthe náisiúnta tríútíortha.
3a. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún breithniú i dtaobh a indéanta a bheadh sé Tionscadail Straitéiseacha bonneagair chomhlántacha a bheith ann a d’fhéadfadh an t-iompar agus an chumarsáid i dtaca leis na Tionscadail Straitéiseacha a éascú agus a fheabhsú, agus rannchuideoidh sé freisin le feabhas a chur ar an bhforbairt réigiúnach agus áitiúil agus le inghlacthacht shóisialta an Tionscadail Straitéisigh agus an cuimisiú sóisialta a threisiú, agus fós saincheisteanna comhshaoil a chur san áireamh
Airteagal 6
Iarratas ar fhógra
1. Maidir le hiarratais ar aitheantas a thabhairt do thionscadal amhábhar mar Thionscadal Straitéiseach, féadfaidh an tionscnóir tionscadail na hiarratais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin aon tráth. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
|
(a) |
fianaise ábhartha agus fhíorasach a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 5(1); |
|
(b) |
aicmiú an tionscadail de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní, le tacaíocht ó fhianaise iomchuí; |
|
(c) |
clár ama chun an tionscadal a chur chun feidhme, lena n-áirítear forléargas ar na ceadanna is gá don tionscadal agus stádas an phróisis chomhfhreagraigh deonaithe ceadanna; |
|
(d) |
plean ina mbeidh bearta chun rannpháirtíocht fhiúntach agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal lena mbaineann a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bunú bealaí cumarsáide athfhillteacha leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus na pobail áitiúla, feachtais múscailte feasachta agus faisnéise a chur chun feidhme agus sásraí um maolú agus um chúiteamh a bhunú, agus freisin a áirithiú gur mar rogha dheiridh, agus mar sin amháin, a úsáidfear an t-athlonnú neamhdheonach; |
|
(e) |
faisnéis maidir le rialú na ngnóthas atá páirteach sa tionscadal, arna sainiú de bhun Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle; |
|
(f) |
plean gnó ina ndéanfar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail; |
|
(g) |
meastachán ar an acmhainneacht a ghabhann leis an tionscadal maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus freisin ar riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de agus anailís ar bhearnaí sna scileanna, agus plean oibre ilbhliantúil chun uas-sciliú agus athsciliú a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, más ann dóibh, agus an comhionannas inscne a chur chun cinn; |
|
(ga) |
i gcás tionscadail lena mbaineann eastóscadh, plean chun feabhas a chur ar bhail an tsuímh ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí air ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus fós an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch a chur san áireamh, mar aon le bearta chun oiliúint agus athfhostú oibrithe a éascú; |
|
(gb) |
má bhaineann athlonnú leis an tionscadal, plean ina leagfar amach conas a dhéanfar selabhóirí ceart tionachta a shainaithint agus a mheas sa phróiseas luachála, agus conas a bheidh próisis chúitimh i leith caillteanas sócmhainní cóir agus tráthúil; |
|
(gc) |
i gcás tionscadail lena mbaineann eastóscadh laistigh de limistéir a chosnaítear faoi Threoir 92/43/CEE nó 2000/60/CE, tuairisc lena léirítear an nasc follasach idir an tionscadal agus an leas poiblí; |
|
(gd) |
i gcás tionscadail lena mbaineann eastóscadh, plean ina mbeidh bearta chun a áirithiú go ndéanfar cuid den bhreisluach a chruthú faoi chuimsiú an tionscadail eastósctha ina iomláine; |
|
(ge) |
i gcás tionscadail i dtríú tíortha, fianaise arna soláthar ag an tionscnóir tionscadail go bhfuil 40 % ar a laghad dá úinéireacht bunaithe san Aontas nó sa tír chomhpháirtíochta. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar teimpléad aonair a bheidh le húsáid ag tionscnóirí tionscadail le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear i mír 1 faoin[Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2). Ní chuirfear ar fáil sa teimpléad aonair ach an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas. Beidh raon feidhme na faisnéise is gá chun an teimpléad aonair a chomhlánú réasúnta.
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iomláine an iarratais laistigh de 14 lá ón iarratas a fháil agus cuirfidh sé in iúl don tionscnóir tionscadail cibé acu atá sé comhlánaithe ina iomláine nó nach bhfuil, agus cuirfidh sé ar an eolas freisin an tionscnóir faoin amchlár don measúnú air. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas neamhiomlán, tabharfaidh sé deis don iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú a chur isteach in am tráthúil.
4. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl don tionscnóir tionscadail go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas iomlán i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, cuirfidh sé na doiciméid iarratais uile ar aghaidh chuig an mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla dá dtagraítear in Airteagal 34 (‘an Bord’). Laistigh de 30 lá tar éis dó na doiciméid iarratais a fháil, déanfaidh an Bord, bunaithe ar phróiseas cothrom agus trédhearcach, plé maidir le hiomláine an iarratais agus i dtaobh an gcomhlíonann an tionscadal atá beartaithe na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus eiseoidh sé tuairim ina leith sin.
4a. Tarchuirfidh an Coimisiún an t-iarratas chuig an mBallstát sin a mbaineann tionscadal beartaithe lena chríoch.
4b. Déanfaidh an Coimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas, aird a thabhairt ar aon chuntas teiste cruthaithe maidir le cearta an duine nó ar sháruithe comhshaoil a tharla sna cúig bliana roimh an iarratas, agus ar aon bhearta maoluithe arna ndéanamh.
5. Féadfaidh aon Bhallstát a mbaineann tionscadal beartaithe lena chríoch cur i gcoinne stádas straitéiseach a bhronnadh ar thionscadal beartaithe. Féadfaidh an Bord iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann na cúiseanna cuí-réasúnaithe lena agóid a chur i láthair ionas go bpléifidh an Bord iad.
I gcás Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, roinnfidh an Coimisiún an t-iarratas a gheofar leis an tríú tír a mbaineann a críoch leis an tionscadal atá beartaithe. Ní fhormheasfaidh an Coimisiún an t-iarratas sula bhfaighidh sé formheas sainráite ón tríú tír ábhartha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme agus le dlí náisiúnta an tríú tír sin.
5a. I gcás Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha lena ndearna an tAontas Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí a chaibidil, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis na tíre sin chun a ráthú go ndéanfar an tionscadal a chur chun feidhme go mear.
6. Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird dá dtagraítear i mír 4 á cur san áireamh aige, a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don tionscadal mar Thionscadal Straitéiseach a ghlacadh laistigh de 60 lá tar éisiomláine an iarratais a aithint i gcomhréir le mír 3 agus tabharfaidh sé fógra ina leith sin don iarratasóir.
Beidh cinneadh an Choimisiúin réasúnaithe, lena n-áirítear, más infheidhme, i gcás go mbeidh sé difriúil le tuairim an Bhoird. Comhroinnfidh an Coimisiún a chúiseanna leis na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann, leis an mBord agus le Parlaimint na hEorpa agus leis an tionscnóir tionscadail freisin.
7. Féadfaidh an Coimisiún tús áite a thabhairt do phróiseáil iarratas ar thionscadail atá gníomhach ar chéimeanna sonracha den slabhra luacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
ionadaíocht chothrom de Thionscadail Straitéiseacha a áirithiú do na hamhábhair straitéiseacha go léir agus ag gach céim den slabhra luacha; |
|
(b) |
a áirithiú go mbainfear dul chun cinn amach i dtreo na dtagarmharcanna uile a leagtar amach in Airteagal 1(2), pointe (a) agus pointe (b). |
|
(ba) |
a áirithiú go ndéanfar, i gcomhréir leis na tagarmharcanna agus an ionadaíocht chothrom i bpointe (a), tosaíocht a thabhairt do thionscadail i réimse na haisghabhála ábhair, na dramhaíola eastóscaigh agus na hathchúrsála comhtháite, agus freisin d’iarratais arna gcur isteach ag FBManna. |
Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht d’iarratais a phróiseáil de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, ar choinníoll go mbeidh na hamlínte a leagtar síos i mír 6 le haghaidh na n-iarratas uile comhlíonta ag an gCoimisiún.
8. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann Tionscadal Straitéiseach na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1) a thuilleadh nó i gcás ina raibh a aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibhfaisnéis mhícheart, féadfaidh sé, agus tuairim an Bhoird agus an tionscnóra tionscadail fhreagraigh á cur san áireamh, an cinneadh lena ndeonaítear stádas Tionscadail Straitéisigh a aisghairm. Sula nglacfaidh sé cinneadh an stádas sin a aisghairm, tabharfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an gcinneadh aisghairm a dhéanamh don tionscnóir tionscadail, tabharfar deis don tionscnóir tionscadail freagra a thabhairt ar sheasamh an Choimisiúin agus cuirfidh an Coimisiún freagra an tionscnóra tionscadail san áireamh.
Aon Tionscadal Straitéiseach nach meastar a thuilleadh gur Tionscadal Straitéiseach é mar thoradh ar nuashonrú ar liosta sin na n-amhábhar straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 3, agus mar thoradh air sin amháin, measfar i gcónaí gur Tionscadal Straitéiseach é go ceann dhá bhliain tar éis an chinnidh aisghairm a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
9. Tionscadail nach n-aithnítear a thuilleadh mar Thionscadail Straitéiseacha, caillfidh siad gach ceart a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán seo.
Airteagal 7
Tionscadail Straitéiseacha a chur chun feidhme
1. Measfar go rannchuideoidh Tionscadail Straitéiseacha le slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach san Aontas, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo.
2. Maidir leis na tionchair a phléitear in Airteagail 6(4) agus 16 (1)(c) de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE, measfar gur de leas an phobail nó de sheirbhís don tsláinte agus don tsábháilteacht phoiblí iad na Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a leagtar amach sna Treoracha sin.
3. Déanfaidh an Ballstát, in éineacht leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, a mbaineann Tionscadal Straitéiseach lena chríoch bearta a ghlacadh chun rannchuidiú le cur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach an Tionscadail Straitéisigh sin.
4. Déanfaidh an Bord plé, ar bhonn tréimhsiúil, ar chur chun feidhme na dTionscadal Straitéiseach agus, i gcás inar gá, ar bhearta a d’fhéadfadh an tionscnóir tionscadail nó an Ballstát a mbaineann Tionscadal Straitéiseach lena chríoch a dhéanamh chun cur chun feidhme agus forghníomhú rathúil na dTionscadal Straitéiseach sin a éascú tuilleadh.
5. Cuirfidh an tionscnóir tionscadail, i ndiaidh dháta an aitheantais mar Thionscadal Straitéiseach, tuarascáil faoi bhráid an Bhoird gach 2 bhliain ina mbeidh faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
an dul chun cinn i gcur chun feidhme an tionscadail, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna; |
|
(b) |
más ábhartha, cúiseanna le moilleanna i gcomparáid leis an tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c), agus plean chun moilleanna den sórt sin a shárú; |
|
(c) |
dul chun cinn maidir leis an tionscadal a mhaoiniú, lena n-áirítear faisnéis maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí. |
Cuirfidh an Coimisiún cóip den tuarascáil faoi bhráid an Bhoird, chun an plé dá dtagraítear i mír 4 a éascú.
6. Féadfaidh an Bord faisnéis bhreise a iarraidh ar thionscnóirí tionscadail a bhaineann le cur chun feidhme an Tionscadail Straitéisigh am ar bith.
7. Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra don Choimisiún faoi:
|
(a) |
athruithe ar bacainní iad ar an tionscadal na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1) a chomhlíonadh; |
|
(b) |
athruithe ar rialú na ngnóthas atá bainteach leis an tionscadal ar bhonn buan, i gcomparáid leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e). |
8. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad a úsáidfidh tionscnóirí tionscadail maidir leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).
Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, déanfar foráil do theimpléad aonair chun an fhaisnéis uile is gá i leith na tuarascála a chumhdach. Is réasúnta a bheidh raon feidhme na faisnéise is gá chun an teimpléad aonair a chomhlánú.
9. Bunóidh an tionscnóir tionscadail, agus nuashonróidh sé go rialta, suíomh gréasáin na cuideachta nósuíomh gréasáin tiomnaithe tionscadail ar a mbeidh faisnéis a bheidh ábhartha don phobal áitiúil agus ar a bhféadfar tarraingt chun glacadh an phobail leis an Tionscadal Straitéiseacha chothú, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na tionchair chomhshaoil agus shóisialta agus na tairbhí a bhaineann leis an Tionscadal Straitéiseach. Beidh an suíomh gréasáin sin inrochtana don phobal agus beidh sé ar fáil i dteanga nó i dteangacha is féidir leis an bpobal áitiúila thuiscint go héasca.
ROINN 2
AN PRÓISEAS DEONAITHE CEADANNA
Airteagal 8
Ionad ilfhreastail
1. Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 3 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail amhábharcriticiúila éascú, a chomhordú agus a chuíchóiriú agus as faisnéis faoi na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 17 a sholáthar. Gan difear a dhéanamh do luas na n-imeachtaí, féadfaidh an t-údarás inniúil ainmnithe tuairim agus rannpháirtíocht údarás inniúil eile a iarraidh.
2. Is é an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 an t-aon phointe teagmhála a bheidh ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna, próiseas as a dtiocfaidh cinneadh cuimsitheach maidir le tionscadal criticiúil amhábhar ar leith agus comhordóidh sé cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha uile. Áiritheoidh sé go ndéileálfar go tráthúil le gach ábhar a bhaineann le próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil.
Déanfaidh na hIonaid Ilfhreastail cásoifigeach a shannadh do thionscadail amhábhar criticiúil ar deonaíodh stádas Tionscadal Straitéiseach dóibh; Beidh an cásoifigeach ina phointe teagmhála éasca agus tabharfaidh sé cúnamh don tionscnóir tionscadail i ndáil le haon ábhar riaracháin a thuiscint. D’fhéadfadh an cásoifigeach a bheith mar chuid d’údarás eile freisin maidir le struchtúir náisiúnta éagsúla an ionaid ilfhreastail.
3. Féadfar freagrachtaí an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile, nó féadfaidh údaráseile iad a chur i gcrích, maidir le gach tionscadal amhábhar criticiúil, ar choinníoll:
|
(a) |
go dtabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 fógra do thionscnóir tionscadail na toscaireachta sin; |
|
(b) |
go mbeidh gach údarás aonair freagrach as gach tionscadal amhábhar criticiúil. |
|
(c) |
go gcomhordóidh údarás amháincur isteach aon doiciméad agus faisnéise ábhartha. |
|
(ca) |
go n-áirithíonn an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nach n-eascraíonn aon mhoill as tarmligeanna gcúraimí. |
4. Ceadófar do thionscnóirí tionscadail na doiciméid uile is ábhartha maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a chur isteach i bhfoirm leictreonach.
5. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 san áireamh aon staidéir bhailí a rinneadh agus aon cheadanna nó údaruithe a eisíodh do thionscadal criticiúil amhábhar ar leith san áireamh sular cuireadh an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ní éileoidh sé staidéir agus ceadanna nó údaruithe dúblacha, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.
6. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí ar fhaisnéis maidir le díospóidí a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus maidir le heisiúint ceadanna do thionscadail chriticiúla amhábhar, lena n-áirítear, más infheidhme, sásraí malartacha um réiteach díospóidí.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag an údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1nó ag aon údarás a dtarmligtear cúraimí chuige de bhun mhír 3 líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus líon leordhóthanach acmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá, lena n-áirítear le haghaidh uas-scilithe agus athscilithe, chun a chúraimí faoin Rialachán sin a fheidhmiú go héifeachtach.
I gcás nach bhfuil ag na Ballstáit, i gcéaduair, na hacmhainní, ó thaobh acmhainní teicniúla de, chun na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh dóibh trí acmhainní a sholáthar dóibh a chuideoidh leis an mBallstát na ceanglais sin a chomhlíonadh.
8. Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:
|
(a) |
cur chun feidhme na Roinne seo a phlé ar bhonn tréimhsiúil agus dea-chleachtais maidir le dlús a chur leis an nós imeachta um cheadú le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil agus freisin chun feabhas ar chur ar an rannpháirtíocht agus an comhairliúchán poiblí ina leith a chomhroinnt; |
|
(b) |
más ábhartha, treoirlínte a mholadh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na Roinne seo a chuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 san áireamh. |
Airteagal 9
Stádas tosaíochta na dTionscadal Straitéiseach
1. Chun críche próiseáil éifeachtúil riaracháin na bpróiseas ceada a bhaineann leis na Tionscadail Straitéiseacha san Aontas a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann, lena n-áirítear na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (3), go ndéileálfar leis na próisis sin, lena n-áirítear an teagmháil idir tionscnóir tionscadail agus aon údarás sula ndéanfar an t-iarratas a chur isteach go hoifigiúil agus a chomhlánú go hoifigiúil, ar an mbealach is tapa is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
2. Gan dochar do na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, déanfar an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir a bhronnadh ar Thionscadail Straitéiseacha san Aontas, i gcás inar ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus déileálfar leo dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear ceadanna tógála, ceadanna ceimiceán agus ceadanna naisc eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás ina bhfuil gá leo sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta riaracháin uile.
3. Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le heisiúint ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas os comhair aon chúirteanna, aon bhinsí, aon phainéil, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás ina bhfuil ann dóibh sa dlí náisiúnta, déileálfar leo mar nósanna imeachta práinne, má dhéantar foráil, agus a mhéid a dhéantar foráil, sa dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta práinne dá leithéid agus ar choinníoll go n-urramófaí cearta cosanta is infheidhme de ghnáth do dhaoine aonair nó do phobail áitiúla. Beidh tionscnóirí tionscadail Tionscadal Straitéiseach rannpháirteach i nós imeachta práinne den sórt sin, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 10
Fad tréimhse an phróisis um dheonú ceadanna
1. I gcás Thionscadail Straitéiseacha san Aontas, ní rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna thar an méid seo a leanas:
|
(a) |
24 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh ach amháin do Thionscadail Straitéiseacha a bhaineann go heisiach le dramhaíl eastóscach, ar lena linn nach mó ná 18 mí an próiseas deonaithe ceadanna ; |
|
(b) |
12 mhí le haghaidh Tionscadail Straitéiseach nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil amháin. |
2. I gcás Tionscadail Straitéiseacha san Aontas a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sular bronnadh stádas Tionscadail Straitéisigh orthu agus i gcás fairsingiú Tionscadal Straitéiseach ar deonaíodh cead ina leith cheana, ní rachaidh fad na gcéimeanna eile den phróiseas deonaithe ceadanna i ndiaidh stádas straitéiseach a bhronnadh ar an tionscadal, de mhaolú ar mhír 1, thar an méid seo a leanas:
|
(a) |
21 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh, cé is moite de Thionscadail Straitéiseacha a bhaineann go heisiach le dramhaíl eastóscach, ar lena n-aghaidh nach mairfidh an próiseas deonaithe ceadanna níos sia ná 15 mhí; |
|
(b) |
9 mí le haghaidh Tionscadail Straitéiseach nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil amháin. |
3. I gcásanna eisceachtúla, nuair a éilítear le cineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe amhlaidh, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus 2, pointe (a), agus síneadh 1 mhí ar a mhéad a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus 2, pointe (b), sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údarú leis an síneadh agus faoin dáta a bhfuiltear ag súil leis an gcinneadh cuimsitheach.
4. Maidir le Tionscadail Straitéiseacha nach mbaineann mianadóireacht leo, is é a bheidh mar thoradh ar an easpa cinnidh chuimsithigh ón údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go measfar an t-iarratas ábhartha ar dheonú ceadanna a bheith formheasta, ach amháin sna cásanna sin ina n-éilíonn an tionscadal sonrach measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle nó Treoracha 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE, 2010/75/AE, 2011/92/AE nó 2012/18/AE. De mhaolú ar Airteagal 4(6) de Threoir 2011/92/AE , déanfar cinneadh i dtaobh an bhfuil gá le measúnú den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus na measúnuithe ábhartha, agus cuirfear in iúl é don tionscnóir tionscadail laistigh de 30 lá. [Leasú. 4]
5. Tráth nach déanaí ná mí amháin i ndiaidh iarratas ar chead a fháil lena ndeonaítear iarratas a bhaineann le Tionscadal Straitéiseach, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an t-iarratas a bhailíochtú nó, murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun iarratas a phróiseáil, iarrfaidh sé ar an tionscnóir tionscadail iarratas iomlán a chur isteach laistigh de 30 lá ón iarraidh sin, ina sonrófar cén fhaisnéis atá in easnamh.
An dáta a admhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) bailíocht an iarratais, is é sin a dáta a chuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.
6. Tráth nach déanaí ná mí amháin i ndiaidh dháta admhála bhailíocht an iarratais ar dheonú ceadaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus leis na húdaráis eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna. Foilseoidh an tionscnóir tionscadail an sceideal ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 7(9).
7. Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.
Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
Airteagal 11
Measúnuithe agus údaruithe comhshaoil
1. I gcás nach mór measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh i gcomhair Tionscadal Straitéiseach i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, iarrfaidh an tionscnóir tionscadail ábhartha, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an fhógra i dtaobh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fháil, tuairim ar an údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le cur sa tuarascáil ar an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Airteagal 5(1) den Treoir sin.
Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) go n-eiseofar an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse nach faide ná 20 lá ón dáta ar chuir an tionscnóir tionscadail a iarratas isteach. Beidh sé d'aidhm ag an údarás inniúil náisiúnta an próiseas a chuíchóiriú agus an tionscnóir tionscadail a threorú tríd an bpróiseas.
Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte comhchoiteanna d’údaráis inniúla náisiúnta de bhun na míre seo.
2. I gcás Tionscadail Straitéiseacha ar lena n-aghaidh a eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach ó Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, ó Threoracha 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE 2010/75/AE, 2011/92/AE nó 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) go gcuirfear nós imeachta comhordaithe nó nós imeachta comhpháirteach i bhfeidhm lena gcomhlíontar ceanglais uile reachtaíocht an Aontais sin, cibé nós imeachta a roghnóidh an tionscnóir tionscadail.
Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) na measúnuithe aonair éagsúla ar thionchar comhshaoil tionscadail áirithe a cheanglaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais a chomhordú agus a chuíchóiriú.
Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadail áirithe a cheanglaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais.
3. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) go n-eiseoidh na húdaráis lena mbaineann an chonclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv) de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnacht tionchair timpeallachta ar Thionscadal Straitéiseach laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis riachtanach uile a fháil, ar faisnéis í a bhailítear de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Treoir sin agus lena gcríochnaítear na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin.
3a. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éilítear amhlaidh mar gheall ar chineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an teorainn ama dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhadú go ceann 30 lá ar a mhéad, sula rachaidh sí in éag nó ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lenar tugadh údarú leis an bhfadú agus faoin dáta a bhfuiltear ag dréim leis an gconclúid réasúnaithe.
4. Ní bheidh an t-achar ama chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann maidir leis an tuarascáil ar an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE níos faide ná 80 lá ná níos giorra ná 40 lá i gcás Tionscadail Straitéiseacha.
4a. I gcás Tionscadail Straitéiseacha, in éagmais conclúid réasúnaithe ón údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1) laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh an tionscnóir tionscadail in ann gearán a thaisceadh os comhair na cúirte ábhartha, a bhféadfadh fíneálacha nó urghaire eatramhach eascairt as.
5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sular deonaíodh stádas Tionscadail Straitéisigh ina leith.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 4 den Airteagal seo maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sular deonaíodh stádas Tionscadail Straitéisigh ina leith ach amháin a mhéid nach mbeidh na céimeanna a dtugtar aghaidh orthu sna míreanna sin curtha i gcrích go fóill.
Airteagal 12
Pleanáil
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá freagrach as pleananna a ullmhú, lena n-áirítear pleananna criosaithe, pleananna spásúla agus pleananna talamhúsáide, forálacha a áireamh sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le forbairt tionscadal amhábhar criticiúil i ndlúthchomhar lena chéile. Tabharfar tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, mianaigh ghníomhacha nó thréigthe agus, i gcás inarb iomchuí, fosuithe mianraí arna bhfíorú i suirbhé geolaíoch Ballstáit.
2. I gcás ina mbeidh pleananna lena n -áirítear forálacha maidir le forbairt tionscadal amhábhar criticiúil faoi réir measúnú de bhun Threoir 2001/42/CE agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, cuirfear na measúnuithe sin le chéile. Más ábhartha, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar na dobharlaigh lena mbaineann agus fíorófar ann an mbeadh an plean ina chúis le meath ar an stádas nó ar an acmhainneacht dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE nó an bhféadfadh sé cur isteach ar dhea-stádas nó ar dhea-acmhainneacht a bhaint amach do dhobharlach. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit ábhartha measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh anois agus a dhéanfar amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE, cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin agus fós an caighdeán céanna cáilíochta a choinneáil. Nuair is gá measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE nó Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é ar bhealach nach bhfágfaidh go ndéanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2) agus Airteagal 11(3) den Rialachán seo a fhadú.
Airteagal 13
Infheidhmeacht choinbhinsiúin UNECE
1. Tá na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann, a síníodh in Espoo an 25 Feabhra 1991.
2. Déanfar na cinntí uile a ghlacfar de bhun na Roinne seo a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh na cinntí uile maidir le tionscadal amháin ar fáil san aon suíomh gréasáin.
ROINN 3
COINNÍOLLACHA CUMASÚCHÁIN
Airteagal 14
Dlús le cur chun feidhme
1. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, mar aon leis an húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, gníomhaíochtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí príobháideacha i dTionscadail Straitéiseacha agus chun iad a éascú. Chun a áirithiú go mbeidh soláthar comhsheasmhach ann laistigh den Aontas, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, breithniú i dtaobh tacaíocht a sholáthar do Thionscadail Straitéiseacha a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú, agus an tacaíocht sin a chomhordú, agus freisin do ghnólachtaí nuathionscanta atá gníomhach ar chéimeanna sonracha den slabhra luacha chun tacú leis an bhforbairt agus chun éiceachóras nuálach agus an speictream teicneolaíochtaí is leathan is féidir a chur chun cinn sa réimse sin. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíochtaí a bhrúnn amach infheistíochtaí príobháideacha a sheachaint.
2. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis réigiunacha agus áitiúla, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht riaracháin a sholáthar do Thionscadail Straitéiseacha chun cur chun feidhme tapa agus éifeachtach na dtionscadal sin a éascú, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
|
(a) |
cúnamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú; |
|
(b) |
cúnamh do thionscnóirí tionscadail chun rannphairtíocht thráthúil an phobail sa tionscadal agus comhairliúchán tráthúil leo ina leith a mhéadú a thuilleadh , lena n-áirítear trí mholtaí agus dea-chleachtais arna gcomhroinnt ag an mBord a leanúint i gcás inar gá ; |
|
(ba) |
nuashonruithe ar mhoilleanna riaracháin intuartha agus ad hoc de pháirt na dtionscnóirí tionscadail maidir leis an bpróiseas ceadaithe agus an réasúnaíocht bhunúsach agus fós cumarsáid rialta, thráthúil agus shoiléir a áirithiú; |
|
(bb) |
na cláir chistiúcháin síolta a bhaineann go sonrach le hamhábhair arna n-eascairt as na hAcadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta dá dtagraítear in [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach anseo tagairt don Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta]. |
2a. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a chur chuig na Ballstáit maidir leis an ailíniú idir an cur chun feidhme náisiúnta agus na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1(2).
Airteagal 15
Maoiniú a chomhordú
1. Déanfaidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (a), arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail Tionscadail Straitéisigh, plé maidir le conas is féidir maoiniú a thionscadail a chur i gcrích, agus tabharfaidh sé comhairle ina leith sin, agus eiseoidh sé moltaí maidir le hacmhainní agus uirlisí cistiúcháin a bheidh ann amach anseo, agus fós an maoiniú atá faighte cheana a chur san áireamh agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad a bhreithniú:
|
(a) |
foinsí príobháideacha maoinithe breise mar aon le tacaíocht trí bhíthin acmhainní ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta, agus fós béim ar leith a leagan ar an tionscnamh Global Gateway i leith Tionscadail Straitéisigh lasmuigh den Aontas; |
|
(b) |
ionstraimí agus cláir reatha na mBallstát, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, ó bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh; |
|
(c) |
cláir um chistiú agus um mhaoiniú ábhartha de chuid an Aontais. |
1a. Faoin … [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mbuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (a), tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Sa tuarascáil, tabharfar tuairisc ar bhacainní ar mhaoiniú a rochtain, agus moltaí chun rochtain ar mhaoiniú i gcomhair Tionscadal Straitéiseach a éascú lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta.
Airteagal 16
Comhaontuithe ceannaigh a éascú
1. Cuirfidh an Coimisiún córas ar bun chun tabhairt i gcrích comhaontuithe ceannaigh a bhaineann le Tionscadail Straitéiseacha a éascú, i gcomhréir le rialacha iomaíochta.
2. Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, beidh ceannaitheoirí ábalta tairiscintí a dhéanamh lena léireofar:
|
(a) |
méid agus cáilíocht na n-amhábhar straitéiseach atá beartaithe acu a cheannach; |
|
(b) |
an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe; |
|
(c) |
fad beartaithe an chomhaontaithe ceannaigh. |
3. Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, beidh tionscnóirí tionscadal Tionscadal Straitéiseach ábalta tairiscintí a dhéanamh lena léireofar:
|
(a) |
méid agus cáilíocht na n-amhábhar straitéiseach ar mian leo comhaontuithe ceannaigh a thabhairt i gcrích ina leith; |
|
(b) |
an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe, ag a mbeidh siad toilteanach díolachán a dhéanamh; |
|
(c) |
fad beartaithe an chomhaontaithe ceannaigh. |
4. Ar bhonn na dtairiscintí a gheofar de bhun mhíreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún tionscnóirí tionscadal na dTionscadal Straitéiseach i dteagmháil le ceannaitheoirí ionchasacha atá ábhartha dá dtionscadal.
4a. Beidh rochtain ag na tionscnóirí tionscadail ar an gcóras i gcás nár bhronn an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) cead ar Thionscadal Straitéiseach fós ach ina bhfuiltear geal le bheith ag an gcéim deiridh den phróiseas iarratais don chead sin.
Airteagal 17
Inrochtaineacht faisnéise riaracháin ar líne
1. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas maidir le próisis riaracháin atá ábhartha do thionscadail amhábhar criticiúil ar líne, agus ar bhealach láraithe agus inrochtana:
|
(a) |
an próiseas deonaithe ceadanna agus próisis riaracháin ghaolmhara is gá chun an cead a fháil; |
|
(b) |
seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta; |
|
(c) |
deiseanna maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát; |
|
(d) |
seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí saothair ach gan a bheith teoranta dóibh sin. |
1a. Soláthróidh an Coimisiún, ar bhealach láraithe agus sorochtana, faisnéis faoin bpróiseas riaracháin atá ábhartha i leith stádas Tionscadal Straitéiseach a fháil ar líne.
ROINN 4
TAISCÉALAÍOCHT
Airteagal 18
Cláir náisiúnta taiscéalaíochta
1. Tarraingeoidh gach Ballstát clár náisiúnta suas le haghaidh taiscéalaíocht ghinearálta a bheidh dírithe ar amhábhair chriticiúla. Tarraingeoidh gach Ballstát suas an chéad chlár sin faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfar na cláir náisiúnta a athbhreithniú agus a nuashonrú go digiteach le sonraí arna n-ionchorprú ó fheachtais taiscéalaíochta eile lena bhfoilsiú gach trí bliana.
2. Beidh bearta sna cláir taiscéalaíochta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 chun an fhaisnéis atá ar fáil faoi tharluithe amhábhar criticiúil san Aontas a mhéadú, lena n- áirítear fosuithe mianta doimhne. Cuimseofar na bearta seo a leanas iontu, de réir mar is iomchuí:
|
(a) |
mapáil mianraí ar scála oiriúnach, lena n-áirítear acmhainneacht na bhfuíoll atá ann cheana ; |
|
(b) |
feachtais gheocheimiceán, lena n-áirítear chun comhdhéanamh ceimiceach ithreacha, dríodair, carraigeacha a shuí; |
|
(c) |
suirbhéanna geo-eolaíochta, amhail suirbhéanna geoifisiceacha; |
|
(d) |
próiseáil na sonraí arna mbailiú trí thaiscéalaíocht ghinearálta, lena n-áirítear trí mhapaí tuarthacha a fhorbairt; |
|
(e) |
sonraí suirbhé geo-eolaíocha atá ann cheana a athphróiseáil lena sheiceáil an ann do tharluithe mianraí neamhaitheanta ina bhfuil amhábhair chriticiúla agus miotail iompróra a bhféadfadh amhábhair chriticiúla a bheith iontu. |
3. Cuirfidh na Ballstáit a ndréachtchláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le raon feidhme agus formáid a gclár taiscéalaíochta, chun cur chuige cuíchóirithe Aontais a áirithiú. Féadfaidh an Coimisiún cabhrú freisin leis na Ballstáit a gcláir taiscéalaíochta náisiúnta a chur ar bun agus a chur chun feidhme trí acmhainní airgeadais, teicniúla, digiteacha agus teicneolaíochta.
Cuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta chríochnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in iúl don Choimisiún freisin. Cuirfidh an Coimisiún na cláir sin ar aghaidh chuig an mBord ansin ionas go bhféadfar iad a phlé san fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (e).
4. Déanfaidh na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis a sholáthar maidir leis an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na mbeart ina gcláir náisiúnta.
5. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe faoina dtarluithe mianraí ina bhfuil amhábhair chriticiúla arna mbailiú trí na bearta a leagtar amach sna cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón lucht léinn, na húdaráis inniúla náisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, nó institiúidí nó suirbhéanna geolaíocha de chuid an Aontais agus institiúidí nó suirbhéanna geolaíocha náisiúnta. Áireofar san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, aicmiú na dtarluithe a sainaithneofar trí úsáid a bhaint as Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe le haghaidh Acmhainní.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).
6. Agus an comhar atá ann cheana maidir le taiscéalaíocht ghinearálta á chur san áireamh, pléifidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (b) na cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus a gcur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
an fhéidearthacht maidir le comhar, lena n-áirítear maidir le taiscéalaíocht a dhéanamh ar tharluithe mianraí trasteorann agus ar fhoirmíochtaí coiteanna geolaíocha; |
|
(b) |
dea-chleachtais a bhaineann leis na bearta a liostaítear i mír 2; |
|
(c) |
torthaí na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú sa bhonneagar sonraí spásúla dá dtagraítear i dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta uile ar an mbonneagar sonraí spásúla sin chun comhroinnt sonraí a mhéadú. |
6a. Tacóidh na Ballstáit le haibíocht theicneolaíoch na dteicneolaíochtaí taiscéalaíochta le haghaidh fosuithe doimhne agus casta amhábhar criticiúil ar a laghad trí ghníomhaíochtaí tacaíochta chun na críche sin a áireamh faoi chláir T&N, agus fós tionchar na dteicneolaíochtaí sin ar an gcomhshaol a íoslaghdú.
Caibidil 4
Faireachán agus maolú riosca
Airteagal 19
Faireachán agus tástáil struis
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an riosca soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla. Cuimseofar san fhaireachán sin forbairt na bparaiméadar seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
sreafaí trádála; |
|
(b) |
éileamh agus soláthar; |
|
(c) |
comhchruinniú soláthair; |
|
(d) |
táirgeadh agus cumais táirgeachta an Aontais agus an domhain ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha; |
|
(da) |
luaineacht praghsanna; |
|
(db) |
scrogaill a cheadú; |
|
(dc) |
acmhainneachtaí athchúrsála an Aontais agus na hacmhainneachtaí athchúrsála domhanda i leith amhábhair straitéiseacha; |
|
(dd) |
forbairtí geopholaitiúla, géarchéimeanna maidir le cearta an duine agus dúshláin slándála a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas. |
2. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta atá páirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (c), tacaíocht don Choimisiún maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
aon fhaisnéis atá ar fáil acu maidir le forbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1 a roinnt, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20; |
|
(b) |
faisnéis a bhailiú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis rannpháirteacha eile, maidir le forbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20, gan dochar don dlí is infheidhme i leith na hiomaíochta ná don dlí is infheidhme in aghaidh trustaí; |
|
(c) |
anailís a sholáthar ar na rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla i bhfianaise fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír1. |
3. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (c), go ndéanfar tástáil struis i leith shlabhra soláthair gach amhábhair chriticiúil gach dhá bhliain ar a laghad nó má bhraitear rioscaí soláthair mar thoradh ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, déanfaidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (c), cur chun feidhme tástálacha struis do na hamhábhair straitéiseacha éagsúla a chomhordú agus a roinnt idir na húdaráis rannpháirteacha éagsúla.
Is éard a bheidh sna tástálacha struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú ar a leochailí atá slabhra soláthair amhábhair straitéiseacha ábhartha an Aontais i leith suaitheadh soláthair trí thionchar na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh dá leithéid agus a n-éifeachtaí féideartha a mheas, agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:
|
(a) |
i gcás ina ndéantar an t-amhábhar lena mbaineann a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil; |
|
(b) |
cumais na n-oibreoirí eacnamaíocha feadh an tslabhra luacha chomh maith le struchtúr an mhargaidh; |
|
(c) |
tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don soláthar, lena n-áirítear an staid gheopholaitiúil, díospóidí trádála, lena n-áirítear gníomhartha comhéigin eacnamaíoch, lóistíocht, soláthar fuinnimh, lucht saothair nó tubaistí nádúrtha, ach gan bheith teoranta dóibh sin; |
|
(d) |
infhaighteacht foinsí soláthair agus ábhar ionadach agus an cumas foinsí soláthair agus ábhair ionadacha a éagsúlú go mear nó an t-éileamh a mhaolú tríd an éifeachtúlacht a mhéadú; |
|
(e) |
úsáideoirí an amhábhair ábhartha feadh an tslabhra luacha agus a sciar den éileamh, agus aird ar leith á tabhairt ar mhonarú teicneolaíochtaí atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus spáis. |
4. Déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón lucht léinn, na húdaráis inniúla náisiúnta, gníomhaireachtaí an Aontais nó institiúidí nó suirbhéanna geolaíocha na mBallstát, faisnéis a chur ar fáil ina mbeidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis atá ar fáil maidir le forbairt na bparaiméadar dá dtagraítear i mír 1; |
|
(b) |
ríomh an riosca soláthair d’amhábhair chriticiúla i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a); |
|
(c) |
torthaí na dtástálacha struis dá dtagraítear i mír 3; |
|
(d) |
i gcás inarb iomchuí, moladh maidir le straitéisí oiriúnacha um maolú chun riosca an tsoláthair a laghdú. |
Má bhíonn forais réasúnacha ann le ceapadh go mbeadh míbhuntáistí geopholaitiúla ann mar thoradh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil d’aon cheann de na gníomhaithe dá dtagraítear san fhomhír sin, féadfaidh an Coimisiún diúltú an fhaisnéis a chur ar fáil d’aon cheann de na gníomhaithe sin ar bhonn cas ar chás.
5. Más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, go measann an Coimisiún go dtugtar léiriú soiléir go bhfuil baol suaitheadh soláthair ann, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit, an Bord, Parlaimint na hEorpa agus comhlachtaí rialachais an Aontais ar an eolas faoi shásraí airdill géarchéime nó sásraí bainistíochta géarchéime a gcumhdaítear ina raon feidhme amhábhair chriticiúla nó straitéiseacha ábhartha.
5a. Cuideachtaí móra a mhonaraíonn teicneolaíochtaí straitéiseacha trí úsáid a bhaint as amhábhair straitéiseacha, déanfaidh siad bearta bainistithe riosca agus maolaithe iomchuí maidir lena slabhraí soláthair amhábhar criticiúil agus comhroinnfidh siad iad lena mbord stiúrthóirí ar bhonn rialta agus ar bhonn ad hoc freisin más gá.
Airteagal 20
Oibleagáidí faisnéise maidir le faireachán
1. Soláthróidh na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis don Choimisiún maidir le haon tionscadal amhábhar nua nó aon tionscadal amhábhar atá ann cheana ina gcríoch agus atá ábhartha maidir le hAirteagal 19(1), pointe (d), lena n-áirítear aicmiú tionscadal nua de réir Chreat um Aicmiú Acmhainní na Náisiún Aontaithe.
An Ballstát a sholáthraíonn faisnéis i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, gheobhaidh sé an fhaisnéis sin go heisiach ó na sonraí arna gcur isteach san iarratas ar dheonú ceadaithe. Aon fhaisnéis arna soláthar faoin gcéad fhomhír den mhír seo, déileálfar léi i gcomhréir le hAirteagal 44.
2. Sainaithneoidh na Ballstáit na cuideachtaí móra a oibríonn feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil atá bunaithe ina gcríoch agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
faireachán ar a ngníomhaíochtaí trí shuirbhéanna rialta agus comhréireacha d’fhonn an fhaisnéis is gá le haghaidh na gcúraimí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 19 a bhailiú; Ní cheanglófar ar chuideachtaí móra a shainaithneofar faoin mír seo ach faisnéis arna bailiú acu mar chuid de chleachtaí faireacháin nó tástálacha struis atá ann cheana a chur isteach, sa mhéid go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana. Ní cheanglófar ar na cuideachtaí móra aon sonraí a chuimsíonn riosca gnó a chur isteach. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéileálfar leis an bhfaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 44. |
|
(b) |
mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis a sholáthar maidir le torthaí na suirbhéanna sin; |
|
(c) |
fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill maidir le mórimeachtaí lena bhféadfaí bac a chur ar oibríochtaí rialta ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí móra arna sainaithint. |
3. Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 2(a) agus (b) den Airteagal seo chuig údaráis staidrimh náisiúnta agus chuig Eurostat chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.
3a. Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha feadh shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil, teimpléad aonair a fhorbairt a bheidh le líonadh ag cuideachtaí móra chun na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a fhreagairt. Féadfaidh an teimpléad aonair a léiriú conas a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mí 2, pointe (a), le leagan amach. Beidh raon feidhme na faisnéise is gá chun an teimpléad aonair a chomhlánúréasúnta.
Airteagal 21
Stoic straitéiseacha a thuairisciú
1. Cuirfidh na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis isteach chuig an gCoimisiún maidir le staid a stoc straitéiseach d’amhábhair straitéiseacha.
2. Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cumhdófar stoic atá i seilbh na n-údarás poiblí, na gcuideachtaí atá faoi úinéireacht phoiblí nó na n-oibreoirí eacnamaíocha ar chuir Ballstát de chúram orthu stoic straitéiseacha a charnadh thar a cheann agus áireofar ar a laghad tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
leibhéal na stoc atá ar fáil do gach amhábhar straitéiseach, arna thomhas i dtonaí agus mar chéatadán de thomhaltas náisiúnta bliantúil na n-ábhar ábhartha, chomh maith le foirm cheimiceach agus íonacht na n-ábhar atá stocáilte; |
|
(b) |
forbairt leibhéal na stoc a bhí ar fáil do gach amhábhar straitéiseach sna 5 bliana roimhe sin; |
|
(c) |
aon rialacha nó nósanna imeachta is infheidhme maidir le stoic straitéiseacha a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh. |
3. Féadfar a áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le stoic straitéiseacha d’amhábhair chriticiúla agus d’amhábhair eile.
Airteagal 22
Faireachán a dhéanamh ar stoic straitéiseacha
1. Faoi [Oifig na bhFoilseachán: líon isteach: 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun Airteagal 21(1), an méid seo a leanas a chomhroinnt leis an mBord agus le Parlaimint na hEorpa:
|
(a) |
faisnéis faoi leibhéal foriomlán stoic an Aontais le haghaidh gach amhábhair straitéisigh; |
|
(b) |
faisnéis maidir le hinrochtaineacht trasteorann fhéideartha na stoc straitéiseach, i bhfianaise na rialacha nó na nósanna imeachta maidir lena scaoileadh, lena leithdháileadh agus lena ndáileadh. |
2. Cinnfidh buanfhoghrúpa an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 35(6), pointe (d) leibhéal sábháilte de stoic an Aontais d’amhábhair straitéiseacha. Maidir leis an leibhéal sábháilte:
|
(a) |
cuirfear in iúl é mar an méid a theastaíonn chun an líon laethanta de mheán-ghlan-allmhairí laethúla a chumhdach i gcás suaitheadh soláthair, arna ríomh ar bhonn líon na n-allmhairí le linn na bliana féilire roimhe sin; |
▌
|
(c) |
beidh sé comhréireach leis an riosca soláthair agus leis an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis an amhábhar straitéiseach ábhartha. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus tuairimí an Bhoird á gcur san áireamh aige, tuairimí a eisiúint chuig na Ballstáit:
|
(a) |
chun leibhéal na stoc straitéiseach a mhéadú, agus an chomparáid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), dáileadh coibhneasta na stoc atá ann cheana i measc na mBallstát agus tomhaltas amhábhar straitéiseach ag oibreoirí eacnamaíocha i gcríocha na mBallstát faoi seach á gcur san áireamh; |
|
(b) |
chun leasú nó comhordú a dhéanamh ar na rialacha nó na nósanna imeachta maidir le stoic straitéiseacha a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht trasteorann fhéideartha, go háirithe i gcás inar gá sin chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a tháirgeadh. |
4. Agus na tuairimí dá dtagraítear i mír 3á n-ullmhú aige, leagfaidh an Coimisiún agus an Bord béim ar leith ar an ngá atá le dreasachtaí a choinneáil ar bun d’oibreoirí príobháideacha a bhraitheann ar amhábhair straitéiseacha mar ionchuir, lena stoic féin a chruthú nó bearta eile a dhéanamh chun a neamhchosaint ar rioscaí soláthair a bhainistiú.
5. Soláthróidh na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis i dtaobh an bhfuil na tuairimí dá dtagraítear i mír 3 curtha chun feidhme acu nó maidir leis an dóigh a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur chun feidhme.
6. Sula nglacfaidh dhá Bhallstát ar a laghad páirt i bhfóraim idirnáisiúnta nó iltaobhacha i réimsí na stoc straitéiseach d’amhábhair straitéiseacha, áiritheoidh an Coimisiún comhordú roimh ré idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Coimisiún nó ag cruinniú tiomnaithe de chuid an Bhoird.
7. Soláthróidh an Coimisiún na sonraí a bhaileofar maidir le stoic an Aontais atá ar fáil do chomhlachtaí rialachais an Aontais atá freagrach as sásraí airdill géarchéime nó as sásraí bainistithe géarchéime lena gcumhdófar amhábhair straitéiseacha ábhartha.
▌
Airteagal 24
Ceannach comhpháirteach
1. Déanfaidh an Coimisiún córas a bhunú agus a fheidhmiú chun éileamh na ngnóthas bunaithe san Aontas a úsáideann amhábhair straitéiseacha agus a bhfuil suim acu ann agus údaráis na mBallstát atá freagrach as stoic straitéiseacha a chomhiomlánú agus lorgóidh sé tairiscintí ó sholáthróirí chun teacht leis an éileamh comhiomlánaithe sin. Cumhdófar leis sin amhábhair straitéiseacha neamhphróiseáilte agus amhábhair straitéiseacha phróiseáilte araon.
2. Agus an córas dá dtagraítear i mír 1 á chur ar bun agus á oibriú aige, roghnóidh an Coimisiún na hamhábhair straitéiseacha agus na céimeanna próiseála ar lena n-aghaidh a fhéadfar an córas a úsáid, agus fós aird a thabhairt ar an riosca soláthair coibhneasta a bhaineann le hamhábhair straitéiseacha éagsúla agus na féidearthachtaí stoic straitéiseacha a bhaineann leis an ábhar sin bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagail 21 agus 22 a charnadh.
▌
Féadfaidh an Coimisiún freisin íosmhéideanna d’ábhar arna éileamh a shocrú gan dochar do chumas FBManna páirt a ghlacadh sa chóras, agus fós aird a thabhairt ar riachtanais chomhiomlána FBManna, an líon measta rannpháirtithe leasmhara agus an gá líon aoláimhsithe rannpháirtithe a áirithiú
3. Beidh rannpháirtíocht sa chóras dá dtagraítear i mír1 oscailte agus trédhearcach do gach gnóthas bunaithe san Aontas a bhfuil suim acu ann agus d’údaráis na mBallstát. Ní bheidh rannpháirtíocht na mBallstát nó aon eintiteas náisiúnta atá faoi réir Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/25/AE maidir le soláthar indéanta ach amháin i gcásanna ina mbeidh rannpháirtíocht den sórt sin ag luí leis na Treoracha sin.
4. Gnóthais de chuid an Aontais agus údaráis na mBallstát atá rannpháirteach sa chóras dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh siad, ar bhonn trédhearcach, an ceannach a chaibidliú i gcomhar lena chéile, lena n-áirítear praghsanna nó téarmaí agus coinníollacha eile maidir leis an gcomhaontú ceannaigh nó féadfaidh siad ceannach comhpháirteach a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí nó chun ganntanais a chosc. Comhlíonfaidh gnóthais rannpháirteacha de chuid an Aontais agus údaráis na mBallstát dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais.
5. Eisiafar eintitis ó rannpháirtíocht mar sholáthróir, i gcomhiomlánú an éilimh agus i gceannach comhpháirteach nó mar sholáthraí seirbhíse más rud é:
|
(a) |
go ndírítear bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE orthu; |
|
(b) |
go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu. |
6. De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, féadfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintitis atá bunaithe san Aontas a chonradh trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun an córas faoi mhír 1 a bhunú agus a fheidhmiú. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an soláthraí Seirbhíse a roghnófar.
7. Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na cúraimí a bheidh le soláthar ag an soláthraí seirbhíse, lena n-áirítear leithdháileadh an éilimh, leithdháileadh na gceart rochtana maidir le soláthar, clárú agus fíorú na rannpháirtithe uile, foilsiú agus tuairisciú na ngníomhaíochtaí agus aon chúram eile is gá chun an córas a bhunú agus a fheidhmiú. Déileálfar sa chonradh seirbhíse freisin le praiticiúlachtaí a bhaineann le hoibríocht an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear úsáid na huirlise TF, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta agus dliteanais.
8. Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chun na críche sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse maidir leis an gconradh. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.
9. Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.
Caibidil 5
Inbhuanaitheacht
ROINN 1
CIORCLAÍOCHT
Airteagal 25
Bearta náisiúnta maidir le ciorclaíocht
1. Déanfaidh gach Ballstát [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] cláir náisiúnta a ghlacadh agus a chur chun feidhme, a bhféadfaidh a bheith ar áireamh iontu gníomhaíochtaí trasteorann agus comhar trasteorann laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ina mbeidh bearta iomchuí a mbeidh sé d’aidhm acu:
|
(-a) |
maolú a dhéanamh ar an méadú ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla chun an tagarmharc a leagtar amach in Airteagal 1(2), pointe (db), a bhaint amach; |
|
(a) |
bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola, dramh-mhiotal agus táirgí a bhfuil a ré caite lena ngabhann ardacmhainneacht aisghabhála amhábhar criticiúil agus ardacmhainneacht athúsáide agus deisithe a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, agus a áirithiú go dtabharfar isteach sa chóras athchúrsála iomchuí iad, d’fhonn saolré tairgí agus infhaighteacht agus cáilíocht ábhar in-athchúrsáilte mar ionchur i saoráidí athchúrsála amhábhar criticiúil a uasmhéadú i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an tsláinte phoiblí; |
|
(b) |
cosc dramhaíola, athúsáid, deisiú, athchóiriú, athmhonarú agus athchuspórú táirgí agus comhpháirteanna a bhfuil ardacmhainneacht aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo a mhéadú; |
|
(c) |
úsáid amhábhar criticiúil tánaisteachis féidir a úsáid in ionad amhábhair chriticiúla príomhúla, nó ina dteannta, lena n-áirítear ábhair a thionscnaíonn ó dhramh-mhiotail agus táirgí a bhfuil a ré caite, a mhéadú, agus athchóiriú tairgí a chur chun cinn lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ábhar athchúrsáilte a chur san áireamh i gcritéir dhámhachtana a bhaineann le soláthar poiblí nó trí dhreasachtaí airgeadais le haghaidh úsáid na n-ábhar sin a mheas; |
|
(ca) |
méadú a dhéanamh ar úsáid éifeachtúil amhábhar criticiúil ar fud an tslabhra luacha iomláin; |
|
(d) |
aibíocht theicneolaíoch teicneolaíochtaí athchúrsála le haghaidh amhábhair chriticiúla a mhéadú agus éifeachtúlacht ábhar agus ionadú amhábhar criticiúil i bhfeidhmeanna a chur chun cinn, agus fós an fheidhmíocht agus an fheidhmiúlacht a chur san áireamh, ar a laghad trí ghníomhaíochtaí tacaíochta chun na críche sin a áireamh faoi chláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta; |
|
(e) |
a áirithiú go mbeidh na scileanna is gá ag a lucht saothair chun tacú le ciorclaíocht shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil trí scileanna agus bearta uas-scilithe agus athscilithe a chothú; |
|
(ea) |
méadú a dhéanamh ar na féidearthachtaí amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó tháirgí trí athruithe i ndearadh na dtáirgí sin nó trína n-in-athchúrsáilteacht a mhéadú, ar a laghad trí ghníomhaíochtaí tacaíochta chun na críche sin a áireamh faoi chláir náisiúnta T&N; |
|
(eb) |
comhdhlúthú clár fothaithe acmhainneachta agus aistrithe teicneolaíochta a chur chun cinn ina gcláir naisiúnta chun athchúrsáil fhreagrach amhábhar criticiúil i dtíortha táirgthe a chur chun cinn; |
|
(ec) |
tacú le glacadh caighdeán cáilíochta i leith próisis athchúrsála sruthanna dramhaíola ina bhfuil amhábhair chriticiúla, amhail dramhaíl leictreonach, chun aisghabháil ábhair bharrmhaith a áirithiú. |
Déanfar na cláir naisiúnta dá dtagraitear sa chéad fhomhír a nuashonrú go rialta, lena ndéanfar measúnú, go háirithe, ar cé acu atá na bearta arna ndéanamh i gcomhréir leis an mír seo oiriúnach nó nach bhfuil.
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha agus dea-chleachtais maidir leis na bearta sin a chomhroinnt leis an mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla arna bhunú de bhun Airteagal 34. I gcás inarb indéanta, moltar go ndéanfaí bearta maidir le haibíocht theicneolaíoch teicneolaíochtaí athchúrsála a mhéadú, maidir le héifeachtúlacht ábhar agus maidir le hionadú amhábhar criticiúil a ghlacadh i gcomhar leis na Ballstáit eile.
2. Cuimseofar sna cláir dá dtagraítear i mír 1 go háirithe táirgí agus dramhaíl nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sonrach maidir le bailiú, cóireáil, athchúrsáil nó athúsáid faoi reachtaíocht an Aontais. Maidir le táirgí agus dramhaíl eile, cuirfear na bearta chun feidhme i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana.
Maidir le pointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfar a áireamh sna cláir dá dtagraítear sa mhír sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, agus i gcás ina bhfuil bunús cuí leis, uirlisí eacnamaíocha a thabhairt isteach, amhail lascainí, luach saothair airgeadaíochta nó córais aisíoctha éarlaisí, chun athúsáid táirgí lena mbaineann ard-acmhainneacht aisghabhála amhábhar criticiúil agus bailiú dramhaíola ó tháirgí den sórt sin a spreagadh.
3. Déanfaidh gach Ballstát [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 30 mí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] bearta a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun téarnamh amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a chur chun cinn, go háirithe ó shaoráidí dramhaíola dúnta a sainaithníodh sa bhunachar sonraí a cruthaíodh i gcomhréir le hAirteagal 26 mar amhábhair a d’fhéadfadh a bheith in-aisghabhála go heacnamaíoch.
4. Déanfar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a cheapadh ar shlí a fhágfaidh go seachnófar bacainní ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar an trádáil laistigh den Aontas agus saobhadh iomaíochta ar mhargadh an Aontais i gcomhréir le CFAE.
5. Agus tuairisciú á dhéanamh acu don Choimisiún ar na sonraí a bhaineann le cainníochtaí an dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh arna n-athchúrsáil, de bhun Airteagal 16(6) de Threoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, déanfaidh na Ballstáit meastachán cuí-réasúnaithe ar na hamhábhair chriticiúla arna gcur ar an margadh ó thaobh dramhthrealamh leictreach agus leictreonach de, cainníochtaí na gcomhpháirteanna ina bhfuil méideanna ábhartha amhábhar criticiúil a bhaintear as an dramhthrealamh sin agus cainníochtaí na n-amhábhar criticiúil a aisghabhtar ón dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a shainaithint ar leithligh agus déanfaidh siad iad sin a thuairisciú. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus mionsonraí an tuairiscithe sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3). Cumhdófar sa chéad tréimhse tuairiscithe an chéad bhliain féilire iomlán i ndiaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh.
5a. Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 2012/19/AE chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé spriocanna a thabhairt isteach maidir le hamhábhair chriticiúla a bhailiú agus a aisghabháil ó dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach.
6. Soláthróidh na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43, faisnéis maidir le glacadh na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus maidir leis an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme agus éifeachtaí na mbeart arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1 go 3, agus freisin a rannchuidiú leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach.
7. Faoin … [1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola a shonrú, a measfar, ar a laghad, go bhfuil acmhainneacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo de réir bhrí mhír 1 (a) agus (b).
Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, cuirfidh an Coimisiún na méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
méid iomlán na n-amhábhar criticiúil a d’fhéadfaí a aisghabháil ó na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin: |
|
(b) |
a mhéid a chumhdaítear na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin faoi reachtaíocht an Aontais; |
|
(c) |
bearnaí rialála; |
|
(d) |
dúshláin ar leith a théann i gcion ar an mbailiú agus ar a gcóireáil dramhaíola; |
|
(e) |
córais bailithe agus cóireála dramhaíola atá ann cheana agus a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
▌
7a. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, cóid dramhaíola thiomnaithe a fhorbairt le haghaidh ceallraí ian litiam agus sruthanna dramhaíola idirmheánacha (‘mais dhubh’).
Airteagal 26
Amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó dhramhaíl eastóscach
1. Oibreoirí a bhfuil oibleagáid orthu pleananna bainistithe dramhaíola a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2006/21/CE, déanfaidh siad réamhstaidéar measúnaithe comhshaoil agus eacnamaíoch a sholáthar don údarás inniúil mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2006/21/CE maidir le haisghabháil fhéideartha amhábhar criticiúil ón:
|
(a) |
ón dramhaíl eastóscach atá stóráilte sa tsaoráid; agus |
|
(aa) |
dramhaíl eastóscach arna diúscairt ag an oibreoir ón uair a tháinig Treoir 2006/21/CE i bhfeidhm; agus |
|
(b) |
ón dramhaíl eastóscach atá á giniúint nó, i gcás ina meastar go mbeidh sé níos éifeachtaí, as an méid a eastóscadh sular tháinig sí chun bheith ina dramhaíl. |
1a. Díolmhófar na hoibreoirí ón oibleagáid faoi mhír 1 má léiríonn siad do na húdaráis inniúla nach bhfuil amhábhair chriticiúla atá in-aisghabhála go teicniúil sa dramhaíl eastóscach.
2. Áireofar sa staidéar dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, meastachán ar chainníochtaí agus comhchruinnithe na n-amhábhar criticiúil sa dramhaíl eastóscach agus sa toirt eastósctha agus measúnú ar a n in-aisghabhálacht theicniúil agus eacnamaíoch, agus freisin na hiarmhairtí a bheadh ann don chomhshaol dá ndéanfaí iad a aisghabháil. Sonróidh na hoibreoirí na modhanna arna n-úsáid chun na cainníochtaí agus na comhchruinnithe a mheas.
3. Cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola atá ann cheana an staidéar dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an údaráis inniúil mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2006/21/CE faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola nua an staidéar sin faoi bhráid an údaráis inniúil agus a bpleananna bainistithe dramhaíola á gcur isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2006/21/CE.
4. Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí maidir le gach saoráid dramhaíola dúnta, lena n-áirítear saoráidí dramhaíola tréigthe, atá suite ar a gcríoch. Áireofar sa bhunachar sonraí sin faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
suíomh, méid limistéarach agus toirt dramhaíola na saoráide dramhaíola; |
|
(b) |
oibreoir nó iar-oibreoir na saoráide dramhaíola agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomharba dlíthiúil; |
|
(c) |
neaschainníochtaí agus neastiúchain na n-amhábhar uile sa dramhaíl eastóscach agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sa fosú mianra bunaidh, i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo; |
|
(d) |
aon fhaisnéis bhreise a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráid dramhaíola a éascú. |
5. Cuirfear an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm faoin [OP, cuir isteach: 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus comhlánófar an fhaisnéis go léir faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm dhigiteach a bheidh inrochtana don phobal agus nuashonrófar í gach 2 bhliain ar a laghad chun faisnéis bhreise atá ar fáil agus saoráidí nuadhúnta nó nua-aitheanta a ionchorprú ann.
6. Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointe (c) a sholáthar, tabharfaidh na Ballstáit faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
i gcás na saoráidí dramhaíola dúnta uile, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú cuimsitheach ar na comhaid um cheadú atá ar fáil faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]; |
|
(b) |
maidir leis na saoráidí dramhaíola sin, i gcás nach n-eisiaitear a priori as an bhfaisnéis atá ar fáil go bhfuil ann do chainníochtaí amhábhar criticiúla a d’fhéadfadh a bheith in-aisghabhála go heacnamaíoch, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas freisin faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], sampláil gheo-cheimiceach ionadaíoch; |
|
(c) |
maidir leis na saoráidí dramhaíola sin, i gcás inar léiríodh leis na gníomhaíochtaí a thuairiscítear faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo cainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghabhála go heacnamaíoch, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas freisin faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], anailís níos mionsonraithe a bhaineann le logáil croíleacáin nó le teicnící coibhéiseacha, i gcás ina bhfuil an anailís sin fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na ceanglais chomhshaoil is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus i gcomhréir le ceanglais Threoir 2006/21/CE i gcás inarb ábhartha. |
7. Cuirfear na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i mír 6 i gcrích laistigh de theorainneacha na gcóras dlí náisiúnta a bhaineann le cearta maoine, úinéireacht talún, acmhainní mianraí agus dramhaíl, agus aon fhoráil ábhartha eile. I gcás ina gcuirtear bac le tosca den sórt sin ar ghníomhaíochtaí, iarrfaidh údaráis na mBallstát comhar ar oibreoir nó ar úinéir na saoráide dramhaíola. Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí a dtugtar tuairisc orthu faoi mhír 6 ar fáil mar chuid den bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4. I gcás inar féidir, áireoidh na Ballstáit sa bhunachar sonraí aicmiú na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe le haghaidh Acmhainní.
Airteagal 27
In-athchúrsáilteacht buanmhaighnéad
1. Ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, gineadóirí fuinnimh gaoithe, róbait thionsclaíocha, mótarfheithiclí, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuaraithe, teaschaidéil, mótair leictreacha ar an margadh, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil siad comhtháite i dtáirgí eile, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí nó miasniteoirí, áiritheoidh sé nó sí go mbeidh lipéad feiceálach, soiléir inléite agus doscriosta ar na táirgí sin ar a léireofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cé acu an ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó sna táirgí sin nó nach n-ionchorpraítear; |
|
(b) |
má tá buanmhaighnéad amháin nó níos mó sa táirge, an mbaineann na maighnéid sin le haon cheann de na cineálacha seo a leanas:
|
|
(ba) |
má ionchorpraítear leis an táirge buanmhaighnéad amháin nó níos mó de na cineálacha dá dtagraítear i bpointe (b), cé mhéad de gach cineál maighnéid atá ionchorpraithe sa táirge. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don lipéadú dá dtagraítear i mír 1. 1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).
3. Ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 3 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh agus ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó de na cineálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), pointí (i) go (iii), áiritheoidh sé nó sí go mbeidh iompróir sonraí ar an táirge nó sa táirge. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de ar áireamh san iompróir sonraí ná ní thabharfaidh sé rochtain ar an bhfaisnéis sin in imthosca ar bith.
4. Déanfar an t-iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 3 a nascadh le haitheantóir uathúil táirge lena soláthraítear rochtain spriocdhírithe ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha fhreagraigh nó an duine dhlítheanaigh fhreagraigh agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo; |
|
(b) |
faisnéis maidir le meáchan, suíomh agus comhdhéanamh ceimiceach na mbuanmhaighnéad aonair uile sa táirge, agus láithreacht agus cineál bratú na maighnéad, gliúnna agus aon bhreiseán a úsáidtear; |
|
(c) |
faisnéis lena n-éascaítear rochtain ar na buanmhaighnéid uile atá ionchorpraithe sa táirge agus lena n-éascaítear a mbaint, agus lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na huirlisí nó na teicneolaíochtaí uile is gá chun an buanmhaighnéad a rochtain agus a bhaint, gan dochar d’Airteagal 15(1) de Threoir 2012/19/AE. |
5. I gcás táirgí ina bhfuil na buanmhaighnéid ionchorpraithe go heisiach i mótar leictreach amháin nó níos mó atá ionchorpraithe sa táirge, féadfar faisnéis maidir le suíomh na mótar leictreach sin a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), agus féadfar faisnéis maidir le rochtain agus baint na mótar leictreach a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na huirlisí nó na teicneolaíochtaí uile is gá chun na mótair leictreacha a rochtain agus a bhaint.
6. I gcás táirgí dá dtagraítear i mír 3 óna dteastaíonn pas táirge mar a shainítear i Rialachán XX/XXXX [an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe]nó Rialachán XX/XXXX [an Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola]de bhun gníomh reachtach eile de chuid an Aontais, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 san áireamh sa phas táirge nó sa phas digiteach sin. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 iomlán, cothrom le dáta agus cruinn agus beidh sí ar fáil ar feadh tréimhse atá comhionann ar a laghad le gnáth-shaolré an táirge móide 10 mbliana, lena n-áirítear i ndiaidh dócmhainneachta, leachtaithe nó scor gníomhaíochta san Aontas a bhaineann leis an duine nádúrtha freagrach nó duine dlítheanach freagrach.
Déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 do shamhail an táirge nó, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis éagsúil idir aonaid den tsamhail chéanna, déanfar tagairt do bhaisc nó d’aonad ar leith. Beidh rochtain ag athchóiritheoirí, ag deisitheoirí, ag athchúrsálaithe, ag údaráis faireachais margaidh agus ag údaráis chustaim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4.
8. Airteagal 9(1), pointe (c) agus (d) agus Airteagal 10 agus 13 de Rialachán (AE) …/…[IO: feidhm ag Airteagal 9(1), pointe (c) agus (d) agus Airteagail 10 agus 13 de Rialachán (AE) …/…[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt don Éicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe], chomh maith leis na sainmhínithe comhfhreagracha in Airteagal 2 den Rialachán sin.
Sula gcuirfear táirge dá dtagraítear i mír 3 ar an margadh, áiritheoidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha go ndéanfar an t-aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear i mír 4 a uaslódáil sa chlárlann dá dtagraítear in [Airteagal 12(1)] de Rialachán (AE) …/… [Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe].
Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, na tagairtí do ‘an gníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 10, pointe (b) agus do ‘gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 10, pointe f, agus Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: tuigfear an tagairt do ESPR] mar thagairtí don Rialachán seo.
9. I gcás ina mbunaítear ceanglais faisnéise maidir le buanmhaighnéid a athchúrsáil i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán XX/XXXX [OP cuir isteach le do thoil: an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe] nó i reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais le haghaidh aon cheann de na táirgí a liostaítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin in ionad fhorálacha an Airteagail seo.
10. Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó cheanglais an Airteagail seo
Féadfar faisnéis shonrach dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 a fhágáil ar lár má tá faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de san áireamh inti.
11. I gcás feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag ceanglais an Airteagail seo ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 5 bliana i ndiaidh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm]. 5 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
12. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun liosta de chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (28) agus de na tuairiscí ar tháirgí a chomhfhreagraíonn do na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar nó a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn obair na n-údarás custaim i ndáil leis na táirgí sin agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 28 a éascú.
Airteagal 28
Cion athchúrsáilte de bhuanmhaighnéid
1. Ó cheann díobh seo a leanas [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear in Airteagal 27(1) ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceann amháin nó níos mó de na buanmhaighnéad dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (b)(i) go (iii) agus ar mó meáchan iomlán na mbuanmhaighnéad sin ná 0,2 kg ina leith, cuirfidh sé nó sí ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana an sciar neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabháladh ó dhramhaíl iarthomhaltais sna buanmhaighnéid atá corpraithe sa táirge.
2. Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir le ríomh agus fíorú chion an neodimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl mhonaraíochta nó ó dhramhaíl iarthomhaltais atá sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1.
Sonrófar sna rialacha maidir le ríomh agus fíorú an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na dtáirgí lena mbaineann. Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:
|
(a) |
an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál táirge agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú; |
|
(b) |
infhaighteacht tríú páirtithe inniúla agus neamhspleácha atá ábalta cúraimí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí féideartha a dhéanamh; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE. |
3. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí scaireanna íosta a leagan síos le haghaidh neoidimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhfar ó dhramhaíl iarthomhaltais nach mór a bheith sa bhuanmhaighnéad a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar íoschionta éagsúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí éagsúla nó maidir le táirgí áirithe a eisiamh ón oibleagáid sin.
Déanfar foráil le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le hidirthréimhsí a chuirfear oiriúint don deacracht a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart a ghlacadh chun comhlíonadh a áirithiú.
Beidh an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar réamh-mheasúnú ar thionchair, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta neoidimiam, diospróisiam, praisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna n-aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais; |
|
(b) |
an fhaisnéis a bhailítear de bhun mhír 1 agus dáileadh coibhneasta an chiona den ábhar athchúrsáilte i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar an margadh; |
|
(c) |
dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar theicneolaíochtaí buanmhaighnéad a mbíonn tionchar acu ar chineál na n-ábhar a aisghabhtar; |
|
(d) |
cuidiú éifeachtach agus féideartha íoschiona le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais; |
|
(e) |
tionchair fhéideartha ar fheidhmiú táirgí ina bhfuil buanmhaighnéid; |
|
(f) |
an gá atá le cosc a chur ar thionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht buanmhaighnéad agus táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid. |
4. I gcás ina mbunaítear ceanglais a bhaineann le hábhar athchúrsáilte buanmhaignéad i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán XX/XXXX [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Tháirgí Inbhuanaithe] nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais um chomhchuibhiú le haghaidh aon cheann de na táirgí atá liostaithe i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin in ionad fhorálacha an Airteagail seo.
5. Ón dáta a gcuirfear an ceanglas i mír 1 i bhfeidhm, agus na táirgí dá dtagraítear i mír 1 á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolachán, nó iad á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 sula gcuirfear faoi cheangal conartha díolacháin.
Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, ní dhéanfaidh sé nó sí lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ná a thaispeáint. Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó cheanglais an Airteagail seo.
6. I gcás feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 6 ó 5 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2.
ROINN 2
DEIMHNIÚCHÁN AGUS LORG COMHSHAOIL
Airteagal 29
Scéimeanna aitheanta
1. Rialtais, comhlachais tionscail nó grúpaí eagraíochtaí leasmhara a bhfuil scéimeanna deimhniúcháin forbartha acu agus a dhéanann maoirseacht orthu, ar scéimeanna iad a bhaineann le hinbhuanaitheacht amhábhar criticiúil (‘úinéirí scéime’), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun go dtabharfaidh an Coimisiún aitheantas dá scéimeanna. Foilseofar an cinneadh maidir le scéim a aithint tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis d’úinéir na scéime an t-iarratas a chur isteach.
Beidh aon fhianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV sna hiarratais dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin … [trí bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ina sonrófar an fhaisnéis a bheidh sna hiarratais ar a laghad. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).
Déanfar foráil sna gníomhartha cur chun feidhme sin maidir le teimpléad aonair chun an fhaisnéis uile is gá don iarratas a chumhdach. Ní dhéanfar foráil sa teimpléad aonair ach amháin don fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas. Beidh raon feidhme na faisnéise is gá chun an teimpléad aonair a chomhlánú réasúnta.
2. Más rud é, ar bhonn na fianaise arna soláthar de bhun mhír 1, go gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann scéim deimhniúcháin na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena ndeonófar aitheantas don scéim sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).
3. Fíoróidh an Coimisiún gach dhá bhliain ar a laghad go leanfaidh scéimeanna aitheanta de bheith ag cloí leis na gcritéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh.
4. Cuirfidh úinéirí scéimeanna aitheanta an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú nó aon nuashonrú ábhartha a dhéanfar ar scéimeanna aitheanta. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an ndéanfar difear leis na hathruithe nó na nuashonruithe sin don bhunús atá leis an aitheantas agus déanfaidh sé beart iomchuí, más gá.
5. Má tá fianaise ann go bhfuil cásanna athuaire nó cásanna suntasacha ann inar theip ar oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil scéim aitheanta á cur chun feidhme ceanglais na scéime sin a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta, an léirítear leis na cásanna sin easnaimh sa scéim lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas agus déanfaidh sé beart iomchuí.
6. I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún easnaimh i scéim aitheanta lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas, féadfaidh sé tréimhse ama iomchuí a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomh feabhais a dhéanamh laistigh de uastréimhse 12 mhí. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, má leanann an t-easnamh ar aghaidh, ní aithneoidh an Coimisiún an scéim a thuilleadh.
7. I gcás ina dteipeann ar úinéir na scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh nó ina ndiúltaíonn sé nó sí scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gciallaíonn na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 nach gcomhlíonann an scéim na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a thuilleadh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena dtarraingeofar siar aitheantas na scéime. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).
8. Bunóidh an Coimisiún clár scéimeanna aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana. Leis an suíomh gréasáin sin freisin, beifear in ann aiseolas a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha go léir maidir le cur chun feidhme scéimeanna aitheanta. Cuirfear an t-aiseolas sin ar aghaidh chuig úinéirí na scéime faoi seach lena bhreithniú.
Airteagal 30
Dearbhú maidir le lorg comhshaoil
1. Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir le lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil éagsúil a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus modhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Sainaithneofar sna rialacha maidir le ríomh agus fíorú an chatagóir tionchair is tábhachtaí nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, roinnt catagóirí tionchair. Cumhdófar leis an dearbhú loirg na gcatagóirí tionchair sin chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.
2. Déanfaidh an Coimisiún rialacha maidir le ríomh agus fíorú a ghlacadh maidir le hamhábhar criticiúil sonrach más rud é, i ndiaidh dó na catagóirí tionchair comhshaoil ábhartha éagsúla agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhreithniú, go bhfuil lorg ábhartha comhshaoil ag baint leis an amhábhar criticiúil atá i gceist agus, dá bhrí sin, go bhfuil oibleagáid ann lorg comhshaoil an ábhair sin a dhearbhú maidir leis an gcatagóir nó na catagóirí tionchair is tábhachtaí, agus é á chur ar an margadh, riachtanach agus comhréireach chun cur le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais trí sholáthar amhábhar criticiúil a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu a éascú agus trí laghdú a dhéanamh ar thionchair aeráide agus comhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí sa Rialachán seo.
3. Nuair a bheidh an Coimisiún a mheas an bhfuil gá leis an oibleagáid dá bhforáiltear i mír 2, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
an bhfuil cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais á mbaint amach cheana féin trí reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an amhábhar criticiúil atá i gceist, chomh maith le cé chomh éifeachtach is a bhfuil na cuspóirí sin á mbaint amach; |
|
(b) |
caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha a bheith ann agus glacadh leo, nó an t-ionchas go dtiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin sin ar an leibhéal idirnáisiúnta, chomh maith le cleachtais inbhuanaithe ar an margadh, lena n-áirítear na scéimeanna deonacha a aithnítear de bhun Airteagal 29; |
|
(c) |
éifeachtacht comhpháirtíochtaí straitéiseacha, tionscadal straitéiseach, comhaontuithe trádála agus ionstraimí idirnáisiúnta eile agus for-rochtain arna seoladh ag an Aontas chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach. |
|
(ca) |
na costais eacnamaíocha a bhaineann leis agus an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha. |
4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú roimh ré ar thionchair lena chinneadh an nglacfar gníomh tarmligthe faoi mhír 1 nó nach nglacfar. Maidir leis an measúnú sin:
|
(a) |
beidh sé bunaithe, inter alia, ar chomhairliúchán de:
|
|
(b) |
a áirithiú nach ndéanfar aon bheart den sórt sin a ullmhú, a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm d’fhonn bacainní neamhriachtanacha a chruthú ar thrádáil idirnáisiúnta nó lena gcruthófaí bacainní den sórt sin agus nach mbeidh sé níos sriantaí ó thaobh trádála de ná mar is gá chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar sholáthraithe tríú tír cloí le dearbhú den sórt sin ar bhealach nach ndéanfar difear díréireach do shreafaí comhiomlána trádála agus do chostais amhábhar criticiúil; |
|
(ba) |
a mheas ar chruthaigh oibleagáidí comhchosúla faoi dhlí an Aontais na héifeachtaí a bhí beartaithe agus ar rannchuidigh siad go mór le spriocanna comhshaoil an Aontais a bhaint amach; |
|
(c) |
a mheas an gcuirfidh an beart le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach gan tionchar díréireach a imirt ar chumas thionscal an Aontais an t-amhábhar criticiúil atá i gceist a fhoinsiú. |
5. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh a bhfuil rialacha maidir le ríomh agus fíorú glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1, cuirfidh sé nó sí dearbhú maidir le lorg comhshaoil ar fáil.
Beidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le gach cineál amhábhair chriticiúil aonair a chuirfear ar an margadh agus ní bheidh feidhm aige maidir le hamhábhair chriticiúla a chuimsítear i dtáirgí idirmheánacha nó i dtáirgí deiridh i gcás ina bhfuil an t-amhábhar criticiúil ina chion neamhdhiomaibhseach de lorg comhshaoil an táirge.
6. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 5:
|
(a) |
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach agus modhanna leictreonacha cumarsáide inar féidir dul i dteagmháil leo; |
|
(b) |
faisnéis faoin gcineál amhábhair chriticiúil a bhfuil feidhm ag an dearbhú ina leith; |
|
(c) |
faisnéis faoin tír agus faoin réigiún ina ndearnadh an t-amhábhar criticiúil a eastóscadh, a phróiseáil, a scagadh agus a athchúrsáil, de réir mar is infheidhme; |
|
(d) |
lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le fíorú agus ríomh is infheidhme arna nglacadh de bhun mhír 1; |
|
(e) |
an aicme feidhmíochta maidir le lorg comhshaoil a gcomhfhreagraíonn an t-amhábhar criticiúil di, arna bunú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7; |
|
(f) |
nasc gréasáin lena soláthraítear rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear le torthaí an dearbhaithe maidir leis an lorg comhshaoil. |
7. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta a bhunú laistigh de 2 bhliain maidir le lorg comhshaoil le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith de bhun mhír 1, i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
7a. I gcás ina gcumhdaítear táirgí idirmheánacha nó deiridh ina bhfuil amhábhair chriticiúla le ceanglais lorg comhshaoil an Aontais i reachtaíocht eile, déanfar lorg comhshaoil agus lorg carbóin gach amhábhair chriticiúil a ionchorprú, i gcás inar féidir, i ríomh lorg comhshaoil an táirge iomláin.
7b. Faoin 31 Nollaig 2030, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar anailís ar roghanna chun teorainn a chur leis an rochtain ar mhargadh an Aontais d’amhábhair amháin a bhaineann leis na haicmí feidhmíochta maidir leis an lorg comhshaoil is fearr feidhmíochta dá dtagraítear i mír 7 i gcás gach táirge a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó i gcás táirgí áirithe a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur leis an tuarascáil sin.
8. Cuirfear an dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil ar fáil ar shuíomh gréasáin saor-rochtana ar bhealach atá sothuigthe go héasca.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid don dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 5. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).
9. Agus amhábhair chriticiúla á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolachán, nó iad á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an dearbhú maidir le lorg comhshaoil sula gcuirfear faoi cheangal conartha díolacháin.
Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh, ní dhéanfaidh sé nó sí lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo maidir leis an bhfaisnéis a áirítear sa dearbhú ar lorg comhshaoil a sholáthar ná a thaispeáint.
ROINN 3
SAORGHLUAISEACHT, COMHRÉIREACHT AGUS FAIREACHAS MARGAIDH
Airteagal 31
Saorghluaiseacht
1. Ar chúiseanna a bhaineann le faisnéis maidir le hathchúrsáil nó le hábhar athchúrsáilte buanmhaighnéad nó ar chúiseanna a bhaineann le faisnéis maidir le lorg comhshaoil amhábhar chriticiúil a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar chur ar fáil ar an margadh nó ar chur i seirbhís táirgí iad ina bhfuil buanmhaighnéid nó amhábhair chriticiúla a chomhlíonann an Rialachán seo.
2. Ag aontaí trádála, taispeántais, taispeáintí nó ag imeachtaí cosúla, ní chuirfidh Ballstáit cosc ar tháirgí ina bhfuil buanmhaighnéid bhuana nó amhábhair chriticiúla nach gcomhlíonann an Rialachán seo a thaispeáint, ar choinníoll go dtaispeánfar go soiléir ar chomhartha inléite nach gcomhlíonann táirgí nó ábhair den sórt sin an Rialachán seo agus nach féidir iad a chur ar fáil ar an margadh go dtí go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán.
Airteagal 32
Comhréireacht agus faireachas margaidh
1. Sula gcuirfear táirge a chumhdaítear le hAirteagal 27 nó le hAirteagal 28 ar an margadh, áiritheoidh na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha atá freagrach go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme curtha i gcrích agus go bhfuil an doiciméadacht theicniúil is gá tarraingthe suas. I gcás ina léirítear leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag táirge, áiritheoidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus gur greamaíodh an marc CE de.
2. Is é an nós imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27 a bheidh ann an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], mura gcumhdaítear na táirgí sin freisin faoi na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28, agus sa chás sin is é an nós imeachta um measúnú comhréireachta a bheidh ann an nós imeachta a leagtar amach sna rialacha maidir le fíorú nó ríomh arna nglacadh de bhun Airteagal 28(2).
3. Caibidil IX agus Airteagail 37, 38 agus 39 de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], chomh maith leis na sainmhínithe comhfhreagracha in Airteagal 2 den Rialachán sin, maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28.
4. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le faireachas margaidh:
|
(a) |
Caibidil XII de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], chomh maith leis na sainmhínithe comhfhreagracha in Airteagal 2 den Rialachán sin, maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a leagtar síos in Airteagail 27, 28 nó 30. |
|
(b) |
de bhreis ar na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], féach na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27, 28 agus 30 i gcomhthéacs an phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin; |
|
(c) |
Airteagal 60 agus Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR] maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27, 28 agus 30; |
|
(d) |
déanfaidh an Coimisiún, sa bhreis ar na ceanglais éicidhearthóireachta atá socraithe faoi Rialachán (AE) 2023/xxx [OP: déanfaidh an Coimisiún, sa bhreis ar na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], faisnéis a chur isteach a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27, 28 agus 30 sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 61(2) agus (3) den Rialachán sin; |
|
(e) |
agus Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/xxx á chur chun feidhme [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], an grúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) dá dtagraítear san Airteagal sin agus cuirfidh an Coimisiún na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27, 28 agus 30 san áireamh freisin. |
5. Chun críocha mhíreanna 3 agus 4, cuirfear na codanna ábhartha de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR] i bhfeidhm mar a leanas:
|
(a) |
na tagairtí do ‘na ceanglais éicidhearthóireachta a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 37(1), ‘na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 63(1) agus ‘na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 63(5) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], tuigfear iad mar thagairtí do ‘na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28 den Rialachán seo’; |
|
(b) |
na tagairtí do ‘táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 37(3) agus in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], tuigfear iad mar thagairt do ‘táirge nó ábhair a chumhdaítear faoi na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28 den Rialachán seo’; |
|
(c) |
na tagairtí do ‘na cúraimí um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 41 agus ‘na cúraimí um measúnú comhréireachta faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 45(10) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], tuigfear iad mar thagairt do ‘na cúraimí um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le fíorú agus ríomh arna nglacadh de bhun Airteagal 28(2) den Rialachán seo’; |
|
(d) |
na tagairtí do ‘nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4’ in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2023/xxx [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do ESPR], tuigfear iad mar thagairt do ‘nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le fíorú agus ríomh arna nglacadh de bhun Airteagal 28(2) den Rialachán seo’. |
6. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le táirgí a chumhdaítear le cineálcheadú faoi Rialachán (AE) 2018/858 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 168/2013.
Caibidil 6
Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha
Airteagal 33
Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha
1. Déanfaidh an Bord faoin … Déanfaidh an Bord faoin … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil a eisiúint ina gcumhdófar an méid seo a leanas:
|
(-a) |
liosta cothrom le dáta de Chomhpháirtíochtaí Straitéiseacha atá ann cheana agus de chaibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair le haghaidh Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha chomh maith le Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha; |
|
(a) |
a mhéid a chuireann Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
comhleanúnachas agus sineirgí féideartha idir comhar déthaobhach na mBallstát le tríú tíortha ábhartha agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas i gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha, lena n-áirítear saothrú agus caibidlíocht comhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha ag an Aontas; |
|
(ba) |
tionscadail amhábhar criticiúil a bheartaítear nó a chruthaítear le tríú tíortha nó iontu nach gcumhdaítear le comhpháirtíochtaí straitéiseacha ná le comhaontuithe saorthrádála, ach a shaothraítear laistigh de raon feidhme an ardáin a leagtar amach i mír 3b; |
|
(c) |
liosta a bhunú de thíortha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh chun Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a thabhairt i gcrích, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
|
2. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Bord, i gcomhthéacs mhír 1 agus a mhéid a bhaineann le margaí éiritheacha agus tíortha i mbéal forbartha, comhar agus comhleanúnachas le fóraim chomhordúcháin ábhartha eile, lena n-áirítear na fóraim sin arna mbunú mar chuid den straitéis Global Gateway.
3. Maidir leis na Ballstáit:
|
(a) |
oibreoidh siad i gcomhar leis an gCoimisiún chun comhleanúnachas a áirithiú idir a gcomhar déthaobhach le tríú tíortha ábhartha agus Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha neamhcheangailteacha an Aontais le tríú tíortha, a gcuimsítear ina raon feidhme ar a laghad slabhra luacha amhábhar criticiúil chomh maith le comhdhlúthú clár um fhothú acmhainneachta agus um aistriú teicneolaíochta a áirithiú chun athchúrsáil fhreagrach amhábhar criticiúil a chur chun cinn i dtíortha ina dtáirgtear iad; |
|
(b) |
tacú leis an gCoimisiún na bearta nithiúla comhair a leagtar amach i gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha a chur chun feidhme go héifeachtach. |
|
(ba) |
comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a mbanc forbartha, a ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus a n-institiúidí poiblí eile faoina maoirseacht chun tacú le cur chun feidhme agus maoiniú Tionscadal Straitéiseach a dhéantar i dtríú tíortha i ndlúthchomhar lena céile |
3a. Eiseoidh an Bord gach tuarascáil nua chuig coistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa.
3b. Faoin … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: Faoin 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún ardán ar bun lena dtabharfar le chéile ionadaithe cuideachtaí feadh shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil agus é mar aidhm leis sin tacú le taiscéalaíocht, próiseáil agus athchúrsáil i dtríú tíortha, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1, nach bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha ná comhaontuithe saorthrádála ag an Aontas leo go fóill. Cuirfidh an t-ardán ar chumas an Choimisiúin caidreamh straitéiseach idir tionscnóirí tionscadail agus rialtais náisiúnta ábhartha a éascú agus tacú leis.
3c. Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha a bhaineann le caighdeánú Eorpach a fhorbairt chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.
3d. Beidh sna Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha bearta a rannchuideoidh leis an méid seo a leanas:
|
(i) |
feabhas a chur ar athléimneacht, éagsúlú agus inbhuanaitheacht sholáthar amhábhar straitéiseach an Aontais i gcomhréir leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 1, mír 2; |
|
(ii) |
feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an bhfreagracht chomhroinnte feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta maidir leis na cuspóirí comhpháirtíochta arna gcomhaontú; |
|
(iii) |
an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe i gcás margaí éiritheacha agus geilleagair atá i mbéal forbartha; |
|
(iv) |
i gcás margaí éiritheacha agus geilleagar atá i mbéal forbartha, breisluach áitiúil a mhéadú trí thacú le hacmhainní próiseála agus athchúrsála a fhorbairt in éineacht le hacmhainneachtaí eastósctha nuafhorbartha chomh maith le bearta chun aistriú eolais agus scileanna a éascú; |
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi thús a chur leis an bplé maidir le comhpháirtíocht straitéiseach nua a bhunú.
A luaithe a bheidh na caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht straitéiseach tugtha chun críche, cuirfidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas faoi sin freisin.
Caibidil 7
Rialachas
Airteagal 34
An Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla
1. Bunaítear an Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (an ‘Bord’).
2. Déanfaidh an Bord na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 35
Comhdhéanamh agus feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla
1. Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún a bheidh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach air.
2. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil sa Bhord. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus leis an saineolas, féadfaidh Ballstát ionadaithe éagsúla a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla an Bhoird. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord.
Iarrfaidh an Bord ar ionadaithe Pharlaimint na hEorpa freastal, mar bhreathnóirí, ar a chruinnithe, lena n-áirítear na buan-fhoghrúpaí nó na foghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 6.
2a. Ceapfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ionadaí ardleibhéil mar bhreathnóir ar an mbord.
2b. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí óna Ionad Ilfhreastail mar bhreathnóir ar an mBord;
3. Glacfaidh an Bord, ar thogra ón gCoimisiún, a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí.
4. Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta ionas go bhféadfar a chúraimí a shonraítear sa Rialachán seo a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. I gcás inar gá, tiocfaidh an Bord le chéile ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún.
Tiocfaidh an Bord le chéile mar a leanas:
|
(a) |
gach 3 mhí ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Thionscadail Straitéiseacha de bhun Chaibidil 3, Roinn 1; |
|
(b) |
gach 6 mhí ar a laghad chun faireachán a fhorbairt de bhun Chaibidil 4; |
|
(ba) |
gach 6 mhí chun measúnú a dhéanamh ar Thionscadail Straitéiseacha chun an dul chun cinn a phlé le hionadaithe tionscail faoi seach; |
|
(c) |
uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le taiscéalaíocht a leagtar amach i gCaibidil 3, Roinn 4, lena n-áirítear i bhfianaise nuashonruithe ar liostaí na n-amhábhar criticiúil nó na n-amhábhar straitéiseach. |
5. Déanfaidh an Coimisiún obair an Bhoird a chomhordú trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a chomhlíonann dualgais maidir le cláir oibre a shocrú agus a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6. Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus ar chúraimí sonracha.
Bunóidh an Bord na buan-fhoghrúpaí seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
foghrúpa chun maoiniú i gcomhair Tionscadail Straitéiseacha a phlé agus a chomhordú de bhun Airteagal 15; tabharfar cuireadh mar bhreathnóirí d’ionadaithe ó bhainc agus ó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, ó na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha forbartha, ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta agus, de réir mar is iomchuí, ó institiúidí airgeadais príobháideacha; |
|
(aa) |
foghrúpa chun cur chun feidhme na bhforálacha de bhun Airteagail 8, 10 agus 11 a phlé, lena n-áirítear chun dea-chleachtais a roinnt maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí, lena n-áirítear ó réigiúin mhianadóireachta ábhartha eile, chun formáidí struchtúrtha agus intuartha na bpróiseas deonaithe ceadanna a áirithiú, a dtabharfar cuireadh d’ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina leith mar bhreathnóirí; |
|
(b) |
foghrúpa ina dtugtar le chéile institiúidí nó suirbhéanna náisiúnta geolaíocha nó, in éagmais institiúid nó suirbhé den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar thaiscéalaíocht ghinearálta, chun cur le comhordú na gclár náisiúnta taiscéalaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18; |
|
(c) |
foghrúpa ina dtugtar le chéile gníomhaireachtaí náisiúnta soláthair agus faisnéise a chumhdaíonn amhábhair chriticiúla nó, in éagmais gníomhaireacht den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun cur leis na cúraimí faireacháin mar a leagtar amach in Airteagal 19; |
|
(d) |
foghrúpa ina dtugtar le chéile an ghníomhaireacht náisiúnta éigeandála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as stoic straitéiseacha nó, in éagmais gníomhaireacht agus údarás den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun cur le comhordú na stoc straitéiseach mar a leagtar amach in Airteagal 22. féadfaidh an foghrúpa sin, go háirithe, cuireadh a thabhairt do chomhpháirtithe tríú tír atá ar aon intinn leo malartú a dhéanamh maidir le dea-chleachtais a bhaineann le stoic straitéiseacha; |
|
(da) |
foghrúpa lena dtugtar le chéile comhghuaillíochtaí tionsclaíocha agus geallsealbhóirí ábhartha tionscail eile lena gcumhdaítear slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil ar fad, agus é mar chuspóir aige rannchuidiú leis an bpróiseas maidir le haon iarraidh a d’fhéadfaí a dhéanamh chun leasú a dhéanamh ar liosta na n-amhábhar straitéiseach nó criticiúil a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 4(4) chomh maith leis an meastóireacht ar Thionscadail Straitéiseacha agus ar an gComhpháirtíocht Straitéiseach i gcomhréir le hAirteagal 33, lena ndíreofar freisin ar ionadaithe FBManna ar fud na mBallstát chun plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht FBManna i slabhraí luacha amhábhar agus ar dheiseanna chun rannpháirtíocht FBManna a fheabhsú; |
|
(db) |
foghrúpa chun plé a dhéanamh agus an obair ar na Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a chomhordú de bhun Airteagal 33, lena n-áiritheofar comhar le fóraim chomhordaithe ábhartha eile, lena n-áirítear na fóraim sin a bhunaítear mar chuid de an straitéis Global Gateway, agus ionadaithe cuideachtaí feadh shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil; tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ón saol acadúil, i gcás inarb iomchuí, chuig cruinnithe an fhoghrúpa sin mar bhreathnóirí; |
6a. Coimeádfaidh an Bord Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir leis na cruinnithe a bheidh aici amach anseo, lena n-áirítear maidir le buanfhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha, agus maidir leis na cláir oibre chomhfhreagracha.
7. I gcás nach bhfreastalaíonn Parlaimint na hEorpa ar chruinnithe den sórt sin, coimeádfaidh an Bord Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta faoi na pléití a dhéantar sna cruinnithe sin.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh comhaltaí den Bhord cuireadh a thabhairt mar bhreathnóirí do shaineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal, ar an tsochaí shibhialta, ar an saol acadúil, ar cheardchumainn, ar thríú páirtithe eile nó ar ionadaithe tríú tíortha, chomh maith le hionadaithe ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freastal ar chruinnithe na mbuan-fhoghrúpaí nó na bhfoghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 6 nó a iarraidh orthu ionchuir i scríbhinn a sholáthar. Tabharfar aird ar leith ar ionadaithe FBManna, a dtabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngach cruinniú agus i ngach plé a bhaineann leo nó lena rannpháirtíocht i slabhra luacha na n-amhábhar, ar leibhéal an Bhoird agus ar leibhéal an fhoghrúpa araon.
Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, áiritheoidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, comhordú, comhar agus malartú faisnéise leis na struchtúir ábhartha um fhreagairt i gcás géarchéime agus um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, struchtúir arna mbunú faoi dhlí an Aontais.
8. Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 44.
9. Déanfaidh an Bord a dhícheall teacht ar chomhthuairim.
Caibidil 8
Cumhachtaí tarmligthe agus nós imeachta coiste
Airteagal 36
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(2), Airteagal 27(12), Airteagal 28(2) agus Airteagal 30(1) agus (5) ar feadh tréimhse ocht mbliana amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach: 1 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse sé bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4 (2), Airteagal 5 (2), Airteagal 27 (12), Airteagal 28 (2) agus Airteagal 30 (1) agus (5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Rachfar i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit tar éis an chomhairliúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 14.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(2), Airteagal 27(12), Airteagal 28(2) agus Airteagal 30(1) agus (5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 37
Nós imeachta coiste
|
1. |
Tabharfaidh an Coiste cuidiú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt don ghníomh seo]. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
2. |
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
3. |
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
Caibidil 9
Leasuithe
Airteagal 38
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, sa chéad cholún, cuirtear isteach ró nua ‘S. Tionscadail amhábhar criticiúil’. |
|
(2) |
in Iarscríbhinn I, sa dara colún, i ró ‘S . Tionscadail amhábhar criticiúil’, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn II, sa chéad cholún, cuirtear isteach ró nua ‘Tionscadail amhábhar criticiúil’. |
|
(4) |
in Iarscríbhinn II, sa dara colún, sa ró ‘Tionscadail amhábhar criticiúil’, cuirtear na pointí seo a leanas isteach: ‘Nós imeachta a bhaineann le gach cead riaracháin ábhartha chun tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a phleanáil, a fhorbairt agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna tógála, ceadanna ceimiceán agus ceadanna naisc eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás ina n-éilítear iad sin, agus lena gcuimsítear gach iarratas agus nós imeachta riaracháin’. |
|
(5) |
in Iarscríbhinn II, sa tríú colún, sa ró ‘Tionscadail amhábhar criticiúil’, cuirtear an pointe seo a leanas isteach: ‘Na haschuir go léir a bhaineann leis na nósanna imeachta idir bhailíocht an iarratais a admháil agus an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta ag an údarás inniúil náisiúnta atá freagrach’. |
|
(6) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
Airteagal 39
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs ‘(AE) 2016/425(35) agus (AE) 2016/426(36)’: ‘(AE) 2016/425 (*), (AE) 2016/426 (**) agus [(AE) […] [an bhliain a glacadh an Rialachán seo]/… (***)]; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas leis: ‘X [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an chéad uimhir leantach eile] Rialachán (AE)…/… lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach sonraí foilsithe an Rialacháin seo], a mhéid a bhaineann sé leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 27, 28 nó 30 den Rialachán sin. |
Airteagal 40
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/858
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 mar a leanas:
Sa tábla i gCuid I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
[Oifig na bhFoilseachán Cuir isteach an chéad uimhir leantach eile faoin gceannteideal G] |
Ceanglais maidir le ciorclaíocht buanmhaighnéad |
Rialachán (AE) XX/XXXX [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: Sonraí foilsithe IO an Rialacháin seo] |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
|
|
|
X |
X |
Airteagal 41
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar a leanas:
Sa tábla i gCuid I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
[Oifig na bhFoilseachán Cuir isteach an chéad uimhir leantach eile faoin gceannteideal C1] |
Ceanglais maidir le ciorclaíocht buanmhaighnéad |
Rialachán (AE) XX/XXXX [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: Sonraí foilsithe IO an Rialacháin seo] |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
Caibidil 10
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 42
Nósanna imeachta faireacháin
1. Déanfaidh an Coimisiún, agus comhairle an Bhoird á cur san áireamh aige, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) agus foilseoidh sé tuarascáil, gach 3 bliana ar a laghad, ina sonrófar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an Aontas i dtreo na gcuspóirí sin a bhaint amach.
Déanfar an chéad tuarascáil a tharraingt suas faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 4 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 faisnéis chainníochtúil faoi mhéid dhul chun cinn an Aontais i dtreo na dtagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 1(2), pointe (a) agus pointe (b).
2a. Ní chuirfidh na cúraimí faireacháin dá bhforáiltear san Airteagal sin aon oibleagáid ar ghnóthais ná ar oibreoirí eacnamaíocha eile i slabhra luacha na n-amhábhar aon fhaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na n-údarás sa Bhord nó aon údaráis eile. Aon fhaisnéis a chuirfidh gnóthais ar fáil de bhun an Airteagail sin, cuirfear ar fáil í ar bhonn deonach amháin agus caithfear léi i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 44.
2b. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo chun aon neamhréireacht idir dlí eile an Aontais agus an Rialachán seo a chosc. Chun na críche sin, foilseoidh an Coimisiún, laistigh de [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil ar chomhsheasmhacht an Rialacháin seo le dlí eile an Aontais.
Airteagal 43
Tuairisciú na mBallstát
1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún gach bliain ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(4), Airteagal 20(1) agus (2), Airteagal 21(1), Airteagal 22(5) agus Airteagal 25(6). Seolfar an chéad tuarascáil [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: bliain amháin i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin].
2. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach teimpléad maidir leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).
3. Déileálfar leis an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 44.
3a. Ní chuirfidh an tuairisciú dá bhforáiltear san Airteagal seo aon oibleagáid ar ghnóthais ná ar oibreoirí eacnamaíocha eile i slabhra luacha na n-amhábhar aon fhaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na n-údarás sa Bhord nó aon údaráis eile. Aon fhaisnéis a chuirfidh gnóthais ar fáil de bhun an Airteagail sin, cuirfear ar fáil í ar bhonn deonach amháin agus caithfear léi i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 44.
Airteagal 44
Faisnéis rúnda a láimhseáil
1. Ní úsáidfear faisnéis a gheofar le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sí faoi chosaint ag reachtaíocht ábhartha an Aontais agus ag an reachtaíocht náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó, faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a chruthófar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
3. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.
4. Má mheasann Ballstát go bhféadfadh cur i láthair faisnéise comhiomlánaithe i gcomhthéacs Airteagal 21 a leas slándála náisiúnta a chur i mbaol mar sin féin, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne chur i láthair an Choimisiúin trí fhógra a dtabharfar údar leis.
5. Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile a oibríonn faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, maidir le breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe den Bhord de bhun Airteagal 35.
Airteagal 45
Pionóis
Faoin 12 mhí i ndiaidh s theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 46
Meastóireacht
1. Faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: 5 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí ar a ndíríonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil faoin meastóireacht sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2. An tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar a iomchuí atá sé tairseacha uasta maidir le lorg comhshaoil a bhunú le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith chomh maith leis an ngá atá le slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a neartú tuilleadh tar éis 2030.
Airteagal 47
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
Amhábhair straitéiseacha
ROINN 1
LIOSTA NA N-AMHÁBHAR STRAITÉISEACH
Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair seo a leanas:
|
(-a) |
Alúmanam [Leasú. 5] |
|
(a) |
Biosmat |
|
(b) |
Bórón – grád miotalóireachta |
|
(c) |
Cóbalt |
|
(d) |
Copar |
|
(e) |
Gailliam |
|
(f) |
Gearmáiniam |
|
(g) |
Litiam – grád ceallra |
|
(h) |
Miotal maignéisiam |
|
(i) |
Mangainéis – grád ceallra |
|
(j) |
Graifít Nádúrtha – grád ceallra |
|
(k) |
Nicil – grád ceallra |
|
(l) |
Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim |
|
(m) |
Dúile Tearc-Chré le haghaidh maighnéad (Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce) |
|
(n) |
Miotal sileacain |
|
(o) |
Miotal tíotáiniam |
|
(p) |
Tungstan |
ROINN 2
MODHEOLAÍOCHT CHUN AMHÁBHAIR STRAITÉISEACHA A ROGHNÚ
|
1. |
Cinnfear an tábhacht straitéiseach bunaithe ar ábharthacht amhábhair don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus spáis, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
2. |
Déanfar an fás réamh-mheasta ar an éileamh (DF/C) a ríomh mar a leanas:
sna cásanna seo a leanas: Is réamhaisnéis éilimh é DF d’amhábhar do bhliain tagartha; Is é GS táirgeadh bliantúil domhanda amhábhair do thréimhse thagartha. |
|
3. |
Déanfar an deacracht a bhaineann le méadú an táirgthe a shocrú agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:
|
IARSCRÍBHINN II
Amhábhair chriticiúla
ROINN 1
LIOSTA NA N-AMHÁBHAR CRITICIÚLA
Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair seo a leanas:
|
(a) |
Antamón |
|
(b) |
Arsanaic |
|
(c) |
Báicsít |
|
(d) |
Bairít |
|
(e) |
Beirilliam |
|
(f) |
Biosmat |
|
(g) |
Bórón |
|
(h) |
Cóbalt |
|
(i) |
Gual Cóic |
|
(j) |
Copar |
|
(k) |
Iathchloch |
|
(l) |
Fluar |
|
(m) |
Gailliam |
|
(n) |
Gearmáiniam |
|
(o) |
Haifniam |
|
(p) |
Héiliam |
|
(q) |
Dúile Tearc-chré Troma |
|
(r) |
Dúile Tearc-chré Éadroma |
|
(s) |
Litiam |
|
(t) |
Maignéisiam |
|
(u) |
Mangainéis |
|
(v) |
Graifít Nádúrtha |
|
(w) |
Nicil – grád ceallra |
|
(x) |
Niaibiam |
|
(y) |
Carraig fosfáite |
|
(z) |
Fosfar |
|
(aa) |
Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim |
|
(bb) |
Scaindiam |
|
(cc) |
Miotal sileacain |
|
(dd) |
Strointiam |
|
(ee) |
Tantalam |
|
(ff) |
Miotal tíotáiniam |
|
(gg) |
Tungstan |
|
(hh) |
Vanaidiam |
ROINN 2
AN TÁBHACHT EACNAMAÍOCH AGUS AN RIOSCA SOLÁTHAIR A RÍOMH
|
1. |
Is mar a leanas a ríomhtar tábhacht eacnamaíoch amhábhair:
sna cásanna seo a leanas: Is ionann As agus an sciar d’úsáid deiridh an amhábhair in earnáil NACE (leibhéal 2 dhigit); Is ionann Qs agus breisluach na hearnála ábhartha ag NACE (leibhéal 2 dhigit); Is ionann SIEI agus an t-innéacs ionaid a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch. |
|
2. |
Ríomhtar innéacs ionaid amhábhair a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch (SIEI) mar a leanas:
sna cásanna seo a leanas: cuireann i ábhar ionadach aonair in iúl; cuireann a cur i bhfeidhm amhábhair aonair in iúl; Is é SCP an paraiméadar feidhmíochta costais ionaid; Is éard is sciar ann ná sciar na n-amhábhar i bhfeidhmchláir úsáide deiridh; Is éard is fo-sciar ann ná fo-sciar gach ionadaigh i ngach feidhmchlár. |
|
3. |
Ríomhtar riosca soláthair amhábhair mar a leanas:
sna cásanna seo a leanas: Is é GS táirgeadh bliantúil domhanda amhábhair do thréimhse thagartha; Is éard is foinsiú an Aontais ann ná foinsiú iarbhír an tsoláthair don Aontais, i.e. táirgeadh intíre an Aontais móide tíortha eile a allmhairíonn isteach san Aontas; Is éard is HHI ann ná Innéacs Herfindahl-Hirschman (a úsáidtear mar ionadach do chomhchruinniú tíre); Is éard is WGI ann an tInnéacs Rialachais Dhomhanda ar scála (a úsáidtear mar athróg ionadach do rialachas tíre); is éard is t ann an paraiméadar trádála lena gcoigeartaítear WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh. Is éard is IR ann ná spleáchas ar allmhairí; Is éard is EoLRIR ann ná an ráta ionchuir athchúrsála táirgí a bhfuil a ré caite, rud a chiallaíonn an cóimheas idir ionchuir ábhair thánaistigh (a athchúrsáiltear ó sheandramh) agus gach ionchur amhábhair (príomhúil agus tánaisteach); Is éard is SISR ann an t-innéacs ionaid a bhaineann le riosca soláthair. |
|
4. |
Is mar a leanas a ríomhtar spleáchas allmhairiúcháin na n-amhábhar:
|
|
5. |
Ríomhtar Innéacs Herfindahl-Hirschman (HHIWGI) d’amhábhar mar a leanas:
sna cásanna seo a leanas: Is éard is Sc ann sciar thír c i soláthar domhanda (nó i bhfoinsiú AE) an amhábhair; is éard is WGIc ann an tInnéacs Rialachais Dhomhanda ar scála de thír c; is éard is tc ann paraiméadar trádála tíre a choigeartaíonn WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh. |
|
6. |
Ríomhtar innéacs ionaid amhábhair a bhaineann le riosca soláthair (SISR) mar a leanas:
sna cásanna seo a leanas: cuireann i ábhar ionadach aonair in iúl; cuireann a cur i bhfeidhm ábhair is iarrthóir in iúl; Is éard is SP ann an táirgeadh ionaid a léiríonn táirgeadh domhanda an ionaid agus an ábhair; Is éard is SCr ann an chriticiúlacht ionaid, ag cur san áireamh an amhábhar criticiúil é an t-ionadach féin; Is éard is SCo ann ná comhtháirgeadh an ionadaigh, ag cur san áireamh an táirge príomhúil é an t-ionadach nó an mbaintear é mar chomhtháirge nó mar sheachtháirge; Is éard is sciar ann ná sciar na n-ábhar i bhfeidhmchláir úsáide deiridh; Is éard is fo-sciar ann ná fo-sciar gach ionadaigh laistigh de gach feidhmchlár. |
|
7. |
I gcás ina mbeidh tionchar ag athruithe struchtúracha nó staidrimh ar thomhas na tábhachta eacnamaíche agus ar an riosca soláthair go cothrománach maidir leis na hábhair go léir a mheasúnaíodh, ceartófar na luachanna comhfhreagracha chun na hathruithe sin a fhritháireamh. Bunófar na ríomhanna ar mheán na 5 bliana a chuaigh thart a mbeidh sonraí ar fáil ina leith. Cuirfear tosaíocht, cáilíocht agus infhaighteacht na sonraí san áireamh. |
IARSCRÍBHINN III
Measúnú ar na critéir aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha
|
1. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
Déanfar rannchuidiú tionscadail leis an tagarmharc acmhainneachta ábhartha a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil thacaíochta a áirítear san iarratas agus am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh. |
|
2. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
OECDDéanfar rannchuidiú tionscadail leis na tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (a) a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil thacaíochta a áirítear san iarratas agus, am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh chomh maith leis an sciar d’aschur an tionscadail a chumhdaítear leis na comhaontuithe ceannaigh reatha nó féideartha dá dtagraítear i bpointe (c) á gcur san áireamh. D’fhéadfadh comhaontuithe conarthacha, litreacha intinne nó meabhráin tuisceana a bheith i gceist leis an bhfianaise a bhaineann le pointe (c). |
|
3. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
Déanfar na staidéir fhéidearthachta dá dtagraítear i bpointe (a) a dhearadh chun:
D’fhéadfadh go mbeadh gá le tuilleadh staidéir chun indéantacht an tionscadail a dhearbhú. |
|
4. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c) agus, i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh tionscadail maidir le reachtaíocht an Aontais nó maidir leis na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas á chur san áireamh:
Féadfaidh tionscnóirí tionscadail comhlíonadh an chritéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c) a fhianú freisin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
5. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d) agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
6. |
Déanfar a mheasúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír an critéar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e) agus a mhéid a rannchuidíonn an tionscadal, sa tríú tír ábhartha á chur san áireamh:
|
IARSCRÍBHINN IV
Critéir maidir le scéimeanna deimhniúcháin
Comhlíonfaidh scéim aitheanta deimhniúcháin na critéir seo a leanas:
|
(a) |
tá sé oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha do gach oibreoir eacnamaíoch atá toilteanach agus ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh agus is de rialachas il-gheallsealbhóra í ; |
|
(b) |
Ní mór do na ceanglais maidir le deimhniúchán a bheith comhleanúnach ar fud dhlí an AE agus áireofar an méid seo a leanas iont u:
|
|
(c) |
tá fíorú agus faireachán ar chomhlíonadh oibiachtúil, bunaithe ar chaighdeáin, ar cheanglais agus ar nósanna imeachta idirnáisiúnta agus náisiúnta agus ar nósanna imeachta de chuid Aontais agus déantar iad go neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha; |
|
(d) |
tá ceanglais agus nósanna imeachta leordhóthanacha ag baint léi chun inniúlacht agus neamhspleáchas na bhfíoraitheoirí freagracha a áirithiú. |
|
(da) |
áirítear ann ceanglais chun tuarascáil iniúchóireachta a bhunaítear ag leibhéal láithreáin a áirithiú. |
IARSCRÍBHINN V
Lorg comhshaoil
1. Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú. Déantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg comhshaoil atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘liosta ábhar’ liosta de na hamhábhair, na fochóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fo-chomhpháirteanna, na páirteanna agus na méideanna de gach ceann acu a theastóidh chun an táirge a mhonarú faoi raon feidhme an staidéir; |
|
(c) |
déanann ‘sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta’ tagairt do shonraí a thomhaistear go díreach nó a bhailítear ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí a bhaineann go sonrach le láithreán) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta. Tá an chiall chéanna leis agus ‘sonraí príomhúla’; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘modh measúnaithe tionchair’ an prótacal maidir le sonraí fardail saolré a aistriú go cainníochtúil go rudaí a chuireann le tionchar ar an gcomhshaol ar ábhar imní é; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘catagóir tionchair’ aicme úsáide acmhainní nó aicme tionchair comhshaoil lena mbaineann sonraí fardail saolré; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006); |
|
(g) |
ciallaíonn ‘Fardal saolré (LCI)’ an tacar comhcheangailte malairtí de shreafaí bunúsacha, dramhaíola agus táirgí i dtacar sonraí LCI; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘tacar sonraí fardail saolré (LCI)’ doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré maidir le táirge sonrach nó tagairt eile (e.g., láithreán, próiseas), ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré. D’fhéadfadh tacar sonraí LCI a bheith ina thacar sonraí aonadphróisis, ina thacar sonraí a bheadh comhiomlánaithe go páirteach nó ina thacar sonraí comhiomlánaithe; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí nach ó phróiseas sonrach iad laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta atá i mbun an staidéir ar an lorg comhshaoil. Tagraíonn sé sin do shonraí nach mbailítear go díreach, nach dtomhaistear, nó nach ndéanann an chuideachta meastachán ina leith, ach a fhaightear ó thacar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile. Áirítear le sonraí tánaisteacha meán-sonraí ón tionscal (e.g., ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail), staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus d’fhéadfaidís a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais, agus d’fhéadfadh seachshonraí a bheith iontu, agus sonraí cineálacha eile. Meastar gur sonraí tánaisteacha iad sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim comhiomlánaithe chothrománach; |
|
(j) |
ciallaíonn ‘teorainn an chórais’ na gnéithe a áirítear sa staidéar saolré nó a eisiatar uaidh. |
Ina theannta sin, áireofar sna rialacha ríomhanna maidir le lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil aon sainmhíniú eile is gá lena léirmhíniú.
2. Raon feidhme
Soláthraítear eilimintí riachtanacha maidir le conas lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a ríomh san Iarscríbhinn seo.
Tógfaidh na rialacha maidir le ríomh do lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil ar leith ar na heilimintí riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, agus modhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha i réimse an mheasúnaithe saolré á gcur san áireamh.
Beidh an ríomh a dhéanfar ar lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh, ar na modhanna táirgthe, agus ar na hábhair choimhdeacha a úsáidfear ag na saoráidí lena mbaineann chun amhábhar criticiúil a tháirgeadh.
Agus rialacha maidir le ríomh maidir le lorg comhshaoil amhábhar criticiúil faoi leith á mbunú, féachfaidh an Coimisiún le comhsheasmhacht a áirithiú le rialacha maidir le ríomh do lorg comhshaoil na dtáirgí idirmheánacha agus deiridh a bhaineann úsáid as amhábhair chriticiúla ábhartha.
3. Aonad dearbhaithe
Is é 1 kg den chineál amhábhair chriticiúil ábhartha a bheidh san aonad dearbhaithe.
Leis na rialacha maidir le ríomh do lorg comhshaoil amhábhar criticiúil ar leith, d’fhéadfaí méid níos airde nó níos ísle d’aonad dearbhaithe a shonrú, arna shloinneadh in kg, i gcás inar gá chun cineál nó úsáid an amhábhair chriticiúil ábhartha a chur san áireamh.
Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an aonad dearbhaithe sin.
4. Teorainn an chórais
Is iad eastóscadh, dlúthú agus scagadh na trí chéim saolré atá le háireamh i dteorainn chórais na n-amhábhar criticiúil príomhúil leis na próisis seo a leanas (nuair is ábhartha don amhábhar sonrach):
|
(a) |
Próisis réamhtheachtacha lena n-áirítear eastóscadh méine le haghaidh táirgeadh amhábhar, táirgeadh agus soláthar (lena n-áirítear iompar) ceimiceán, innealra cúnta, táirgeadh agus soláthar (lena n-áirítear iompar) breoslaí, táirgeadh agus soláthar leictreachais, agus iompar ábhar i bhfeithiclí nach leis an eagraíocht iad ná nach bhfuil á n-oibriú ag an eagraíocht; |
|
(b) |
Iompar mianta, tiúchan agus amhábhar i bhfeithiclí atá faoi úinéireacht eagraíochta nó atá á n-oibriú ag an eagraíocht; |
|
(c) |
Mianta, tiúcháin agus amhábhair a stóráil; |
|
(d) |
Brú agus glanadh méine; |
|
(e) |
Táirgeadh tiúchan amhábhar; |
|
(f) |
Eastóscadh miotal (trí mhodhanna ceimiceacha, fisiceacha nó bitheolaíocha); |
|
(g) |
Bruithniú; |
|
(h) |
Tiontú miotal; |
|
(i) |
Glanadh slaige; |
|
(j) |
Scagadh miotal; |
|
(k) |
Leictrealú miotal; |
|
(l) |
Teilgean nó pacáistiú miotal; |
|
(m) |
Ábhar caite agus cóireáil slaige; |
|
(n) |
Gach próiseas cúnta gaolmhar amhail cóireáil fuíolluisce (ar an láthair, lena n-áirítear cóireáil uiscí próisis, fuarú díreach, uisce agus uisce dromchla a ritheann chun srutha), córais laghdaithe gáis (lena n-áirítear córais le haghaidh gáis phríomhúla agus thánaisteacha, coirí (lena n-áirítear réamhchóireáil uisce beathaithe), lóistíocht inmheánach. |
I dteorainn chórais na n-amhábhar criticiúil tánaisteach (lena sainítear céim shaolré na hathchúrsála), áireofar na próisis seo a leanas (nuair is ábhartha don amhábhar athchúrsáilte sonrach):
|
(a) |
Próisis réamhtheachtacha lena n-áirítear giniúint amhábhar beathaithe (dramhábhair agus tiúcháin óghchopair, táirgeadh agus soláthar (iompar) ceimiceán, innealra cúnta, táirgeadh agus soláthar (iompar) breoslaí, táirgeadh agus soláthar leictreachais, agus iompar ábhar i bhfeithiclí nach leis an eagraíocht iad; |
|
(b) |
Iompar tiúchan agus dramh i bhfeithiclí atá faoi úinéireacht eagraíochta nó atá á n-oibriú ag an eagraíocht; |
|
(c) |
Draimh, tiúchain agus amhábhair a stóráil; |
|
(d) |
Réamhchóireáil ábhair thánaistigh; |
|
(e) |
Bruithniú; |
|
(f) |
Tiontú miotal; |
|
(g) |
Scagadh miotal; |
|
(h) |
Leictrealú miotal; |
|
(i) |
Teilgean nó pacáistiú miotal; |
|
(j) |
Cóireáil ábhair caite; |
|
(k) |
Gach próiseas cúnta gaolmhar amhail cóireáil fuíolluisce (ar an láthair, lena n-áirítear cóireáil uiscí próisis, fuarú díreach, uisce agus uisce dromchla a ritheann chun srutha), córais laghdaithe gáis (lena n-áirítear córais le haghaidh gáis phríomhúla agus thánaisteacha, coirí (lena n-áirítear réamhchóireáil uisce beathaithe), agus lóistíocht inmheánach. |
Déanfar an chéim úsáide nó an chéim deiridh saolré a eisiamh ó na ríomhanna don lorg comhshaoil, toisc nach bhfuil sí faoi thionchar díreach an oibreora eacnamaíoch atá freagrach. Féadfar próisis eile a eisiamh i gcás nach bhfuil a rannchuidiú le lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil ar leith suntasach.
5. Catagóirí tionchair
Sonrófar sna rialacha maidir le ríomh an chatagóir nó na catagóirí tionchair is gá a áireamh i ríomh an loirg comhshaoil chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Beidh an rogha bunaithe ar an anailís teophointí a dhéanfar i gcomhréir le modheolaíochtaí atá fónta ó thaobh na heolaíochta de a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
tábhacht choibhneasta na dtionchar éagsúil, lena n-áirítear a dtábhacht choibhneasta maidir le tionchair aeráide agus chomhshaoil; |
|
(b) |
riachtanais cuideachtaí iartheachtacha ar mian leo cumarsáid a dhéanamh maidir le lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a úsáideann siad. |
6. Tacair sonraí shonracha agus thánaisteacha cuideachtaí a úsáid
Sonrófar sna rialacha maidir le ríomh úsáid tacar sonraí sonrach nó tánaisteach cuideachta maidir leis na próisis agus na hábhair ábhartha go léir. Má cheadaíonn na rialacha ríomha rogha a dhéanamh idir tacar sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta agus tacar sonraí tánaisteacha, beidh dreasacht leordhóthanach sa mhodh ríofa chun an tacar sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta a úsáid.
Beidh gá le húsáid sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta le haghaidh na bpróiseas atá faoi thionchar díreach an oibreora fhreagraigh ar a laghad agus beidh an rannchuidiú is mó leis na catagóirí tionchair ábhartha ag baint leo.
Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le cuideachta i gcomhar leis na tacair shonraí thánaisteacha a bheidh i gcomhréir leis an Lorg Comhshaoil ábhartha. Ba cheart a shonrú sna rialacha maidir le ríomh an gceadaítear sampláil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i modheolaíochtaí atá fónta ó thaobh na heolaíochta de a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Fágfaidh an t-athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidfear chun cineál amhábhar criticiúil a tháirgeadh go mbeidh ríomh nua den lorg comhshaoil ag teastáil.
Agus déine carbóin an fhuinnimh a úsáidtear thar chéimeanna an phróisis mar a liostaítear i bpointe 4 á ríomh, úsáidfear meánsonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de mheascán fuinnimh na tíre nó, i gcás inar féidir, an réigiúin inar tharla an ghníomhaíocht shonrach nó an próiseas sonrach. Ní bhainfear úsáid as fachtóirí astaíochtaí níos ísle ach amháin i gcás inar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a léiriú go hiontaofa nach bhfuil a phróisis aonair nó a sholáthar fuinnimh chomh dian céanna ar charbón ná meascán fuinnimh mheán na tíre nó, i gcás inar féidir, meán an réigiúin. Léireofar an méid sin trí nasc díreach le táirgeoir fuinnimh inathnuaite nó le táirgeoir ag a bhfuil déine carbóin níos ísle nó le conradh lena léirítear nasc ama agus geografach idir an soláthar fuinnimh agus an úsáid ag an oibreoir eacnamaíoch, rud a fhíorófar le ráiteas fíoraithe tríú páirtí.
Áireofar leis na rialacha maidir le ríomh a bheidh le forbairt trí ghníomh tarmligthe samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna seo a leanas den tsaolré:
|
(a) |
Céim eastósctha, dlúthaithe agus scagtha amhábhar príomhúil; |
|
(b) |
Céim fála agus próiseála amhábhar tánaisteach. |
7. Modhanna measúnaithe tionchair
Déanfar an lorg comhshaoil a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna measúnaithe tionchair atá fónta ó thaobh na heolaíochta de ina gcuirfear san áireamh forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le catagóirí tionchair ábhartha a bhaineann leis an athrú aeráide, uisce, aer, ithir, acmhainní, úsáid talún agus tocsaineacht.
Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe (gan normalú agus ualú).
8. Aicmí feidhmíochta an loirg comhshaoil
Ag brath ar dháileadh luachanna dearbhuithe maidir leis an lorg comhshaoil a chuirtear ar mhargadh inmheánach, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin ar an tsaolré, ar mhaithe le difreáil mhargaidh. Beidh sainaithint na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith lena leithead, bunaithe ar dháileadh feidhmíochtaí na n-amhábhar criticiúil a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag súil leo, agus tosca teicniúla eile atá le sainaithint.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an líon aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu gach 3 bliana ionas go mbeidh siad fós ionadaíoch don mhéid atá ag tarlú sa mhargadh agus a fhorbairt ionchais.
9. Measúnú comhréireachta
Sonrófar sna rialacha maidir le ríomh agus fíorú an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na dtáirgí lena mbaineann.
Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:
|
(a) |
an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál ábhair agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú; |
|
(b) |
infhaighteacht tríú páirtithe inniúla agus neamhspleácha atá ábalta cúraimí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí féideartha a dhéanamh; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE. |
IARSCRÍBHINN VI
Táirgí ábhartha amhail dá dtagraítear in Airteagal27(1)
Liostaítear sa tábla seo a leanas earraí mar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0260/2023).
(*1) Is leagan ceartaithe de na téacsanna arna nglacadh é seo, agus é mar aidhm leis comhchordacht na teangacha uile a áirithiú. Cuireadh saimhíniú leis, ar sainmhíníu é a bhí in easnamh sa leagan roimhe seo ar chúiseanna teicniúla, agus mar thoradh air sin rinneadh na sainmhínithe a athuimhriú (ceartúchán in Airteagal 2).
(*2) Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
(2) IO C , , lch. .
(3) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
(5) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, prionsabail an Aontais maidir le hamhábhair inbhuanaithe, Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2873/27875
(6) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(7) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(8) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(9) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(10) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(11) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(12) Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE – Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15).
(13) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(14) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(16) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(17) Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 1).
(18) Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta The Global Gateway (JOIN/2021/30 final).
(19) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1).
(21) Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64).
(22) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 30).
(23) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(24) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(25) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(26) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(27) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(28) Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1791/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)