Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0102

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (13531/1/2021 – C8-0172/2017 – 2017/0113(COD))

    IO C 434, 15.11.2022, p. 103–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 434, 15.11.2022, p. 66–66 (GA)

    15.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 434/66


    P9_TA(2022)0102

    Úsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar ***II

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (13531/1/2021 – C8-0172/2017 – 2017/0113(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

    (2022/C 434/16)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (13531/1/2021 – C8-0172/2017),

    ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 6 Nollaig 2017 (1),

    ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 18 Feabhra 2018 (2),

    ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2022)0014),

    ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh (3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0282),

    ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0041/2022),

    1.

    ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

    2.

    ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

    3.

    á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

    4.

    á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

    5.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    (1)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 71.

    (2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

    (3)  IO C 411, 27.11.2020, lch. 258.


    Top