Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0782

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

/* COM/2012/0782 final - 2012/0364 (COD) */

52012PC0782

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 /* COM/2012/0782 final - 2012/0364 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí is mó atá déanta ag an Aontas Eorpach. Tá comhtháthú agus margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith fíor‑riachtanach chun go mbeidh rath ar an straitéis Eoraip 2020 agus chun go bhfásfaidh geilleagar an AE ar ráta inbhuanaithe chun géarchéim an fhiachais cheannasaigh agus airgeadais a tháinig ina diaidh in 2008 a shárú.

Toisc gur margaí domhanda iad na margaí caipitil, tá sé ríthábhachtach na rialacha maidir le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht a chomhchuibhiú ar an leibhéal domhanda chun go bhfeidhmeoidh na margaí caipitil go rianúil, agus chun gur féidir margadh comhtháite a bhaint amach do na seirbhísí airgeadais san AE. Seachas a chaighdeáin féin a thabhairt isteach maidir le tuairisciú airgeadais ar leibhéal réigiúnach, rud a dhéanfadh reachtaíocht ar leibhéal an AE a chomhchuibhiú ach a chuirfeadh le deighiltí réigiúnacha ar an leibhéal domhanda, chinn an AE in 2002 caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a ghlacadh.

Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, teastaíonn ón Eoraip a mheáchan a mhéadú sa phróiseas maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú ionas go n‑éistfear lena glór. Ní mór don Aontas labhairt d'aonghuth chun go dtabharfar cluas éisteachta dó. De réir a chéile, tá an ról glactha chuige féin ag an EFRAG[1], comhairleoir teicniúil an Choimisiúin Eorpaigh i gcúrsaí cuntasóireachta, ionchur réamhtheachtach, teicniúil agus inchreidte a sholáthar don phróiseas IASB maidir le caighdeáin a shocrú.

Ní foláir don eintiteas a shocraíonn na caighdeáin idirnáisiúnta agus don eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar son leasanna na hEorpa a bheith neamhspleách, cumas agus saineolas leordhóthanach a bheith acu chun caighdeáin ar ardcháilíocht mar aon le hionchur i ndáil leis na caighdeáin sin a sholáthar, agus bonn fónta airgeadais a bheith acu chun go mbeidh siad in ann a misean i ndáil le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhonn fadtéarmach.

Chuige sin, in 2009 bhunaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí ar leith i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta[2]. Tiocfaidh deireadh leis an gClár sin an 31 Nollaig 2013. Is é is cuspóir leis an Rialachán seo an Clár a athnuachan ar feadh thréimhse an chéad chreata airgeadais eile (2014-2020), agus ranníocaíochtaí díreacha le cistiú thairbhithe an Chláir ó bhuiséad an Aontais a éascú le linn na tréimhse sin.

Ba iad tairbhithe an Chláir ag an tús Coiste na Maoirseoirí[3], Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IASCF), an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG) agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Rinneadh foráil sa Chinneadh freisin maidir leis an deis tairbhí nua a thabhairt isteach nó tairbhí nua a chur in ionad seantairbhí.

In 2010, bunaíodh Údaráis Eorpacha Maoirseachta agus ghlac siad, i measc freagrachtaí eile, freagrachtaí Choistí na Maoirseoirí a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo dírithe ar chómhaoiniú an Aontais ar na tairbhithe atá fágtha a leathnú, eadhon Fondúireacht IFRS (comharba dlíthiúil ar an IASCF), an EFRAG agus an PIOB.

1.1.        Tuairisciú airgeadais: Fondúireacht IFRS

Le linn na géarchéime sna margaí airgeadais a thosaigh in 2007, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le trédhearcacht agus, dá bhrí sin, tugadh aird níos mó sa chlár polaitiúil ar cheist na gcaighdeán cuntasaíochta. Ba léir gur cheart timpeallacht fhabhrach gnó agus cothrom iomaíochta domhanda a chomhcheangal le trédhearcacht agus inchomparáideacht a chuideoidh le margadh caipitil domhanda a fheidhmíonn go cuí. Thuig ceannairí ar fud an domhain an tábhacht a bhain le tacar amháin de chaighdeáin chuntasaíochta, dhomhanda ar ardcháilíocht a chur ar bun[4].

Léirigh an tAontas Eorpach a chumas ceannaireachta nuair a chinn sé caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS agus IFRIC) a ghlacadh i ndlí an Aontais. De réir Rialachán 1606/2002 ('Rialachán IAS'), ní foláir do chuideachtaí atá liostaithe san AE a dtuarascálacha comhdhlúite airgeadais a tharraingt suas ag baint úsáide as caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit a n‑úsáid a cheangal nó a cheadú i ndáil le cuntais bhliantúla agus/nó cuideachtaí nach bhfuil liostaithe.

Glactar le tuarascálacha airgeadais cuideachtaí Eorpacha atá ag úsáid IFRS arna nglacadh san Aontas gan athráiteas i roinnt margaí caipitil ar fud an domhain – lena n‑áirítear SAM, an Astráil agus an tSeapáin. Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, nó ag coinbhéirsiú leo, tá dul chun cinn seasta á dhéanamh i dtreo na sprice tacar amháin de chaighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a nglactar leo ar fud an domhain a bhunú.

Forbraíonn IASB agus Coiste Léirmhíniúcháin IFRS caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS agus IFRIC). Is bratchomhlacht í Fondúireacht IFSC de na heagraíochtaí sin agus tá maoiniú rianúil cuí na n‑eagraíochtaí sin de chúram uirthi. Ní mór don chomhlacht a fhorbraíonn caighdeáin chuntasaíochta ar ardcháilíocht a bheith neamhspleách, agus ní mór an cumas a bheith ann daoine ar ardcháilíocht a earcú. Chuige sin, tá bonn cistiúcháin daingean, neodrach, iontaofa agus inríofa san fhadtéarma ag teastáil.

I dteannta an chistiúcháin, ní foláir do rialachas Fhondúireacht IFRS tacú le feidhmiú neamhspleách, inchreidte agus cuí na heagraíochta sin. Cuireadh feabhas ar rialachas na Fondúireachta le cúpla bliain anuas, agus ba é cruthú an Bhoird Faireacháin an chuid is tábhachtaí de sin. Bunaíodh an comhlacht sin ar mhaithe le cuntasacht agus ionadaíocht chuí ar leas an phobail a áirithiú san eagraíocht. Feabhsaíodh éifeachtacht Chomhairle Chomhairleach na gCaighdeán agus bunaíodh Coiste Maoirseachta na Próise Cuí. Beidh tuilleadh oibre ag teastáil chun a áirithiú go neartóidh Fondúireacht IFRS a stádas i dtaca le caighdeáin ar ardcháilíocht a shocrú, ar léiriú é ar ghné dhomhanda na margaí caipitil.

Chuige sin, le Treoir 716/2009, léirigh an tAontas Eorpach go bhfuil sé sásta an tacaíocht airgeadais is gá a sholáthar d'Fhondúireacht IFRS (IASCF) i bhfoirm scéime cobhsaí cómhaoinithe. Thosaigh an tAontas, mar aon le Ballstáit áirithe, ar ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséid Fhondúireacht IFRS a bhí inchurtha lena mheáchan ar na margaí caipitil domhanda. Ba é 4 229 165.14 EUR ranníocaíocht an AE le buiséad Fhondúireacht IFRS sa bhliain fhioscach 2011 (17 % de chostais incháilithe iomlána na Fondúireachta don bhliain sin).

De réir thuarascáil deiridh an Bhoird Faireacháin maidir le hAthbhreithniú ar Rialachas Fhondúireacht IFRS[5] arna fhoilsiú an 9 Feabhra 2012, beidh ballraíocht an Bhoird Faireacháin ceangailte le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le buiséad Fhondúireacht IFRS. Tá sé ríthábhachtach don AE, dá bhrí sin, leanúint le ranníocaíocht a dhéanamh le buiséad Fhondúireacht IFRS de réir a mheáchain dhomhanda eacnamaíoch, má theastaíonn ón Eoraip an seasamh atá aige faoi láthar i réimse an tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta a choinneáil.

1.2.        Tuairisciú airgeadais: an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG);

Bunaíodh an EFRAG in 2001 mar eagraíocht phríobháideach chun saineolas teicniúil a sholáthar don Choimisiún Eorpach i gcúrsaí um thuairisciú airgeadais. Ag an tús, is éard a rinne an EFRAG go príomha, comhairle a sholáthar don Choimisiún i dtaobh ar chomhlíon caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta atá le glacadh san Aontas na critéir maidir le formhuiniú teicniúil[6]. De réir a chéile, tá ról glactha ag an EFRAG chuige féin tionchar gníomhach a imirt ar IASB i dtaobh caighdeáin a shocrú. Tugann sé ionchur trí litreacha tráchta a eisiúint maidir le dréachtchaighdeáin agus ranníocaíocht luath trí pháipéir plé a phoibliú ar shaincheisteanna reatha maidir le cuntasóireacht. Léitear litreacha tráchta an EFRAG ar fud an domhain agus luaitear ar fud an domhain iad freisin.

Ag an tús, bhí cearta ionadaíochta agus vótála chomhlachtaí rialachais an EFRAG (amhail an Comhthionól Ginearálta agus an Bord Maoirseachta) ceangailte leis an ranníocaíocht airgeadais arna déanamh le buiséad an EFRAG. Bíonn an comhlacht atá i gceannas ar an bpríomhobair theicniúil, an Grúpa Saineolaithe Teicniúla, neamhspleách i gcónaí.

In 2008, rinneadh athchóiriú iomlán ar rialachas an EFRAG chun é a chur in oiriúint dá ról breisithe maidir le beartas poiblí, is é sin ardán a sholáthar do ghuth cuntasóireachta aonair na hEorpa. Ba é an aidhm a bhí ann, maoirseacht agus cuntasacht mhéadaithe an phobail a áirithiú.

Tugadh dhá athrú mhóra isteach:

· Bunaíodh Coiste Pleanála agus Acmhainne áit a bhfuil an obair fhorghníomhach luath láraithe – le rannpháirtíocht na n‑eintiteas a shocraíonn na caighdeáin náisiúnta; agus

· Ról neartaithe an Bhoird Mhaoirseachta: ní ionadaithe iad na baill a thuilleadh ar na heagraíochtaí cistiúcháin ach ceaptar iad i ról neamhspleách. Déanann na baill ionadaíocht ar gheallsealbhóirí éagsúla - ullmhaitheoirí (lena n‑áirítear FBManna), úsáideoirí agus institiúidí airgeadais; nó bíonn cúlra sa bheartas poiblí acu; bítear ag súil go bhfeidhmeoidh siad ar fad chun leas an phobail. As measc na 17 ball den Bhord Maoirseachta, baill beartais phoiblí iad ceathrar acu. Tá cúlra ar leith acu i ndéanamh beartas poiblí agus is é an Coimisiún a ainmníonn iad.

Tá an Grúpa Saineolaithe Teicniúla freagrach i gcónaí as príomhobair theicniúil an EFRAG. Ní mór don Ghrúpa Saineolaithe Teicniúla, a fheidhmíonn mar choiste neamhspleách de shaineolaithe teicniúla, seasamh ar bith a ghlacann an EFRAG maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a phlé agus a fhormheas. Bíonn cathaoirleach an EFRAG ina chathaoirleach ar chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe Teicniúla, agus tá a rúnaíocht féin ag an EFRAG (rúnaíocht ina bhfuil gairmithe cuntasóireachta). Baineann formhór d'obair an Ghrúpa Saineolaithe Teicniúla le comhairle formhuinithe a thabhairt don Choimisiún agus litreacha tráchta a chur chuig IASB.

Bíonn formhór chruinnithe an EFRAG oscailte don phobal agus féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin freastal ar chruinnithe ar fad an EFRAG mar bhreathnóirí.

Mar gheall ar an athchóiriú in 2008 a bhí dírithe ar rialachas, bhí an EFRAG in ann a ghníomhaíochtaí forghníomhacha a leathnú, i gcomhar leis na heintitis a shocraíonn na caighdeáin náisiúnta san Eoraip. Trí bhíthin athchóirithe rialachais bhreise eile a bheidh le cur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn, leanfaidh an EFRAG le modhanna a fhorbairt lena áirithiú gurb eisean an príomhardán le haghaidh 'guth cuntasóireachta aonair an AE' agus le hionchur an Aontais san IASB a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, tabharfaidh an EFRAG faoi athbhreithniú cuimsitheach ar a struchtúr rialachais ag cur san áireamh na bhforbairtí is déanaí i réimse an tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta.

Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, ní foláir don AE bearta a dhéanamh ionas nach gcaillfidh sé tionchar agus meáchan de réir a chéile i ndáil le IASB. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí ionadaíocht cheart ar leasanna na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go labhródh an Eoraip le haon ghuth amháin a bheadh inchreidte agus fónta ón taobh teicniúil de.

Tá cistiú daingean, fadtéarmach, éagsúlaithe de dhíth ón EFRAG chun go mbeidh sé inchreidte agus neamhspleách agus chun go mbeidh sé in ann doiciméid ar ardcháilíocht a sholáthar trí shaineolaithe ar ardcháilíocht a fhostú. Chomh maith leis sin, ní dhéanfar ionadaíocht ar an dearcadh uile‑Eorpach ach amháin má cómhaoiníonn an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit níos mó, an EFRAG ar son na mBallstát níos lú.

Bunaíodh clár maoiniúcháin 2010-2013 chun cistiú iontaofa a bhunú don fhadtéarma. Ar bonn chinneadh maoiniúcháin an AE an 16 Meán Fómhair 2009, ba é EUR 2 288 160 ranníocaíocht an AE leis an EFRAG sa bhliain fhioscach 2011 (43% de bhuiséad iomlán an EFRAG don bhliain sin).

Cuspóirí fadtéarmacha iad spriocanna an Chláir sin; dá bhrí sin, is deacair teacht ar chonclúidí agus gan an maoiniú i bhfeidhm ach ar feadh dhá bhliain iomlána. Bunaithe ar an taithí atá faighte i ndáil leis an maoiniú go dtí sin, tá a phríomhchuspóirí comhlíonta ag an gClár. I measc rudaí eile, lig sé don EFRAG a ghníomhaíochtaí a leathnú agus gabháil don obair fhorghníomhach, dul go geallsealbhóirí agus a ndearcadh a lorg ag imeachtaí for‑rochtana agus cur lena neamhspleáchas trí íoc as an gcathaoirleach as a bpá‑rolla féin. Chun níos mó sonraí a fháil faoin taithí go dtí seo, féach ar an meastóireacht ex ante ar sheirbhísí an Choimisiúin atá ag gabháil leis an togra seo.

1.3.        Iniúchóireacht: an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB)

Is Fondúireacht neamhbhrabúsach de chuid na Spáinne é an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) a bunaíodh in Maidrid. Is iad príomh‑chomhpháirtithe an PIOB an Grúpa Faireacháin, ar comhlacht é a dhéanann ionadaíocht ar rialtóirí agus ar institiúidí[7], agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), ar comhlacht príobháideach é a dhéanann ionadaíocht ar chuntasóirí agus ar iniúchóirí ar fud an domhain[8]. Tá deich mball sa PIOB, lena n‑áirítear an Cathaoirleach. Ainmníonn an Coimisiún Eorpach beirt de na baill sin.

Ainmníonn an Grúpa Faireacháin baill an PIOB ar feadh tréimhse trí bliana de réir Meabhráin Tuisceana. Tá réimse geallsealbhóirí ina mball den PIOB: reachtóirí (e.g. Parlaimint na hEorpa, reachtóirí náisiúnta), rialtóirí agus maoirseoirí ar na margaí airgeadais lena n‑áirítear comhlachtaí maoirseachta iniúchóirí, eintitis a shocraíonn caighdeáin náisiúnta le haghaidh cuntasóireachta agus iniúchóireachta, iniúchóirí agus gairm na hiniúchóireachta go ginearálta, ullmhaitheoirí ráiteas airgeadais (cuideachtaí), úsáideoirí ráiteas airgeadais (e.g. infheisteoirí, anailíseoirí, taighdeoirí, soláthróirí), lucht acadúil.

Is é ról an PIOB a ráthú go n‑urramaítear próis chuí, maoirseacht agus trédhearcacht agus caighdeán idirnáisiúnta le haghaidh iniúchóirí á mholadh, á fhorbairt agus á ghlacadh faoi chreat Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC). Bord Iontaobhaithe a rialaíonn an Chónaidhm agus tá gach ball den PIOB ina iontaobhaí.

Ar bonn chinneadh maoinithe an AE an 16 Meán Fómhair 2009, ba é EUR 286 231 ranníocaíocht an AE leis an PIOB sa bhliain fhioscach 2010. B'ionann an méid sin agus 22 % de chostais incháilithe iomlána an PIOB (EUR 1 301 050). Ar an taobh eile, ba é EUR 288 991.78 ranníocaíocht an AE leis an PIOB sa bhliain fhioscach 2011, méid arb ionann é agus 22 % de chostais incháilithe iomlána PIOB don bhliain sin (EUR 1 313 599).

Ba dhearfach an taithí a bhí ann i ndáil le cómhaoiniú an PIOB go dtí seo. Bhí an deis ag an gCoimisiún Eorpach cuairt a thabhairt ar áitreabh an PIOB faoi dhó (Márta 2010 agus Aibreán 2011) agus a rialuithe airgeadais a fhíorú. Thug an Coimisiún Eorpach oiliúint don fhoireann i ndáil le nósanna imeachta buiséadacha an AE freisin. Ón taobh praiticiúil de, d'fhoghlaim an dá thaobh mórán ó na gníomhaíochtaí a bhain le bainistiú an deontais oibriúcháin do bhlianta fioscacha 2010 agus 2011. Réitíodh an bealach, dá bhrí sin, le haghaidh bainistíocht níos éifeachtúla i ndáil le ranníocaíochtaí cistiúcháin amach anseo.

Dea‑shampla is ea cómhaoiniú an AE ar an PIOB do ranníocóirí féideartha eile. Faoi láthair ní dhéanann ach IFAC (thart ar 78 %) agus an AE (thart ar 22 %) cómhaoiniú ar an PIOB. Tá an Coimisiún Eorpach de shíor ag déanamh iarrachta cistiú an PIOB a éagsúlú agus a neamhspleáchas i ndáil le gairm na hiniúchóireachta a neartú. Táthar ag súil go soláthróidh roinnt institiúidí idirnáisiúnta cistí do PIOB cheana don bhliain fhioscach 2013. Ina theannta sin, bhunaigh an Grúpa Faireacháin, an PIOB agus IFAC tascfhórsa chun dul i bhfeidhm ar ghrúpa deontóirí ó ar fud an domhain cistiú a sholáthar don PIOB ar bhonn seasta agus fadtéarmach.

Dá ndéanfadh an AE méid an mhaoinithe a thugann sé faoi láthair a laghdú (méid arb ionann é agus 22 % den bhuiséad iomlán), droch‑theachtaireacht a bheadh ansin agus an PIOB ag iarraidh a struchtúr cistiúcháin a éagsúlú. Ach tá an méid sin ríthábhachtach freisin i bhfianaise na n‑athchóirithe atá á ndéanamh faoi láthair ar an margadh iniúchóireachta, athchóirithe atá dírithe ar neamhspleáchas gnólachtaí, na n‑eintiteas a shocraíonn caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus maoirseoirí iniúchtaí a mhéadú.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Sa mheastóireacht ex ante a bhí ag gabháil leis an togra ón gCoimisiún maidir le Clár 2010‑2013 a bhunú[9], rinne an Coimisiún measúnú ar na roghanna malartacha maidir le cistiú. Ba iad cuspóirí an chláir cistiú cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a áirithiú agus a chur ar chumas na gcomhlachtaí ábhartha a misean a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Is léir gurb é cómhaoiniú an Aontais an rogha is éifeachtúla agus is iomchuí i ndáil leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

Sa mheastóireacht ex ante a ghabhann leis an togra seo, mhaígh an Coimisiún gur éirigh leis an gClár mar a bhíothas ag súil leis, agus gur chomhlíon sé na cuspóirí agus gur cheart leanúint dá mhaoiniú. Ina theannta sin, bunaíodh an Clár maoiniúcháin ar mhaithe le cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach. Dá bhrí sin, is iomchuí a mholadh go leanfaí leis faoin gcéad chreat airgeadais eile 2014-2020.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús dlí

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114.

I gcomhréir le beartas reachtach an Choimisiúin a glacadh faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil, tá sé beartaithe gur i bhfoirm Rialacháin a bheidh an clár cistiúcháin seo.

3.2.        Prionsabal na coimhdeachta

Déanann clár an Aontais foráil maidir leis an deis cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, agus a thacaíonn leis an mbeartas sin. Tá an togra ag teacht le prionsabal na coimhdeachta ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach féidir leis na Ballstáit a chuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr fairsinge agus éifeacht an bhirt, a fhéadfaidh iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

3.3.        Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir an mheasúnaithe sa mheastóireacht ex‑ante, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach. Moltar cistiú ón Aontas i gcás méid teoranta, dea‑shainithe de na comhlachtaí is tábhachtaí i réimse na seirbhísí airgeadais. Laistigh den chreat reatha institiúideach, ba cheart go n‑áiritheodh na socruithe cistiúcháin nua cistiú cobhsaí éagsúlaithe fónta agus leordhóthanach ionas go mbeidh sé ar chumas na gcomhlachtaí ábhartha an misean atá acu i ndáil leis an Aontas nó le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Deonófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus i Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. …/… ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012, maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 58 010 000 i bpraghsanna reatha an méid iomlán a íocfar as buiséad an Aontais don tréimhse 2014 – 2020. Clár seacht mbliana is ea é seo agus beidh sé ag teacht le fad na bpeirspictíochtaí airgeadais 2014 ‑ 2020.

2012/0364 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[10],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11], bunaíodh clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Ar bhonn an Chinnidh sin, rachaidh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair don Ghrúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG), d'Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS, comharba dlíthiúil Fhondúireacht an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, IASCF) agus don Bhord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go dtí an 31 Nollaig 2013.

(2)       Tá géarchéim sna margaí airgeadais ó 2008 i leith, agus tá ceist an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta ag croílár chlár oibre polaitiúil an Aontais dá bhrí sin. Tá creat coiteann tuairiscithe airgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don mhargadh inmheánach, d'fheidhmiú éifeachtach na margaí caipitil agus chun margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais san AE.

(3)       Éilíonn geilleagar domhanda teanga cuntasaíochta dhomhanda. Glactar agus úsáidtear Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), arna bhforbairt ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASE), i mórán dlínsí ar fud an domhain. Ní foláir na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta sin a fhorbairt faoi phróiseas trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Chun a áirithiú go n‑urramaítear leasanna an Aontais agus go bhfuil na caighdeáin dhomhanda ar ardcháilíocht agus go bhfuil siad ag teacht le dlí an Aontais, ní foláir leasanna an Aontais a chur san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas sin maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú.

(4)       De réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002, maidir le cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta[12], ba cheart IFRS a ionchorprú i ndlí an Aontais atá le cur i bhfeidhm ag comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ar chuntar go gcomhlíonann IFRS na critéir atá leagtha amach sa Rialachán sin. Dá bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus dá bhrí sin tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas trína ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh.

(5)       Is iad IASB a eisíonn IFRS agus eisíonn Coiste Léirmhíniúcháin IFRS léirmhínithe gaolmhara; dhá chomhlacht laistigh d'Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is ea iad sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a bhunú d'Fhondúireacht IFRS.

(6)       In 2001, bhunaigh eagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar eisitheoirí, infheisteoirí agus ar an sciar de ghairm na cuntasóireachta a raibh baint acu leis an bpróiseas um thuairisciú airgeadais an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG). I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, soláthraíonn an EFRAG tuairimí don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíonann caighdeán cuntasaíochta arna eisiúint ag IASB, nó léirmhíniú arna eisiúint ag Coiste Léirmhíniúcháin IFRS, atá le formhuiniú, na critéir maidir le formhuiniú atá leagtha amach sa Rialachán sin. Tá ról 'ghuth cuntasóireachta aonair na hEorpa' á ghlacadh ag an EFRAG ar an leibhéal domhanda chomh maith. Ag gníomhú dó sa ról sin, cuidíonn an EFRAG le próiseas IASB maidir le caighdeáin a shocrú.

(7)       Ag cur san áireamh phríomhról an EFRAG tacú le dlí agus beartas an mhargaidh inmheánaigh agus ionadaíocht a dhéanamh ar son leasanna na hEorpa sa phróiseas maidir le caighdeáin a shocrú ar an leibhéal idirnáisiúnta, ní foláir don Aontas maoiniú cobhsaí an EFRAG a áirithiú, agus cuidiú lena chistiú dá bhrí sin.

(8)       I réimse na hiniúchóireachta reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar athchóiriú rialachais ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Is é ról an PIOB maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas is bunús le glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus ar ghníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail. Is féidir ISAnna a ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur forbraíodh iad faoi phróis chuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite[13]. Beartaítear freisin le tograí iniúchóireachta nua an 30 Samhain 2011, go dtabharfar isteach ISAnna san AE[14].

(9)       De bharr thabhairt isteach ISAnna san Aontas agus phríomhról an PIOB maidir lena áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha síos i dTreoir 2006/43/CE, tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas trína ndéantar na caighdeán sin a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le creat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. Aithnítear freisin ról an PIOB go sainráite i dtéacs leasaithe Airteagal 26(3) mar atá léirithe in Airteagal 1 den togra le haghaidh Treorach[15]. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a áirithiú don PIOB.

(10)     Tá comhlachtaí atá ag obair i réimse na cuntasóireachta agus na hiniúchóireachta ag brath go mór ar chistiú agus tá príomhról acu san Aontas, ar ról é atá cinntitheach maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cómhaoiníodh tairbhithe beartaithe an Chláir arna bhunú le Cinneadh Uimh. 716/2009/CE le deontais oibriúcháin ó bhuiséad an Aontais, agus dá bhrí sin d'éirigh leo cur lena neamhspleáchas ó chistiú ón earnáil phríobháideach agus ó chistiú ad hoc, rud a chuir lena gcumas agus lena n‑inchreidteacht.

(11)     Léiríodh le taithí go n‑áirithíonn cómhaoiniú ón Aontas go dtéann sé chun sochair do na tairbhithe cistiú soiléir, cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a fháil agus go gcuidíonn sé na tairbhithe a chumasú lena misean leas an phobail a bhaint amach ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de chistiú leordhóthanach a sholáthar trí bhíthin ranníocaíocht an Aontais d'fhonn caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú don chuntasóireacht agus don iniúchóireacht, agus go háirithe d'Fhondúireacht IFRS, an EFRAG agus an PIOB.

(12)     Sa bhreis ar a bpatrúin chistiúcháin a athrú, tá athchóirithe rialachais déanta ag Fondúireacht IFRS agus ag an EFRAG chun a áirithiú go n‑éiríonn leo a misean leas an phobail a chur i gcrích trí bhíthin a struchtúir agus a bpróiseas ar bhealach atá neamhspleách, éifeachtúil, trédhearcach agus freagrach go daonlathach. Maidir le Fondúireacht IFRS, bunaíodh an Bord Faireacháin in 2009 chun cuntasacht agus maoirseacht an phobail a áirithiú, feabhsaíodh éifeachtacht Chomhairle Chomhairleach na gCaighdeán, feabhsaíodh trédhearcacht, agus cuireadh ról na measúnuithe tionchair ar bhonn foirmiúil mar chuid de phróis chuí IASB.

(13)     Feadh an chláir, ba cheart clúdach airgeadais a leagan síos a bheidh ina phríomhthagairt, de réir bhrí phointe [17] den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, ag an údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)     Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus le Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. …/… ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais[16], déantar cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais agus ní foláir iad a chur i bhfeidhm ag cur san áireamh phrionsabail na simplíochta agus na comhsheasmhachta i rogha na n‑ionstraimí buiséadacha, an teorainn ar líon na gcásanna ina mbíonn an fhreagracht dhíreach ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme agus bainistíocht, agus an chomhréireacht is gá idir leibhéal na n‑acmhainní agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann lena n‑úsáid.

(15)     Táthar ag súil go mbeidh an clár cómhaoinithe a bhunófar leis an Rialachán seo ina chuidiú chun na cuspóirí maidir le hinchomparáideacht agus trédhearcacht cuntas cuideachtaí a áirithiú ar fud an AE a bhaint amach, chun caighdeáin um thuairisciú airgeadais a chomhchuibhiú ar leibhéal domhanda trí ghlacadh IFRS ar leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus chun cóineasú agus caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta ar ardcháilíocht a chur chun cinn sna Ballstáit ar fad. Cuidíonn an clár seo freisin leis an straitéis Eoraip 2020 trí mhargadh aonair na seirbhísí airgeadais agus an chaipitil a neartú, agus cuidíonn sé le gné sheachtrach na straitéise freisin.

(16)     Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an deis cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i réimse an cheaptha caighdeán, an fhormhuinithe caighdeán nó na maoirseachta ar phróisis socraithe caighdeán a bhaineann le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

(17)     Tá cistiú ón Aontas beartaithe i gcás méid teoranta dea‑shainithe de na comhlachtaí is tábhachtaí i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Laistigh den chreat reatha institiúideach, ba cheart cistiú cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a áirithiú leis na socruithe cistiúcháin ionas go mbeidh sé ar chumas na gcomhlachtaí ábhartha an misean atá acu i ndáil leis an Aontas nó leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil.

(18)     Ba cheart tacaíocht airgeadais a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus i Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. …/… ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012, maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais. Tagann an clár cómhaoiniúcháin arna bhunú leis an Rialachán seo in ionad an chláir chómhaoiniúcháin a bhí ag na tairbhithe roimhe seo. Dá bhrí sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh 716/2009/CE a aisghairm.

(19)     Chun leasanna an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta a chur chun cinn, agus chun a bheith solúbtha i ndáil le hathruithe ar rialachas agus athruithe institiúideacha a d'fhéadfadh a theacht isteach sna réimsí sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tairbhithe nua a roghnú don Chlár. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(20)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1.           Bunaítear leis seo clár an Aontais (an 'Clár') don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí a chuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i ndáil le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

2.           Cumhdaíonn an clár gníomhaíochtaí maidir le hionchur a fhorbairt nó a sholáthar i ndáil le caighdeáin a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheasúnú nó faireachán a dhéanamh orthu, nó maoirseacht a dhéanamh ar phróisis maidir le caighdeáin a shocrú chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta.

Airteagal 2 Cuspóirí

1.           Is é cuspóir an Chláir na dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le forbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireachta.

2.           Déanfar an cuspóir sin a mheas go háirithe i bhfianaise líon na dtíortha a úsáideann Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) agus Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISA).

Airteagal 3 Tairbhithe an Chláir

1.           Tairbheoidh na tairbhithe seo a leanas faoin gClár:

(a)        tairbhithe i réimse an tuairiscithe airgeadais:

– an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG);

– Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS);

(b)        tairbhí i réimse na hiniúchóireachta: an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun tairbhithe nua a roghnú don Chlár agus chun mír 1 a leasú dá réir sin.

3.           Duine dlisteanach neamhbhrabúsach a bheidh in aon tairbhí nua a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, agus a thacaíonn leis an mbeartas sin, agus beidh sé ina chomharba díreach ar dhuine de na tairbhithe atá liostaithe i mír 1.

Airteagal 4 Deontais a dhámhachtain

Soláthrófar maoiniú faoin gClár i bhfoirm deontas oibriúcháin.

Airteagal 5 Trédhearcacht

Tairbhí ar bith de chistiú a dheonófar faoin gClár, léireoidh sé in áit fheiceálach, amhail suíomh gréasáin, foilseachán nó tuarascáil bhliantúil, go bhfuil cistiú faighte aige ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6 Forálacha airgeadais

EUR 58 010 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sa chlúdach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme sa tréimhse 2014 - 2020.

Airteagal 7 An Clár a chur chun feidhme

1.           Cuirfidh an Coimisiún an clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais.

2.           Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla chun an Clár a chur chun feidhme. Sna cláir sin leagfar amach na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus méid iomlán na nithe sin. Beidh iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár cur chun feidhme táscach. Maidir le deontais, áireofar na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an uasráta cómhaoinithe.

Airteagal 8 Airteagal 8 Leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin pionós éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach.

2.           Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireachtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin gClár.

Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

Gan dochar don chéad ná don dara fomhír, tabharfar le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur chun feidhme an Rialacháin seo an chumhacht go sainráiteach don Choimisiún, do Chúirt na nIniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na seiceálacha agus cigireachtaí sin ar an láthair a dhéanamh.

Airteagal 9 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún ar feadh tréimhse 7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10 Meastóireacht

1.           Tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i gcríoch chuspóirí an Chláir. Déanfaidh an tuarascáil sin ábharthacht fhoriomlán agus comhleanúnachas foriomlán an Chláir a mheas mar aon le héifeachtacht a fheidhmithe agus éifeachtacht fhoriomlán agus aonair chlár oibre na dtairbhithe i dtéarmaí na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

2.           Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas.

Airteagal 11 Aisghairm

Aisghairfear Treoir Uimh. 716/2009/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[17]

Réimse Beartais: 12 Margadh Inmheánach

Gníomhaíocht: Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[18]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Glacadh IFRS ar leibhéal domhanda a chur chun cinn

Meáchan an AE a áirithiú maidir le ceapadh IFRS

Cuidiú le neamhspleáchas mhaoirseacht an phobail ar shocrú na gcaighdeán iniúchóireachta.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach: Na dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le fhorbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireachta.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:

12.03 Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Neamhspleáchas airgeadais na dtairbhithe a mhéadú (Fondúireacht IFRS, EFRAG, PIOB)

Na hacmhainní is gá a chur ar fáil do EFRAG chun a misean i ndáil le leas an phobail a thabhairt i gcrích

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscaire torthaí || An toradh is déanaí is eol || Sprioc

Líon na dtíortha a úsáideann IFRS || In 2012, tá thart ar 120 tír ag úsáid IFRS. || Méadú faoi 2020

Céatadán na gcaighdeán arna bhformhuiniú san AE i gcomparáid le líon na gcaighdeán arna n–eisiúint ag IASB faoi 2020 || An 29 Deireadh Fómhair 2012, bhí 89 % de IFRS formhuinithe san AE (124 caighdeán as 139). || 100 % faoi 2020

Líon na dtíortha a úsáideann ISAnna || Ag deireadh 2012, tá na ISAnna soiléirithe arna bhformhuiniú ina n‑iomláine ag 20 Ballstát || ISAnna ar ardcháilíocht a ghlacadh agus a chur chun feidhme sna Ballstáit ar fad faoi 2020 ar a dhéanaí

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Cur le neamhspleáchas (mar aon le neamhspleáchas braite) tairbhithe i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta chun a chur ar a gcumas a misean i ndáil le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach sásúil

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Is é príomhsprioc an chláir, inchomparáideacht agus trédhearcacht chuntais na gcuideachtaí a áirithiú ar fud an AE agus ar fud an domhain, rud a chuideoidh le feidhmiú rianúil na margaí caipitil ar leibhéal an AE agus ar leibhéal domhanda.

Is é an AE an chríoch is mó ina gcuirtear IFRS i bhfeidhm (Rialachán 1606/2002). Is chun ár leasa a bheidh sé na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS) a chur i bhfeidhm mar theanga cuntasaíochta dhomhanda, agus a áirithiú go bhfuil ionadaíocht an AE mar chuid den mhaoirseacht phoiblí ar Fhondúireacht IFRS (i gcás ina mbeidh ballraíocht sa chomhlacht maoirseachta nasctha le ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcistiú).

Tá ionchur teicniúil réamhtheachtach ón Eoraip, ionchur atá suntasach inchreidte agus neamhspleách, ríthábhachtach agus na caighdeáin sin á bhforbairt freisin. Tá an EFRAG freagrach as na gníomhaíochtaí sin.

Féadfaidh an AE Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) a ghlacadh bunaithe ar Threoir 2006/43. Dá bhrí sin, tá leas díreach aige a áirithiú go bhfuil na caighdeáin sin ar ardcháilíocht agus go bhfuil próis chuí a nglactha faoi réir maoirseachta neamhspleáiche poiblí ag an PIOB.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Go dtí seo, bhí rath ar an maoiniú reatha i ndáil le hionchais a chomhlíonadh

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá ról gníomhach ag an gCoimisiún Eorpach in athchóirithe rialachais na dtairbhithe

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– X  Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2020

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[19]

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[20]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

I gcás Fondúireacht IFRS: tuarascálacha eatramhacha agus deiridh

I gcás an EFRAG: tuarascálacha deiridh agus rannpháirteachas sheirbhísí an Choimisiúin i gcoistí ar fad an EFRAG

I gcás an PIOB: tuarascálacha deiridh agus aiseolas rialta don Ghrúpa Faireacháin

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Tá baol ann nach mbainfear amach na cuspóirí oibriúcháin mura bhfuil cáilíocht ionchur na dtairbhithe i gcomhréir leis na bunchuspóirí a bhfuil tuairisc orthu sna tograí bliantúla.

D'fhéadfadh baol a bheith ann do leasanna airgeadais/cáil an AE dá dteipfeadh ar sheirbhísí an Choimisiúin caiteachas neamh‑incháilithe a shainaithint

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Baol nach mbainfear cuspóirí oibriúcháin amach:

- Iarrtar ar thairbhithe tuarascáil bhliantúil a chur isteach, i gcomhréir le cuspóirí aonair gach cláir agus i gcomhréir le treoirlínte Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012, maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

- Bíonn na haonaid oibriúcháin atá freagrach laistigh de DG MARKT i dteagmháil go rialta leis na tairbhithe agus, go háirithe, bíonn siad páirteach i gcoistí ar fad an EFRAG

Baol a bheith ann do leasanna airgeadais an AE:

- Cloíonn rialuithe ar ghealltanais deontas agus íocaíochtaí in DG MARKT leis an gciorcaid athneartaithe airgeadais agus is éard atá iontu seiceálacha deisce ar na doiciméid tacaíochta ábhartha, lena n‑áirítear tuarascálacha eatramhacha agus deiridh, cuntais iniúchta agus doiciméid shonracha arna n‑iarraidh ag an Ard‑Stiúrthóireacht. Déantar na rialuithe sin a dhoiciméadú i seicliostaí arna líonadh go córasach ag na gníomhairí a bhfuil ról acu sna hidirbhearta airgeadais ábhartha (OIA, OVA, OVA2, FIA, FVA, FVA2, AO), lena n‑áirítear rialuithe arna ndéanamh ag aonad airgeadais na hArd‑Stiúrthóireachta i ndáil le cúrsaí airgeadais agus dlíthiúla chun an "Bon à Payer" a sheachadadh

- Déanann aonad airgeadais na hArd‑Stiúrthóireachta rialuithe ar an láthair ar bhonn córasach ar gach tairbhí trí thástáil shubstainteach a dhéanamh ar shampla d'idirbhearta agus é mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar chóras airgeadais agus rialaithe inmheánaigh an tairbhí, agus dearbhú breise a thabhairt don AO maidir le leasanna airgeadais an AE a chosaint go leordhóthanach

D'fhanfadh an t‑uasráta earráide faoi bhun 2 %

Bheadh costas thart ar 0.5 FTE nó EUR 63 500 in aghaidh na bliana ar na rialuithe.

100 % den mhéid a dheonaítear gach bliain agus a chaitear go cuí a bheadh mar thoradh ar na rialuithe agus chloífeadh sé le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Ciorcaid athneartaithe airgeadais a bhfuil fíorú ex ante oibriúcháin agus airgeadais acu

Anailís rialta ar chuntais, tuarascálacha bliantúla agus deimhnithe iniúchóireachta na dtairbhithe

Iniúchóireachtaí rialta ar an láthair chun córais bhuiséadacha agus rialuithe buiséadacha a fhíorú

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana don chaiteachas[21]

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir Tuairisc || LD/LN ([22]) || ó thíortha CSTE[23] || ó thíortha is iarrthóirí[24] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1 || 12.0301 Caighdeáin i réimsí an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta[25] || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh : Neamhbhainteach.

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir: 1 || Ceannteideal: Fás cliste agus uilechuimsitheach

|| DG MARKT || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || IOMLÁN

|| Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

|| 12.0301 Fondúireacht IFRS || Gealltanais || (1) || 4.335 || 4.422 || 4.510 || 4.600 || 4.692 || 4.786 || 4.882 || 0 || 32.227

|| Íocaíochtaí || (2) || 3.251 || 4.400 || 4.488 || 4.578 || 4.669 || 4.763 || 4.858 || 1.220 || 31.007

|| 12.0301 EFRAG || Gealltanais || (1a) || 3.162 || 3.225 || 3.290 || 3.356 || 3.423 || 3.491 || 3.561 || 0 || 23.508

|| Íocaíochtaí || (2a) || 2.372 || 3.209 || 3.274 || 3.339 || 3.406 || 3.474 || 3.543 || 0.891 || 22.617

|| 12.0301 PIOB || Gealltanais || (1a) || 0.306 || 0.312 || 0.318 || 0.325 || 0.331 || 0.338 || 0.345 || 0 || 2.275

|| Íocaíochtaí[26] || (2a) || 0.000 || 0.306 || 0.312 || 0.318 || 0.325 || 0.331 || 0.338 || 0.345 || 1.930

|| Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[27] || || || || || || || || ||

|| Uimhir na líne buiséid || || (3) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0

|| IOMLÁN leithreasuithe do DG MARKT || Gealltanais || =1+1a +3 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010

|| Íocaíochtaí || =2+2a+3 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554

IOMLÁN leithreasuithe oibriúcháin || Gealltanais || (4) || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010

Íocaíochtaí || (5) || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554

IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <1> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

DG: MARKT ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 3.836

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.175

IOMLÁN DG MARKT || Leithreasuithe || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || TOTAL

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 8.376 || 8.532 || 8.691 || 8.854 || 9.019 || 9.188 || 9.361 || 62.021

Íocaíochtaí || 6.196 || 8.488 || 8.647 || 8.808 || 8.973 || 9.141 || 9.312 || 59.565

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Neamhbhainteach (deontais oibriúcháin)

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || TOTAL

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 3.836

Caiteachas riaracháin eile || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.175

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[28]  den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

IOMLÁN || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i gcoibhéis lánaimseartha (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[29]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy[30] || - sa Cheanncheathrú[31] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ||  5 oifigeach AD agus 6 oifigeach AST, pro rata de réir líon na gcomhad a bhfuiltear ag déileáil leo. Cúraimí: cúraimí na ngníomhairí a thionscnamh, cúraimí na ngníomhairí a fhíorú, fanacht i dteagmháil leis an tairbhí, maoirseacht

Pearsanra seachtrach || Aon ghníomhaire ar conradh amháin, pro rata de réir líon na gcomhad a bhfuiltear ag déileáil leo. Cúraimí: taifeadadh, tacú le pleanáil agus le hullmhúchán misean.

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don togra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[32].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán

Fondúireacht IFRS lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 87%) || 24.873 || 27.576 || 30.278 || 32.977 || 35.674 || 38.370 || 41.064 || 230.813

EFRAG lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 60%) || 4.338 || 4.675 || 4.910 || 5.044 || 5.277 || 5.409 || 5.439 || 35.093

PIOB lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 78%) || 1.084 || 1.106 || 1.128 || 1.151 || 1.174 || 1.197 || 1.221 || 8.061

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || 30.295 || 33.357 || 36.316 || 39.172 || 42.126 || 44.976 || 47.724 || 273.967

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

[1]               An Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip

[2]               Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta IO L 253, 25.9.2009, lch. 8.

[3]               CESR, CEBS, CEIOPS

[4]               Iarrataí arís is arís eile ó dhearbhú Londain 2009; an uair dheireanach in Los Cabos, 2012

[5]                        http://www.iosco.org/monitoring_board/pdf/Final%20Report%20on%20the%20Review%20of%20the%20IFRS%20Foundation's%20Governance.pdf

[6]               Is é an EFRAG an comhlacht atá luaite in aithris (10) de Rialachán IAS

[7]               Is iad seo a leanas comhaltaí an Ghrúpa Faireacháin: an Coimisiún Eorpach, IOSCO (an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús), BCBS (Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht), IAIS (an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais), FSB (an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais), IFIAR (Fóram Idirnáisiúnta Rialtóirí Neamhspleácha Iniúchtaí) agus an Banc Domhanda.

[8]               Déanann an PIOB maoirseacht ar IFAC ó thaobh an leasa phoiblí de. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis na trí choiste neamhspleácha seo a leanas de chuid IFAC mar chomhpháirtithe an PIOB: IAASB (Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Urrús), IESBA (Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Eitice do Chuntasóirí) agus an IAESB (Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Oideachas i gcúrsaí Cuntasóireachta).

[9]               COM(2009) 14 final

[10]             IO C …, lch .

[11]             IO L 253, 25.9.2009, lch. 8.

[12]             IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

[13]             IO L 157, 09.6.2006, lch. 87.

[14]             Téacs leasaithe Airteagal 26 mar a léirítear in Airteagal 1 é den Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntas chomhdhlúite, COM(2011) 778 final agus Airteagal 20 den Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leas an phobail, COM(2011) 779 final.

[15]             Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, COM(2011) 778 final

[16]             [...]

[17]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[18]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[19]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[20]             Dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[21]             Baineann líne buiséid 12.0301 a léirítear thíos le hainmníocht nua don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Freagraíonn sé do líne buiséid 12.0401 sa chreat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013.

[22]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[23]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[24]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[25]                    Tomhas táscach atá sa líne buiséid agus d'fhéadfaí é a athrú de réir an nós imeachta bhliantúil

[26]             Déanfar na hiocaíochtaí le PIOB gan réamhíocaíochtaí agus in oibríocht aonair an bhlian dar gcionn

[27]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[28]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[29]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[30]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[31]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[32]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

Top