This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2463
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2463 of 12 September 2024 laying down analytical methods applicable to official controls performed for the verification of compliance of food business operators with Regulation (EC) No 2073/2005
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2463 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos modhanna anailíse is infheidhme maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíontacht oibreoirí gnólachtaí bia le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2463 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos modhanna anailíse is infheidhme maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíontacht oibreoirí gnólachtaí bia le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú
C/2024/6345
IO L, 2024/2463, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2463/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2463 |
13.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2463 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2024
lena leagtar síos modhanna anailíse is infheidhme maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíontacht oibreoirí gnólachtaí bia le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), agus go háirithe Airteagal 34(6) (1), an chéad fhomhír, pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú, i measc nithe eile, i réimse na sábháilteachta bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Foráiltear le hAirteagal 37 den Rialachán sin go n-ainmneoidh na húdaráis inniúla saotharlanna oifigiúla chun na hanailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí a thógtar le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile. |
|
(2) |
I Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 (2) ón gCoimisiún leagtar síos na critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh miocrorgánaigh áirithe agus na rialacha cur chun feidhme atá le comhlíonadh ag oibreoirí gnólachtaí bia i ndáil leis na ceanglais sláinteachais ghinearálta agus shonracha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Chun comhlíontacht oibreoirí gnólachtaí bia leis na rialacha agus na critéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú, déanann údaráis inniúla na mBallstát, i measc nithe eile, samplaí a thógáil le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile (‘samplaí oifigiúla’) in áitreabh oibreoirí gnólachtaí bia chun go ndéanfar anailís orthu i saotharlanna oifigiúla ainmnithe. |
|
(3) |
Ní ann do rialacha an Aontais maidir leis na modhanna sonracha anailíse saotharlainne atá le húsáid le linn rialacha oifigiúla a dhéantar chun comhlíonadh na rialacha agus na gcritéar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú. D’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh do cháilíocht na rialuithe oifigiúla ar earraí bia a chuirtear ar an margadh agus saobhadh iomaíochta a chruthú. Chun aonfhoirmeacht, iontaofacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i gcás rialuithe oifigiúla, ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais an Aontais a shocrú maidir leis na modhanna anailíse atá le húsáid ag saotharlanna agus anailís á déanamh acu ar shamplaí oifigiúla de réir critéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Na saotharlanna oifigiúla arna n-ainmniú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2017/625, úsáidfidh siad na modhanna tagartha anailíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 agus anailís á déanamh acu ar shamplaí arna dtógáil le linn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh na rialacha agus na gcritéar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a fhíorú.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú do shaotharlanna oifigiúla ainmnithe modhanna anailíse malartacha a úsáid, lena n-áirítear modhanna dílseánaigh, ar choinníoll go ndéantar na modhanna anailíse malartacha sin a bhailíochtú de réir na modhanna tagartha anailíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 i gcomhréir leis an bprótacal a leagtar amach i gcaighdeán EN ISO 16140-2 agus go ndéantar iad a bhailíochtú le haghaidh na catagóire bia a shonraítear sa chritéar micribhitheolaíoch ábhartha a shocraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 2073/2005 nó le haghaidh raon leathan bia dá dtagraítear i gcaighdeán EN ISO 16140-2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú do shaotharlanna oifigiúla ainmnithe modhanna anailíse malartacha a úsáid freisin má dhéantar na modhanna anailíse malartacha sin a bhailíochtú i gcomhréir le prótacail eolaíocha a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
3. Nuair is modhanna dílseánaigh iad na modhanna malartacha dá dtagraítear i mír 2, deimhneoidh comhlacht deimhniúcháin neamhspleách iad. Áireofar sa deimhniú achoimre ar thorthaí bailíochtaithe an mhodha dhílseánaigh nó tagairt dóibh mar aon le ráiteas maidir le bainistiú cáilíochta phróiseas táirgthe an mhodha. Taispeánfar sa deimhniú go ndearnadh meastóireacht ar dhearbhú próisis táirgthe an mhonaróra agus go mbeidh sé faoi réir athmheasúnaithe, gach 5 bliana ar a laghad, trí nósanna imeachta athnuachana.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/2073/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/852/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2463/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)