EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1190

Rialachán (AE) 2023/1190 ón gComhairle An 16 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe

ST/9557/2023/INIT

IO L 158, 21.6.2023, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1190/oj

21.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 158/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1190 ÓN gCOMHAIRLE

An 16 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh a áirithiú i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe nach dtáirgtear san Aontas agus, dá bhrí sin, chun aon suaitheadh sa mhargadh le haghaidh na dtáirgí sin a sheachaint, cuireadh ar fionraí, i gcás na dtáirgí sin, le Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle (1), na dleachtanna Comhtharaife Custaim den chineál dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘dleachtanna CTC’). Mar thoradh air sin, is féidir na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta gan aon teorannú a mhéid a bhaineann le cainníocht na dtáirgí sin.

(2)

Maidir le táirgeadh táirgí áirithe san Aontas nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, níl an táirgeadh sin leordhóthanach chun riachtanais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Ós rud é gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach de tháirgí áirithe a áirithiú agus ag féachaint don fhíoras nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá fionraí iomlán ar dhleachtanna CTC a dheonú maidir leis na táirgí sin.

(3)

D’fhonn táirgeadh comhtháite ceallraí san Aontas a chur chun cinn, ba cheart fionraí pháirteach ar dhleachtanna CTC a dheonú i leith táirgí áirithe a bhaineann le táirgeadh ceallraí nach liostaítear faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, agus nach leor táirgeacht an Aontais faoi seach sna táirgí chun ceanglais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Is é an 31 Nollaig 2023 an dáta ba cheart a bheith ann le haghaidh an athbhreithnithe shainordaithigh sin ar na fionraíochtaí, chun éabhlóid ghearrthéarmach na hearnála ceallraí san Aontas a chur san áireamh san athbhreithniú sin.

(4)

Chun forbairtí teicniúla na dtáirgí agus treochtaí eacnamaíocha sa mhargadh a chur san áireamh, is gá an tuairisc ar an táirge agus aicmiú na dtáirgí a leasú i gcás fionraíochtaí dleachta áirithe CTC a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278.

(5)

Ní chun leas an Aontais a thuilleadh é fionraí ar dhleachtanna CTC a choinneáil ar bun i gcás táirgí áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278. Dá bhrí sin, ba cheart na fionraithe i leith na dtáirgí sin a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2023.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2278 a leasú dá réir sin.

(7)

Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus chun na treoirlínte a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le fionraíochtaí taraife i leith na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 (IO L 466, 29.12.2021, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 mar a leanas:

(1)

scriostar na hiontrálacha a bhfuil na sraithuimhreacha seo a leanas orthu: 0.2425, 0.3140, 0.3966, 0.4030, 0.4140, 0.4305, 0.4609, 0.4733, 0.4893, 0.5018, 0.5187, 0.5788, 0.6629, 0.6654, 0.6689, 0.6781, 0.7489, 0.7972, 0.8111, 0.8112, 0.8140 agus 0.8311;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha sin a bhfuil na sraithuimhreacha céanna orthu:

Sraithuimhir

Cód AC

TARIC

Tuairisc

Ráta dleachta uathrialaí

Aonad Forlíontach

An dáta a bheartaítear le haghaidh athbhreithniú sainordaitheach

‘0.3227

2846 90 30

2846 90 40

2846 90 50

2846 90 60

2846 90 70

2846 90 90

 

Comhdhúile, neamhorgánach nó orgánach, de mhiotail tearc-chré, d’itriam nó de scaindiam, nó de mheascáin de na miotail sin, seachas iad siúd atá faoi fho-cheannteideal 2846 10 00

0  %

-

31.12.2023

0.7389

ex 2914 29 00

55

1-(Céadr-8-éin-9-il)eatánón (CAS RN 32388-55-9) ag a bhfuil íonacht níos mó ná 90 % de réir meáchain

0  %

-

31.12.2024

0.7722

ex 2919 90 00

55

Táirgí imoibriúcháin tríchlóiríde fosfairile agus 2-meitiolocsaíoráin (CAS RN 1244733-77-4)

0  %

-

31.12.2024

0.4058

ex 3204 20 00

10

Dathán C.I. Fluorescent Brightener 184 (CAS RN 7128-64-5) agus ullmhóidí atá bunaithe air ina bhfuil dathán C.I. Cion Fluorescent Brightener 184 20 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2026

0.4922

ex 3601 00 00

20

Meascán piriteicniúil i bhfoirm shorcóireach nó i bhfoirm ghráinneach, atá comhdhéanta de níotráit strointiam nó níotráit chopair nó níotráit chopair bhunúsach i maitrís nítreaguainidín nó níotráite guainidín, ina bhfuil ceanglóir agus breiseáin freisin, a úsáidtear mar chomhpháirt de theannairí málaí aeir (1)

0  %

-

31.12.2026

0.4410

ex 3903 90 90

86

Meascán ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 45 % nó níos mó ach nach mó ná 65 % de pholaiméirí stiréine,

cion 30 % nó níos mó ach nach mó ná 45 % de phola(éitear feiniléine), agus

cion nach mó ná 11 % de bhreiseáin

0  %

-

31.12.2023

0.6351

ex 3907 29 20

50

Pola(ocsaíd p-feiniléine) i bhfoirm púdair, ag a bhfuil:

teocht thrasdultach ghloine 210 °C nó níos mó,

meánmheáchan meáchain mhóilínigh (Mw) 35 000 nó níos mó ach nach mó ná 80 000 ,

ag a bhfuil slaodacht fréimhíochta 0,2 dl/gram nó níos mó, ach nach mó ná 0,865 dl/gram

0  %

-

31.12.2024

0.5506

ex 3920 51 00

30

Scannán atá treoshuite go dé-aiseach, de phola(meataicrioláit mheitile), atá 50 μm nó níos mó ach nach bhfuil níos mó ná 125 μm, ar tiús

0  %

-

31.12.2023

0.8438

ex 3920 62 19

28

Scannán neamh-thrédhearcach de phola(teireataláit eitiléine) nó pola(défhluairíd vinile):

ar a bhfuil gach sraith sheachtrach 7 μm nó níos mó, ach gan níos mó ná 80 μm, ar tiús,

ag a bhfuil neart teanntachta 300 N/cm2 nó níos mó (ASTM D-882),

atá 200 μm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 350 μm, ar tiús, san iomlán, agus

atá 600 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1 600 mm, ar leithead,

atá cumhdaithe ar thaobh amháin le sraith fluarapolaiméire, agus ar an taobh eile le greamachán agus sraith de dhéfhluairíd pholaivinilídéine, nó atá brataithe ar an dá thaobh le défhluairíd pholaivinilídéine nó fluairíd pholaivinile bunaithe ar chomhchodaigh polaiméirí fluairínithe

0  %

-

31.12.2027

0.7056

ex 7019 61 00

ex 7019 63 00

70

30

Fabraicí snáithínghloine-E:

ina bhfuil meáchan 20 g/m2 nó níos mó, ach nach mó ná 214 g/m2,

ar a bhfuil dromchla cóireáilte le hoibreán cúplála orgánaisioláin,

iad ina rollaí,

ag a bhfuil cion bogthaise 0,13 % nó níos lú de réir meáchain, agus

nach bhfuil níos mó ná 3 shnáithín tholla as gach 100 000 snáithín iontu,

nach n-úsáidtear ach i monarú réamhthuiltí agus lannán atá cumhdaithe le copar (1)

0  %

m2

31.12.2026

0.8300

ex 8408 90 65

ex 8408 90 67

ex 8408 90 81

20

20

20

Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú:

de chineál inlíne,

arb é 7 000 cm3 nó níos mó ach nach mó ná 18 100 cm3 an toilleadh innill iontu,

ag a bhfuil cumhacht 205 kW nó níos mó, ach nach mó ná 597 kW,

ina bhfuil modúl iarchóireála sceite,

ag a bhfuil leithead seachtrach/airde sheachtrach/doimhneacht sheachtrach nach mó ná 1 310 /1 300 /1 040 mm nó 2 005 /1 505 /1 300 mm nó 2 005 /1 505 /1 800 mm,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun innill bhrúite, innill scagtha, innill deighilte nó innill tiontaithe múirín a mhonarú (1)

0  %

-

31.12.2026

0.6627

ex 8501 10 99

75

Mótar SD atá flosctha go buan

leis a bhfuil tochrán ilphas,

arb é 24 mm nó níos mó, ach nach mó ná 38 mm, a thrastomhas seachtrach,

ag a bhfuil luas rátaithe nach mó ná 12 000 isn,

ag a bhfuil voltas soláthair cumhachta 8 V nó níos mó, ach nach mó ná 27 V,

bíodh ulóg ann nó ná bíodh,

bíodh roth giair ann nó ná bíodh

0  %

-

31.12.2025

0.2838

ex 8501 10 99

79

Mótar SD ina bhfuil scuaba agus rótar inmheánach ina bhfuil tochrán trí phas, bíodh péist nó pinniún ann nó ná bíodh, ag a bhfuil raon teochta sonraithe ó - 20 °C go + 70 °C ar a laghad

0  %

-

31.12.2023

0.7789

ex 8505 19 10

20

Deighleoga stua de mhaighnéid bhuana d’fheirít cheirtleánaithe:

atá 16,8 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 110,2 mm, ar fad,

atá 14,8 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 75,2 mm, ar leithead,

atá 4,8 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 13,2 mm, ar tiús,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun rótair leictreamótair a mhonarú (1)

0  %

-

31.12.2024

0.6703

ex 8507 60 00

33

Taisc-cheallra ian litiam:

atá 150 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1 310 mm, ar fad,

atá 100 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1 000 mm, ar leithead,

atá 200 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1 500 mm, ar airde,

ina bhfuil meáchan 75 kg nó níos mó, ach nach mó ná 200 kg,

ag a bhfuil toilleadh ainmniúil nach lú ná 58 Ah agus nach mó ná 500 Ah,

ag a bhfuil voltas aschur ainmniúil 230V SA (líne go neodrach) nó voltas ainmniúil 50V (± 10 %)

1,3  %

-

31.12.2023

0.7796

ex 8536 49 00

60

Athsheachadán ar a bhfuil cruth ciúib:

ag a bhfuil voltas oibríochta corna 12 VDC (Sruth Díreach Voltais) nó níos mó, ach nach mó ná 24 VDC (Sruth Díreach Voltais),

arb é 5A nó níos mó ach nach mó ná 15A an toilleadh srutha teagmhálaí atá aige,

ag a bhfuil voltas teagmhála 80 VAC (Sruth Ailtéarnach Voltais) nó níos mó, ach nach mó ná 270 VAC (Sruth Ailtéarnach Voltais),

ar a bhfuil na toisí seachtracha 19 mm (± 0.4 mm) x 15.2 mm (± 0.4 mm) x 15.5 mm (± 0.4 mm),

a bhfuiltear lena úsáid chun clár rialúcháin le haghaidh fearas tí a tháirgeadh (1)

0  %

-

31.12.2024

0.4616

ex 8536 69 90

83

Soicéad SA le scagaire torainn, ina bhfuil:

soicéad SA (le haghaidh ceangal corda cumhachta) 230 V,

scagaire torainn comhtháite ina bhfuil toilleoirí agus ionduchtóirí,

nascóir cábla le haghaidh soicéad SA a nascadh le haonad soláthair cumhachta PDP (painéal taispeána plasma),

bíodh taca miotail feistithe ann nó ná bíodh, taca miotail lena nasctar an soicéad SA leis an teilifíseán PDP (painéal taispeána plasma)

0  %

p/st

31.12.2024

0.6507

ex 8537 10 98

50

Aonad rialaithe leictreonach BCM (Modúl Rialúcháin Cabhlach) nó IBM (Modúl Rialúcháin Cabhlach Comhtháite) nó a leithéid:

ina bhfuil ar a laghad bosca plaisteach ina bhfuil clár ciorcad priontáilte, ag a bhfuil voltas díreach oibriúcháin 9 V nó níos mó, ach nach mó ná 16 V,

bíodh coimeádáin mhiotail ann nó ná bíodh,

atá in ann feidhmeanna le haghaidh seirbhísí cúnaimh i ngluaisteán a rialú, a mheasúnú agus a bhainistiú, is é sin, ar a laghad, an t-uainiú cuimilteoirí, an téamh fuinneoige, an soilsiú inmheánach, an meabhrúchán creasa sábhála,

de chineál a úsáidtear chun na hearraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú

0  %

p/st

31.12.2024

0.7409

ex 8540 91 00

20

Foinse leictreon teirmianach (pointe astaíre) de heicseabóiríd lantanaim (CAS RN 12008-21-8) nó de heicseabóiríd cheiriam (CAS RN 12008-02-5), ina bhfuil nascóirí leictreacha

bíodh cásáil mhiotail uirthi nó ná bíodh,

bíodh sciath charbóin graifíte feistithe ar chóras de chineál mini-Vogel uirthi nó ná bíodh,

bíodh bloic ar leithligh de charbón pirealaíoch, a úsáidtear mar eilimintí téimh uirthi nó ná bíodh, agus

ag a bhfuil teocht catóide níos lú ná 1 800 K ag 1,26 A de shruth filiméid

0  %

-

31.12.2027

0.2434

ex 8548 00 90

44

Páirteanna gairis teilifíse, ag a bhfuil feidhmeanna micreaphróiseálaithe agus físphroiseálaithe, ina bhfuil ar a laghad micri-rialtán agus físphróiseálaí, atá feistithe ar fhráma luaidhe agus atá i bhfeireadh plaisteach

0  %

p/st

31.12.2023

0.8279

ex 8708 40 20

80

Giarbhosca tras-seolta gan tiontaire casmhóiminte:

atá dé-chrágach,

ina bhfuil 7 ngiar tiomána nó níos mó,

ina bhfuil giar cúlaithe amháin,

ag a bhfuil casmhóimint uasta 390 Nm,

bíodh mótar leictreach comhtháite ann nó ná bíodh,

atá 400 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 600 mm, ar airde,

atá 350 mm nó níos mó, ach nach mó ná 600 mm ar leithead, agus

ina bhfuil meáchan 70 kg nó níos mó, ach nach mó ná 110 kg,

a bhfuiltear lena úsáid chun mótarfheithiclí atá faoi Cheannteideal 8703 a mhonarú (1)

0  %

p/st

31.12.2026

0.7710

ex 8714 99 50

ex 8714 99 50

11

91

Giaranna aistreora slabhra, arb é atá iontu:

aistreoir slabhra cúil agus gabhálais feistiúcháin,

bíodh aistreoir slabhra tosaigh iontu nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun rothair a mhonarú (lena n-áirítear rothair leictreacha) (1)

0  %

p/st

31.12.2024

0.7708

ex 8714 99 90

40

Muineál le haghaidh hanlaí rothar, a bhfuiltear lena n-úsáid chun rothair a mhonarú (lena n-áirítear rothair leictreacha) (1)

0  %

p/st

31.12.2024

0.7973

ex 9002 11 00

23

Lionsa:

ina bhfuil fócasú mótaraithe, zúmáil mhótaraithe, cró mótaraithe,

ina bhfuil scagaire gearrtha infridheirg lasctha leictreonach,

ag a bhfuil fad fócasach inchoigeartaithe nach lú ná 2,7 mm agus nach mó ná 55 mm,

ina bhfuil meáchan nach mó ná 120 g,

atá níos lú ná 70 mm ar fad,

nach mó ná 70 mm a thrastomhas

0  %

-

31.12.2025

(3)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach de réir ord uimhriúil na gcód AC agus TARIC sa dara colún agus sa tríú colún:

Sraithuimhir

Cód AC

TARIC

Tuairisc

Ráta dleachta uathrialaí

Aonad Forlíontach

An dáta a bheartaítear le haghaidh athbhreithniú sainordaitheach

‘0.8448

ex 2835 10 00

40

Foisfíonáit chailciam (CAS RN 7789-79-9) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8520

ex 2840 20 90

20

Bóráit bhairiam (CAS RN 13701-59-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8492

ex 2903 99 80

18

1-Fluaranaftailéin (CAS RN 321-38-0) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8482

ex 2907 29 00

13

4.4’-Meitiléindé-2,6-xileanól (CAS RN 5384-21-4) ag a bhfuil íonacht 98,5 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8495

ex 2915 90 30

20

Dóideacánóáit chlóraimeitile (CAS RN 61413-67-0) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8457

ex 2915 90 70

53

Clóiríd 3-clóra-2,2-démheitiolprópanóile (CAS RN 4300-97-4) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8489

ex 2916 39 90

40

4-bróma-3-(brómaimeitil)beansóáit eitile (CAS RN 347852-72-6) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8509

ex 2918 19 98

25

Aigéad (S)-2-hiodrocsa-2-feiniolaicéiteach (CAS RN 17199-29-0) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8511

ex 2920 90 10

85

Carbónáit dé-eitile (CAS RN 105-58-8) ag a bhfuil íonacht 99,9 % nó níos mó de réir meáchain

3,2  %

-

31.12.2023

0.8490

ex 2920 90 70

70

4,4,5,5-Teitrimeitil-1,3,2-dé-ocsabóralán (CAS RN 25015-63-8) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain, ina bhfuil cion nach mó ná 1 % den chobhsaitheoir trí-eitiolaimín (CAS RN 121-44-8)

0  %

-

31.12.2027

0.8477

ex 2921 19 99

35

2-(Défhluaraimeatocsa)aicéatáit N-eitil-N-iseapróipiolprópán-2-aimín ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8473

ex 2922 50 00

45

Hidreaclóiríd (S)-2-aimínea-2-(3-fluara-5-meatocsaifeinil)eatánóil (CAS RN 2095692-22-9) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8462

ex 2926 90 70

31

Lambda-ciahalaitrin (ISO) (CAS RN 91465-08-6) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8474

ex 2928 00 90

53

Clóra[(4-meatocsaifeinil)hiodrasónó]aicéatáit eitile (CAS RN 27143-07-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8451

ex 2929 10 00

65

Isicianáit eitile (CAS RN 109-90-0) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8510

ex 2930 90 98

36

О-isipeintil-déthiacarbónáit photaisiam ainhidriúil (CAS RN 928-70-1) ag a bhfuil íonacht 90 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8447

ex 2930 90 98

39

Aigéad tiaidhé-aicéiteach (CAS RN 123-93-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8481

ex 2930 90 98

41

2,2’-Dé-aillil-4,4’-sulfóinildéfheanól (CAS RN 41481-66-7) ag a bhfuil íonacht 96 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8478

ex 2932 20 90

28

(R)-3-(3,4-défhluara-2-meatocsaifeinil)-4,5-démheitil-5-(trífhluarameitil)fúrán-2(5H)-ón (CAS RN 2875066-35-4) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8452

ex 2933 29 90

38

Ciasófaimíd (ISO) (CAS RN 120116-88-3) ag a bhfuil íonacht 94 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8485

ex 2933 39 99

08

Fluasanam (ISO) (CAS RN 79622-59-6) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8456

ex 2933 59 95

32

5-Clóra-3-nítripiorasólai[1,5-a]pirimidín (CAS RN 1363380-51-1) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8484

ex 2933 59 95

44

1,4,5,6-Teitrihidrea-1.2-démheitilpirimidín (CAS RN 4271-96-9) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8488

ex 2933 59 95

46

Tríliciclib (CAS RN 1374743--00-6) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8455

ex 2933 99 80

43

4-([1,2,4]Trí-asólai[1,5-a]pirid-7-iolocsa)-3-meitiolanailín (CAS RN 937263-71-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8487

ex 2934 99 90

07

Céadasúiridín (ANI) (CAS RN 1141397-80-9) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8472

ex 2934 99 90

08

2-(6-(5-clóra-2-((teitrihidrea-2H-pioran-4-il)aimínea)pirimidín-4-il)-1-ocsa-isiondóilin-2-il)própánóáit (R)-treas-búitile (CAS RN 2095665-45-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8449

ex 2934 99 90

09

3-[2-{(2R,3S)-3-[(1R)-1-{[treas-búitil(démheitil)silil]ocsa}eitil]-4-ocsó-asaitidin-2-il}próipánóil]-4,4-démheitil-1,3-ocsasóilidin-2-ón (meascán isiméireach CAS RN 114341-89-8 agus 114418-63-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8479

ex 2935 90 90

16

Beinséin-1-sulfónaimíd 2-bróma-N-(4,5-démheitil-1,2-ocsasól-3-il)-N-(meatocsaimeitil) (CAS RN 415697-57-3) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8467

ex 2935 90 90

26

5-(2-Fluaraifeinil)-1-(piridin-3-iolsulfóinil)-1H-pioról-3-carbaildéad (CAS RN 881677-11-8) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8471

ex 3824 99 92

73

Aimíní Trí-C8-10-ailcile (CAS RN 68814-95-9) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8463

ex 3824 99 92

74

Mais imoibriúcháin ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 22,4 % nó níos mó, ach nach mó ná 26,4 % d’fhosfáit défheinile 3-meitilfeinile (CAS RN 69500-28-3);

cion 17,3 % nó níos mó, ach nach mó ná 21,3 % d’fhosfáit défheinile 4-meitilfeinile (CAS RN 78-31-9);

cion 5 % nó níos mó, ach nach mó ná 9 % d’fhosfáit feinile bis(3-meitilfeinil) (CAS RN 34909-68-7);

cion 8.9 % nó níos mó, ach nach mó ná 12.9 % d’fhosfáit feinile 4-meitilfeinile 3-meitilfeinile (CAS RN 222165-66-4);

cion 26.9 % nó níos mó, ach nach mó ná 30.9 % d’fhosfáit trífheinile (CAS RN 115-86-6)

0  %

-

31.12.2027

0.8486

ex 3824 99 92

75

Meascán ina bhfuil, de réir meáchain:

cion nach mó ná 75 % de theitreabúitiltin (CAS RN 1461-25-2),

cion nach mó ná 20 % de chlóiríd tríbhúitiltine (CAS RN 1461-22-9),

cion nach mó ná 4 % de dhéchlóiríd débhúitiltine (CAS RN 683-18-1),

a bhfuiltear lena úsáid chun comhdhúile búitiltine a úsáidtear i monarú gloine agus clóiríd tríbhúitiltine a úsáidtear mar chatalaíoch sa tionscal cógaisíochta a tháirgeadh (2)

3,2  %

-

31.12.2027

0.8506

ex 3824 99 92

79

Meascán ina bhfuil, de réir meáchain:

clóiríd tríbhúitiltine (CAS RN 1461-22-9) ag a bhfuil íonacht 80 % nó níos mó de réir meáchain,

cion nach mó ná 5 % de theitreabúitiltin (CAS RN 1461-25-2),

cion nach mó ná 6 % de dhéchlóiríd débhúitiltine (CAS RN 683-18-1),

cion nach mó ná 11 % de o-xiléin (CAS RN 95-47-6),

a bhfuiltear lena úsáid chun clóiríd tríbhúitiltine a úsáidtear mar chatalaíoch sa tionscal cógaisíochta a tháirgeadh (2)

3,2  %

-

31.12.2027

0.8517

ex 3824 99 92

83

1-(Céadr-8-ein-9-il)eatánón (CAS RN 32388-55-9) ag a bhfuil íonacht 70 % nó níos mó, ach nach mó ná 90 %, de réir meáchain

0  %

-

31.12.2024

0.8499

ex 3824 99 92

86

Aimídí sailleacha N,N-démheitile tallola (CAS RN 68308-74-7) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8498

ex 3824 99 93

33

Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 70 % de rel-(1R,2S)-cigliheacsán-1,2-décharbocsaláit chailciam (CAS RN 491589-22-1),

cion 30 % nó níos mó ach nach mó ná 40 % de stéaráit since (CAS RN 557-05-1),

cion 1 % nó níos mó ach nach mó ná 5 % den dathán CI Pigment Blue 29 (CAS RN 57455-37-5) agus

cion 1 % nó níos mó ach nach mó ná 5 % den dathán C.I. Pigment Violet 15 (CAS RN 12769-96-9)

0  %

-

31.12.2027

0.8497

ex 3824 99 93

36

Ullmhóid ina bhfuil cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 70 % de rel-(1R,2S)-cigliheacsán-1,2-décharbocsaláit chailciam (CAS RN 491589-22-1) agus cion 30 % nó níos mó ach nach mó ná 40 % de stéaráite since (CAS RN 557-05-1)

0  %

-

31.12.2027

0.8514

ex 3824 99 96

43

Glóthach shilice fheidhmiúil 2-(eitiltia)eatáintiól ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8491

ex 3907 29 99

70

Pola(ocsa-1,4-feiniléanocsa-1,4-feiniléancarbóinil-1,4-feiniléin) (CAS RN 29658-26-2) nach bhfuil níos mó ná cion 35 % de bhreiseáin ann de réir meáchain

0  %

-

31.12.2027

0.8504

ex 4009 31 00

ex 4009 32 00

10

20

Píopa rubair ilsrathach, atá treisithe le fabraic araimíde, bíodh eilimintí nasctha polaimíde agus teanntáin chruach ann nó ná bíodh, a bhfuiltear lena úsáid chun teasmhalartóirí mótarfheithicle agus/nó comhdhlúthadán i gcórais aerchóiriúcháin mótarfheithicle a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8480

ex 7326 90 98

60

Fáinne eití de chineál chun lanna rialaithe sreafa gáis a cheangal:

as iarann nó as cóimhiotal cruach,

ag a bhfuil teasfhriotaíocht 830 °C nó níos mó ach nach mó ná 1 050  °C,

nach mó ná 92 mm a thrastomhas seachtrach,

ina bhfuil poill chun na lanna rialaithe sreafa gáis a choinneáil,

a bhfuiltear lena úsáid chun turbaluchtairí a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8512

ex 7326 90 98

70

Diosca de chineál lena n-áirithítear leithead an chainéil sreafa gáis:

as iarann nó as cóimhiotal cruach,

ag a bhfuil teasfhriotaíocht 830 °C nó níos mó ach nach mó ná 1 050  °C,

nach mó ná 92.5 mm a thrastomhas seachtrach,

nach mó ná 62 mm a thrastomhas inmheánach,

a bhfuiltear lena úsáid chun turbaluchtairí a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8464

ex 7609 00 00

40

Bloc alúmanaim lasairphrásáilte chun feadáin i dteasmhalartóirí mótarfheithicle agus/nó fuaraitheoirí aeir turbaluchtaithe agus/nó fuaraitheoirí tarchurtha uathoibríocha a nascadh:

arb é 5 mm nó níos mó, ach nach mó ná 25 mm, trastomhas seachtrach a fheadán nasctha camtha easbhrúite,

ina bhfuil meáchan 0,02 kg nó níos mó, ach nach mó ná 0,25 kg,

a bhfuiltear lena úsáid chun na córais fuaraithe i bhfeithiclí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú (2)

0  %

p/st

31.12.2027

0.8503

ex 7609 00 00

50

Comhpháirteanna alúmanaim meaisínithe:

ina bhfuil cion 0,55 % nó níos mó, ach nach mó ná 0,61 % de mhaignéisiam, de réir meáchain,

ina bhfuil cion 0,55 % nó níos mó, ach nach mó ná 0,61 % de shileacan,

ag a bhfuil staid chruaite T5 nó T6,

ina bhfuil mais 0,05 kg nó níos mó, ach nach mó ná 0,2 kg,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun córais fuaraithe CO2 i mótarfheithiclí a mhonarú (2)

0  %

p/st

31.12.2027

0.8493

ex 7609 00 00

60

Bloc nasctha alúmanaim:

ina bhfuil meáchan 3 g nó níos mó, ach nach mó ná 400 g,

a monaraíodh as grád alúmanaim 6061-T6 nó 6060-T6 nó 6082-T6,

ar cuid dhílis é de chóimeáil píobáin aerchóiriúcháin nó de chóimeáil píobáin fuaraithe ola nó de chóimeáil píobáin aerchoscáin nó de chóimeáil píobáin fuaraithe uisce,

ina bhfuil poill (soicéid) nó splíonaí (treoirbhealaí) nó snáitheanna lenar féidir iad a shuiteáil i gcóras aerchóirithe mótarfheithicle nó i gcóras aerchóirithe eile (a thuigtear freisin mar shuiteáil sa líne),

ar a bhfuil soicéid atá deartha le haghaidh prásála nó ceangail,

ina bhfuil trépholl amháin ar a laghad arb é 3 mm nó níos mó ach nach mó ná 25 mm a thrastomhas,

a bhfuiltear lena úsáid chun córais fuaraithe agus aerchóirithe mótarfheithicle a mhonarú (2)

0  %

p/st

31.12.2027

0.8466

ex 8409 91 00

33

Iompróir ceamfhearsaide le haghaidh inneall loiní dócháin inmheánaigh spréachadhainte, atá déanta as cóimhiotal alúmanaim ADC12:

ina bhfuil meáchan 4,0 kg nó níos mó ach nach mó ná 5,5 kg,

arb é 2.0 mm nó níos mó, ach nach mó ná 6.0 mm, tiús an bhalla ann,

a bhfuiltear lena úsáid chun innill mótarfheithiclí a mhonarú (2)

0  %

p/st

31.12.2027

0.8469

ex 8409 91 00

38

Cás cromáin le haghaidh inneall loiní dócháin inmheánaigh spréachadhainte 4-shorcóir, déanta as cóimhiotal alúmanaim ADC12, a bhfuiltear lena úsáid chun innill mótarfheithiclí a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8483

ex 8414 90 00

15

Cóimeáil gaothrán atá déanta as cóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

arb é 54 mm nó níos mó, ach nach mó ná 130 mm a trastomhas seachtrach,

atá 8 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 30 mm, ar airde,

ar a bhfuil dhá dhiosca atá nasctha le lanna de chruth ionbhlóideach,

bíodh dual inti nó ná bíodh, agus bíodh leicneán inti nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena húsáid chun leictreamótair a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8494

ex 8414 90 00

25

Cásáil comhbhrúiteora de chineál corna de chóimhiotal alúmanaim de chineál:

ag a bhfuil teasfhriotaíocht 200 °C nó níos mó ach nach mó ná 250 °C,

ar a bhfuil pointe fosúcháin amháin nó níos mó atá oiriúnach chun gníomhróir a ghléasadh,

a bhfuiltear lena húsáid chun turbaluchtairí a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8465

ex 8415 90 00

15

Ilphíobáin atá táite go leictreach, le haghaidh an chomhdhlúthadáin i gcórais aerchóiriúcháin mótarfheithicle:

arb é atá iontu feadán a tháirgtear trí stiall alúmanaim a stampáil agus na himill a cheangal le stuatháthú leictreach,

ina bhfuil sciatha inmheánacha lena n-áirithítear sreabhadh ceart an fhuartháin,

atá 190 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 460 mm, ar fad,

atá 9 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 42 mm, ar trastomhas,

ina bhfuil meáchan 0,01 kg nó níos mó, ach nach mó ná 0,45 kg,

bíodh bloic nasctha alúmanaim iontu nó ná bíodh,

a úsáidtear chun na córais aerchóiriúcháin i bhfeithiclí atá faoi Chaibidil 87 a tháirgeadh (2)

0  %

p/st

31.12.2027

0.8458

ex 8501 53 50

50

Mótar tarraingthe aisioncronach:

ag a bhfuil cumhacht leanúnach 140 kW nó níos mó ach nach mó ná 180 kW,

ina bhfuil córas leachtfhuaraithe,

arb é 580 mm nó níos mó, ach nach mó ná 730 mm, a fhad iomlán,

arb é 550 mm nó níos mó, ach nach mó ná 670 mm, a leithead iomlán,

arb é 510 mm nó níos mó, ach nach mó ná 630 mm, a airde iomlán,

nach mó ná 390 kg an meáchan atá ann,

bíodh giar laghdaithe ann nó ná bíodh,

bíodh gineadóir dúisire ann nó ná bíodh,

ar a bhfuil 2 phointe gléasta,

a bhfuiltear lena úsáid chun tiomáint leictreach busanna hibrideacha a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8508

ex 8505 11 10

78

Dhá mhaighnéad bhuana atá déanta as cóimhiotal praiséidimiam-neoidimiam, i gcoimeádán cruach dronuilleogach ar a bhfuil cásáil sheachtrach rubair agus a bhfuil na toisí seachtracha seo a leanas aige:

fad 200 mm nó níos mó, ach nach mó ná 205 mm,

leithead 58 mm nó níos mó, ach nach mó ná 62 mm,

airde 25 mm nó níos mó, ach nach mó ná 30 mm,

agus stoda suite sa lár

0  %

-

31.12.2027

0.8453

ex 8512 30 90

40

Gaireas chun fuaim innill a ionsamhlú ar luas laghdaithe le haghaidh feithicil hibrideach nó feithicil leictreach:

ina bhfuil ar a laghad clár ciorcad priontáilte agus callaire,

i gcásáil phlaisteach lena ngabhann coimeádán,

a bhfuiltear lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87 (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8460

ex 8537 10 91

43

Aonad rialaithe crochta leictreonach:

ina bhfuil clár ciorcad priontáilte ar a bhfuil cásáil phlaisteach,

ina bhfuil busanna LIN agus CAN,

ina bhfuil cuimhne in-ríomhchláraithe,

ina bhfuil próiseálaí comharthaí,

ag a bhfuil voltas srutha dhírigh oibríochtúil 9 V nó níos mó, ach nach mó ná 16 V,

ina bhfuil nascóir amháin, ar a laghad,

bíodh brac feistiúcháin miotail ann nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena úsáid chun na hearraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8461

ex 8708 50 20

18

Seafta liáin le haghaidh tras-seoladh casmhóiminte ón ngiarbhosca go dtí an t-acastóir cúil, arb é atá ann:

dhá shlat chardánó,

alt uilíoch lárnach,

imthaca láir ar a bhfuil crochadh i gclúdach plaisteach,

ailt uilíocha ar dhá cheann na seafta,

cuingeacha sliosráille, feadáin agus cinn,

atá 1.4 m nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 2.4 m ar fad,

a bhfuiltear lena úsáid chun na hearraí atá faoi Chaibidil 87 a tháirgeadh (2)

0  %

-

31.12.2027

0.8507

ex 8714 99 90

50

Maolaire turrainge aeir cúil i bhfoirm eilimint sprionga neomataigh a bhfuil maolaire ola air a bhfuiltear lena úsáid chun rothair a mhonarú, lena n-áirítear rothair leictreacha (2)

0  %

-

31.12.2027


(1)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. ’;

(2)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.’.


Top