EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0931

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/931 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia thraidisiúnta ó thríú tír an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/2981

IO L 124, 10.5.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/931/oj

10.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 124/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/931 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia thraidisiúnta ó thríú tír an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner mar bhia traidisiúnta údaraithe ó thríú tír i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/917 ón gCoimisiún (3) údaraíodh an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír lena úsáid in insiltí luibhe.

(5)

An 4 Iúil 2022 chuir an chuideachta Luigi Lavazza Spa (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar choinníollacha úsáide an insilte ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner. D’iarr an t-iarratasóir a úsáid a leathnú chun deochanna neamhalcólacha blaistithe agus neamhbhlaistithe atá réidh le hól agus caife, eastóscáin chaife agus siocaire, caife ar an toirt, tae, insiltí luibhe agus torthaí, ionadaigh chaife, meascáin chaifé agus meascáin ar an toirt le haghaidh deochanna (agus a macasamhla blaistithe) atá ceaptha don phobal i gcoitinne a chumhdach.

(6)

Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Mar thoradh ar na húsáidí atá beartaithe le haghaidh an insilte ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner beidh iontógálacha ann a bheidh inchomparáide leis na hiontógálacha ó na húsáidí atá údaraithe faoi láthair a ndearna an tÚdarás measúnú orthu agus a mheas an tÚdarás go raibh siad sábháilte agus lenar tacaíodh le húdarú an bhia thraidisiúnta ó thríú tír. Dá bhrí sin is iomchuí leasú a dhéanamh ar choinníollacha úsáide an insilte ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner chun a úsáid a leathnú chun deochanna neamhalcólacha blaistithe agus neamhbhlaistithe atá réidh le hól agus caife, eastóscáin chaife agus siocaire, caife ar an toirt, tae, insiltí luibhe agus torthaí, ionadaigh chaife, meascáin chaifé agus meascáin ar an toirt le haghaidh deochanna (agus a macasamhla blaistithe) a chumhdach.

(7)

Is leor an foras atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe ar choinníollacha úsáide an bhia thraidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(8)

Agus an leathnú sin ar úsáid an insilte ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner chun catagóirí breise bianna a chumhdach á chur san áireamh agus ar mhaithe na soiléireachta agus na tuisceana ar chatagóirí bianna, athraítear an chatagóir bhia “Insiltí luibhe” a údaraíodh ar dtús chuig “Insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner le cur ar an margadh sa riocht sin”, agus áirítear “insiltí luibhe” sa chatagóir “caife, eastóscáin chaife agus siocaire, caife ar an toirt, tae, insiltí luibhe agus torthaí, ionadaigh chaife, meascáin chaifé agus meascáin ar an toirt le haghaidh deochanna (agus a macasamhla blaistithe)”.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/917 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 lena n-údaraítear an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 209, 2.7.2020, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “Insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner (Bia traidisiúnta ó thríú tír)” i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

‘Insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner

(Bia traidisiúnta ó thríú tír)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

Is é ‘Insileadh ó dhuilleoga caife’ nó ‘Insileadh triomaithe ó dhuilleoga caife’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu, de réir na foirme a bheidh le margú.

 

 

Insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner arna chur ar an margadh sa riocht sin

 

Deochanna neamhalcólacha blaistithe agus neamhbhlaistithe atá réidh le hól (*1)

 

Caife, eastóscáin chaife agus siocaire, caife ar an toirt, tae, insiltí luibhe agus torthaí, ionadaigh chaife, meascáin chaifé agus meascáin ar an toirt le haghaidh deochanna (agus a macasamhla blaistithe) (*1)

 


(*1)  * ní úsáid thraidisiúnta an úsáid sin.’


Top