This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0121
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/121 of 17 January 2023 amending and correcting Implementing Regulation (EU) 2021/1165 authorising certain products and substances for use in organic production and establishing their lists
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/121 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/121 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí
C/2023/243
IO L 16, 18.1.2023, p. 24–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn V cuid A roinn A1 Téacs | 05/08/2021 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 1 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 2 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 4 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn II tábla Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 1 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn III cuid A pointe 2 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 pointe (c) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Scriosadh | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 pointe (d) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 pointe (d) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 pointe (f) | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 pointe (f) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 3 pointe (a) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn III cuid B pointe 3 pointe (a) Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 4 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn V cuid A roinn A1 Téacs | 07/02/2023 | |
Modifies | 32021R1165 | Athchur | iarscríbhinn V cuid A roinn A2 Téacs | 07/02/2023 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32023R0121R(01) | (DE) | |||
Corrected by | 32023R0121R(02) | (DA) |
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16/24 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/121 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Eanáir 2023
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 24(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2018/848, chuir na Ballstáit sainchomhaid maidir le substaintí áirithe faoi bhráid na mBallstát eile agus an Choimisiúin, d’fhonn na substaintí sin a údarú agus a áireamh in Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún (2). Rinne an Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeacht Orgánach (EGTOP) agus an Coimisiún na sainchomhaid sin a scrúdú. |
(2) |
Ina mholtaí maidir le substaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí (3), mhol EGTOP go gcuirfí úsáid na substainte Talc E553b leis na substaintí bunata a cheadaítear sa táirgeadh orgánach. Mhol EGTOP freisin na nithe seo a leanas a chur leis na substaintí gníomhacha íseal-riosca a úsáidtear san fheirmeoireacht orgánach: (i) ABE-IT 56, ar choinníoll nach bhfaightear é ó thréithchineálacha OGM ná trí úsáid a bhaint as damhnaí fáis de thionscnamh OGM; (ii) “pireafosfáit fheireach” agus (iii) “eastóscán uiscí ó shíolta péactha Lupinus albus”. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú. |
(3) |
Mhol EGTOP freisin gur cheart cead a thabhairt deiltemheitrin a úsáid i ngaistí a bhfuil mealltaí sonracha in aghaidh Rhagoletis completa orthu. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid sin na deiltemheitrine a údarú faoina coinníollacha agus faoina teorainneacha sonracha. |
(4) |
De réir mholtaí EGTOP maidir le leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh(3), ba cheart úsáid na substaintí seo a leanas a údarú: (i) strúivít athshlánaithe agus salainn fosfáite dheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus nach de thionscnamh feirmeoireachta monarchan é aoileach ainmhithe atá ina ábhar bunaidh; (ii) clóiríd photaisiam (múireáit photaise) de thionscnamh nádúrtha; agus (iii) níotráit sóidiam a úsáidtear chun algaí a tháirgeadh ar talamh i gcórais dhúnta. |
(5) |
De réir mholtaí EGTOP maidir le beatha (5), ba cheart úsáid na substaintí seo a leanas a údarú: (i) fosfáit mhonaidhéchailciam a úsáidtear mar ábhar beatha de thionscnamh mianrach; (ii) sa bhreis ar na cinn a fhaightear ó Saccharomyces cerevisiae nó Saccharomyces carlsbergensis, gach giosta agus táirge giosta údaraithe a úsáidtear mar ábhair bheatha; (iii) guma xantáin a úsáidtear mar bhreiseán beatha teicneolaíoch laistigh den fheidhmghrúpa “eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin”; (iv) illít-montmairíllinít-caoilínít agus cré shéipiailíteach a úsáidtear mar bhreiseáin bheatha theicneolaíocha laistigh den fheidhmghrúpa “Táthuithe agus oibreáin frithstolptha”; agus (v) beintinít a úsáidtear mar bhreiseán beatha teicneolaíoch laistigh d’fheidhmghrúpa nua “substaintí le haghaidh laghdú ar an éilliú beatha ag míceatocsainí”. |
(6) |
De réir mholadh breise ó EGTOP maidir le beatha (6), ní údaraítear béitín ainhidriúil faoi láthair ach amháin i gcás ainmhithe monagastracha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. Mar sin féin, bhí moladh EGTOP bunaithe ar chomhad ina raibh béitín ainhidriúil le húsáid mar bhreiseán cothaitheach le haghaidh éanlaith chlóis, muc agus iasc. Dá bhrí sin, ba cheart údarú béitín ainhidriúil a dheonú freisin chun éisc a bheathú. |
(7) |
De réir mholtaí EGTOP maidir le bia peataí(5), ba cheart úsáid na substaintí seo a leanas a údarú: (i) trífhosfáit pheinteasóidiam (STPP) agus défhosfáit déhidrigine déshóidiam (SAPP) a úsáidtear mar ábhar beatha de thionscnamh mianrach; (ii) carraigínin; (iii) guma pónaire lócaiste (guma carúib), ar choinníoll go bhfaightear guma pónaire lócaiste trí phróiseas rósta (iv) acáise (guma arabach), a úsáidtear mar oibreáin ghlóthúcháin agus/nó eiblitheoirí; (v) táirín a úsáidtear mar bhreiseán cothaitheach le haghaidh cat agus madraí; agus (vi) clóiríd amóiniam a úsáidtear mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh cat. |
(8) |
De réir mholtaí EGTOP maidir le bia(5) ba cheart úsáid na substaintí seo a leanas a údarú: (i) dé-ocsaíd sileacain a úsáidtear mar oibreán frithstolptha le haghaidh púdar cócó i meaisíní uathoibrithe dáilte deochanna; agus (ii) eastóscán roisín péine agus eastóscán leannlusanna mar ábhair fhrithmhiocróbacha i dtáirgeadh bia de thionscnamh plandaí. |
(9) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/1165 nach n-údaraítear guma geileáin ón 1 Eanáir 2023 ach amháin más ó tháirgeadh orgánach atá sé. Mar sin féin, níl cainníocht leordhóthanach guma geileáin ar fáil ó tháirgeadh orgánach. Chun ligean d’oibreoirí leanúint dá dtáirgeadh bia, ba cheart cur i bhfeidhm an cheanglais sin a chur ar atráth. |
(10) |
Liostaítear guma guair E 412 i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar cheanglóir agus oibreán frithstolptha laistigh de bhreiseáin theicneolaíocha. Mar sin féin, i gClár an Aontais Eorpaigh de bhreiseáin bheathaithe, liostaítear é faoi oibreáin eiblithe agus chobhsaitheacha, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin. Ní mór an earráid sin a cheartú. |
(11) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún, údaraíodh Talc E 553b mar bhreiseán bia in earraí bia de thionscnamh plandaí (7). Níor áiríodh an úsáid sin in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. Ní mór an earráid sin a cheartú. |
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú agus a cheartú dá réir. |
(13) |
Cuireadh teorainn go hearráideach le cuimsiú talc E 553b mar bhreiseán bia, agus d’fhéadfadh sé gur lean roinnt oibreoirí orgánacha dá úsáid mar bhreiseán bia in earraí bia de thionscnamh plandaí. Dá bhrí sin, ba cheart an earráid sin a cheartú go haisghníomhach ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1165 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
(1) |
ceartaítear pointe (1) (Breiseáin theicneolaíocha) de Chuid B d’Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(2) |
i Roinn A1 (Breiseáin bhia, lena n-áirítear iompróirí) de Chuid A d’Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “E 553b Talc”:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2(2) ón 5 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí (IO L 253, 16.7.2021, lgh. 13).
(3) Tuarascáil chríochnaitheach EGTOP maidir le Leasacháin IV agus Táirgí Cosanta Plandaí VI agus tuarascáil chríochnaitheach EGTOP maidir le Táirgí Cosanta Plandaí VII agus Leasacháin V: https://agriculture.ec.europa.eu/farming/organic-farming/co-operation-and-expert-advice/egtop-reports_en.
(4) Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).
(5) Tuarascáil chríochnaitheach EGTOP maidir le Bia VII — Beatha V agus Tuarascáil chríochnaitheach EGTOP maidir le Beatha VI agus Bia Peataí I: https://agriculture.ec.europa.eu/farming/organic-farming/co-operation-and-expert-advice/egtop-reports_en.
(6) Tuarascáil chríochnaitheach EGTOP maidir le Beatha III — Bia V: https://agriculture.ec.europa.eu/farming/organic-farming/co-operation-and-expert-advice/egtop-reports_en.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
(1) |
i bpointe 1 (Substaintí bunata), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála “18C Púdar síolta mustaird*”:
|
(2) |
i bpointe 2 (Substaintí gníomhacha íseal-riosca), cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
(3) |
i bpointe 4 (Substaintí gníomhacha nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí thuas), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘40A Deiltemheitrin’:
|
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 083, 22.3.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165:
“Strúivít athshlánaithe agus salainn fosfáite dheasctha |
ní mór do tháirgí na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009 a chomhlíonadh ní féidir aoileach ainmhithe atá ina ábhar foinseach a bheith de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan |
Níotráit sóidiam |
le haghaidh táirgeadh algaí ar talamh i gcórais dhúnta amháin |
Clóiríd photaisiam (múireáit photaise) |
de thionscnamh nádúrtha amháin” |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Cuid B mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
(1) |
leasaítear roinn A1 (Breiseáin bhia, lena n-áirítear iompróirí) mar a leanas:
|
(2) |
i roinn A2 (Áiseanna próiseála agus táirgí eile, a fhéadfar a úsáid le haghaidh próiseáil comhábhar de thionscnamh talmhaíochta ó tháirgeadh orgánach), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh eastóscán leannlusanna agus eastóscán roisín péine:
|