Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0231

    Cinneadh (CBES) 2023/231 ón gComhairle an 2 Feabhra 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine ar ar chuir Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh oiliúint mar thaca leis an Úcráin

    ST/5333/2023/INIT

    IO L 32, 3.2.2023, p. 64–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 27/11/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/231/oj

    3.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 32/64


    CINNEADH (CBES) 2023/231 ÓN gCOMHAIRLE

    an 2 Feabhra 2023

    maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine ar ar chuir Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh oiliúint mar thaca leis an Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaítear Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

    (2)

    Tá neartú an idirphlé agus an chomhair i réimse na slándála agus na cosanta ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2). Bhí an comhar feabhsaithe i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) agus an t-ailíniú leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála idir an tAontas agus an Úcráin ar cheann de thorthaí an 22ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 6 Deireadh Fómhair 2020, a neartaíodh a thuilleadh ag an 23ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a tionóladh i gCív an 12 Deireadh Fómhair 2021.

    (3)

    I mí Feabhra 2022 tháinig géarú mór ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, atá ar siúl ó 2014, nuair a rinne an Rúis ionradh gan chúis gan údar ar an Úcráin. Leanann Fórsaí Armtha na hÚcráine d’iomláine chríochach na hÚcráine agus a sibhialtaigh a chosaint leis na hacmhainní teoranta atá ar fáil.

    (4)

    An 30 Meán Fómhair 2022, ba dhíol sásaimh d’Aire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta na hÚcráine araon tacaíocht an Aontais d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, agus d’iarr siad ar an Aontas Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh a sheoladh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) chun cumais Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú.

    (5)

    An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (3). Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa chinneadh sin, tá an misean mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear bearta cúnaimh lena dtacaítear le Fórsaí Armtha na hÚcráine.

    (6)

    Cuirfear de chúram ar EUMAM Ukraine an beart cúnaimh a chur chun feidhme. Tá sé le bheith freagrach as aisíocaíocht a dhéanamh ar fhearais oiliúna phearsanta agus ar aon trealamh agus soláthairtí eile nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh arna chur ar fáil ag na Ballstáit chun tacú leis na gníomhaíochtaí oiliúna. Beidh gá le dlúthchomhar idir Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, EUMAM Ukraine agus ceanncheathrúnna eile an Mhisin, agus idir na Ballstáit atá i mbun na ngníomhaíochtaí oiliúna.

    (7)

    I gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Chinneadh (CBES) 2022/1968, níl fearais oiliúna phearsanta a mheas a thuilleadh mar chostais choiteanna a luaithe a chuirfear ar fáil iad faoi bheart cúnaimh de chuid na Saoráide Eorpaigh Síochána.

    (8)

    Tá an beart cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES (4) ón gComhairle, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

    (9)

    Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

    1.   Bunaítear leis seo beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (“an beart cúnaimh”).

    2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh tacú le Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh agus é ag fothú acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hÚcráine mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), chun go mbeidh Fórsaí Armtha na hÚcráine in ann iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine agus an pobal sibhialtach a chosaint ar an bhfogha míleata atá ar siúl faoi láthair.

    3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh an méid seo a leanas a bheith á sholáthar ag na Ballstáit:

    (a)

    trealamh agus soláthairtí nach gceaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, de réir mar is gá chun riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine a chomhlíonadh agus arna iarraidh sin don Úcráin; agus

    (b)

    seirbhísí, lena n-áirítear iompar, coimeád, cothabháil agus deisiú na n-earraí faoi phointe (a) arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, le haghaidh na hoiliúna faoi EUMAM Ukraine.

    4.   Ach a gcríochnófar an oiliúint nó a gcuirfear deireadh le EUMAM Ukraine, déanfar coimeád an trealaimh agus na soláthairtí nach gceaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, agus a cuireadh ar fáil faoin mbeart cúnaimh seo, a aistriú ar ais chuig an tairbhí. Bunaithe ar riachtanais na hÚcráine, is féidir earraí sna fearais phearsanta a aistriú ar ais chuig an tairbhí láithreach tar éis iad a úsáid le linn na hoiliúna.

    5.   24 mhí ó dháta ghlacth an Chinnidh seo a mhairfidh an beart cúnaimh nó go dtí go rachaidh an Cinneadh lena mbunaítear EUMAM Ukraine in éag, cibé acu is túisce..

    Airteagal 2

    Socruithe airgeadais

    1.   EUR 45 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

    2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas le haghaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

    3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um oibríochtaí glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 45 000 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir um oibríochtaí ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sa bhuiséad leasaitheach gaolmhar a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh.

    4.   Beidh caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh incháilithe ó dháta seolta EUMAM Ukraine. Beidh caiteachas a bhaineann le fearais oiliúna phearsanta incháilithe faoin mbeart cúnaimh seo ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 3

    Socruithe leis an tairbhí

    1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

    2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

    (b)

    go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

    (c)

    go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

    (d)

    nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe dá dtagraítear i mír 1, ag deireadh a saolré.

    3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

    Airteagal 4

    Cur chun feidhme

    1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

    2.   Is é EUMAM Ukraine a chuirfidh chun feidhme na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), a bhaineann le haisíoc agus faireachán a dhéanamh ar an trealamh agus ar na soláthairtí nach gceaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.

    Airteagal 5

    Faireachán, rialú agus meastóireacht

    1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán lena áirithiú go n-urramóidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Úsáidfear an faireachán sin le feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideoidh sé le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

    2.   Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

    3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

    Airteagal 6

    Tuarascálacha

    Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil don Coiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um oibríochtaí, agus tacaíocht á fáil aige ó Cheannasaí an Mhisin, an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin.

    Airteagal 7

    Fionraí agus foirceannadh

    1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

    2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

    (2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).

    (4)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


    Top