Ovaj je dokument isječak s web-mjesta EUR-Lex
Dokument 32022R2527
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2527 of 17 October 2022 repealing Delegated Regulation (EU) No 807/2014 supplementing Regulation (EU) No 1305/2013 of the European Parliament and of the Council on support for rural development by the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD) and introducing transitional provisions
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2527 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2527 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha
C/2022/7233
IO L 328, 22.12.2022., str. 68–69
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Više nije na snazi, Datum isteka: 01/01/2023
Odnos | Akt | Komentar | Predmetna potpodjela | Od | do |
---|---|---|---|---|---|
stavljanje izvan snage | 32014R0807 | 01/01/2026 | |||
stavljanje izvan snage | 32014R0807 | Aisghairm pháirteach | 01/01/2023 | ||
implicitno stavljanje izvan snage | 32015R1367 | 01/01/2023 | |||
implicitno stavljanje izvan snage | 32019R0094 | 01/01/2023 |
22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/68 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2527 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus (11), Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(5), Airteagal 45(6), Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a soláthraíonn sé cuspóirí an Aontais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus, san am céanna, solúbthacht á fágáil ag na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le tabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027. |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe. Mar thoradh air sin, aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún ceanglais bhreise de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le ceapadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú sna Pleananna Straitéiseacha CBT, eadhon le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (3). Cuirtear an Rialachán Tarmligthe sin in ionad na rialacha a leagtar síos faoi láthair i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 154(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 fós maidir le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus arna íoc ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú na gclár forbartha tuaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.
Mar sin féin, beidh feidhm ag an Rialachán sin fós maidir le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus arna íoc ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú na gclár forbartha tuaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2025.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.
(2) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha (IO L 227, 31.7.2014, lch. 1).