Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2526

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2526 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dramhaíl mhearcair i bhfoirm leachtach a stóráil go sealadach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/6696

IO L 328, 22.12.2022, p. 66–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2526/oj

22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/66


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2526 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dramhaíl mhearcair i bhfoirm leachtach a stóráil go sealadach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/852 go meastar gur dramhaíl atá beartaithe le haghaidh diúscairt deiridh iad mearcair agus comhdhúile mearcair, i bhfoirm íon nó i meascáin, ó cheithre fhoinse mhóra a shonraítear san Airteagal sin, de réir bhrí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/852, maidir le dramhaíl mhearcair, lena n-áirítear dramhaíl a tháirgtear ó na ceithre phríomhfhoinse lena mbaineann, go ndéanfar oibríochtaí cóireála sonracha uirthi roimh an diúscairt deiridh, i.e. í a chomhshó agus, i gcás ina mbeartaítear í a dhiúscairt go buan i saoráidí os cionn talún, í a chomhshó agus a sholadú.

(3)

Ceadaítear le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/852, de mhaolú ar Airteagal 5(3), pointe (a), de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle (3), dramhaíl mhearcair i bhfoirm leachtach a stóráil go sealadach, go dtí go ndéanfar í a chomhshó agus a sholadú, i láithreáin líonta talún tiomnaithe agus feistithe go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus sláinte an duine a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE.

(4)

Thug faisnéis a thuairiscigh na Ballstáit i mí na Bealtaine 2022 le fios gur raibh breis agus 2 000 tona de dhramhaíl mhearcair leachtach fós i stóráil shealadach san Aontas agus go raibh níos mó ama ag teastáil chun an dramhaíl sin a chomhshó agus a sholadú. Meastar gur gá síneadh a chur leis an tréimhse stórála sin go dtí an 31 Nollaig 2025 chun a áirithiú go leanfar den stóráil shealadach i láithreáin líonta talún i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE.

(5)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/852, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Scoirfidh an maolú a leagtar amach sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2026.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 137, 24.5.2017, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(3)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).


Top