EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1302

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2314

IO L 197, 26.7.2022, p. 52–70 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1302/oj

26.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 197/52


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1302 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Aibreán 2022

lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 57(1), an séú fomhír, Airteagal 57(3), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 57(12), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil i dTreoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le leasuithe ar Airteagal 57 de Threoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le teorainneacha suímh, i measc nithe eile, lena n-áirítear cumhachtuithe nua gaolmhara.

(2)

Chun cobhsaíocht agus sláine na margaí airgeadais san Aontas a fheabhsú, ba cheart modheolaíocht a shonrú chun teorainneacha suímh maidir le díorthaigh tráchtearraí a ríomh ar bhealach comhchuibhithe. Leis an modheolaíocht, ba cheart cosc a chur ar arbatráiste rialála agus comhsheasmhacht a chur chun cinn agus, san am céanna, dóthain solúbthachta a thabhairt d’údaráis inniúla chun na héagsúlachtaí i measc margaí díorthach tráchtearraí difriúla agus i measc mhargaí na dtráchtearraí foluiteacha a chur san áireamh. Leis an modheolaíocht chun na teorainneacha a ríomh, ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí maidir le teorainneacha a shocrú ag leibhéal atá íseal go leor chun cosc a chur ar dhaoine a shealbhaíonn suíomhanna sna díorthaigh tráchtearraí sin mí-úsáid a bhaint as an margadh nó saobhadh a dhéanamh ar an margadh agus na cuspóirí maidir le tacú le socruithe ordúla praghsála agus socraíochta, díorthaigh tráchtearraí nua a fhorbairt agus díorthaigh tráchtearraí a chumasú chun leanúint de thacú le feidhmiú gníomhaíochtaí tráchtála i margadh na dtráchtearraí foluiteacha.

(3)

Ba cheart roinnt coincheap a eascraíonn as Treoir 2014/65/AE agus téarmaí teicniúla a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú chun tuiscint aonfhoirmeach a áirithiú.

(4)

Maidir le suíomhanna fada agus gearra rannpháirtithe sa mhargadh i ndíorthach tráchtearraí ar leith, ba cheart iad a ghlanluacháil in aghaidh a chéile chun méid iarbhír suímh a chinneadh, ar suíomh é a rialaíonn rannpháirtí sa mhargadh tráth ar bith. Maidir le suíomh a shealbhaítear trí chonradh céadrogha nó díorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar an ionad trádála céanna ar fo-thacar den phríomhchonradh é, ba cheart méid an tsuímh sin nó méid an díorthaigh sin a ríomh ar bhonn deiltechoibhéiseach. Chun go bhféadfar forbhreathnú cuimsitheach, láraithe agus ionadaíoch a dhéanamh ar ghníomhaíocht duine, agus chun cosc a chur ar imchéimniú chuspóir na teorann suímh a shocraítear le haghaidh an phríomhchonartha, ba cheart a áireamh sa suíomh comhiomlán a shealbhaíonn duine i ndíorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar ionad trádála an suíomh a eascraíonn as dí-chomhiomlánú comhpháirteanna conartha raoin difríochta a ligtear isteach chun a thrádála mar ionstraim intrádála aonair ar an ionad trádála céanna agus na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar an ionad trádála céanna ar fo-thacar den phríomhchonradh iad maidir lena méid (dá ngairtear conarthaí minis), nó maidir lena n-aibíocht tréimhse praghsála, amhail conartha iarmhéid na míosa (dá ngairtear conarthaí balmos).

(5)

Ceanglaítear le Treoir 2014/65/AE go n-áireofar aon suíomh a shealbhaíonn tríú páirtithe thar ceann duine i ríomh theorainn suímh an duine sin agus go gcuirfear i bhfeidhm teorainneacha suímh ar leibhéal an eintitis agus ar leibhéal an ghrúpa araon. Is gá, dá bhrí sin, suíomhanna a chomhiomlánú ar leibhéal an ghrúpa. Níl sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le comhiomlánú ar leibhéal an ghrúpa ach amháin más féidir le máthairghnóthas an úsáid suíomhanna a rialú. Dá réir sin, ba cheart do mháthairghnóthais suíomhanna atá á sealbhú ag a gcuid fochuideachtaí a chomhiomlánú le haon suíomh a shealbhaíonn an máthairghnóthas go díreach, sa bhreis ar an gcomhiomlánú a dhéanann na fochuideachtaí ar a suíomhanna féin. Is é a d’fhéadfadh teacht as an gcomhiomlánú sin suíomhanna a ríomhtar ar leibhéal an mháthairghnóthais atá níos airde nó, i ngeall ar ghlanluacháil suíomhanna fada agus gearra a shealbhaíonn fochuideachtaí difriúla, atá níos ísle ná mar atá siad ar leibhéal na fochuideachta aonair. Níor cheart suíomhanna a chomhiomlánú ar leibhéal an mháthairghnóthais má shealbhaíonn gnóthais chomhinfheistíochta na suíomhanna, ar gnóthais chomhinfheistíochta iad a shealbhaíonn na suíomhanna sin thar ceann a n-infheisteoirí seachas thar ceann a máthairghnóthas i gcásanna nach féidir leis an máthairghnóthas úsáid na suíomhanna sin a rialú chun a leasa féin.

(6)

Ceanglaítear leis na leasuithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2021/338 go bhfuil feidhm ag teorainneacha suímh maidir le díorthaigh tráchtearraí criticiúla nó shuntasacha a thrádáiltear ar ionaid trádála, agus maidir lena gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch (conarthaí ‘EEOTC’). Is díorthaigh chriticiúla nó shuntasacha iad díorthaigh tráchtearraí lena mbaineann leas oscailte 300 000 luchtóg ar an meán thar thréimhse bliana. Ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint le tráchtearraí talmhaíochta do shaoránaigh, leanfaidh díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus a gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch de bheith faoin gcóras teorainneacha suímh faoi bhun 300 000 luchtóg. An tairseach leachtachta óna mbeidh feidhm ag teorainneacha suímh maidir le díorthaigh tráchtearraí, tá sí sin le sonrú sa Rialachán seo agus níor cheart a mheas go bhfuil méid suntasach díorthach tráchtearraí á dtrádáil ar ionad trádála ach amháin má sháraíonn siad an tairseach leachtachta ar feadh tréimhse ama leordhóthanach.

(7)

I gcás ina ndéantar conradh thar an gcuntar (conradh ‘OTC’) a luacháil ar an tráchtearra foluiteach céanna atá inseachadta ar an láthair chéanna agus a bhfuil na coinníollacha conarthacha céanna aige agus má tá toradh eacnamaíoch an-chomhghaolaithe aige ar chonradh a thrádáiltear ar ionad trádála, ba cheart é a mheas mar thráchtearra atá coibhéiseach go heacnamaíoch gan bean ar dhifríochtaí beaga sna sonraíochtaí conarthacha a bhaineann le méid na luchtóg agus an dáta seachadta. Difríochtaí i socruithe bainistithe rioscaí iarthrádála, amhail socruithe imréitigh, níor cheart iad a bheith ina mbacainní ar chonarthaí den sórt sin a dhearbhú mar chonarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch. Chun cosc a chur ar ghlanluacháil mhíchuí suíomhanna a d’fhéadfadh a bheith ceannasach a thrádáiltear ar ionad trádála trí úsáid a bhaint as socruithe déthaobhacha i gconarthaí thar an gcuntar agus chun oibriú éifeachtúil an chórais teorainneacha suímh a áirithiú sa chleachtas, is gá díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear thar an gcuntar a mheas mar dhíorthaigh tráchtearraí atá coibhéiseach go heacnamaíoch le conarthaí ionaid trádála faoi imthosca teoranta, agus faoi na himthosca sin amháin. Chun seachaint teorainneacha suímh a dhíspreagadh agus chun sláine an chórais teorainneacha suímh a fheabhsú, is gá sainmhíniú ar chonradh thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch a bheith ceaptha go cúng ionas nach gceadófar do dhuine suíomh thar an gcuntar a ghlanluacháil in aghaidh roinnt suíomhanna eile. Thairis sin, discréid maidir leis an roghnú comhsheasmhach suíomhanna, ar suíomhanna iad a ndéantar suíomh thar an gcuntar a ghlanluacháil ina n-aghaidh, ba cheart í sin a theorannú do na himthosca sonracha ina bhfuil conradh thar an gcuntar den sórt sin coibhéiseach go heacnamaíoch le níos mó ná díorthach tráchtearraí amháin a thrádáiltear ar ionad trádála san Aontas.

(8)

Chun a shuí cé hiad na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála, ba cheart critéir áirithe a chur ar fáil, lena n-áirítear úsáid an tsainmhínithe cuntasaíochta ar chonradh fálaithe bunaithe ar rialacha na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Ba cheart an sainmhíniú cuntasaíochta sin a bheith ar fáil d’eintitis neamhairgeadais cé nach gcuireann siad rialacha IFRS i bhfeidhm ar leibhéal an eintitis.

(9)

Ina theannta sin, ba cheart eintitis neamhairgeadais a bheith in ann teicnící bainistithe rioscaí a úsáid chun na rioscaí foriomlána a eascraíonn as a ngníomhaíocht tráchtála nó as gníomhaíocht tráchtála a ngrúpa a mhaolú, lena n-áirítear rioscaí a eascraíonn as roinnt margaí geografacha, táirgí, tréimhsí ama nó eintiteas (is é sin, an macrafhálú nó an fálú punainne). Ar an gcaoi chéanna, eintitis airgeadais atá laistigh de ghrúpaí a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, ba cheart iad a bheith in ann teicnící bainistithe rioscaí a úsáid chun na rioscaí foriomlána a eascraíonn as gníomhaíocht tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais atá laistigh den ghrúpa a mhaolú. I gcás ina n-úsáideann eintiteas neamhairgeadais nó eintiteas airgeadais an macrafhálú nó an fálú punainne, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé in ann nasc ceann ar cheann a bhunú idir suíomh sonrach i ndíorthach tráchtearraí agus riosca sonrach a eascraíonn as an ngníomhaíocht tráchtála a bhfuil an díorthach tráchtearraí ceaptha chun é a fhálú. Féadfaidh eintiteas neamhairgeadais nó eintiteas airgeadais díorthach tráchtearraí neamhchoibhéiseach a úsáid chun riosca sonrach a eascraíonn as gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais a fhálú i gcás nach bhfuil díorthach tráchtearraí comhionann ar fáil nó i gcás nach bhfuil leachtacht leordhóthanach ag díorthach tráchtearraí atá níos comhghaolaithe (is é sin, an fálú ionadaithe). Sna cásanna sin, le beartais agus córais bainistithe rioscaí, ba cheart a bheith in ann cosc a chur ar idirbhearta neamh-fhálaithe a aicmiú mar idirbhearta fálaithe agus ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le tuairim dhí-chomhiomlánaithe leordhóthanach ar phunann an fhálaithe ionas go ndéantar comhpháirteanna amhantracha a shainaithint agus a áireamh mar chuid de na teorainneacha suímh. Níor cheart suíomhanna a cháiliú mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála ar an bhforas gur áiríodh iad mar chuid de phunann laghdaithe rioscaí ar bhonn foriomlán, agus ar an bhforas sin amháin.

(10)

D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh éabhlóid ar riosca thar thréimhse ama agus, chun oiriúnú d’éabhlóid an riosca, i gcás díorthaigh tráchtearraí a rinneadh i dtosach chun an riosca a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála a laghdú, d’fhéadfadh sé go gcaithfí iad a fhritháireamh trí úsáid a bhaint as conarthaí díorthach tráchtearraí nach mbaineann lena riosca tráchtála a thuilleadh. Ina theannta sin, maidir le héabhlóid riosca ar tugadh aghaidh air trí shuíomh a ghlacadh as láimh i ndíorthach tráchtearraí chun riosca a laghdú, níor cheart, dá bharr sin, athmheastóireacht a dhéanamh ar an suíomh sin ina dhiaidh mar shuíomh nach raibh ina idirbheart faoi phribhléid ón tús.

(11)

Ba cheart eintitis airgeadais agus neamhairgeadais a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar an díolúine i ndáil le gníomhaíochtaí tráchtála a fhálú sula nglactar suíomh as láimh. Ba cheart forléargas soiléir achomair a thabhairt don údarás inniúil san iarratas ar ghníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais i leith tráchtearra foluiteach atá beartaithe a fhálú, ar na rioscaí a bhaineann leis agus ar an gcaoi a n-úsáidtear díorthaigh tráchtearraí chun na rioscaí sin a mhaolú. Tá feidhm ag teorainneacha suímh i gcónaí maidir le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus maidir le díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha, agus i gcás nach ndeonaíonn an t-údarás inniúil an díolúine sa deireadh, ba cheart don eintiteas airgeadais nó don eintiteas neamhairgeadais, de réir mar a bheidh, aon suíomh atá os cionn teorann a laghdú dá réir sin agus d’fhéadfadh sé go mbeidh bearta maoirseachta i ndán dó i leith teorainn a shárú. Ba cheart d’eintitis airgeadais agus neamhairgeadais athmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí go tréimhsiúil chun a áirithiú go mbeidh údar le leanúint de chur i bhfeidhm an díolúine.

(12)

Ba cheart eintitis airgeadais agus neamhairgeadais a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar an díolúine i ndáil le suíomhanna a eascraíonn as an soláthar éigeantach leachtachta ar ionaid trádála sula ndéanfar na hidirbhearta sin. Ba cheart forléargas soiléir achomair a thabhairt don údarás inniúil san iarratas ar an gcreat maidir le soláthar éigeantach leachtachta faoina n-oibríonn na daoine sin, ar ghníomhaíochtaí an duine i dtrádáil díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis an gcomhaontú i scríbhinn a tugadh i gcrích leis an ionad trádála agus ar na suíomhanna oscailte atá ann dá thoradh sin. Tá feidhm ag teorainneacha suímh i gcónaí maidir le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus maidir le díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha, agus i gcás nach ndeonaíonn an t-údarás inniúil an díolúine sa deireadh, ba cheart don eintiteas neamhairgeadais nó airgeadais aon suíomh atá os cionn teorann a laghdú dá réir sin agus d’fhéadfadh sé go mbeidh bearta maoirseachta i ndán dó i leith teorainn a shárú. Ba cheart d’eintitis neamhairgeadais agus airgeadais athmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí go tréimhsiúil chun a áirithiú go mbeidh údar le leanúint de chur i bhfeidhm an díolúine.

(13)

Maidir le tréimhse na spotmhíosa, arb í an tréimhse ama díreach roimh an seachadadh ar an dáta dlite, baineann sí go sonrach le gach díorthach tráchtearraí agus d’fhéadfadh sé nach gcomhfhreagróidh sí go díreach d’aon mhí amháin. Níor cheart tagairt a bheith i gconarthaí spotmhíosa don chonradh arb é an chéad chonradh eile sa díorthach tráchtearraí sin a thiocfaidh in aibíocht. Trí shrian a chur leis na suíomhanna a fhéadfaidh duine a shealbhú sa tréimhse a mbeidh seachadadh an tráchtearra fhisicigh le déanamh lena linn, teorannaítear cainníocht an tsoláthair inseachadta fholuitigh a fhéadfaidh gach duine a dhéanamh nó a bhféadfaidh gach duine glacadh lena sheachadadh, agus ar an gcaoi sin, cuirtear cosc ar dhaoine aonair suíomhanna ceannasacha a charnadh, rud a fhéadfaidh a chur ar a gcumas dóibh an margadh a chúngú trí rochtain ar an tráchtearra a shrianadh. Dá bhrí sin, an bhonnlíne chaighdeánach le haghaidh theorainn suímh na spotmhíosa i gcás díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus díorthaigh tráchtearraí a shocraítear le hairgead tirim araon, ba cheart í a ríomh mar chéatadán den mheastachán ar an soláthar inseachadta. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann sceideal teorainneacha suímh laghdaitheacha a chur chun feidhme idir an pointe ama a ndéantar conradh spotmhíosa de chonradh go dtí go dtagann sé in aibíocht chun a áirithiú ar bhealach níos beaichte go socrófar teorainneacha suímh go leordhóthanach le linn thréimhse na spotmhíosa agus chun socraíocht ordúil a áirithiú.

(14)

I gcás inar beag trádáil díorthach a dhéantar i gcomparáid le soláthar inseachadta tráchtearra, beidh an leas oscailte níos lú i gcomparáid leis an soláthar inseachadta. In imthosca den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach mbeidh na húdaráis inniúla in ann teorainn spotmhíosa a shocrú atá comhsheasmhach leis an gcuspóir maidir le coinníollacha ordúla praghsála agus socraíochta a áirithiú agus maidir le drochúsáid mhargaidh a chosc, fiú amháin agus úsáid a mbaint acu as an gcéatadán is ísle den soláthar inseachadta sa mhodheolaíocht. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí sin i ngach imthoisc, i gcás ina bhfuil an soláthar inseachadta le haghaidh díorthach tráchtearraí i bhfad níos airde ná an leas oscailte an oiread sin go mbainfí an éifeacht den ceanglas ar údaráis inniúla teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm leis an teorainn spotmhíosa bunaithe ar sholáthar inseachadta, ba cheart d’údaráis inniúla, mar mhodheolaíocht chúltaca, an figiúr bonnlíne a chinneadh le haghaidh na teorann spotmhíosa sa díorthach tráchtearraí sin agus mar chéatadán den leas oscailte iomlán sa díorthach tráchtearraí sin agus ansin leanúint ar aghaidh leis na fachtóirí coigeartaithe ábhartha.

(15)

Is féidir barra i dtáirgí talmhaíochta a bheith faoi réir luaineacht ard i ngeall ar dhálaí aimsire. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh an tréimhse thagartha a úsáidtear chun soláthar inseachadta i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta a chinneadh níos faide ná an tréimhse thagartha a úsáidtear chun soláthar inseachadta i ndíorthaigh tráchtearraí eile a chinneadh.

(16)

Cuirtear an teorainn suímh míonna eile i bhfeidhm i gcás gach aibíochta seachas aibíocht na spotmhíosa. An bhonnlíne chaighdeánach le haghaidh na dteorainneacha suímh míonna eile i gcás díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus díorthaigh tráchtearraí a shocraítear le hairgead tirim araon, ba cheart í a ríomh mar chéatadán den leas oscailte iomlán. Is minic a bhíonn an dáileadh suíomhanna thar na míonna eile de chonradh tráchtearraí dírithe ar na míonna is gaire don aibíocht. Dá bhrí sin, leis an leas oscailte iomlán, cuirtear bonnlíne níos iomchuí ar fáil chun teorainneacha suímh a shocrú ná mar a chuirtear ar fáil agus úsáid á mbaint as figiúr a mheánaítear thar gach aibíocht. Ós rud é go bhféadfadh athrú suntasach a theacht ar leas oscailte thar thréimhse ghearr ama, ba cheart do na húdaráis inniúla an leas oscailte a ríomh thar thréimhse ama lena léirítear go leordhóthanach saintréithe trádála an díorthaigh tráchtearraí. Leis an tréimhse thagartha sin, ba cheart an tséasúracht a bhaineann le trádáil conartha a chur san áireamh go háirithe.

(17)

Chun a áirithiú go mbeidh na teorainneacha suímh arna mbunú na húdaráis inniúla bunaithe ar léiriú cuimsitheach ar na suíomhanna oscailte foriomlána a shealbhaítear i ndíorthach tráchtearraí, ba cheart a áireamh sa leas oscailte arna ríomh ag an údarás inniúil na suíomhanna nach bhfuil ar an ionad trádála ar a dtrádáiltear an díorthach tráchtearraí mar aon leis na suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sna conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch arna dtuairisciú don údarás inniúil.

(18)

An bhonnlíne chaighdeánach, is í sin 25 % den soláthar inseachadta agus den leas oscailte, socraíodh í faoi threoir na taithí atá faighte ó mhargaí agus ó dhlínsí eile. Ba cheart do na húdaráis inniúla an bhonnlíne a choigeartú chun go mbeifear in ann í a laghdú go 5 % den soláthar inseachadta agus den leas oscailte, nó go 2,5 % i gcás roinnt díorthach tráchtearraí talmhaíochta, agus chun go mbeifear in ann í a mhéadú suas le 35 % den soláthar inseachadta agus den leas oscailte i gcás inar gá sin a dhéanamh i ngeall ar shaintréithe an mhargaidh chun tacú le socraíocht agus feidhmiú ordúil an chonartha agus a mhargaidh fholuitigh. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag aon choigeartú ar an bhfigiúr bonnlíne ach amháin i gcás inar gá é sin a dhéanamh i ngeall ar shaintréithe oibiachtúla an mhargaidh, agus fad agus atá gá leis sin a dhéanamh i ngeall orthu sin, ba cheart a bheith in ann, dá bhrí sin, coigeartú sealadach a dhéanamh ar an mbonnlíne. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go mbeidh éifeacht ar choigeartú anuas ar an mbonnlíne i gcás ina bhfuil gá leis chun suíomhanna ceannasacha a chosc agus chun tacú le praghsáil ordúil sa díorthach tráchtearraí agus ina thráchtearra foluiteach. I gcás díorthaigh nach mbaineann tráchtearra foluiteach inláimhsithe leo, ní féidir an soláthar inseachadta a úsáid chun teorainn suímh a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann na modheolaíochtaí a fheabhsú nó a choigeartú chun teorainneacha suímh a chinneadh le haghaidh na ndíorthach tráchtearraí sin bunaithe ar pharaiméadair dhifriúla, amhail úsáid an leasa oscailte freisin le haghaidh na spotmhíosa.

(19)

Maidir le díorthaigh tráchtearraí a ligeadh isteach chun a dtrádála den chéad uair ar ionad trádála, d’fhéadfadh sé go mbeadh imthosca ann ina ndearnadh díorthach den sórt sin a thrádáil ar ionad trádála amháin nó níos mó san Aontas nó i dtríú tíortha sular ligeadh isteach é. Chun go mbeifear in ann an díorthach tráchtearraí a aistriú go rianúil, ba cheart don údarás inniúil an leas oscailte sa díorthach tráchtearraí a trádáladh roimhe sin ar an ionad trádála eile nó ar na hionaid trádála eile a chur san áireamh agus na teorainneacha suímh tosaigh á mbunú le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí a ligtear isteach chun a thrádála den chéad uair. D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh imthosca eile chun cinn, mar shampla, i gcás ina dtrádáiltear dhá dhíorthach tráchtearraí ar an ionad céanna agus i ngeall ar dhifríocht bheag ina saintréithe, amhail athrú ar an innéacs foluiteach nó ar an gcrios tairisceana, meastar go n-aistreoidh an leas oscailte sna conarthaí níos sine go tapa chuig an gconradh is déanaí. Agus teorainneacha suímh á mbunú le haghaidh an chonartha is déanaí, ba cheart don údarás inniúil an leas oscailte sa chonradh is sine a chur san áireamh ionas gur féidir an conradh is déanaí a fhorbairt go rianúil.

(20)

Foráiltear i ndíorthaigh tráchtearraí áirithe, go háirithe díorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar chumhacht agus ar ghás, go ndéanfar an tráchtearra foluiteach a sheachadadh go leanúnach thar thréimhse shonraithe ama amhail lá, mí nó bliain. Thairis sin, conarthaí gaolmhara a bhfuil tréimhsí seachadta níos giorra acu amhail tréimhse ráithe nó tréimhse míosa (dá ngairtear conarthaí cascáideacha), féadfar iad a chur in ionad conarthaí áirithe a bhfuil tréimhsí seachadta níos faide acu amhail tréimhse bliana nó tréimhse ráithe. Sna cásanna sin, bheadh teorainn suímh spotmhíosa le haghaidh an chonartha atá le hionadú roimh sheachadadh iomchuí, óir ní chumhdófaí leis an teorainn sin dul in éag agus seachadadh fisiciúil ná socraíocht airgid thirim an chonartha. A mhéid a bhíonn forluí ann idir tréimhsí seachadta conarthaí a bhaineann leis an tráchtearra foluiteach céanna, ba cheart feidhm a bheith ag teorainn suímh amháin maidir leis na conarthaí gaolmhara uile chun na suíomhanna sna conarthaí sin a d’fhéadfaí a sheachadadh a chur san áireamh mar is ceart. Chun an méid sin a éascú, ba cheart conarthaí gaolmhara a thomhas in aonaid den tráchtearra foluiteach agus ba cheart iad a chomhiomlánú agus a ghlanluacháil dá réir.

(21)

I gcás díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta áirithe, a bhfuil tionchar ábhartha acu ar phraghsanna bia do thomhaltóirí, leis an modheolaíocht, ba cheart é a chur ar a chumas d’údarás inniúil bonnlíne agus teorainn suímh a shocrú faoi bhun íosmhéid an raoin ghinearálta, i gcás ina dtagann sé ar fhianaise i dtaobh gníomhaíocht amhantrach a imríonn tionchar suntasach ar phraghsanna.

(22)

Ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an mbonnlíne a choigeartú i ngeall ar na fachtóirí a liostaítear faoi Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE chun leibhéal deiridh na teorann suímh a shocrú. Ba cheart na fachtóirí sin a chur san áireamh sa mheasúnú mar fhachtóirí atá ábhartha maidir leis an díorthach tráchtearraí ar leith atá i gceist. Ba cheart treoir a thabhairt sna modheolaíochtaí maidir le conas an teorainn a shocrú gan an cinneadh deiridh maidir le teorainn suímh iomchuí le haghaidh díorthach tráchtearraí a bhaint den údarás inniúil chun drochúsáid mhargaidh a chosc. Leis na fachtóirí sin, ba cheart táisc thábhachtacha a thabhairt do na húdaráis inniúla agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, chun a éascú dóibh teacht ar thuairimí agus ailíniú leordhóthanach teorainneacha suímh a áirithiú ar fud an Aontais.

(23)

Níor cheart bacainní a chur ar fhorbairt díorthach nua tráchtearraí talmhaíochta de bharr teorainneacha suímh agus níor cheart cosc a chur ar chodanna beagleachtacha de mhargaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta oibriú go leormhaith. Ba cheart a chur san áireamh sa mhodheolaíocht an t-am is gá chun leachtacht a fhorbairt agus a mhealladh chuig díorthaigh tráchtearraí nua agus chuig díorthaigh tráchtearraí atá ann cheana agus, go háirithe, i gcás díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ina dtacaíocht leis an mbainistíocht riosca i margaí saincheaptha nó i margaí neamhaibí nó lena bhféadfaí féachaint le socruithe fálaithe nua a fhorbairt i dtráchtearraí nua. Ar an gcaoi chéanna, tá conarthaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta ann nach bhféadfaí rannpháirtithe leordhóthanacha nó leachtacht leordhóthanach a mhealladh leo chun cur i bhfeidhm éifeachtach teorainneacha suímh a chumasú gan an riosca a bheith ann go sáródh rannpháirtithe an teorainn go tráthrialta agus go neamhaireach agus, dá dheasca sin, go gcuirfí isteach ar phraghsáil agus socraíocht na ndíorthach tráchtearraí sin. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin d’fheidhmiú éifeachtach na margaí, ba cheart an teorainn suímh le haghaidh na spotmhíosa agus na míonna eile a shocrú ag leibhéal seasta 10 000 luchtóg go dtí go sáróidh an leas oscailte sa díorthach tráchtearraí talmhaíochta tairseach 20 000 luchtóg.

(24)

Maidir le líon, comhdhéanamh agus ról rannpháirtithe sa mhargadh i ndíorthach tráchtearraí, is féidir tionchar a bheith ag na nithe sin ar chineál agus ar mhéid na suíomhanna a shealbhaíonn rannpháirtithe áirithe sa mhargadh. I gcás roinnt díorthach tráchtearraí, d’fhéadfadh suíomh mór a bheith ag rannpháirtithe áirithe sa mhargadh atá ina léiriú ar an ról atá acu i gceannach, díol agus seachadadh an tráchtearra i gcás ina bhfuil siad ar an taobh eile den mhargadh i gcomparáid le tromlach na rannpháirtithe eile sa mhargadh a sholáthraíonn leachtacht nó seirbhísí bainistithe rioscaí le haghaidh mhargadh an tráchtearra fholuitigh.

(25)

Soláthar, úsáid agus infhaighteacht an tráchtearra fholuitigh, mar aon leis an rochtain air, saintréithe mhargadh an tráchtearra fholuitigh is ea iad. Trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhpháirteanna níos mionsonraithe de na saintréithe sin, amhail meatacht an tráchtearra agus an modh iompair, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann solúbthacht an mhargaidh a chinneadh agus teorainneacha suímh a choigeartú go hiomchuí.

(26)

D’fhéadfadh sé go mbeidh neamhréireacht mhór idir leas oscailte agus soláthar inseachadta i gcás roinnt díorthach tráchtearraí. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás inar beag trádáil díorthach a dhéantar i gcomparáid leis an soláthar inseachadta, agus sa chás sin beidh an leas oscailte níos lú i gcomparáid leis an soláthar inseachadta, nó, mar shampla, i gcás ina n-úsáidtear díorthach tráchtearraí áirithe go forleathan chun go leor neamhchosaintí difriúla ar rioscaí a fhálú agus ina bhfuil an soláthar inseachadta níos lú i gcomparáid leis an leas oscailte dá bhrí sin. Le neamhréireachtaí suntasacha den sórt sin idir an leas oscailte agus an soláthar inseachadta, tugtar údarú le hísliú nó ardú a dhéanamh ón mbonnlíne is infheidhme chuig an teorainn míonna eile, chun margadh mí-ordúil a sheachaint tráth a bheidh an spotmhí ag teannadh. Go sonrach, i gcás ina bhfuil an leas oscailte i bhfad níos airde ná an soláthar inseachadta, ba cheart an teorainn míonna eile a ísliú chun éifeacht aille ar an teorainn spotmhíosa a sheachaint, ar teorainn í atá bunaithe ar sholáthar inseachadta. Ní bheadh sé iomchuí an teorainn spotmhíosa a ardú i gcásanna den sórt sin i bhfianaise an riosca maidir le cúinneáil an mhargaidh. I gcás ina bhfuil an soláthar inseachadta i bhfad níos airde ná an leas oscailte, ba cheart an teorainn míonna eile a ardú chun an riosca go gcuirfí srian míchuí ar thrádáil a sheachaint. I gcás ina bhfuil an soláthar inseachadta i bhfad níos airde ná an leas oscailte, meastar go sáróidh an teorainn spotmhíosa atá bunaithe ar sholáthar inseachadta a eascraíonn as an mbonnlíne na suíomhanna oscailte a shealbhaíonn rannpháirtithe sa mhargadh sa spotmhí. Chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar rannpháirtithe sa mhargadh suíomh ceannasach a thiomargadh leis an teorainn spotmhíosa agus go mbainfear amach go héifeachtach na cuspóirí maidir le drochúsáid mhargaidh a chosc agus praghsáil ordúil a áirithiú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE, ba cheart an teorainn spotmhíosa, mar sin féin, a ísliú i gcás ina bhfuil sí bunaithe ar sholáthar inseachadta.

(27)

Agus an cuspóir céanna aige maidir le margaí mí-ordúla a theorannú tráth a bheidh an spotmhí ag teannadh de bharr neamhréireachtaí móra idir ríomh an tsoláthair inseachadta agus an leasa oscailte, ba cheart soláthar inseachadta a shainmhíniú chun aon ghrád ionadach nó aon chineál tráchtearra is féidir a sheachadadh chun conradh díorthach tráchtearraí a shocrú a áireamh faoi théarmaí an chonartha sin.

(28)

Le hAirteagal 57(1), (3) agus (12) de Threoir 2014/65/AE, tugtar de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun teorainneacha suímh a bhunú agus a chur i bhfeidhm chun córas comhchuibhithe teorainneacha suímh a bhunú i gcás díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar ionaid trádála agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch. Ceanglaítear le hAirteagal 57(1) modheolaíocht chun ríomh a dhéanamh atá le cur i bhfeidhm ag údaráis inniúla chun teorainneacha suímh a bhunú le haghaidh díorthaigh tráchtearraí. Ceanglaítear le hAirteagal 57(1) freisin nós imeachta a chinneadh maidir le hiarratas a dhéanamh ar an díolúine soláthair leachtachta agus ar an díolúine laghdaithe riosca le haghaidh eintitis airgeadais, atá ina gcuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil. Ceanglaítear le hAirteagal 57(3) go sonrófar conas ba cheart d’údaráis inniúla fachtóirí a chur san áireamh agus teorainneacha suímh spotmhíosa agus teorainneacha suímh míonna eile á mbunú acu le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus díorthaigh tráchtearraí a shocraítear le hairgead tirim. Ceanglaítear le hAirteagal 57(12) go gcinnfear conas ba cheart modheolaíocht na dteorainneacha suímh a chur i bhfeidhm, mar shampla, chun suíomhanna laistigh de ghrúpa a chomhiomlánú, i gcás ina bhféadfar suíomh a cháiliú mar shuíomh laghdaithe rioscaí nó i gcás ina bhféadfaidh gnólacht díolúine fálaithe a úsáid. Tá nasc substainteach idir ábhar na rialacha, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint acu leis an modheolaíocht chun teorainneacha suímh a bhunú. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun cur i bhfeidhm na rialacha a éascú agus dúbláil a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí.

(29)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(30)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(31)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 ón gCoimisiún (4), forlíontar Treoir 2014/65/AE maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí. Cuirtear an Rialachán seo in ionad an Rialacháin Tharmligthe sin, agus na leasuithe ar Threoir 2014/65/AE a tugadh isteach le Treoir (AE) 2021/338 á gcur san áireamh, ina leagtar amach forálacha nua maidir le díolúintí fálaithe i ndáil le soláthar leachtachta agus maidir le díolúintí fálaithe le haghaidh eintitis airgeadais atá ina gcuid de ghrúpa neamhairgeadais den chuid is mó, lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na critéir maidir leis an díolúine soláthair leachtachta agus maidir leis an díolúine laghdaithe rioscaí le haghaidh eintitis airgeadais. Thairis sin, scriosadh an coincheap ‘conradh tráchtearraí céanna’ agus níl díorthaigh urrús faoin raon feidhme a thuilleadh. Ar deireadh, soiléiríodh ríomh an leasa oscailte agus simplíodh an mhodheolaíocht le haghaidh conarthaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta nua agus conarthaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta beagleachtacha. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le ríomh an ghlansuímh a shealbhaíonn duine i ndíorthach tráchtearraí, an mhodheolaíocht chun na teorainneacha suímh atá le méid an tsuímh sin a ríomh agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolúintí ó theorainneacha suímh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘eintiteas airgeadais’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/CE;

(b)

institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(c)

gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(d)

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

(e)

gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(f)

institiúid um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(g)

ciste infheistíochta malartach atá á bhainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(h)

contrapháirtí lárnach (CPL) atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(i)

taisclann lárnach urrús atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán AE Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(2)

ciallaíonn ‘eintiteas neamhairgeadais’ duine dlítheanach nó nádúrtha seachas eintiteas airgeadais;

(3)

ciallaíonn ‘conradh spotmhíosa’ an conradh díorthach tráchtearraí i ndáil le tráchtearra foluiteach áirithe arb í a aibíocht an chéad cheann eile a rachaidh in éag i gcomhréir leis na rialacha a shocraíonn an t-ionad trádála;

(4)

ciallaíonn ‘conradh míonna eile’ aon chonradh díorthach tráchtearraí nach conradh spotmhíosa é;

(5)

ciallaíonn ‘luchtóg’ an t-aonad trádála a úsáideann an t-ionad trádála ar a dtrádáiltear an díorthach tráchtearraí lena léirítear cainníocht chaighdeánaithe den tráchtearra foluiteach.

Measfar eintiteas tríú tír a bheith ina eintiteas airgeadais i gcás ina gceanglófaí a údarú faoi aon cheann de ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (1) den chéad mhír dá mbeadh an t-eintiteas sin bunaithe san Aontas agus faoi réir dhlí an Aontais.

Measfar eintiteas tríú tír a bheith ina eintiteas neamhairgeadais i gcás nach gceanglófaí a údarú faoi aon cheann de ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (1) den chéad fhomhír dá mbeadh an t-eintiteas sin bunaithe san Aontas agus faoi réir dhlí an Aontais.

CAIBIDIL II

MODH CHUN MÉID GLANSUÍMH DUINE A RÍOMH

Airteagal 3

Comhiomlánú agus glanluacháil suíomhanna i ndíorthach tráchtearraí

1.   Is é a bheidh i nglansuíomh duine i ndíorthach tráchtearraí comhiomlánú na nithe seo a leanas:

(a)

na suíomhanna a shealbhaíonn sé sa díorthach tráchtearraí sin a thrádáiltear ar ionad trádála agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch de bhun Airteagal 6;

(b)

i gcás inar díorthach tráchtearraí talmhaíochta é an díorthach tráchtearraí, ar díorthach tráchtearraí talmhaíochta é a thrádáiltear i méideanna suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 5, an suíomh a shealbhaíonn sé i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta atá bunaithe ar an tráchtearra foluiteach céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu, a thrádáiltear i méideanna suntasacha ar ionaid trádála eile agus atá faoi réir na dteorainneacha suímh arna socrú ag an údarás inniúil lárnach;

(c)

i gcás inar conradh criticiúil nó suntasach é an díorthach tráchtearraí, an suíomh a shealbhaíonn sé i gconarthaí criticiúla nó suntasacha atá bunaithe ar an tráchtearra foluiteach céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu, a thrádáiltear ar ionaid trádála eile agus atá faoi réir na dteorainneacha suímh arna socrú ag an údarás inniúil lárnach.

2.   Áireofar leis na suíomhanna a shealbhaítear i ndíorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar ionad trádála dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na suíomhanna a shealbhaítear sna comhpháirteanna dí-chomhiomlánaithe de chonradh raoin difríochta agus i ndíorthaigh tráchtearraí eile a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile a thrádáiltear ar an ionad trádála céanna agus atá ina gcodán den luach atá ar chonradh todhchaíochta caighdeánach comhfhreagrach nó a sainítear a dtréimhse praghsála mar an dáta tosaithe arna roghnú go dtí deireadh mhí chonarthach an díorthaigh tráchtearraí chaighdeánaigh.

3.   I gcás ina sealbhaíonn duine suíomhanna fada agus suíomhanna gearra araon in aon cheann de na díorthaigh tráchtearraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh an duine na suíomhanna sin a ghlanluacháil chun a ghlansuíomh a chinneadh le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

4.   Maidir le suíomhanna a shealbhaíonn eintiteas neamhairgeadais i ndíorthaigh tráchtearraí ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna laghdaithe rioscaí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus (3), mar a d’fhormheas an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 8(5) ar bhonn Airteagal 8(1) agus (2), ní dhéanfar iad a chomhiomlánú chun glansuíomh an eintitis neamhairgeadais sin a chur i gcomparáid leis na teorainneacha le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

5.   Maidir le suíomhanna a shealbhaíonn eintiteas airgeadais i ndíorthaigh tráchtearraí is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna laghdaithe rioscaí i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (4), mar a d’fhormheas an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 8(5) ar bhonn Airteagal 8(3) agus (4), ní dhéanfar iad a chomhiomlánú chun glansuíomh an eintitis airgeadais sin a chur i gcomparáid leis na teorainneacha le haghaidh an díorthach tráchtearraí sin.

6.   Maidir le suíomhanna a shealbhaíonn duine i ndíorthaigh tráchtearraí a eascraíonn as idirbhearta a dhéantar ar ionaid trádála chun oibleagáidí soláthair leachtachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10, mar a d’fhormheas an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 9, ní dhéanfar iad a chomhiomlánú chun glansuíomh an duine sin a chur i gcomparáid leis na teorainneacha le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

7.   Cinnfidh duine an glansuíomh a shealbhaíonn sé i ndíorthach tráchtearraí ar leithligh i gcás na gconarthaí spotmhíosa agus na gconarthaí míonna eile araon.

Airteagal 4

Modh chun suíomhanna a ríomh le haghaidh eintitis dhlítheanacha laistigh de ghrúpa

1.   Déanfaidh máthairghnóthas a ghlansuíomh a chinneadh trí na suíomhanna seo a leanas a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 3:

(a)

a ghlansuíomh féin;

(b)

glansuíomhanna gach ceann dá fhoghnóthais.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh máthairghnóthas gnóthais comhinfheistíochta ná, i gcás ina bhfuil cuideachta bhainistíochta ceaptha ag an ngnóthas comhinfheistíochta, máthairghnóthas na cuideachta bainistíochta sin, na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí a chomhiomlánú in aon ghnóthas comhinfheistíochta i gcás nach bhfuil tionchar aige ar aon bhealach ar na cinntí infheistíochta i leith oscailt, sealbhú nó dúnadh na suíomhanna sin.

Airteagal 5

Méideanna suntasacha

1.   Measfar díorthach tráchtearraí talmhaíochta a bheith á thrádáil i méid suntasach ar ionad trádála i gcás ina sáraíonn an trádáil sa díorthach tráchtearraí talmhaíochta ar an ionad trádála sin meánleas oscailte laethúil 20 000 luchtóg thar thréimhse trí mhí as a chéile sa spotmhí agus sna míonna eile le chéile.

2.   An t-ionad trádála ar a ndéantar an méid is mó trádála i ndíorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an tráchtearra foluiteach céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu, is é sin an t-ionad trádála ag a mbeidh an meánleas oscailte laethúil is mó thar thréimhse bliana.

Airteagal 6

Conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch le díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar ionaid trádála

Measfar díorthach thar an gcuntar a bheith coibhéiseach go heacnamaíoch le díorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar ionad trádála i gcás ina bhfuil sonraíochtaí conarthacha, téarmaí agus coinníollacha comhionanna aige, seachas sonraíochtaí difriúla maidir le méid na luchtóg, dátaí seachadta a bhfuil difríocht níos lú ná lá féilire amháin eatarthu agus socruithe éagsúla bainistithe rioscaí iarthrádála.

Airteagal 7

Suíomhanna a cháilítear mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála

1.   Cáilítear suíomh a shealbhaíonn eintiteas neamhairgeadais i ndíorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar ionaid trádála nó i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch de bhun Airteagal 6 mar shuíomh lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála an eintitis neamhairgeadais sin i gcomhréir le hAirteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (a), de Threoir 2014/65/AE i gcás ina bhfuil an suíomh ann féin, nó i dteaglaim le díorthaigh eile i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo (‘suíomh i bpunann díorthach tráchtearraí’), i gcomhréir le ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(a)

laghdaítear leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú a d’fhéadfadh teacht ar luach na sócmhainní, na seirbhísí, na n-ionchur, na dtáirgí, na dtráchtearraí nó na ndliteanas atá faoi úinéireacht an eintitis neamhairgeadais nó an ghrúpa, a tháirgeann, a mhonaraíonn, a phróiseálann, a sholáthraíonn, a cheannaíonn, a mharsantaíonn, a léasaíonn, a dhíolann nó a thabhaíonn sé nó a bhfuil sé ag súil leis go réasúnach iad a bheith faoina úinéireacht, iad a thairgeadh, a mhonarú, a phróiseáil, a sholáthar, a cheannach, a mharsantú, a léasú, a dhíol nó a thabhú i ngnáthchúrsaí a ghnó;

(b)

cáilítear é mar chonradh fálaithe de bhun na gCaighdeán Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta (IFRS) arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

2.   Cáilítear suíomh a shealbhaíonn eintiteas airgeadais i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta, criticiúil nó suntasach a thrádáiltear ar ionaid trádála nó i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch de bhun Airteagal 6 mar shuíomh lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais atá i ngrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil i gcomhréir le hAirteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (b), de Threoir 2014/65/AE i gcás ina bhfuil an suíomh ann féin, nó i dteaglaim le díorthaigh eile i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo (‘suíomh i bpunann díorthach tráchtearraí’), i gcomhréir le ceann amháin de na critéir a luaitear i mír 1, pointí (a) nó (b), den Airteagal seo.

3.   Chun críocha mhír 1, is é atá i suíomh a cháilítear mar shuíomh laghdaithe rioscaí, bíodh sé ann féin nó i dteaglaim le díorthaigh eile, suíomh a ndéanann an t-eintiteas neamhairgeadais nó an duine a shealbhaíonn an suíomh thar ceann an eintitis sin an méid seo a leanas lena aghaidh:

(a)

na nithe seo a leanas a áireamh ina bheartais inmheánacha:

(i)

na cineálacha díorthach tráchtearraí atá sna punanna a úsáidtear chun rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála a laghdú agus a gcritéir incháilitheachta;

(ii)

an nasc idir an phunann agus na rioscaí atá á maolú ag an bpunann sin;

(iii)

na bearta a ghlactar lena áirithiú nach mbeidh sé de chuspóir ag na suíomhanna a bhaineann leis na díorthaigh tráchtearraí sin ach na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála an eintitis neamhairgeadais a chumhdach, agus gur féidir aon suíomh a bhfuil cuspóir éagsúil aige a shainaithint go soiléir;

(b)

beifear in ann leis na bearta sin tuairim dhí-chomhiomlánaithe leordhóthanach a sholáthar ar na punanna i dtéarmaí aicme an díorthaigh tráchtearraí, an tráchtearra fholuitigh, na tréimhse ama agus aon fhachtóra ábhartha eile.

4.   Chun críocha mhír 2, is é atá i suíomh a cháilítear mar shuíomh laghdaithe rioscaí, bíodh sé ann féin nó i dteaglaim le díorthaigh eile, suíomh a gcomhlíonann an t-eintiteas airgeadais na coinníollacha a leagtar amach i mír 3, pointí (a) agus (b), lena aghaidh.

Airteagal 8

Iarratas ar an díolúine ó theorainneacha suímh le haghaidh suíomhanna a cháilítear mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála

1.   Maidir le heintiteas neamhairgeadais a shealbhaíonn suíomh cáilitheach i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach, déanfaidh sé iarratas ar an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (a), de Threoir 2014/65/AE chuig an údarás inniúil a shocraíonn an teorainn suímh le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

2.   Cuirfidh an duine dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil, faisnéis ar léiriú í ar conas a laghdaítear, leis an suíomh, rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais:

(a)

tuairisc ar chineál agus ar luach ghníomhaíochtaí tráchtála an eintitis neamhairgeadais sa tráchtearra a bhfuil an díorthach tráchtearraí a bhfuil díolúine á lorg ina leith ábhartha;

(b)

tuairisc ar chineál agus ar luach ghníomhaíochtaí an eintitis neamhairgeadais i dtrádáil na suíomhanna a shealbhaítear sna díorthaigh tráchtearraí ábhartha a thrádáiltear ar ionaid trádála agus ina gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch;

(c)

tuairisc ar chineál agus ar mhéid na neamhchosaintí agus na rioscaí a bhaineann leis an tráchtearra atá ag an eintiteas neamhairgeadais nó a bhfuil coinne aige leo de thoradh a ghníomhaíochtaí tráchtála agus ar neamhchosaintí agus rioscaí iad a mhaolaítear nó a mhaolófaí trí dhíorthaigh tráchtearraí a úsáid;

(d)

míniú ar conas a laghdaítear neamhchosaint agus rioscaí an eintitis neamhairgeadais a bhaineann lena ghníomhaíochtaí tráchtála leis an úsáid a bhaineann sé as díorthaigh tráchtearraí.

3.   Maidir le heintiteas airgeadais a shealbhaíonn suíomh cáilitheach i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach, déanfaidh sé iarratas ar an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (b), de Threoir 2014/65/AE chuig an údarás inniúil a shocraíonn an teorainn suímh le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

4.   Cuirfidh an duine dá dtagraítear i mír 3 an méid seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil:

(a)

faisnéis iomchuí lena léirítear gur chuir an máthairghnóthas de chúram ar an eintiteas airgeadais díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar ionad trádála agus ina gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch a thrádáil chun an neamhchosaint agus na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil a laghdú;

(b)

an fhaisnéis seo a leanas lena léirítear conas a laghdaítear, leis an suíomh, rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa céanna a bhaineann go príomha leis an tráchtáil:

(i)

tuairisc ar chineál agus ar luach ghníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais sa tráchtearra a bhfuil an díorthach tráchtearraí a bhfuil díolúine á lorg ina leith ábhartha;

(ii)

tuairisc ar chineál agus ar mhéid na neamhchosaintí agus na rioscaí a bhaineann leis an tráchtearra atá ag na heintitis neamhairgeadais nó a bhfuil coinne acu leo de thoradh ghníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais a mhaolaítear nó a mhaolófaí trí dhíorthaigh tráchtearraí a úsáid;

(iii)

tuairisc ar chineál agus ar luach ghníomhaíochtaí an eintitis airgeadais i dtrádáil na suíomhanna a shealbhaítear sna díorthaigh tráchtearraí ábhartha a thrádáiltear ar ionaid trádála agus ina gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch;

(iv)

míniú ar conas a laghdaítear go díreach an neamhchosaint agus na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais leis an úsáid a bhaineann an t-eintiteas airgeadais as díorthaigh tráchtearraí.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-iarratas a fhormheas nó a dhiúltú laistigh de 21 lá féilire tar éis dó an t-iarratas a fháil agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir maidir leis an díolúine a fhormheas nó a dhiúltú.

6.   Tabharfaidh an t-eintiteas neamhairgeadais fógra don údarás inniúil má thagann athrú suntasach ar chineál nó ar luach ghníomhaíochtaí tráchtála an eintitis neamhairgeadais nó ar chineál nó ar luach a ghníomhaíochtaí trádála i ndíorthaigh tráchtearraí agus má tá an t-athrú ábhartha maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (b), agus cuirfidh sé iarratas nua isteach ar an díolúine más mian leis leanúint dá úsáid.

7.   Tabharfaidh an t-eintiteas airgeadais fógra don údarás inniúil má thagann athrú ar an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 4, pointe (a), nó má thagann athrú suntasach ar chineál nó ar luach ghníomhaíochtaí tráchtála an eintitis neamhairgeadais nó ar chineál nó ar luach ghníomhaíochtaí trádála an eintitis airgeadais i ndíorthaigh tráchtearraí agus má tá an t-athrú ábhartha maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 4, pointe (b)(iii), agus cuirfidh sé iarratas nua isteach ar an díolúine más mian leis leanúint dá úsáid.

Airteagal 9

Iarratas ar an díolúine ó theorainneacha suímh le haghaidh soláthar éigeantach leachtachta

1.   Maidir le duine a shealbhaíonn suíomh cáilitheach i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach, déanfaidh sé iarratas ar an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (c), de Threoir 2014/65/AE chuig an údarás inniúil a shocraíonn an teorainn suímh le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin.

2.   Cuirfidh an duine dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil, ar faisnéis í lena léirítear conas a thagann na suíomhanna as idirbhearta a dhéantar chun oibleagáidí a chomhlíonadh chun leachtacht a sholáthar sa díorthach tráchtearraí sin ar ionad trádála dá dtagraítear in Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointe (c), de Threoir 2014/65/AE.

(a)

liosta na ndíorthach tráchtearraí ina soláthraíonn an duine leachtacht ar ionad trádála i gcomhréir le pointí (b) agus (c) den mhír seo;

(b)

na forálacha faoina gceanglaíonn údarás rialála ar an duine sin leachtacht a sholáthar i ndíorthach tráchtearraí ar ionad trádála nó an comhaontú arna shíniú leis an ionad trádála ina leagtar amach na hoibleagáidí soláthair leachtachta atá le comhlíonadh ag an duine ar an ionad trádála in aghaidh an díorthaigh tráchtearraí;

(c)

tuairisc ar chineál agus ar luach ghníomhaíochtaí soláthair éigeantaigh leachtachta an duine sa díorthach tráchtearraí ábhartha agus ar na suíomhanna a mheastar a bheidh ann de thoradh na ngníomhaíochta sin;

(d)

aon teorainn suímh a d’fhéadfadh a bheith socraithe ina bheartas inmheánach in aghaidh an díorthaigh tráchtearraí le haghaidh soláthar éigeantach leachtachta den sórt sin.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-iarratas a fhormheas nó a dhiúltú laistigh de 21 lá féilire tar éis dó an t-iarratas a fháil agus tabharfaidh sé fógra don duine maidir leis an díolúine a fhormheas nó a dhiúltú.

4.   Tabharfaidh an duine fógra don údarás inniúil má thagann athrú suntasach ar chineál nó ar luach ghníomhaíochtaí trádála an duine i ndíorthaigh tráchtearraí agus má tá an t-athrú ábhartha maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2, agus cuirfidh sé iarratas nua isteach ar an díolúine más mian leis leanúint dá úsáid.

Airteagal 10

Suíomhanna a cháilítear de thoradh soláthar leachtachta éigeantach

1.   Chun críoch Airteagal 9(1), cáilítear suíomh a shealbhaíonn duine i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach a thrádáiltear ar ionad trádála mar shuíomh a thagann as idirbhearta a dhéantar chun oibleagáidí soláthair éigeantaigh leachtachta a chomhlíonadh i gcás ina dtagann an suíomh go díreach as idirbhearta i ndíorthach tráchtearraí a dhéantar i gcomhréir le hoibleagáidí a cheanglaíonn údaráis rialála i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta, nó leis an gcomhaontú i scríbhinn a dhéantar leis an ionad trádála agus a shainaithníonn an t-ionad trádála mar chomhaontú i scríbhinn é.

2.   Chun críoch Airteagal 9(1), is é atá i suíomh cáilitheach a thagann as soláthar éigeantach leachtachta suíomh a n-áiríonn an duine a shealbhaíonn an suíomh na nithe seo a leanas ina bheartais inmheánacha lena aghaidh:

(a)

na cineálacha díorthach tráchtearraí a áirítear sna punanna ina gcuirtear soláthar éigeantach leachtachta ar fáil;

(b)

an nasc idir an suíomh a shealbhaítear i ndíorthach tráchtearraí agus na hidirbhearta a dhéantar chun soláthairtí éigeantacha leachtachta a chomhlíonadh sa díorthach sin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

(c)

na bearta a ghlactar chun a áirithiú gur féidir aon suíomh nach dtagann as idirbhearta a dhéantar chun soláthar éigeantach leachtachta a chomhlíonadh nó a bhfuil cuspóir éagsúil eile aige a shainaithint go soiléir.

CAIBIDIL III

MODHEOLAIOCHT LE hAGHAIDH ÚDARÁIS INNIÚLA CHUN TEORAINNEACHA SUÍMH A RÍOMH

ROINN 1

Figiúirí bonnlíne a chinneadh

Airteagal 11

Modheolaíocht chun an figiúr bonnlíne a chinneadh le haghaidh teorainneacha spotmhíosa

1.   Cinnfidh na húdaráis inniúla figiúr bonnlíne le haghaidh na teorainn suímh spotmhíosa i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach trí 25 % den soláthar inseachadta le haghaidh an díorthaigh tráchtearraí sin a ríomh. I gcás ina mbeidh an soláthar inseachadta i bhfad níos airde ná an leas oscailte iomlán, cinnfidh na húdaráis inniúla an figiúr bonnlíne le haghaidh na teorann suímh spotmhíosa trí 25 % den leas oscailte sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh.

Sonrófar an figiúr bonnlíne sin i luchtóga.

2.   I gcás ina mbunóidh údarás inniúil teorainneacha suímh difriúla le haghaidh tráthanna difriúla laistigh den tréimhse spotmhíosa, laghdófar na teorainneacha suímh sin ar bhonn incriminteach i dtreo aibíocht an díorthaigh tráchtearraí agus cuirfidh sé socraithe bainistithe suíomhanna an ionaid trádála san áireamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás aon díorthach tráchtearraí ag a bhfuil tráchtearra foluiteach a cháilítear mar bhia atá ceaptha lena chaitheamh ag an duine lena mbaineann leas oscailte comhcheangailte iomlán i gconarthaí spotmhíosa agus i gconarthaí míonna eile ar mó é ná 50 000 luchtóg thar thréimhse 3 mhí as a chéile, cinnfidh na húdaráis inniúla an figiúr bonnlíne le haghaidh na teorann suímh spotmhíosa trí 20 % den soláthar inseachadta sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh. I gcás ina mbeidh an soláthar inseachadta i bhfad níos airde ná an leas oscailte iomlán, cinnfidh na húdaráis inniúla an figiúr bonnlíne le haghaidh na teorann suímh spotmhíosa le haghaidh díorthach tráchtearraí den sórt sin trí 20 % den leas oscailte sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh.

Airteagal 12

Soláthar inseachadta

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an soláthar inseachadta le haghaidh díorthach tráchtearraí talmhaíocht nó díorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach a ríomh trí chainníocht an tráchtearra fholuitigh a shainaithint, arb í an chainníocht is féidir a úsáid chun ceanglais seachadta an díorthaigh tráchtearraí a chomhlíonadh.

2.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an soláthar inseachadta le haghaidh díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i mír 1 faoi threoir mheánmhéid míosúil an tráchtearra fholuitigh atá ar fáil lena sheachadadh bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(a)

tréimhse bliana díreach roimh an gcinneadh i gcás díorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach;

(b)

tréimhse idir 1 bhliain go 5 bliana díreach roimh an gcinneadh i gcás díorthach tráchtearraí talmhaíochta.

3.   Chun cainníocht an tráchtearra fholuitigh atá i gcomhréir le coinníollacha mhír 1 a shainaithint, cuirfidh na húdaráis inniúla na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

na socruithe stórála le haghaidh an tráchtearra fholuitigh;

(b)

na fachtóirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar an tráchtearra fholuitigh.

Airteagal 13

Modheolaíocht chun an figiúr bonnlíne a chinneadh le haghaidh teorainneacha míonna eile

1.   Cinnfidh na húdaráis inniúla figiúr bonnlíne le haghaidh na teorainn suímh míonna eile i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach trí 25 % den leas oscailte sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh.

2.   Sonrófar an bhonnlíne sin i luchtóga.

Airteagal 14

Leas oscailte

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an glanleas oscailte i ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta nó i ndíorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach a ríomh trí chomhiomlánú a dhéanamh ar líon na luchtóg den díorthach tráchtearraí sin nach bhfuil sealbhaithe ar ionaid trádála agus suíomhanna tuairiscithe i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch thar thréimhse ionadaíoch ama. Déanfaidh na húdaráis inniúla an glanleas oscailte sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh bunaithe ar shonraí maidir le tuairisciú suíomhanna.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina n-aistrítear an trádáil i ndíorthach tráchtearraí ó ionad trádála AE amháin chuig ionad trádála AE eile, nó ó ionad trádála tríú tír chuig ionad trádála AE, tar éis cumaisc, aistrithe gnó nó imeachta corparáide eile nó i gcás ina n-aistrítear an trádáil ó dhíorthach tráchtearraí amháin atá ann cheana nó níos mó chuig díorthach tráchtearraí a ligtear isteach chun a thrádála ar an ionad trádála céanna den chéad uair nó i gcásanna comhchosúla eile, déanfaidh an t-údarás inniúil an leas oscailte sa díorthach tráchtearraí sin a ríomh tríd an leas oscailte ar an iar-ionad nó san iardhíorthach tráchtearraí a chur san áireamh. Tar éis tréimhse 6 mhí, déanfaidh an t-údarás inniúil an leas oscailte a ríomh i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 15

Modheolaíocht chun an figiúr bonnlíne a chinneadh i leith díorthaigh tráchtearraí áirithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 11, i gcás díorthaigh tráchtearraí spotmhíosa chriticiúla nó shuntasacha a shocraítear le hairgead tirim a áirítear faoi Roinn C, pointe (10), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach féidir soláthar inseachadta a dtráchtearraí foluiteacha a thomhas, cinnfidh na húdaráis inniúla an figiúr bonnlíne le haghaidh na dteorainneacha suímh spotmhíosa trí 25 % den leas oscailte sna díorthaigh tráchtearraí sin a ríomh.

2.   De mhaolú ar Airteagail 11 agus 13, i gcás ina ndéantar foráil i ndíorthach tráchtearraí go ndéantar an tráchtearra foluiteach a sheachadadh go leanúnach thar thréimhse shonraithe ama, beidh feidhm ag na figiúirí bonnlíne arna ríomh de bhun Airteagail 11 agus 13 maidir le díorthaigh tráchtearraí ghaolmhara le haghaidh an tráchtearra fholuitigh chéanna a mhéid atá forluí ann idir a dtréimhsí seachadta. Sonrófar an figiúr bonnlíne in aonaid den tráchtearra foluiteach.

ROINN 2

Fachtóirí atá ábhartha chun teorainneacha suímh a ríomh

Airteagal 16

Measúnú ar fhachtóirí

Socróidh na húdaráis inniúla na teorainneacha suímh spotmhíosa agus míonna eile le haghaidh díorthach tráchtearraí talmhaíochta nó díorthach tráchtearraí criticiúil nó suntasach tríd an bhfigiúr bonnlíne arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagail, 11, 13 agus 15 a ghlacadh agus coigeartú a dhéanamh air de réir an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na fachtóirí dá dtagraítear in Airteagail 18 go 21 ar shláine an mhargaidh le haghaidh an díorthaigh sin agus le haghaidh a thráchtearraí foluiteacha, ag aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

idir 5 % agus 35 %;

(b)

idir 2,5 % agus 35 %, i gcás aon chonradh díorthaigh ag a bhfuil tráchtearra foluiteach a cháilítear mar bhia atá ceaptha lena chaitheamh ag an duine agus lena mbaineann leas oscailte comhcheangailte iomlán i gconarthaí spotmhíosa agus míonna eile ar mó é ná 50 000 luchtóg thar thréimhse 3 mhí as a chéile.

Airteagal 17

Díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta nua agus bheagleachtacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 16, i gcás díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta a thrádáiltear ar ionad trádála lena mbaineann leas oscailte comhcheangailte iomlán i gconarthaí spotmhíosa agus míonna eile ar lú é ná 20 000 luchtóg thar thréimhse 3 mhí as a chéile, socróidh na húdaráis inniúla teorainn suímh spotmhíosa agus an teorainn suímh míonna eile na suíomhanna a shealbhaítear sna díorthaigh tráchtearraí sin ag 10 000 luchtóg.

2.   Tabharfaidh an t-ionad trádála fógra don údarás inniúil tráth a shroicheann leas oscailte iomlán aon díorthaigh tráchtearraí dá dtagraítear i mír 1 20 000 luchtóg thar thréimhse 3 mhí as a chéile. Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar an teorainn suímh tar éis dóibh fógraí den sórt sin a fháil.

Airteagal 18

Soláthar inseachadta sa tráchtearra foluiteach

I gcás inar féidir an soláthar inseachadta sa tráchtearra foluiteach a shrianadh nó a rialú nó i gcás ina bhfuil leibhéal an tsoláthair inseachadta íseal i gcoibhneas leis an méid is gá chun socrú ordúil a dhéanamh, déanfaidh na húdaráis inniúla an teorainn suímh spotmhíosa a ísliú. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar a mhéid a úsáidtear an soláthar inseachadta mar an soláthar inseachadta le haghaidh díorthaigh tráchtearraí eile freisin.

Airteagal 19

An leas oscailte foriomlán

1.   I gcás ina bhfuil méid mór leasa oscailte fhoriomláin, déanfaidh na húdaráis inniúla an teorainn suímh a ísliú.

2.   I gcás ina bhfuil an leas oscailte i bhfad níos airde ná an soláthar inseachadta, déanfaidh na húdaráis inniúla na teorainneacha suímh míonna eile a ísliú.

3.   I gcás ina bhfuil an leas oscailte i bhfad níos ísle ná an soláthar inseachadta, déanfaidh na húdaráis inniúla an teorainn suíomh míonna eile a ardú agus, seachas i gcás ina bhfuil an figiúr bonnlíne le haghaidh na teorann spotmhíosa bunaithe ar an leas oscailte, déanfaidh siad an teorainn suímh spotmhíosa a ísliú.

Airteagal 20

An líon rannpháirtithe sa mhargadh

1.   Maidir leis an meánlíon laethúil rannpháirtithe sa mhargadh a shealbhaíonn suíomh sa díorthach tráchtearraí thar thréimhse bliana, i gcás ina bhfuil an meánlíon laethúil sin ard, déanfaidh an t-údarás inniúil an teorainn suímh a ísliú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 16, déanfaidh na húdaráis inniúla an teorainn suímh a ardú agus socróidh siad an teorainn spotmhíosa agus míonna eile idir 5 % agus 50 % den mhéid tagartha sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá an meánlíon rannpháirtithe sa mhargadh a shealbhaíonn suíomh sa díorthach tráchtearraí sa tréimhse roimh shocrú na teorann suímh níos ísle ná 10; nó

(b)

i gcás inar díorthach tráchtearraí talmhaíochta lena mbaineann glanleas oscailte faoi bhun 300 000 luchtóg é an díorthach tráchtearraí, is lú ná trí é an líon gnólachtaí infheistíochta atá ag gníomhú mar chruthaitheoir margaidh i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (7), de Threoir 2014/65/AE sa díorthach tráchtearraí tráth a dhéantar an teorainn suímh a shocrú nó a athbhreithniú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh na húdaráis inniúla teorainneacha suímh difriúla a bhunú le haghaidh tráthanna difriúla laistigh den tréimhse spotmhíosa, den tréimhse míonna eile nó le haghaidh an dá thréimhse sin.

Airteagal 21

Saintréithe mhargadh an tráchtearra fholuitigh

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh an chaoi a mbíonn tionchar ag saintréithe mhargadh an tráchtearra fholuitigh ar fheidhmiú agus ar thrádáil an díorthaigh tráchtearraí agus ar mhéid na suíomhanna a shealbhaíonn rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear ag féachaint dá éasca agus dá thapa atá sé do rannpháirtithe sa mhargadh rochtain a fháil ar an tráchtearra foluiteach.

2.   Cuirfear san áireamh leis an measúnú ar mhargadh an tráchtearra fholuitigh dá dtagraítear i mír 1 na critéir seo a leanas:

(a)

an bhfuil srianta le soláthar an tráchtearra, lena n-áirítear meatacht an tráchtearra inseachadta;

(b)

modh iompair agus seachadta an tráchtearra fhisicigh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

nach féidir an tráchtearra a sheachadadh ach amháin chuig pointí seachadta sonraithe;

(ii)

srianta acmhainne pointí seachadta sonraithe;

(c)

struchtúr, eagrú agus oibriú an mhargaidh, lena n-áirítear an tséasúracht a bhaineann le margaí tráchtearraí eastóscacha agus talmhaíochta, margaí ina mbíonn an soláthar fisiceach ag luainiú le linn na bliana féilire;

(d)

comhdhéanamh agus ról na rannpháirtithe i margadh an tráchtearra fholuitigh, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar líon na rannpháirtithe sa mhargadh a sholáthraíonn seirbhísí sonracha lena gcumasaítear feidhme mhargadh an tráchtearra fholuitigh amhail seirbhísí bainistithe rioscaí, seirbhísí seachadta, seirbhísí stórála, nó seirbhísí socraíochta;

(e)

fachtóirí maicreacnamaíocha nó fachtóirí gaolmhara a bhfuil tionchar acu ar oibriú mhargadh an tráchtearra fholuitigh lena n-áirítear seachadadh, stóráil, agus socraíocht an tráchtearra;

(f)

saintréithe, airíonna fisiceacha agus saolréanna an tráchtearra fholuitigh.

Airteagal 22

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591.

Déanfar tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí (IO L 87, 31.3.2017, lch. 479).

(5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(6)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(7)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(8)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(9)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(11)  Rialachán 2014/909/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1), pointe (a)

Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5) agus (6)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(7)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 8(3) agus (4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(6)

Airteagal 8(7)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 11(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 15(2)

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 17(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 19(1) agus (2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 19(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 19(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 19(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 19(2), an dara fomhír

Airteagal 20(2), an dara fomhír

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23


Top