This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022O0067
Guideline (EU) 2022/67 of the European Central Bank of 6 January 2022 amending Guideline (EU) 2021/830 on balance sheet item statistics and interest rate statistics of monetary financial institutions (ECB/2022/1)
Treoirlíne (AE) 2022/67 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Eanáir 2022 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/830 maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2022/1)
Treoirlíne (AE) 2022/67 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Eanáir 2022 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/830 maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2022/1)
ECB/2022/1
IO L 11, 18.1.2022, p. 56–57
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021O0830 | Athchur | airteagal 11 mír 2 | 01/02/2022 | |
Modifies | 32021O0830 | Athchur | airteagal 12 mír 1 | 01/02/2022 | |
Modifies | 32021O0830 | Athchur | airteagal 15 mír 6 | 01/02/2022 |
18.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/56 |
TREOIRLÍNE (AE) 2022/67 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 6 Eanáir 2022
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/830 maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2022/1)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 5.1, 12.1 agus 14.3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 11(2) de Threoirlíne (AE) 2021/830 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/11) (1) go bhféadfaidh bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) maoluithe a dheonú do ghníomhairí tuairiscithe ar tháscairí áirithe a bhaineann le faisnéis staidrimh atá le tuairisciú ar staidreamh rátaí úis institiúide airgeadais airgeadaíochta (IAA) atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2013/34) (2). |
(2) |
Ba cheart na táscairí a bhféadfar maoluithe a dheonú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoirlíne (AE) 2021/830 (BCE/2021/11) a bheith i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Threoirlíne BCE/2014/15 ón mBanc Ceannais Eorpach (3), a aisghaireadh le Treoirlíne (AE) 2021/835 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/16) (4) le héifeacht ón 1 Feabhra 2022. |
(3) |
Is gá Airteagail 12(1) agus 15(6) de Threoirlíne (AE) 2021/830 (BCE/2021/11) a dhéanamh níos beaichte maidir le tagairtí don phobal tuairiscithe tagartha agus maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú chun an cead a thabhairt nó a tharraingt siar chun an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(c) a chur i bhfeidhm. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2021/830 (BCE/2021/11) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear treoirlíne (AE) 2021/830 (BCE/2021/11) mar a leanas:
1. |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfaidh BCNanna maoluithe a dheonú ar aon cheann de na ceanglais tuairiscithe staidrimh seo a leanas i ndáil le rátaí úis ar iasachtaí comhthaobhaithe nó ráthaithe do chorparáidí neamhairgeadais agus i ndáil le méideanna gnó na n-iasachtaí sin:
ar choinníoll gur lú méid gnó comhiomlán náisiúnta na n-iasachtaí iomlána sa chatagóir chomhfhreagrach méideanna iasachta agus i gcatagóir chomhfhreagrach na tréimhse tosaigh um shocrú rátaí úis, mar a leagtar amach i dtáscairí 37 go 54 i dTábla 2 d’Fhoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 (BCE/2013/34), ná:
Beidh maoluithe arna ndeonú ag BCNanna de bhun na míre seo gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 (BCE/2013/34).’; |
2. |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis staidrimh ar MIR a fuair na BCNanna in ionannas leis an bpobal tuairiscithe tagartha toisc gur baineadh úsáid as sampláil, roghnóidh agus coimeádfaidh na BCNanna an sampla agus ollardóidh siad an fhaisnéis staidrimh maidir leis na méideanna gnó nua chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar 100 % den phobal tuairiscithe tagartha, mar a shonraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne seo.’; |
3. |
in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: ‘6. Féadfaidh Comhairle Rialaithe BCE an chumhacht chun an cead chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1(c) a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2 a tharmligean chuig an mBord Feidhmiúcháin. Agus an chumhacht tharmligthe sin á feidhmiú aige, breithneoidh an Bord Feidhmiúcháin an ndéanfaí difear díréireach don ualach tuairiscithe ar an BCN ábhartha in éagmais na tairsí.’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.
2. Comhlíonfaidh bainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu agus an Banc Ceannais Eorpach an Treoirlíne seo ón 1 Feabhra 2022.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 6 Eanáir 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2021/830 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Márta 2021 maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2021/11) (IO L 208, 11.6.2021, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meán Fómhair 2013 maidir le staidreamh ar rátaí úis arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2013/34) (IO L 297, 7.11.2013, lch. 51).
(3) Treoirlíne BCE/2014/15 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2014 maidir le staidrieamh airgeadaíochta agus airgeadais (IO L 340, 26.11.2014, lch. 1).
(4) Treoirlíne (AE) 2021/835 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Márta 2021 lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staidreamh airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2021/16) (IO L 208, 11.6.2021, lch. 335).