Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2570

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2570 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2022 gan níotráit airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8395

    IO L 330, 23.12.2022, p. 233–234 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2570/oj

    23.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 330/233


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2570 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Samhain 2022

    gan níotráit airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 9(1), pointe (b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), an 23 Nollaig 2010 cuireadh faoi bhráid údarás inniúil na Sualainne iarratas ar níotráit airgid a fhormheas le haghaidh a húsáide i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7, leasaithigh sceo, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, rud a chomhfhreagraíonn do chineál táirge 7, leasaithigh sceo, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (2)

    De bhun Airteagal 90(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, iarratais a chuirtear isteach chun críocha Threoir 98/8/CE, iarratais nach ndearnadh meastóireacht na mBallstát orthu, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 98/8/CE, a chur i gcrích faoin 1 Meán Fómhair 2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht orthu i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

    (3)

    An 10 Feabhra 2022, le linn don údarás inniúil meastóireachta a bheith i mbun meastóireacht ar an tsubstaint ghníomhach, tharraing an t-iarratasóir a iarratas siar agus níl sé ag iarraidh a thuilleadh go ndéanfaí níotráit airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7.

    (4)

    Ní áirítear níotráit airgid i dtaca le cineál táirge 7 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (3), áit a liostaítear na teaglamaí substainte gníomhaí/cineáil táirge a áirítear sa chlár oibre chun scrúdú a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha bithicídeacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha. Dá bhrí sin, táirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 a bhfuil níotráit airgid iontu, ní chumhdaítear iad leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus dá bhrí sin ní fhéadfar iad a chur ar fáil ná a úsáid ar mhargadh an Aontais.

    (5)

    Mar sin féin, i gcomhréir leis an bhforáil idirthréimhseach a leagtar amach in Airteagal 94(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, earra cóireáilte a cóireáladh le táirge bithicídeach amháin nó níos mó, nó ina gcuimsítear táirge bithicídeach amháin nó níos mó d’aon ghnó, táirgí nach bhfuil de shubstaintí gníomhacha iontu ach substaintí a bhí faoi scrúdú an 1 Meán Fómhair 2016 maidir leis an gcineál táirge ábhartha sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 89(1) den Rialachán sin, nó ar cuireadh isteach iarratas ar a bhformheas maidir leis an gcineál táirge ábhartha faoin dáta sin, nó táirgí nach bhfuil de shubstaintí gníomhacha iontu ach teaglaim de shubstaintí den chineál sin agus substaintí gníomhacha a áirítear sa liosta arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin maidir leis an gcineál táirge ábhartha agus an úsáid ábhartha nó a áirítear in Iarscríbhinn I, féadfar é a chur ar an margadh go dtí an dáta a bheidh ann 180 lá tar éis cinnidh gan ceann de na substaintí gníomhacha a fhormheas le haghaidh na húsáide ábhartha, i gcás ina nglacfar cinneadh den sórt sin tar éis an 1 Meán Fómhair 2016.

    (6)

    Ós rud é gur tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ar fhormheas níotráite airgid le haghaidh a húsáide i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7, níl meastóireacht le déanamh ar aon táirge bithicídeach. Dá bhrí sin, níor chuir an t-údarás inniúil bailchríoch ar an tuarascáil ar an measúnú agus níor ullmhaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tuairim. Ar deireadh, táirge bithicídeach de chineál táirge 7 a bhfuil níotráit airgid ann, ós rud é nach ann do tháirge den chineál sin a bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh sé na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin gan comhlíonadh. Ina theannta sin, i bhfianaise an ghá atá ann lena áirithiú nach gcuirfear ar mhargadh an Aontais a thuilleadh, i dtaca le cineál táirge 7, earraí cóireáilte a cóireáladh le níotráit airgid nó ina gcuimsítear níotráit airgid d’aon ghnó, is iomchuí gan níotráit airgid a fhormheas le haghaidh a húsáide i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7.

    (7)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Níotráit airgid (Uimh. CE: 231-853-9; Uimh. CAS: 7761-88-8), ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).


    Top