Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2569

    Cinneadh (AE) 2022/2569 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 19ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES CoP 19) (Cathair Phanama, Panama, an 14–25 Samhain 2022) agus maidir le speiceas a chur isteach le háireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES

    ST/13685/2022/INIT

    IO L 330, 23.12.2022, p. 186–232 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2569/oj

    23.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 330/186


    CINNEADH (AE) 2022/2569 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Samhain 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 19ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES CoP 19) (Cathair Phanama, Panama, an 14–25 Samhain 2022) agus maidir le speiceas a chur isteach le háireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) (1), coinbhinsiún ar aontaigh an tAontas leis le Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle, (2) i bhfeidhm an 1 Iúil 1975. Cuireadh CITES chun feidhme san Aontas le Rialachán (CE) Uimh 338/97 ón gComhairle (3).

    (2)

    De bhun Airteagal XI(3) de CITES, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe (CoP), inter alia, cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní CITES a leasú.

    (3)

    De bhun Airteagal XVI de CITES, féadfaidh aon Pháirtí in CITES liosta speiceas a chur faoi bhráid Rúnaíocht CITES le háireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES, a shainaithníonn an Páirtí sin mar speicis atá faoi réir rialaithe laistigh dá dhlínse, chun dúshaothrú a chosc nó a shrianadh, agus a bhfuil comhar Páirtithe eile i rialáil trádála de dhíth ina leith.

    (4)

    Le linn an 19ú cruinniú a bheidh ag CoP ón 14 go dtí an 25 Samhain 2022 (CITES CoP 19), tá an Chomhdháil le cinntí a ghlacadh maidir le 52 mholadh i leith na bhFoscríbhinní a ghabhann le CITES a leasú, chomh maith le cinntí maidir le go leor ábhair eile a bhaineann le cur chun feidhme agus léirmhíniú CITES.

    (5)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag CITES CoP 19 a bhunú, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Foscríbhinní a ghabhann le CITES ceangailteach ar an Aontas agus go bhféadfadh roinnt cinntí eile tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (4), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún (5).

    (6)

    An seasamh atá sé beartaithe ag an Aontas a ghlacadh maidir leis na moltaí éagsúla atá os comhair CoP, tá sé bunaithe ar anailís shaineolach ar fhiúntas na moltaí sin, agus forálacha CITES á gcur san áireamh, de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil, agus ar a chomhsheasmhaí atá na moltaí sin le rialacha agus beartais ábhartha an Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh, ag an 19ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES CoP 19).

    Airteagal 2

    I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a thíolacfar tar éis ghlacadh an Chinnidh seo agus roimh CoP19 CITES nó lena linn, nó i gcás ina ndéanfar ag an gcruinniú sin moltaí athbhreithnithe nó moltaí nua nach bhfuil seasamh leagtha síos ina leith ag an Aontas fós, déanfar seasamh an Aontais a fhorbairt trí bhíthin comhordú ar an láthair sula n-iarrfar ar Chomhdháil na bPáirtithe cinneadh a dhéanamh maidir leis na tograí sin. Sna cásanna sin, beidh seasamh an Aontais comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 3

    Cuirfidh an tAontas na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IIa a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach lena n-áireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 75, 19.3.2015, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 a bhaineann le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) (IO L 75, 19.3.2015, lch. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 166, 19.6.2006, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, teastas agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN I

    Seasamh an Aontais maidir leis na príomhcheisteanna atá le plé ag an 19ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), (Cathair Phanama, Panama, an 14 go dtí an 25 Samhain 2022)

    A.   BREITHNITHE GINEARÁLTA

    1.

    Measann an tAontas gur coinbhinsiún idirnáisiúnta an-tábhachtach é CITES chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun cur i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra.

    2.

    Ba cheart don Aontas seasamh uaillmhianach a ghlacadh i gcomhair COP19 CITES, i gcomhréir le beartais ábhartha an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe na spriocanna a bhaineann leis an bhfiadhúlra faoi Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 15, seasamh an Aontais (1) i gcomhair Cop15 den Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht a bhaineann le Creat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 atá ar na bacáin, Fís Straitéiseach CITES agus Rún 75/311 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an ngáinneáil aindleathach ar fhiadhúlra. Ba cheart do sheasamh an Aontais a bheith ina chuidiú chun na cuspóirí a ghnóthú a leagadh amach ar leibhéal an Aontais trí bhíthin na straitéise Bithéagsúlachta do 2030, trí bhíthin Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra, trí bhíthin chur chuige an Aontais chun trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus trí bhíthin an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

    3.

    Is iad seo a leanas ba cheart a bheith ina dtosaíochtaí ag an Aontas ag COP19 CITES:

    úsáid iomlán a bhaint as ionstraimí CITES chun rialáil a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta i speicis ainmhíocha agus planda atá i mbaol agus a ndéantar leibhéil neamh-inbhuanaithe trádála orthu, agus é sin a dhéanamh trí chur chuige eolaíocht-bhunaithe a shaothrú, agus

    freagairt an phobail idirnáisiúnta ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra a neartú;

    3a

    Ba cheart don Aontas a áirithiú ag CITES Cop19 go léireofar fós stádas agus cearta an Aontais mar Pháirtí sa Choinbhinsiún.

    4.

    Ba cheart a chur san áireamh i seasamh an Aontais an cuidiú is féidir do shásraí CITES a thabhairt chun an stádas caomhantais atá ag speicis a fheabhsú, agus ba cheart aitheantas a thabhairt sa seasamh sin don obair atá déanta ag na tíortha sin a bhfuil bearta éifeachtacha caomhantais curtha chun feidhme acu. Ba cheart don Aontas a áirithiú go n-uasmhéadófar éifeachtúlacht CITES leis na cinntí a ghlacfar ag COP19, trí ualaí neamhriachtanacha riaracháin a íoslaghdú agus trí réitigh phraiticiúla, chostéifeachtacha, inoibrithe a bhaint amach ar fhadhbanna cur chun feidhme agus faireacháin.

    5.

    Is í Comhdháil na bPáirtithe (COP) comhlacht rialaithe CITES agus déanfaidh an Buanchoiste, arb é príomh-fhochomhlacht COP é, líon áirithe cinntí arna nglacadh ag COP19 CITES a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gcomhair COP19 CITES a bheith ina threoir freisin do chur chuige an Aontais ag an 75ú agus an 76ú cruinniú den Bhuanchoiste a reáchtálfar díreach roimh COP19 agus díreach ina dhiaidh.

    B.   SAINCHEISTEANNA SONRACHA

    6.

    Tá 52 mholadh i leith Foscríbhinní CITES a leasú curtha síos lena meá ag COP19 CITES. Is é an tAontas, ina cháil mar phríomh-mholtóir nó mar chómholtóir, a chuir isteach trí cinn déag de na moltaí sin agus ba cheart don Aontas tacú le glacadh na moltaí sin ar ndóigh.

    6a.

    Ba cheart seasamh an Aontais maidir le moltaí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhínní CITES a bheith bunaithe ar stádas caomhantais an speicis lena mbaineann agus ar an tionchar atá nó a d'fhéadfadh a bheith ag trádáil ar stádas an speicis sin. Chuige sin, ba cheart an chomhairle eolaíoch is ábhartha agus is láidre a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar mholtaí maidir le liostú i gcomhréir le Rún Comhdhála 9.24 maidir leis na critéir chun Foscríbhinní I agus II a leasú.

    6b.

    Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thuairimí na Stát raoin atá ag na speicis a mbaineann na moltaí leo. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thuairimí stáit raoin na speiceas lena mbaineann. Measann an tAontas gur cheart, mar riail ghinearálta, tacaíocht a thabhairt do mholtaí i leith Foscríbhinní CITES a leasú, i gcás inar moltaí iad a tháinig as obair Choistí um Plandaí agus Ainmhithe CITES agus as obair an Bhuanchoiste. Maidir le measúnú na moltaí ag Rúnaíocht CITES agus ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha/TRAFFIC (2) agus, i gcás speicis mhuirí a ndéantar saothrú tráchtála orthu, an measúnú ag painéil saineolaithe thiomnaithe Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, ba cheart na measúnuithe sin a chur san áireamh freisin.

    7.

    Mar a aontaíodh i gCinneadh 2022/982 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (3), molann an tAontas iad seo a leanas a chuimsiú mar a leanas:

    Physignathus cocincinus (an dragan uisce Síneach) i bhFoscríbhinn II

    Cuora galbinifrons (an turtar boscach Ind-Síneach) i bhFoscríbhinn I

    Laotriton laoensis (Niút faithneach Laos) i bhFoscríbhinn II agus cuóta nialais leis le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála

    Agalychnis lemur (Frog duilleach léamair) i bhFoscríbhinn II agus cuóta nialais leis sin le haghaidh onnmhairiú bliantúil eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála

    speicis uile Sphyrnidae spp. (na siorcanna ceann casúir) nár cuimsíodh fós i bhFoscríbhinn II

    Thelenota ananas, T. anax, T. rubralineata (súmairí cladaigh) i bhFoscríbhinn II

    Khaya spp. (an mahagaine Afracach) (daonraí na hAfraice) i bhFoscríbhinn II le Nóta Mínithe #17

    Afzelia spp. (an mahagaine faighneogach) (daonraí na hAfraice) i bhFoscríbhinn II le Nóta Mínithe #17

    Dipteryx spp. i bhFoscríbhinn II le Nóta Mínithe #17 + síolta

    Handroanthus spp. (an crann trumpa), Tabebuia spp. agus Roseodendron spp. i bhFoscríbhinn II le Nóta Mínithe #17

    Pterocarpus spp. (an padúc) (daonraí na hAfraice) i bhFoscríbhinn II le Nóta Mínithe #17

    Rhodiola spp. i bhFoscríbhinn II a ghabhann le CITES le Nóta Mínithe #2

    Chomh maith leis sin, tá cinneadh déanta ag an Aontas comhurraíocht a dhéanamh ar an moladh ó Phanama go liostófaí Carcharhinidae spp. (na siorcanna carcairinideacha) i bhFoscríbhinn II agus molfaidh sé go ndéanfar an liostú sin.

    8.

    Tugann an tAontas dá aire go ndearnadh an-obair le roinnt bheag blianta anuas chun acmhainn a fhothú le haghaidh chur chun feidhme CITES, maidir le speicis mhuirí go háirithe, lena n-áirítear an méid a rinneadh trí thacaíocht airgeadais ón Aontas. Tacaíonn an tAontas le comhordú níos fearr idir CITES agus Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha agus eagraíochtaí eile, amhail eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus comhlachtaí ábhartha eile, agus iad ag gníomhú de réir a sainorduithe féin, agus é d’aidhm aige sin an rialachas a fheabhsú agus an chomhlántacht a mhéadú.

    9.

    Tugann an tAontas dá aire an bhreis fócais in CITES ar speicis crann, rud atá le feiceáil freisin i moltaí an Aontais i leith speicis bhreise crann a liostú i bhFoscríbhinn II CITES ag COP19. Tá ról tábhachtach ag CITES maidir le caomhnú foraoisí agus tacaíonn an tAontas le gníomhaíocht níos láidre agus níos comhsheasmhaí idir CITES agus eagraíochtaí agus próisis eile a bhaineann le foraoisí.

    10.

    Ba cheart seasamh an Aontais maidir le moltaí a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra a bheith ina léiriú ar chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith gáinneáil ar fhiadhúlra a chosc trí aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi, trí chreataí dlíthiúla agus beartais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, trí na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus trí chomhpháirtíochtaí domhanda a chothú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, agus é á aithint i rith an ama go bhfuil an-obair déanta ag an bpobal idirnáisiúnta le blianta beaga anuas chun an gháinneáil ar fhiadhúlra a chosc.

    11.

    I gcomhréir leis na tosaíochtaí sin, tá an tAontas i bhfabhar cosaint níos fearr a thabhairt, trí CITES, do na speicis a allmhairítear isteach san Aontas go mídhleathach faoi láthair nó a allmhairítear isteach san Aontas ag leibhéil nach bhfuil inbhuanaithe. Dá bhrí sin, tacaíonn an tAontas leis na moltaí i leith na Foscríbhinní a leasú i ndáil le speicis éagsúla reiptílí agus amfaibiach, go háirithe roinnt speiceas turtar a allmhairítear chun an Aontais mar pheataí.

    12.

    Ba cheart don Aontas tionscnaimh a spreagadh freisin a chuidíonn acmhainneachtaí na n-údarás ábhartha a mhéadú, a chuidíonn faisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt, a chuidíonn díriú ar CITES a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus ba cheart dó an comhar idir tíortha foinseacha, idirthurais agus cinn scríbe a fheabhsú.

    13.

    Sa chomhthéacs sin, tugann an tAontas dá aire moltaí lena n-iarrtar go gcruthófaí cistí sonracha chun tairbhe Páirtithe roghnaithe. Measann an tAontas nár cheart cistí nua a chruthú ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, bunaithe ar anailís chríochnúil ar a n-indéantacht agus ar a mbreisluach. Níor cheart rochtain ar chistiú a theorannú do pháirtithe roghnaithe nó do ghrúpaí Páirtithe roghnaithe.

    13a.

    Roinnt de na moltaí a cuireadh faoi bhráid CITES CoP 19, is ar shaincheisteanna a bhaineann le húsáid inbhuanaithe, slite beatha, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla atá siad dírithe. Ba cheart don Aontas tacú leis na moltaí sin sa mhéid go gcuidíonn siad lena áirithiú go dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna ábhartha in CITES ar bhealach sásúil. Ba cheart, áfach, a sheachaint go gcruthófaí próisis nó struchtúir bhreise a mbeadh costais shuntasacha agus tairbhí neamhchinnte nó riosca dúblála ag baint leo.

    14.

    Is tábhachtach don Aontas a áirithiú go dtuigfear agus go léireofar go haonfhoirmeach gach rún, gach nóta mínithe agus gach forchoimeádas. D’ainneoin dhea-thionchar na rialacha reatha, is tosaíocht i gcónaí é aghaidh a thabhairt ar an bpóitseáil eilifintí agus ar an ngáinneáil ar eabhar, chomh maith leis an ngá atá ann réitigh inbhuanaithe a áirithiú do dhaoine atá ag cur fúthu gar d’eilifintí agus don fhiadhúlra i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a chur chun cinn go sonrach soiléiriú na rialacha maidir le trádáil in eilifintí beo, go háirithe Rún Comhdhála 11.20 (Rev. CoP18) agus Rún Comhdhála 10.10 (Rev. COP18). Ag an 74ú cruinniú den Bhuanchoiste, chuir an tAontas agus na Ballstáit in iúl gur mian leo comhchreat a chruthú le haghaidh na trádála in eilifintí Afracacha beo, bunaithe ar chreat CITES agus ar ghrinnscrúdú eolaíoch trédhearcach láidir. Comhchuibhiú na gcoinníollacha maidir le trádáil in eilifintí Afracacha beo agus cur chun cinn gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh go díreach ar fhadhb na trádála neamhdhleathaí in eilifintí agus in eabhar, ba cheart é sin a bheith ina thosaíocht ag an Aontas maidir le gach mír de chlár oibre COP19 a bhaineann le heilifintí.

    15.

    Tugann an tAontas dá aire go bhfuil roinnt moltaí maidir le trádáil dhleathach in eabhar eilifinte agus in adharc srónbheannach curtha síos ag roinnt Páirtithe. Is eol don Aontas an t-ualach airgeadais a bhaineann le speicis atá i mbaol a chosaint go háirithe ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra agus ar choinbhleacht fhéideartha idir daoine agus an fiadhúlra agus tugann sé tacaíocht do stáit raoin ina leith sin. Faoi chreat CITES, tá toirmeasc faoi láthair ar an trádáil tráchtála idirnáisiúnta in eabhar agus in adharc srónbheannach. Measann an tAontas nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hathúdarú na trádála sin agus ní thacaíonn sé le moltaí go n-athosclódh COP19 an trádáil sin. Maidir le margaí intíre eabhair agus adhairce srónbheannach a chuireann leis an trádáil mhídhleathach, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le bearta comhréireacha, éifeachtacha agus trédhearcacha, bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil, laistigh de raon feidhme an Choinbhinsiúin.

    16.

    Aithníonn an tAontas go bhféadfadh an trádáil idirnáisiúnta i bhfiadhúlra agus meath domhanda na bithéagsúlachta a bheith ina riosca maidir le teacht chun cinn agus leathadh galar zónóiseach. Aithníonn an tAontas freisin go bhfuil nasc idir an trádáil neamhdhleathach ar thaobh amháin agus drochleas ainmhithe ar an taobh eile, rud a mhéadaíonn an riosca go leathfaidh galair. Ba cheart ról a bheith ag CITES i gcónaí, i gcomhréir lena shainordú, i laghdú na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte ainmhithe agus daoine. Ní féidir le haon eagraíocht aghaidh a thabhairt aisti féin ar na dúshláin iomadúla a bhféadfadh, dá ndeasca, go dtiocfadh galair a bhaineann leis an bhfiadhúlra chun cinn agus go leathfaidís. Measann an tAontas gur féidir leis rannchuidiú leis an riosca leata zónóisí a laghdú, trí dhreasachtaí chóras trádála dlíthiúla an Choinbhinsiúin, agus go háirithe tríd an bhfeidhm atá aige an trádáil neamhdhleathacha a dhíspreagadh. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas CITES a spreagadh a gcomhar gníomhach le heagraíochtaí idir-rialtasacha eile a neartú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu le sláinte ainmhithe nó leis an tsláinte phoiblí, le trádáil, le bia nó le hiompar, i gcomhréir le “cur chuige na hAon Sláinte Amháin”. Tacaíonn an tAontas go láidir leis an ngealltanas athnuaite atá tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus ag CITES oibriú le chéile ar shaincheisteanna sláinte agus leasa ainmhithe ar fud an domhain chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus chun ainmhithe a chosaint.

    17.

    Le blianta beaga anuas, de bharr ghéarchéim na gáinneála ar fhiadhúlra agus, mar aon leis sin, de bharr leathnú raon feidhme CITES go speicis agus Páirtithe nua, tá tuilleadh gníomhaíochtaí tugtha isteach faoin raon feidhme atá faoi scáth CITES agus tá méadú nach beag tagtha ar ualach oibre Rúnaíocht CITES. Ba cheart don Aontas na forbairtí sin a chur san áireamh agus é ag déanamh cinntí faoina chuid tosaíochtaí ag COP19 agus faoin mbuiséad a bheidh ag Rúnaíocht CITES amach anseo.

    (1)  ST 13975/22 (https://www.consilium.europa.eu/media/59787/st13975-en22.pdf).

    (2)  Tá speisialtóireacht ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus ag TRAFFIC i dtaca le saincheisteanna trádála fiadhúlra agus cuireann siad ar fáil, roimh gach COP, measúnú críochnúil ar mholtaí i leith leasú a dhéanamh ar Fhoscríbhinní CITES.

    (3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.L_.2022.167.01.0095.01.ENG


    IARSCRÍBHINN II

    Seasamh an Aontais maidir le moltaí áirithe a cuireadh faoi bhráid an 19ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), (Cathair Phanama, Panama, an 14 - 25 Samhain 2022)

    “+”

    comhartha lena léirítear seasamh i bhfabhar

    “–“

    comhartha lena léirítear seasamh i gcoinne

    “0”

    comhartha lena léirítear go bhfuil seasamh oscailte á ghlacadh mar gheall ar easpa faisnéis leordhóthanach chun seasamh a ghlacadh

    “(+)”

    comhartha lena léirítear go bhfuil tacaíocht le tabhairt, ach go mbraitheann á tabhairt ar fhaisnéis bhreise a bheith ar fáil agus/nó ar leasuithe ar an moladh

    “(-)”

    comhartha lena léirítear seasamh i gcoinne a athbhreithneofar má chuirtear breis fianaise thacaíochta ar fáil agus/nó má dhéantar leasú suntasach ar an moladh

    1.    DOICIMÉID OIBRE

    Uimhir

    Mír ar an gclár oibre

    Moltóir  (1)

    Nótaí tráchta

    Seasamh

    Searmanas oscailte

     

    Gan doiciméad

     

    Aithisc fáilte

     

    Gan doiciméad

     

    Ábhair maidir le riarachán agus airgeadas

    1.

    Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an chruinnithe agus Cathaoirligh Choistí I agus II a thoghadh

     

    Gan doiciméad

    Aontaíodh cé na hiarrthóirí cheana féin.

     

    2.

    Glacadh an chláir oibre

    CoP19 Doc. 2

    Rún.

    Comhaontaithe

    +

    3.

    Glacadh an phlean oibre

    CoP19 Doc. 3

    Rún.

    Comhaontaithe

    +

    4.

    Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe

     

     

     

     

    4.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste COP19 Doic. 4.1

    BC

    Tacú le leasuithe a moladh ar Riail 7. Tacú le leasuithe a moladh ar Riail 25.5. agus25.6. Béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé gur ar bhonn eisceachtúil agus le húdar cuí ón gCathaoirleach sa chruinniú a dhéanfaí aon athrú ar an ord vótála.

    +

     

    4.2

    Leasú atá beartaithe ar Riail 26

    CoP19 Doc. 4.2

    an Bhotsuáin agus an tSiombáib

    Diúltú don mholadh toisc go bhfuil sé contrártha d’Airteagal XV den Choinbhinsiún. Prionsabal bunúsach doshannta an prionsabal gur cheart vóta amháin a bheith ag gach páirtí. Mar thoradh ar an athrú sin, bheadh caibidlíocht an-chasta ann roimh gach vóta agus saincheisteanna praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar na daonraí a ghaire agus is féidir do sheisiúin CoP chun an staid mar atá a léiriú.

    5.

    An Coiste um Dhintiúir

     

     

     

     

    5.1

    An Coiste um Dhintiúir a bhunú

     

    Gan doiciméad

     

     

    5.2

    Tuarascáil ón gCoiste um Dhintiúir

     

    Gan doiciméad

     

    6.

    Breathnóirí a ligean isteach

    CoP19 Doc. 6

     

     

     

    7.

    Riarachán, maoiniú agus buiséad na Rúnaíochta agus chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe

     

     

     

     

    7.1

    Riarachán na Rúnaíochta

    CoP19 Doc. 7.1

    Rún.

     

     

     

    7.2

    Tuarascáil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin UNEP maidir le cúrsaí riaracháin agus eile

    CoP19 Doc. 7.2

    UNEP

     

     

     

    7.3

    Tuarascálacha airgeadais le haghaidh 2020-2022

    CoP19 Doc. 7.3

    Rún.

     

     

     

    7.4

    Buiséad agus phlean oibre i gcomhair na tréimhse 2023 go 2025

    CoP19 Doc. 7.4

    Rún.

     

     

     

    7.5

    Rochtain ar chistiú

    CoP19 Doc. 7.5

    BC

    Gan seasamh

     

     

    7.6

    Tionscadal na dtoscairí urraithe

    CoP19 Doc. 7.6

    Rún.

    Aontú leis an moladh ón Rúnaíocht gan an Clár a leathnú chun cruinnithe BC agus na Coistí um Ainmhithe agus um Plandaí a chumhdach go ginearálta, ós rud é go mbeadh an obair riaracháin a bhaineann leis an gClár méadaithe sin ina ualach díréireach ar an Rúnaíocht. Aontú, áfach, leis an leathnú teoranta atá á bheartú ar an gClár chuig Páirtithe incháilithe faoi réir nósanna imeachta Airteagal XIII. Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 17.3 agus ar an dréachtchinneadh.

    +

    8.

    Straitéis teanga i gcomhair an Choinbhinsiúin COP19 Doic

    CoP19 Doc. 8

    Rún.

    Is féidir leis an Aontas tacú le rogha 2 agus tá sé oscailte chun gnéithe áirithe de rogha 3 a phlé má mhaoinítear iad ó ranníocaíochtaí deonacha. Tá saincheisteanna suntasacha buiséid agus moille le breithniú, chomh maith le himpleachtaí féideartha maidir le CITES a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar a thuairiscítear i mír 12.a) de Dhoic. 8. Ní mór d’aon mheitheal inseisiúin ag COP ionadaithe ó na réigiúin uile a áireamh, agus ní hamháin ionadaithe ó Pháirtithe a bhfuil Araibis, Sínis agus Rúisis acu mar theangacha oifigiúla, toisc go mbeidh impleachtaí buiséadacha ag aon chinneadh do na Páirtithe uile.

    (–)

    Ábhair straitéiseacha

    9.

    Tuarascálacha agus moltaí ón gCoiste

     

     

     

     

    9.1

    An Buanchoiste

     

     

     

     

     

    9.1.1

    Tuarascáil ón gCathaoirleach

    COP19 Doic. 9.1.1

    BC

    An doiciméad agus an tacaíocht do na dréachtchinntí a thabhairt dá n-aire, lena n-áirítear moltaí ón Rúnaíocht.

    +

     

     

    9.1.2

    Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

     

    Gan doiciméad

     

     

    9.2

    An Coiste um Ainmhithe

     

     

     

     

     

    9.2.1

    Tuarascáil ón gCathaoirleach

    COP19 Doic. 9.2.1

    CA

    An doiciméad agus an tacaíocht do na dréachtchinntí a thabhairt dá n-aire.

    +

     

     

    9.2.2

    Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

     

    Gan doiciméad

     

     

    9.3

    An Coiste um Plandaí

     

     

     

     

     

    9.3.1

    Tuarascáil ón gCathaoirleach

    COP19 Doic. 9.3.1

    CP

    An doiciméad a thabhairt dá aire.

     

     

     

    9.3.2

    Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

     

    Gan doiciméad

     

    10.

    Fís Straitéiseach CITES

    COP19 Doic. 10

    BC

    Tacú leis an tsraith cinntí. D’fhéadfaí na táscairí a mhodhnú tuilleadh ag brath ar na forbairtí sa Chreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020.

    (+)

    11.

    Speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn I

    CoP19 Doc. 11

    CA, CP

    Tacú leis an moladh le roinnt leasuithe ar na dréachtchinntí atá le moladh ag an Aontas, ach a bheith oscailte i gcónaí chun na coigeartuithe arna moladh ag an Rúnaíocht ar an bpróiseas atá beartaithe agus ar leasuithe eile a phlé má mholann Páirtithe eile é.

    +

    12.

    Tuarascáil maidir leis an trádáil dhomhanda i bhfiadhúlra

    COP19 Doic. 12

    an Afraic Theas

    Go ginearálta, tacaítear le smaoineamh na tuarascála agus na meithle idirsheisiúnaí. Tá éiginnteachtaí fós sa mholadh áfach. Dá bhrí sin, ní féidir tacú leis ach amháin má chuirtear tús le próiseas, faoi réir ag na hacmhainní seachtracha a bheith ar fáil trí shraith cinntí chun an tuarascáil a shainiú ar bhealach níos fearr d’fhonn cinneadh a dhéanamh ag COP20, nó má chuirtear feabhas suntasach ar an moladh le linn COP19 chun ábhar na tuarascála a shoiléiriú a thuilleadh.

    (+)

    13.

    Rannpháirteachas na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil

    CoP19 Doc. 13

    BC

    Tacú leis an moladh na cinntí athbhreithnithe atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad a ghlacadh, agus moltaí sonracha a spreagadh maidir le rannpháirtíocht pobal dúchasach agus pobal áitiúil in CITES.

    +

    14.

    Slite beatha

    CoP19 Doc. 14

    BC

    Tacú le glacadh na gcinntí athbhreithnithe agus le scriosadh Chinneadh 18.37 agus Chinneadh 18.36.

    +

    15.

    Sásraí rannpháirtíochta do phobail tuaithe in CITES

    CoP19 Doc. 15

    Eswatini, an Namaib agus an tSiombáib

    Cur i gcoinne na moltaí mar dhoiciméad neamhspleách. Cé go bhfuil an t-ábhar tábhachtach, tá dhá phróiseas ar leith ann cheana féin faoi CITES a dhíríonn ar PDA (féach pointí 13 agus 14 ar an gclár oibre).

    Chun bheith níos éifeachtúla agus chun bheith comhsheasmhach maidir le rannpháirteachas na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil agus tuaithe, ba cheart do na moltóirí a moladh a ailíniú leis na próisis dá dtagraítear i míreanna 13 agus 14 den chlár oibre agus é a chur faoi bhráid na meithle ábhartha nó an dá mheitheal, de réir mar is iomchuí, lena bhreithniú.

    (–)

    16.

    Forbairt acmhainneachta

    CoP19 Doc. 16

    BC

    Tacú leis an dréachtrún agus leis an tsraith moltaí i leith leanúint den obair ar chreat comhtháite um fhothú acmhainneachta. D’fhéadfadh roinnt mionsoiléirithe a bheith riachtanach go háirithe chun raon feidhme phointe 2 b sa dréachtrún a shoiléiriú. Tacaíocht d’athruithe arna mbeartú an Rúnaíocht.

    +

    17.

    Comhoibriú le heagraíochtaí agus le comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil

     

     

     

     

    17.1

    Comhoibriú le coinbhinsiúin eile a bhaineann leis an mbithéagsúlacht

    CoP19 Doc. 17.1

    BC

    Tacú leis, toisc gur cheart leanúint de bheith ag treisiú na sineirgí idir comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus toisc gurb iomchuí don Bhuanchoiste athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar chúrsaí. Aontú leis na dréachtchinntí athbhreithnithe agus nua a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad agus tacú leis an obair i dtreo straitéis comhpháirtíochta.

    +

     

    17.2

    Comhoibriú leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Caomhnú Plandaí

    CoP19 Doc. 17.2

    CP

    Tacú le dréachtchinntí nua, lena n-áirítear an moladh ón Rúnaíocht SC a chur san áireamh sa phróiseas.

    +

     

    17.3

    Comhoibriú leis an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta

    Ardán maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais

    CoP19 Doc. 17.3

    BC

    Tacú leis na dréachtchinntí atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an doiciméad.

    +

     

    17.4

    An tionscnamh comhpháirteach CITES-CSI Tionscnamh um Fheoiliteoirí Afracacha

    CoP19 Doc. 17.4

    Rún.

    Tacú leis an dréachtchinneadh seo faisnéis ábhartha a chur in iúl don Choiste um Ainmhithe agus comhairle a chur ar an Rúnaíocht dá réir maidir leis an Tionscnamh um Fheoiliteoirí Afracacha, mar a mhol an Coiste um Ainmhithe agus roinnt eagraíochtaí breathnóirí.

    +

     

    17.5

    An Cuibhreannas Idirnáisiúnta um Choireacht Fiadhúlra a Chomhrac

    CoP19 Doc. 17.5

    Rún.

    Tacú leis na dréachtchinntí a ghlacadh agus le Cinneadh 18.3 a scriosadh.

    +

    18.

    Lá Domhanda an Fhiadhúlra na Náisiún Aontaithe

    CoP19 Doc. 18

    Rún.

    Tacú le scriosadh Chinneadh 18.38 maidir le Lá Domhanda an Fhiadhúlra mar a cuireadh i bhfeidhm é.

    +

    19.

    CITES agus foraoisí

    CoP19 Doc. 19

    Rún.

    Tacú leis an moladh; athruithe a mholadh chun sineirgí a fheabhsú agus dúbláil le próisis agus ionstraimí idirnáisiúnta eile a bhaineann le foraoisí a sheachaint. A mholadh go bhféadfaí dul i gcomhairle leis an gCoiste um Plandaí maidir le téarmaí tagartha an staidéir (b’fhéidir tríd an gcathaoirleach chun an próiseas a dhéanamh níos simplí).

    (+)

    20.

    Clár um speicis crann

    CoP19 Doc. 20

    Rún.

    Tacú leis na dréachtchinntí. Measann an tAontas go mbaintear amach, leis an gclár, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus molann sé do na Páirtithe uile cur le torthaí an Chláir agus cur a thuilleadh le cur chun feidhme CITES maidir le speicis crann atá liostaithe.

    +

    21.

    Athbhreithniú ar an gclár ETIS

    COP19 Doic. 21

    BC

    Is féidir tacú le formhór na moltaí, lena n-áirítear na hathruithe eagarthóireachta arna moladh ag an Rúnaíocht, seachas an t-athrú ar dháta an tíolactha le haghaidh shonraí ETIS, a d’fhéadfadh an próiseas a lagú mar gheall ar an aga moille idir na sonraí a úsáideadh san anailís agus an tuairisciú do COP. Dá bhrí sin, cur i gcoinne an bhreisithe ar an dara mír de roinn 4 d’Iarscríbhinn 1, ach tacú le neartú an chomhair idir an Chuibhreannais Idirnáisiúnta um Choireacht Fiadhúlra a Chomhrac (ICCWC) agus ETIS agus le comhroinnt sonraí ó na Tuarascálacha Bliantúla maidir le Trádáil Neamhdhleathach le ETIS.

    Tacú leis an moladh ón Rúnaíocht dréachtchinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Rúnaíocht agus ar an mBuanchoiste chun critéir shoiléire a fhorbairt le haghaidh aicmiú na bPáirtithe.

    (+)

    22.

    Cláir ETIS agus MIKE

    COP19 Doic. 22

    BC

    Tacú leis an togra, lena n-áirítear an téacs nua arna mholadh ag an Rúnaíocht le haghaidh chinneadh 19.BB a), ach ba cheart a chur in iúl go láidir, áfach, gur cheart díriú a thuilleadh ar inmharthanacht fhadtéarmach airgeadais MIKE agus ETIS. Tá an tAontas oscailte don mholadh ón Rúnaíocht cinneadh 19.AA a ionchorprú sa chinneadh maidir le maoiniú agus clár oibre costáilte.

    +

    23.

    Ról CITES maidir leis an riosca a laghdú go dtiocfaidh galair zónóiseacha chun cinn amach anseo a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta fiadhúlra

    CoP19 Doc. 23

     

     

     

     

    23.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste

    COP19 Doic. 23.1

    BC

    A chur in iúl gur díol sásaimh é an obair atá déanta ag an meitheal idirsheisiúnach. Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 10.21 (Rev. CoP16) ar eiseamail bheo a iompar.

    +

     

    23.2

    Aon Sláinte Amháin agus CITES:

    Rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ó thrádáil fiadhúlra

    CoP19 Doc. 23.2

    an Cósta Eabhair, an Ghabúin, an Ghaimbia, an Libéir, an Nigéir, an Nígir, agus an tSeineagáil

    Cur i gcoinne na n-eilimintí a théann níos faide ná CITES. Tacú le roinnt de na heilimintí atá sa dréachtrún, amhail sainmhínithe idirnáisiúnta a úsáid agus comhar le húdaráis sláinte ainmhithe agus poiblí, agus a lánpháirtiú i ndréachtchinntí a mholtar in 23.1. a mholadh, ní mar chuid den phróiseas i dtreo an Rúin, ach mar Chinntí arna nglacadh ag COP19.

    (–)

    24.

    Impleachtaí phaindéim COVID19 maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin

    CoP19 24

    Rún.

    Tacú leis na moltaí arna mbeartú ag an Rúnaíocht chun a áirithiú gur féidir cruinnithe CITES a thionól agus obair idirsheisiúnach a dhéanamh freisin nuair a bhíonn fadhbanna oibríochtúla eisceachtúla ann.

    +

    25.

    Plean gníomhaíochta maidir le hábhair a bhaineann le hinscne

    CoP19 Doc. 25

    Panama

    Tacú leis go ndéanfar staidéar ar saincheisteanna a bhaineann le hinscne agus go dtabharfar aghaidh orthu go héifeachtach. Tacú leis an rún atá beartaithe , a bhfuil tuilleadh leasuithe ag teastáil ina leith, áfach. A mholadh go dtionscnóidh COP próiseas idirsheisiúnach chun breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le treoirlínte chun an rún a chur chun feidhme agus ar ábhar na dtreoirlínte sin, agus moltaí a chur ar fáil do SC/CoP20.

    (+)

    Ábhair maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme

    Rúin agus Cinntí atá déanta cheana

     

     

     

    26.

    Athbhreithniú ar Rúin

    CoP19 Doc. 26

    Rún.

    Tacú leis na hathruithe ar na Rúin agus le Cinneadh 14.81 a scriosadh má ghlactar an t-athrú ábhartha ar Rún Comhdhála Glactar 14.8 (Rev. COP17). Ba cheart é a ailíniú leis an leasú a mholtar i ndoiciméad 32.

    +

    27.

    Athbhreithniú ar Chinntí

    CoP19 Doc. 27

     

    Tacú leis moltaí ón Rúnaíocht. B’fhearr gan 18.55 a scriosadh toisc an cur chun feidhme a bheith ar feitheamh. Breithniú a dhéanamh an gcuirfear 18.193 chun feidhme faoin tráth a bheidh CoP ar siúl.

    +

    Comhlíontacht agus forfheidhmiú ginearálta

     

     

     

    28.

    Dlíthe náisiúnta lena gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme

    CoP19 Doc. 28

    Rún.

    Tacú le glacadh na ndréachtchinntí atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le doiciméad COP19 Doc. 28, agus a mholadh go bhféadfaí tuairisciú do ghnáthchruinnithe an Bhuanchoiste a chur san áireamh i gcinneadh 19.EEh). Tacú le scriosadh Chinntí 18.62-18.67 agus teacht ar chomhaontú maidir leis an mbuiséad sealadach mar a réamh-mheastar in Iarscríbhinn 2.

    +

    29.

    Ábhair maidir le comhlíontacht CITES

     

     

     

     

    29.1

    Cur chun feidhme Airteagal XIII agus Rún Comhdhála 14.3 (Rev. COP18).

    maidir le nósanna imeachta comhlíontachta CITES

    CoP19 Doc. 29.1

    Rún.

    Aird a thabhairt ar an bhfaisnéis a chuirtear i láthair sa doiciméad maidir le cur chun feidhme Airteagal XIII agus Rún Comhdhála 14.3. (Rev. CoP 18). Páirt a ghlacadh sa phlé ar an moladh faoi mhír 42b) d’fhonn tacú leis an nós imeachta brostaithe, más gá, agus faoi mhír 42c) maidir feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar gcaoi a láimhseálann BC an t-ábhar comhlíontachta agus bealaí féideartha eile chun clár oibre BC a laghdú á gcur san áireamh.

    0

     

    29.2

    Tótuába (Totoaba macdonaldi)

    CoP19 Doc. 29.2

     

     

     

     

     

    29.2.1

    Tuarascáil ón Rúnaíocht

    COP19 Doic. 29.2.1

    Rún.

    Tacú le glacadh na ndréachtchinntí athbhreithnithe agus nua (18.292 go dtí 18.295, 19.CC agus 19.DD) in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le doiciméad COP19 Doic. 29.2.1. Tathant ar Mheicsiceo bearta éifeachtacha a ghlacadh chun muc mhara na Murascaille a chosaint. Tá doiciméid 29.2.1 agus 29.2.2 an-chosúil le chéile agus ba cheart iad a chumasc in aon doiciméad amháin, b’fhéidir trí úsáid a bhaint as an tuarascáil ón Rúnaíocht mar thúsphointe.

    +

     

     

    29.2.2

    Cinntí athnuaite agus nuashonraithe le haghaidh COP19

    COP19 Doic. 29.2.2

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú le hábhar an doiciméid, a bhfuil forluí ann, áfach, le doiciméad 29.2.1 ón Rúnaíocht. Ba cheart an dá dhoiciméad a chumasc.

    (+)

     

    29.3

    Éabainn Malagásac (Diospyros spp.) agus crainn rósadhmaid Bhrasaíleacha agus crainn rósadhmaid (Dalbergia spp.)

    CoP19 Doc. 29.3

    Rún. i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhuanchoiste

    Tacú leis na dréachtchinntí; maidir le Madagascar go háirithe chun gach stoc-charn a dhaingniú agus maidir le Páirtithe gan glacadh le heiseamail Diospyros spp. (#5) nó Dalbergia spp. (#15) a (ath)onnmhairiú chun críoch tráchtála ó Mhadagascar go dtí go mbeidh Cinneadh Fála Dhleathaigh agus Cinneadh Neamhdhíobhála déanta ag Madagascar i leith na speiceas sin ar an leibhéal náisiúnta chun sástacht na Rúnaíochta.

    +

    30.

    Clár Cúnaimh maidir le Comhlíontacht

    CoP19 Doc. 30

    BC

    Tacú leis na cinntí maidir le cur chun feidhme an Chláir Cúnaimh maidir le Comhlíontacht.

    +

    31.

    Athbhreithnithe ar an leibhéal náisiúnta ar Thrádáil Shuntasach CoP19 Doic. 31

    BC, dréachtchinntí a ionchorprú arna moladh

    ag Cathaoirligh na gCoistí um Ainmhithe agus Plandaí

    Tá gá le tacaíocht, mar mheastóireacht ar cibé acu an dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar na saincheisteanna a sainaithníodh san Athbhreithniú ar an leibhéal náisiúnta ar Thrádáil Shuntasach i gcás Mhadagascar.

    +

    32.

    Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 11.3 (Rev. COP18) maidir le Comhlíontacht agus forfheidhmiú

    CoP19 Doc. 32

    BC

    Tacú le glacadh na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 11.3 (Rev. CoP18), faoi réir mionathruithe eagarthóireachta.

    +

    33.

    Cúrsaí forfheidhmithe

    CoP19 Doc. 33

    Rún.

    Tacú leis na moltaí, agus lena linn sin béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhorfheidhmiú gníomhach an Choinbhinsiúin a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud a bhraitheann thar aon ní eile ar chumas leordhóthanach na n-institiúidí forfheidhmiúcháin agus ar speisialtóireacht a n-aonad. Béim a leagan freisin ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na sreabha airgeadais eascraíonn as trádáil neamhdhleathach ar fhiadhúlra.

    +

    34.

    Tuarascálacha bliantúla ar an trádáil neamhdhleathach

    CoP19 Doc. 34

    Rún.

    Tacú leis an leasú ar Rún Comhdhála 11.17 (Rev. COP18) Cinntí 18.75 agus 18.76 maidir le tuarascálacha bliantúla ar thrádáil neamhdhleathach a scriosadh.

    Tacú go ginearálta le Dréachtchinntí 19.AA agus 19.BB atá á moladh le roinnt soiléirithe agus leasuithe.

    +

    35.

    Tascfhórsa maidir le trádáil neamhdhleathach in eiseamail de speicis crann atá liostaithe ag CITES

    CoP19 Doc. 35

    BC

    Tacú leis na moltaí: (a) an doiciméad a thabhairt dá aire, lena n-áirítear an leasú atá beartaithe ar dhréachtchinneadh 19.CC maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid eile a shainaithint, mar a thíolaic an Coiste um Plandaí i ndoiciméad COP19 Doic. 44,2; (b) Cinntí 18.79 agus 18.80 maidir le forghníomhú a scriosadh.

    +

    36.

    Tacaíocht don fhorfheidhmiú i ndáil le coireacht fiadhúlra san Afraic Thiar agus Láir

     

     

     

     

    36.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste

    CoP19 Doc. 36.1

    BC

    Ba cheart doiciméid 36.1 agus 36.2 a chumasc. Comhaontú ginearálta go bhfuil gá le tacaíocht don fhorfheidhmiú i ndáil le coireacht fiadhúlra. Mar sin féin, chun dúbláil le gníomhaíochtaí atá ann cheana a sheachaint agus toisc gur cosúil gur próiseas fada é ciste a bhunú a mbeadh acmhainní suntasacha airgeadais agus daonna ag teastáil uaidh, tacú, dá bhrí sin, le moltaí ón Rúnaíocht a chuirtear ar fáil faoi dhoiciméad 36.1. Páirtithe eile, eagraíochtaí rialtasacha, idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara a spreagadh chun tacaíocht a chur ar fáil do na foréigiúin sin.

    (+)

     

    36.2

    Coireacht fiadhúlra agus tacaíocht d’fhorfheidhmiú CITES

    san Afraic Thiar agus Láir

    CoP19 Doc. 36.2

    Mhol an Cósta Eabhair, an Ghaimbia, an Libéir, an Nigéir, an Nígir, agus an tSeineagáil

    doiciméid 36.1 agus 36.2 atá beartaithe a chumasc., barúlacha tugtha in 36.1.

    (–)

    37.

    Coireacht fiadhúlra a bhaineann leis an Idirlíon

    CoP19 Doc. 37

    Rún.

    Tacú leis an leasú ar Rún Comhdhála 11.3 (Rev. COP18) agus na Dréachtchinntí. A mholadh gur cheart, sa bhreis ar dhea-chleachtais, “dlíthe náisiúnta” atá i bhfeidhm ag Páirtithe a shainaithint freisin (eilimint bhreise le Cinneadh 19.AA atá beartaithe ). Ba cheart é a ailíniú leis an leasú a mholtar i ndoiciméad 32.

    +

    38.

    A éileamh go ndéanfar laghdú chun trádáil neamhdhleathach a chomhrac

    CoP19 Doc. 38

    BC

    Tacú le glacadh na treoraíochta ag COP19. Tacú freisin le glacadh dréachtchinntí agus leasuithe ar Rún Comhdhála 17.4 chun feabhas a chur ar infhaighteacht na treoraíochta do Pháirtithe i dteangacha uile CITES agus chun na Páirtithe a spreagadh chun í a úsáid.

    +

    39.

    Margaí intíre le haghaidh eiseamail a thrádáiltear go neamhdhleathach go coitianta

    CoP19 Doc. 39

    BC

    Tacú leis na moltaí. Ba cheart é a ailíniú leis an leasú a mholtar i ndoiciméad 32.

    +

    Rialáil na trádála

     

     

     

    40.

    Treoraíocht i dtaca le cinntí maidir le fáil dhleathach a dhéanamh

    CoP19 Doc. 40

    BC

    Is gá soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den “Rapid Guide for making Legal Acquisition Findings” [Meartheoir maidir le fáil dhleathach a dhéanamh] agus de Chinneadh 19.BB a). Déanfar tuilleadh forbartha ar sheasamh an Aontais ach an doiciméad nuashonraithe ón Rúnaíocht lena léirítear torthaí na ceardlainne maidir le Fáil Dleathach (Lúnasa 2022) a bheith ar fáil.

    (+)

    41.

    Córais leictreonacha agus teicneolaíochtaí faisnéise agus fíordheimhniú agus rialú ceadanna

    CoP19 Doc. 41

    BC

    Tacú le conclúid an staidéir ar fhíordheimhniú agus rialú ceadanna. Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 12.3 (Rev. CoP18) maidir le ceadanna agus teastais arna leasú ag Rúnaíocht CITES leis an moladh córais a eagraítear le struchtúr moil a chur san áireamh níos mó. Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 11.3 (Rev. COP18) maidir le comhlíontacht agus forfheidhmiú, go háirithe chun go mbeidh údaráis chustaim in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis i mbunachair sonraí na nÚdarás Bainistíochta. Tacú le dréachtchinntí maidir le measúnú agus anailís riosca agus leis na dréachtchinntí maidir le córais leictreonacha agus teicneolaíocht faisnéise.

    +

    42.

    Cóid chuspóra ar cheadanna agus ar dheimhnithe CITES

    CoP19 Doc. 42

    BC

    Aontú leis na leasuithe atá molta ar na rúin ábhartha agus tacú le glacadh na ndréachtchinntí atá beartaithe chun meitheal chomhpháirteach idirsheisiúnach a athbhunú chun athbhreithniú breise a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann Páirtithe as na cóid idirbhirt agus, i measc nithe eile, chun leanúint leis an bplé maidir le cóid chuspóir P agus T.

    +

    43.

    Cinntí Neamhdhíobhála

     

     

     

     

    43.1

    Tuarascáil ón gCoiste um Ainmhithe agus ón gCoiste um Plandaí

    CoP19 Doc. 43.1

    CA, CP

    Tacú leis na dréachtchinntí a comhaontaíodh ag CA31 agus ag CP25.

    +

     

    43.2

    Cinntí neamhdhíobhála a dhéanamh i dtaca le heiseamail de speicis Fhoscríbhinn-II a thógtar sa mhuirthimpeallacht nach bhfuil faoi dhlínse aon Stáit

    CoP19 Doc. 43.2

    Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

    Tacú leis na dréachtchinntí, toisc go bhfuil siad ag teacht le hiarrachtaí leanúnacha chun sineirgí idir CITES agus iascaigh a neartú d’fhonn feabhas a chur ar chaomhnú siorcanna agus roc atá liostaithe in CITES agus faoi bhagairt.

    +

    44.

    Ábhair aitheantais

     

     

     

     

    44.1

    Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 11.19 (Rev. COP16).

    CoP19 Doc. 44.1

    BC

    Tacú leis na moltaí.

    +

     

    44.2

    Adhmad agus táirgí adhmaid eile a shainaithint

    CoP19 Doc. 44.2

    CP

    Tacú leis na dréachtchinntí toisc gur bailíodh a lán faisnéise thar na blianta agus gurbh úsáideach iad a chur le chéile.

    +

    45.

    Córas lipéadaithe le haghaidh trádáil i gcaibheár

    CoP19 Doc. 45

    BC

    Tacú leis na dréachtchinntí atá beartaithe agus le scriosadh chinneadh 18.146.

    A mholadh go mbunófaí meitheal idirsheisiúnach den Bhuanchoiste a bheidh in ann tús a chur lena cuid oibre nuair a bheidh anailís agus moltaí na Rúnaíochta ar fáil.

    +

    46.

    Trádáil i gcoiréalaigh chlochacha

    CoP19 Doc. 46

    an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

    Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit isteach.

    +

    47.

    Eiseamail a tháirgtear trí bhíthin na bith-theicneolaíochta

    CoP19 Doc. 47

    BC, Rún.

    Tacú leis na moltaí, ba cheart don chruinniú speisialaithe a bheith mar bhonn le soiléiriú a fhorbairt maidir le sainmhínithe agus saincheisteanna caomhnaithe a d’fhéadfadh an Mheitheal a úsáid níos déanaí. Ba cheart go mbeadh an cruinniú mar bhonn don mheitheal agus, dá bhrí sin, ní mór é a bheith ar siúl roimh ré.

    +

    48.

    Sainmhíniú ar an téarma “cinn scríbe iomchuí agus inghlactha

    CoP19 Doc. 48

    BC

    Tacú le formheas an dá threoirdhoiciméad neamhcheangailteach.

    Tacú leis an dréachtchinneadh in Iarscríbhinn 3, lena n-áirítear leasuithe ó Rúnaíocht CITES.

    +

    49.

    Tabhairt isteach ón bhfarraige

    CoP19 Doc. 49

    BC

    Tacú leis na cinntí atá molta.

    A chur in iúl gur cúis mhór imní don Aontas agus do na Ballstáit nach bhfuil forálacha CITES maidir le IFS agus trádáil eile ó réimsí lasmuigh de dhlínse náisiúnta na speiceas atá liostaithe in CITES á gcur chun feidhme.

    Cuireann an tAontas agus na Ballstáit i bhfios go láidir go bhfuil comhar éifeachtach idir CITES agus údaráis iascaigh riachtanach chun forálacha CITES maidir le speicis mhuirí a chur chun feidhme go rathúil.

    +

    50.

    Diúscairt na n-eiseamal arna gcoigistiú

    CoP19 Doc. 50

    BC

    Tacú leis na dréachtchinntí COP19 atá beartaithe mar a mhol BC74 agus tacú le scriosadh Chinntí 18.159 go 18.164.

    +

    51.

    Cuótaí le haghaidh trófaithe fiaigh liopard (Panthera pardus)

    CoP19 Doc. 51

    BC

    Tacú le leasú mhír 1 a) de Rún Comhdhála 10.14 (Rev. COP16). Leasú ar na cinntí arna moladh ag an Rúnaíocht a mholadh chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar na cuótaí onnmhairiúcháin (lena n-áirítear cuótaí fiaigh) ar bhonn rialta.

    (+)

    52.

    Eiseamail bheo a iompar:

    cur chun feidhme na rialachán iompair a fheabhsú

    CoP19 Doc. 52

    Ceanada, an Cósta Eabhair, an Chéinia, Meicsiceo, an Nigéir, an tSeineagáil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus leis na hathruithe ar na rúin, go háirithe maidir leis an rochtain ar Rialacháin IATA. Cuspóir an chéad (mhion)athraithe i Rún Comhdhála 10.21 a shoiléiriú (“gan beann ar an modh iompair” a chur isteach) agus breathnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar iompar nach aeriompar é. Sásta moltaí ó Pháirtithe nó ó gheallsealbhóirí ábhartha a phlé chun indéantacht na n-athruithe atá beartaithe a fheabhsú gan uaillmhian an togra a laghdú.

    +

    Díolúintí agus forálacha speisialta maidir leis an trádáil

     

     

     

    53.

    Athbhreithniú ar fhorálacha CITES a bhaineann le trádáil in eiseamail ainmhithe agus plandaí nach den fhiadhúlra iad

    CoP19 Doc. 53

    BC

    Tacú le leanúint leis an Meitheal Idirsheisiúnach toisc go bhfuil na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu casta agus nach raibh go leor ama ann chun na pointí go léir sa sainordú a phlé. Tá feabhsuithe móra ar an téacs de dhíth, go háirithe ar Iarscríbhinn I, chun go mbeidh an téacs níos soiléire agus níos dírithe, agus chun aghaidh a thabhairt freisin ar na hábhair imní a chuir Rúnaíocht CITES in iúl. I gcomhréir le seasamh na Rúnaíochta, a mholadh go gcuirfí glacadh na leasuithe ar Rún 10.16 go COP20 siar, ach go bhféadfaí iad a ghlacadh ag COP19 má chomhaontaítear feabhas substainteach.

    (–)

    54.

    Athbhreithniú ar fhorálacha Rún Comhdhála 17.7 maidir le hAthbhreithniú ar an trádáil in eiseamail ainmhithe a thuairiscítear a táirgeadh i mbraighdeanas.

    CoP19 Doc. 54

    Rún. thar ceann an Bhuanchoiste agus i gcomhairle le Cathaoirleach an Choiste um Ainmhithe

    Tacaíocht ghinearálta ach tá gá le hathruithe áirithe i bhfoclaíocht na leasuithe ar an Rún in Iarscríbhinn 1 agus na ndréachtchinntí, go háirithe chun toradh SC75 (13/11/2022) agus toradh na ceardlainne a tionóladh i mí an Mheithimh 2022 a léiriú. Tacú leis an dréachtchinneadh in Iarscríbhinn 2.

    (+)

    55.

    Clárú oibríochtaí lena ndéantar speicis ainmhithe i bhFoscríbhinn-I a phórú i mbraighdeanas chun críoch tráchtála.

    CoP19 Doc. 55

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Cur i gcoinne roinnt codanna den réasúnaíocht a chuirtear i láthair sa doiciméad agus i gcoinne cuid de na hathruithe atá beartaithe. Tacú go ginearálta leis an smaoineamh go bpoibleofaí ar shuíomh gréasáin CITES tráchtearraí a léirítear sa chlárú. Cuirtear i gcoinne an moladh go dteastaíonn clárú nua i gcás tráchtearraí breise. Oscailte do chur chuige eisiatach, i.e. an próiseas clárúcháin a leathnú chuig tráchtearraí a eisiatar go sainráite sa chlárú. Leis na leasuithe sin, féadfar glacadh leis an togra.

    (–)

    56.

    Treoir maidir leis an téarma “arna n-iomadú go saorga”

    CoP19 Doc. 56

    CP

    Tacú le glacadh na nDréachtchinntí in Iarscríbhinn 1. Ós rud é go raibh ceisteanna maidir le hagar-adhmad, úsáid chód foinse Y, agus saincheisteanna eile fós oscailte i bpróiseas dréachtaithe na Réamhthreorach, i gcoinne aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an sainordú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le lagú ar na caighdeáin reatha maidir leis an gcód foinseach “A”, “Y” agus leis an sainmhíniú ar phlandálacha.

    +

    57.

    Eiseamail a fhástar ó shíolta nó ó spóir a bailíodh as an bhfiadhúlra agus a mheastar a bheith arna n-iomadú go saorga

    CoP19 Doc. 57

    CP i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhuanchoiste

    Tacú le scriosadh Chinntí 18.179 - 18.181 toisc go bhfuil an obair curtha i gcrích.

    +

    Ábhair a bhaineann go sonrach le speicis

    58.

    Bultúir Iar-Afracacha (Accipitridae spp.)

    CoP19 Doc. 58

    BC i gcomhairle le Rún.

    Aontú le glacadh dhréacht-Chinntí 19.AA go 19.FF, dréachtchinntí a chuirfear in ionad Chinntí 18.186 go 18.192.

    +

    59.

    Trádáil neamhdhleathach i síotaí (Acinonyx jubatus)

    CoP19 Doc. 59

    an Aetóip

    Tacú leis na moltaí toisc gur bagairt phráinneach í an trádáil neamhdhleathach. A mholadh fospeiceas Iarthuaisceart na hAfraice agus na hIaráine a chur san áireamh i ngach gné den chomhrac i gcoinne na trádála neamhdhleathaí, a mhéid is ábhartha, agus sásra a chruthú le bheith mar bhonn eolas d’obair an Tascfhórsa um Chait Mhóra agus chun treisiú leis an obair sin. Ina theannta sin, ba cheart gurb é SC78 seachas SC77 a chuirfeadh moltaí faoi bhráid CoP20.

    (+)

    60.

    Amfaibiaigh (Amphibia spp.) a chaomhnú

    CoP19 Doc. 60

    CA

    Tacú leis na moltaí toisc nár bailíodh sonraí leordhóthanacha maidir le speicis amfaibiacha sa trádáil idirnáisiúnta.

    +

    61.

    Eascanna (Anguilla spp.)

    CoP19 Doc. 61

    BC i gcomhairle le Cathaoirleach an Choiste um Ainmhithe

    Tacú leis na moltaí ón mBuanchoiste go nglacfaí dréachtchinntí 19.AA go 19.DD arna gcur i láthair in Iarscríbhinn 1.

    +

    62.

    Tacsóin a tháirgeann agar-adhmad

    (Aquilaria spp. agus Gyrinops spp.)

     

     

     

     

    62.1

    Tuarascáil ón gCoiste um Plandaí

    CoP19 Doc. 62.1

    CP

    Tacú leis an dréacht-Chinneadh sa leagan leasaithe ón Rúnaíocht agus ansin amháin. Béim a leagan ar an ngá atá le faisnéis nua ó Doc. 62.2, an taighde atá beartaithe ann, agus an Doiciméad Faisnéise CoP19 Inf. 5 a chur san áireamh agus Rún 16.10 agus Rúin ábhartha eile á n-athbhreithniú. A chur in iúl go soiléir, áfach, nach mór gan Rún 10.13 maidir le Cur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le speicis crann ná Rúin fhéideartha eile a lagú maidir le sainmhínithe agus sonraíochtaí iomadaithe shaorga.

    (+)

     

    62.2

    An stair agus na dúshláin a bhaineann leis an agar-adhmad agus le CITES

    CoP19 Doc. 62.2

    Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

    Tacú le, nó barúil a thabhairt faoi a úsáidí atá an t-eolas a cuireadh i dtoll a chéile. A iarraidh gur cheart na torthaí a thiocfadh as an taighde atá beartaithe a chur san áireamh agus athbhreithniú ar bith á dhéanamh ar Rún. 16.10 i gcomhréir leis an Dréachtchinneadh in Doc. 62.1.

    (+)

    63.

    crainn Boswellia (Boswellia spp.)

    CoP19 Doc. 63

    CP

    Tacú leis. Cuireann na dréacht-Chinntí bealach chun cinn réasúnta ar fáil chun bearnaí eolais a dhúnadh agus le haghaidh moltaí le haghaidh liostú a d’fhéadfadh páirtithe a dhéanamh amach anseo.

    +

    64.

    Turtair mhara (Cheloniidae spp. agus Dermochelyidae spp.)

     

     

     

     

    64.1

    Tuarascáil ón Rúnaíocht agus ón mBuanchoiste

    CoP19 Doc. 64.1

    BC, Rún.

    Tacú leis an togra nua ón Rúnaíocht dréachtchinntí áirithe a chur san áireamh i rún nua maidir le turtair mhara mar a mholtar i ndoiciméad 64.2 agus cinneadh 18.217 (Rev. CoP19) a athnuachan. Tá dhá speiceas turtar mara i mbaol criticiúil, tá speiceas amháin i mbaol, agus is treocht daonra dhiúltach a thuartar i ngach measúnú de chuid IUCN. Tá gá le hiarrachtaí breise chun tuilleadh meatha agus an t-imeacht in éag a chosc. Tacú le cumasc le 64.2.

    (+)

     

    64.2

    Turtair mhara a chaomhnú

    CoP19 Doc. 64.2

    an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Peiriú agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis an rún nua le leasuithe arna moladh ag an Rúnaíocht. Tacú le cumasc le 64.1.

    (+)

    65.

    Siorcanna agus roic (Elasmobranchii spp.)

    CoP19 Doc. 65

    BC, CA, i gcomhairle le

    Rún. agus CA

    Tacú leis na moltaí ón mBuanchoiste agus ón gCoiste um Ainmhithe go nglacfaí dréachtchinntí 19.AA go 19.FF atá in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an doiciméad. Tá maoiniú fadtéarmach ríthábhachtach chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil le go ndéanfaí liostú na speiceas muirí a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin níor cheart an ghníomhaíocht i gCinneadh 19.BB1 a bheith faoi réir cistiú seachtrach a bheith ar fáil.

    +

    66.

    Eilifintí (Elephantidae spp.)

     

     

     

     

    66.1

    Cur chun feidhme Rún Comhdhála 10.10 (Rev. CoP18) maidir leis an Trádáil in eiseamail eilifinte

    CoP19 Doc. 66.1

    Rún. arna iarraidh sin ag BC

    Tacú leis an tacar cinntí in Iarscríbhinn 1 a bhaineann le dúnadh margaí eabhair intíre. Tacú le dréachtchinntí in Iarscríbhinn 2 a bhaineann le trádáil in eabhair mhamach, lena n-áirítear an t-athrú a mhol Rúnaíocht CITES. Tacú le dréachtchinntí in Iarscríbhinn 3 maidir le trádáil in eilifintí Áiseacha. Tacú le dréachtchinntí in Iarscríbhinn 4 a bhaineann leis an treoir phraiticiúil maidir le stoc-chairn eabhair.

    +

     

    66.2

    Stoc-chairn eabhair

     

     

     

     

     

    66.2.1

    Stoc-chairn eabhair:

    cur chun feidhme Rún Comhdhála 10.10 (Rev. CoP18) maidir leis an Trádáil in eiseamail eilifinte

    COP19 Doic. 66.2.1

    Beinin, Buircíne Fasó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Aetóip, an Ghabúin, an Chéinia,

    an Libéir, an Nígir, an tSeineagáil agus Tóga

    A aithint go bhfuil gá le tuairisciú cuí ach a chur in iúl go bhfuil sé ar aon intinn le tuairim na Rúnaíochta gur leordhóthanach é an tuairisciú ar stoc-chairn eabhair agus soláthar na tacaíochta teicniúla a bhaineann le bainistiú stoc-charn mar atá i mír 7 e) agus i mír 11 de Rún Comhdhála 10.10 (Rev. CoP18) maidir leis an Trádáil in eiseamail eilifinte, má chuireann na Páirtithe chun feidhme i gceart iad, agus gur leor na dréachtchinntí nua atá in Iarscríbhinn 4 de CoP19 Doic. 66.1.

    Cur i gcoinne dréachtchinneadh nua 19AA agus BB mar atá beartaithe, ach tacú leis an tacar cinntí leasaithe atá molta ag an Rúnaíocht.

    (–)

     

     

    66.2.2

    Ciste a bhunú a mbeidh rochtain ag Stáit raoin air ach a ndéanfaidh siad diúscairt neamhthráchtála ar na stoc-chairn eabhair

    COP19 Doic. 66.2.2

    an Chéinia

    Tacaíonn an tAontas go ginearálta le diúscairt neamhthráchtála eabhair ach measann sé gurb é ceart ceannasach gach Páirtí é a chinneadh an chaoi a mbainisteoidh siad a stoc-chairn, fad is a bhainistítear i gceart iad. Tá amhras ann an gá próiseas maoinithe institiúidithe, a thacaíonn le ceann amháin de na modhanna diúscartha le haghaidh aon chineál amháin, agus gan ach sin, de na cineálacha eiseamal a urghabhtar. Cur i gcoinne an togra mar atá sé, bheadh cur chuige comhpháirteach ó Stáit raoin uile eilifintí Afracacha níos iomchuí.

    (–)

     

    66.3

    Gnéithe de Rún Comhdhála 10.10 (Rev. CoP18). maidir le dúnadh margaí intíre eabhair a chur chun feidhme

    CoP19 Doc. 66.3

    Beinin, Buircíne Fasó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Aetóip, an Ghabúin, an Libéir,

    an Nígir, an tSeineagáil agus Tóga

    Tacaíonn an tAontas le dréachtchinneadh 19.AA, ach ceistíonn sé an gá atá leis na hathruithe a tugadh isteach i ndréachtchinneadh 19.BB agus 19.CC, toisc nach léir cén cineál eile faisnéise ábhartha atá ar fáil a bhfuiltear ag trácht air. Is féidir linn tacú le cinneadh 19.DD arna athbhreithniú ag an Rúnaíocht.

    (–)

     

    66.4

    Trádáil in eilifintí Afracacha beo

     

     

     

     

     

    66.4.1

    Trádáil idirnáisiúnta in eiseamail d'eilifintí Afracacha beo: Leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 10.10 (Rev. CoP18) maidir le Trádáil in eiseamail eilifinte

    COP19 Doic. 66.4.1

    Beinin, Buircíne Fasó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Aetóip, an Ghabúin, an Libéir, an Nígir,

    an tSeineagáil agus Tóga

    Comhfhreagraíonn cuspóir an doiciméid seo don chuspóir atá ag an Aontas (féach doic. 66.4.2), eadhon an trádáil in eilifintí beo a theorannú do chláir chaomhnúcháin in situ cé is moite d'eisceachtaí teoranta. Sásta an bealach chun cinn a phlé leis na moltóirí maidir leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Cur i gcoinne gnéithe éagsúla den togra áfach: ní mór teacht ar réiteach níos leithne maidir leis na gnéithe éagsúla sin (léirmhíniú ar nóta mínithe 2, rialacha sonracha a bhaineann le trádáil in eilifintí Afracacha beo ina meáitear aistrithe eisceachtúla ex situ chomh maith leis an treoir neamhcheangailteach maidir le “tithíocht agus cúram” chomh maith le “sochair chaomhnúcháin in situ”).

    (–)

     

     

    66.4.2

    An creat a shoiléiriú: Moladh ón Aontas Eorpach.

    COP19 Doic. 66.4.2

    an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

    Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit isteach.

    +

     

    66.5

    Tuarascáil ar an bhFaireachán ar Mharú Neamhdhleathach Eilifintí (MIKE)

    CoP19 Doc. 66.5

    Rún.

    Tugtar an tuarascáil ar aird.

     

     

    66.6

    Tuarascáil ar an gCóras Faisnéise um Thrádáil Eilifintí (ETIS)

    CoP19 Doc. 66.6

    Rún.

    Tugtar an tuarascáil ar aird.

     

     

    66.7

    Athbhreithniú ar phróiseas an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hEabhar

    CoP19 Doc. 66.7

    an Mhaláiv, an tSeineagáil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Ba cheart don Aontas tacú leis an bpróiseas athbhreithnithe ar choinníoll go mbeidh sé dírithe ar na saincheisteanna sonracha a sainaithníodh sa doiciméad, seachas ar an bpróiseas iomlán, agus gan an próiseas a lagú ar bhealach ar bith.

    (+)

    67.

    Tascfhórsa CITES um Chait Mhóra (Felidae spp.)

    CoP19 Doc. 67

    BC

    Tacú leis na dréachtchinntí atá beartaithe maidir le téarmaí tagartha athbhreithnithe agus modus operandi le haghaidh Thascfhórsa CITES um Chait Mhóra, mar a comhaontaíodh ag BC74, ainneoin go mb’fhéidir go mbeadh gá le modhnuithe áirithe ar aon dul le Doic. 59 agus 73.2, agus tacú le scriosadh Chinntí 18.245 agus 18.248

    +

    68.

    Cait mhóra Áiseacha (Felidae spp.)

    CoP19 Doc. 68

    Rún. i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhuanchoiste

    Tacaíocht ghinearálta don doiciméad. Molfar feabhsuithe ar chinneadh 19.AA chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise maidir le tionscadail taighde fhóiréinsigh, lena n-áirítear modhanna géiniteacha agus modhanna eile.

    +

    69.

    Capaill mhara (Hippocampus spp.)

     

     

     

     

    69.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste

    CoP19 Doc. 69.1

    BC

    Tacú leis na moltaí ón mBuanchoiste go nglacfaí na dréachtchinntí 19.AA go 19.CC atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad. Tacú go háirithe le ceardlann saineolaithe a eagrú chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú CITES maidir leis an trádáil in Hippocampus spp.

    +

     

    69.2

    Na chéad chéimeanna eile chun an liostú i bhFoscríbhinn-II le haghaidh capaill mhara a chur chun feidhme go rathúil

    CoP19 Doc. 69.2

    Oileáin Mhaildíve, Monacó, an Nigéir, Peiriú, an tSeineagáil, Srí Lanca, Tóga, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Moladh do na moltóirí féachaint leis an doiciméad a chumasc le 69.1. toisc go bhfuil cuspóirí comhchosúla ag an dá dhoiciméad. Ar na pointí tábhachtacha ba cheart a choinneáil tá capaill mhara a áireamh ag an gceardlann NDF atá beartaithe (69.2) agus ceardlann saineolaithe a eagrú chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú CITES maidir leis an trádáil in Hippocampus spp. (69.1).

    (+)

    70.

    Speicis crann rósadhmaid [Leguminosae (Fabaceae)]

    CoP19 Doc. 70

    CP

    Tacú leis na dréachtchinntí mar a comhaontaíodh iad ag an gCoiste um Plandaí maidir leis an speiceas Crann Rósadhmaid.

    +

    71.

    Pangailiní (Manis spp.)

     

     

     

     

    71.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste agus ón gCoiste um Ainmhithe

    CoP19 Doc. 71.1

    BC i gcomhairle le Cathaoirleach an Choiste um Ainmhithe

    Tacú leis na moltaí, ach d’fhéadfaí pointí breise a luadh i ndoic. 71.2 a chur leo.

    +

     

    71.2

    Leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 17.10

    CoP19 71.2

    Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

    Tacú leis na leasuithe atá beartaithe toisc go bhfuil gá le níos mó gníomhaíochta chun trádáil neamhdhleathach i bpangailiní a chosc. Tacú le téacs comhdhlúite 71.1 agus 71.2 arna moladh ag an Rúnaíocht.

    +

    72.

    Leoin Afracacha (Panthera leo)

    CoP19 Doc. 72

    Rún. i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhuanchoiste

    Tacú leis an moladh ón gCoiste um Ainmhithe maidir le tuilleadh obair idirsheisiúnach a dhéanamh i dtaca leis an leon Afracach (Panthera leo) agus maidir le Cinneadh nua a ghlacadh.

    +

    73.

    Iaguair (Panthera onca)

     

     

     

     

    73.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste

    CoP19 Doc. 73.1

    BC

    Tacú le scriosadh Chinntí 18.251 go 18.253 a mhol an Rúnaíocht, agus na dréachtchinntí maidir leis an iaguar in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad seo a ghlacadh.

    +

     

    73.2

    Leasuithe atá beartaithe ar na dréachtchinntí maidir leis an iaguar a comhaontaíodh ag BC74

    CoP19 Doc. 73.2

    Cósta Ríce, an tSalvadóir, Meicsiceo agus Peiriú

    Tacú leis na Dréachtchinntí i bprionsabal má scriostar 19.DD b) (iarrataí lena ndéantar measúnú ar an ngá atá le Rún sonrach maidir le iaguair nár thacaigh an tAontas leo ag CoP18). Sásra a chruthú le bheith mar bhonn eolas d’obair an Tascfhórsa um Chait Mhóra agus chun treisiú leis an obair sin.

    (+)

    74.

    Trádáil agus bainistiú caomhnúcháin na n-éan ceoil (Passeriformes spp.)

    CoP19 Doc. 74

    CA

    Tacú leis na moltaí ón gCoiste um Ainmhithe maidir le Cinntí 18.256 go 18.259 maidir le trádáil agus bainistiú caomhnúcháin na n-éan ceoil (Passeriformes spp.) a athnuachan de réir mar a bheidh maoiniú ar fáil.

    +

    75.

    Srónbheannaigh (Rhinocerotidae spp.)

    CoP19 Doc. 75

    BC, Rún.

    Tacú leis an doiciméad a d’ullmhaigh an Buanchoiste agus an Rúnaíocht agus leis na hathruithe ar Rúnaíocht agus leis na hathruithe ar Rún Comhdhála 9.14 (CoP17), chomh maith leis an tacar cinntí in Iarscríbhinn 3. A mheas ar cheart roinnt gnéithe de Chinneadh 18.110 a cuireadh faoi bhráid na bPáirtithe agus a mholtar a scriosadh a choinneáil i Rún 9.14 (CoP17) nó sna cinntí.

    +

    76.

    An t-antalóp saigeach (Saiga spp.)

    CoP19 Doc. 76

    BC.

    Tacú leis na cinntí a mhol an Coiste um Ainmhithe arna leasú ag an Rúnaíocht.

    +

    77.

    An sliogán banríona (Strombus gigas)

    CoP19 Doc. 77

    Rún.

    Tacú le dréachtchinntí 19.AA go 19.DD in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad seo agus tacú le scriosadh Chinntí 18.275 go 18.280, cé is moite de Chinneadh 18.278b, ar cheart é a choinneáil.

    (+)

    78.

    Toirtísí agus turtair fionnuisce (Testudines spp.)

    CoP19 Doc. 78

    Rún.

    Aontú gur cuireadh Cinntí 18.286 go 18.291 chun feidhme agus go bhféadfar iad a scriosadh. A mholadh go ndéanfar Cinneadh leantach lena n-iarrfar ar Mhadagascar straitéis chuimsitheach chaomhnúcháin a chur i láthair le haghaidh a chuid speiceas turtar atá faoi bhagairt.

    +

    79.

    Speicis crann Afracacha

    CoP19 Doc. 79

    CP

    Tacú leis. Is céim riachtanach é nuashonrú a dhéanamh ar liosta na speiceas crann Afracach agus ar na próisis CITES ghaolmhara atá san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad CP25 Doic. 28.

    +

    80.

    Éisc mhuirí ornáide

    CoP19 Doc. 80

    CA

    Tacú le glacadh dhréachtchinntí 19.AA go 19.BB in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad seo agus tacú le scriosadh Chinntí 18.263 go 18.265.

    +

    81.

    Speicis crann nuathrópaiceacha

    CoP19 Doc. 81

    CP

    Tacú leis. Is céim riachtanach é nuashonrú a dhéanamh ar liosta na speiceas crann nuathrópaiceach agus ar na próisis CITES ghaolmhara a chuimsítear san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad CP25 Doic. 29

    +

    82.

    Trádáil i speicis plandaí leighis agus aramatacha

    CoP19 Doc. 82

    CP

    Tacú leis, ach a iarraidh nár cheart aon Rún nua féideartha a theorannú do tháirgí leighis, ach gur cheart go gcuimseodh sé gach cineál táirge ina bhfuil eiseamail de speicis plandaí leighis agus aramatacha.

    +

    83.

    Speicis atá i mbaol imeacht in éag a shainaithint le haghaidh Páirtithe CITES

    CoP19 Doc. 83

    an Ghaimbia, an Libéir, an Nígir, an Nigéir agus an tSeineagáil

    Cur i gcoinne an dréachtrúin lena mbunaítear bunachar sonraí nua, ós rud é gur bonn leordhóthanach é Liosta Dearg IUCN atá ann cheana chun measúnú a dhéanamh. Cur i gcoinne na ndréachtchinntí in Iarscríbhinn 2 san fhoirm reatha freisin; a aithint, áfach, an gá atá ag roinnt stát raoin le cabhair theicniúil chun tograí maidir le liostú speiceas atá faoi bhagairt ag an trádáil idirnáisiúnta nach bhfuil liostaithe go fóill in Foscríbhinní CITES a fhorbairt.

    Na Foscríbhinní a Chothabháil

     

     

     

    84.

    Ainmníocht chaighdeánach

     

     

     

     

    84.1

    Tuarascáil ón gCoiste um Ainmhithe agus ón gCoiste um Plandaí

    CoP19 Doc. 84.1

    CA, CP, arna n-ullmhú ag a speisialtóirí ar ainmníocht

    Tacú le glacadh na gCinntí atá beartaithe agus le hathnuachan na gCinntí ó COP18 mar a leagtar amach i nDoic. 84.1 agus tacú le glacadh Rún Comhdhála 12.11 (Rev. COP18) arna athbhreithniú i ndáil le Flora agus Fauna araon.

    +

     

    84.2

    Ainmníocht chaighdeánach le haghaidh Dipteryx spp.

    CoP19 Doc. 84.2

    an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

    Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit isteach.

    +

     

    84.3

    Ainmníocht chaighdeánach le haghaidh Khaya spp.

    CoP19 Doc. 84.3

    an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

    Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit isteach.

    +

     

    84.4

    Ainmníocht chaighdeánach le haghaidh Rhodiola spp.

    CoP19 Doc. 84.4

    an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

    Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit isteach.

    +

    85.

    Nótaí mínithe

     

     

     

     

    85.1

    Tuarascáil ón mBuanchoiste

    CoP19 Doc. 85.1

    BC

    Tacú leis an doiciméad a thíolaic an Buanchoiste, agus tacú le hathbhunú na Meithle.

    +

     

    85.2

    Córas faisnéise maidir le trádáil in eiseamail de speicis crann atá liostaithe ag CITES

    CoP19 Doc. 85.2

    BC, Rún.

    Tacú leis, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach obair a rinneadh cheana a shainaithint agus cur léi, agus gan dúbláil ar an obair a rinne ITTO.

    +

     

    85.3

    Sásra athbhreithnithe neamhfhoirmiúil ar nótaí mínithe atá ann cheana agus ar nótaí mínithe atá beartaithe

    CoP19 Doc. 85.3

    Cathaoirleach an Bhuanchoiste i gcomhairle le Rún.

    Tacú leis an gcinneadh atá beartaithe maidir leis an sásra athbhreithnithe neamhfhoirmiúil le haghaidh nótaí mínithe atá ann cheana agus le haghaidh nótaí mínithe atá beartaithe.

    +

    86.

    Táirgí ina bhfuil eiseamail de mhagairlíní atá faoi Fhoscríbhinn-II

    CoP19 Doc. 86

    BC

    Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 18.327 go 18.330.

    +

    87.

    Leasuithe ar Rún Comhdhála 9.24 (Rev. CoP17)

     

     

     

     

    87.1

    Leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 9.24 (Rev. CoP17).

    CoP19 Doc. 87.1

    An Bhotsuáin, an Chambóid, Eswatini, an Namaib, an tSiombáib

    Cur i gcoinne athoscailt Rún 9.24. Sásta gnéithe áirithe den togra a phlé lasmuigh de raon feidhme Rún 9.24.

     

    87.2

    Speicis uisceacha atá liostaithe i bhFoscríbhinní CITES:

    moltaí le haghaidh cur chuige nua maidir le siorcanna agus roic a liostú

    CoP19 Doc. 87.2

    an tSeineagáil

    Tagraíonn an fonóta maidir le “Cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar “meath” maidir le speicis uisceacha a ndéantar saothrú tráchtála orthu atá in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24 (rev CoP17) do “speicis uisceacha a shaothraítear ar bhonn tráchtála”, ar léiriú míshoiléir é as a n-eascraíonn míthuiscintí. Aontaíonn an tAontas go gcaithfear an fonóta a athbhreithniú agus gur féidir leis tacú le meitheal le linn seisiúin a bhunú, nó le próiseas idirsheisiúnach chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun cinn do gach tacsa uisceach le rátaí fáis malla agus aschur íseal atáirgthe (ní hamháin i gcás siorcanna agus roic).

    (+)

    88.

    Forchoimeádais a cuireadh isteach tar éis an 18ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe

    CoP19 Doc. 88

    Rún.

    Tacú leis na tograí ón Rúnaíocht maidir le mír nua 1 h) i Rún 11.21 (Rev. CoP18) chomh maith le mír nua 2f) i Rún 4.6 (Rev. CoP18), mar rogha mhalartach ar thograí téacsúla an Aontais maidir leis an tsaincheist chéanna i nDoic. 66.4, mír 14, ós rud é go bhfuil an intinn chéanna agus an aidhm chéanna ag tograí na Rúnaíochta.

    Réamhthacaíocht do ghlacadh na leasuithe eile atá beartaithe ag an Rúnaíocht ar Rún Comhdhála 11.21, Rún Comhdhála 4.6 (Rev. CoP18) agus Rún Comhdhála 4.25 (Rev. CoP 18), ach mar sin féin, d’fhéadfaí roinnt athruithe ar an téacs a mholadh chun feabhas a chur ar an téacs, go háirithe chun cás na liostaí scoilte i Rún Comhdhála 4.25 (Rev. CoP18) a chumhdach; forálacha Rún Comhdhála 4.25 (Rev. CoP18) a chur chun feidhme maidir le plandaí freisin, agus a chinntiú go gcuirtear san áireamh sna hathruithe atá beartaithe maidir le Rún Comhdhála 4.6 (Rev. CoP18) an nasc atá idir na próisis maidir le rúin a leasú agus na nótaí mínithe ina dtagraítear dóibh a leasú.

    (+)

    Moltaí i leith na Foscríbhinní a leasú

    89.

    Moltaí i leith Foscríbhinní I agus II a leasú

     

    Tugtar aghaidh ar mholtaí le haghaidh liostú i gCuid 2 den doiciméad seo, thíos.

     

     

    89.1

    Measúnú na Rúnaíochta ar na moltaí i leith Foscríbhinní I agus II a leasú

    CoP19 Doc. 89.1

     

     

     

     

    89.2

    Barúlacha ó na Páirtithe

    CoP19 Doc. 89.2

    Rún.

     

     

     

    89.3

    Barúlacha ó na comhairlithe reachtúla

    CoP19 Doc. 89.3

     

     

     

    Clabhsúr an chruinnithe

    90.

    Am agus ionad an chéad ghnáthchruinnithe eile de Chomhdháil na bPáirtithe a shocrú

     

    Gan doiciméad

     

    91.

    Focal scoir (Breathnóirí, Páirtithe, Ard-Rúnaí CITES, Rialtas Óstach)

     

    Gan doiciméad

     

    2.    MOLTAÍ LE HAGHAIDH LIOSTÚ

    Uimhir

    Tacsón / Mionsonraí

    Moladh

    Moltóir

    Nótaí tráchta

    Seasamh

    FAUNA – MAMMALIA

    1.

    Hippopotamus amphibious (Dobhareach)

    II – I

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    Beinin, Buircíne Fasó, Poblacht na hAfraice Láir, an Ghabúin, an Ghuine, an Libéir, Mailí, an Nígir, an tSeineagáil, Tóga

    Cur i gcoinne. Ní chomhlíonann an daonra na critéir liostaithe faoi Fhoscríbhinn I.

    An gá atá le caomhnú feabhsaithe na speiceas i réigiúin áirithe a aithint agus a bheith toilteanach plé a dhéanamh ar an mbealach chun cinn laistigh de liostú Fhoscríbhinn II.

    2.

    Ceratotherium simum simum (an srónbheannach bán deisceartach) (daonra na Namaibe)

    I – II

    Daonra na Namaibe a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II leis an nóta mínithe seo a leanas:

    Ionas go bhféadfar trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh sna nithe seo a leanas, agus chun na críche sin amháin:

    (a)

    ainmhithe beo le haghaidh caomhnú in situ amháin; agus

    (b)

    trófaithe fiaigh.

    Measfar na heiseamail eile go léir a bheith ina n-eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil.

    An Bhotsuáin, an Namaib

    Is cosúil go gcomhlíontar na critéir bhitheolaíocha le haghaidh íos-athaicmiú. Is ábhar imní, áfach, iad sonraí maidir le hatáirgeadh agus struchtúr an daonra, chomh maith le méid éifeachtach an daonra agus ilroinnt an daonra. Dá bhrí sin, ní féidir tacú ach le haistriú chuig Foscríbhinn II i gcás ainmhithe beo chun críoch caomhnaithe in situ agus chuig láithreáin laistigh de raon nádúrtha agus stairiúil na speiceas san Afraic. Ní féidir tacú le haistriú chuig Foscríbhinn II chun trádáil i dtrófaithe fiaigh a cheadú, ar chúiseanna réamhchúraim, toisc go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil adharca srónbheannaigh de thionscnamh trófaithe fiaigh ag dul isteach i dtrádáil neamhdhleathach, agus dá ndéanfaí iad a liostú i bhFoscríbhinn II gur lú an grinnscrúdú a dhéanfadh Páirtithe allmhairiúcháin ar thrófaithe fiaigh.

    (-)

    3.

    Ceratotherium simum simum (an srónbheannach bán deisceartach) (daonra Eswatini)

    An nóta mínithe a scriosadh atá i liosta Fhoscríbhinn II faoi láthair maidir le daonra Eswatini

    Eswatini

    Cur i gcoinne. Comhlíonann an daonra fós critéir lena liostú Fhoscríbhinn II, ach dá mba rud é go scriosfaí an nóta mínithe mar atá molta, ní chomhlíonfaí na coimircí réamhchúraim a leagtar amach i Mír A. 2. a) in Iarscríbhinn 4 de Rún Comhdhála 9.24. Dá mba rud é go ndéanfaí an trádáil adharc srónbheannach a atosú, thabharfadh sé sin comhartha a bheadh mícheart an tráth seo a bhfuil ardleibhéal póitseála agus trádála neamhdhleathaí ann. Bhainfeadh sé an bonn freisin ó ghníomhaíochtaí a lán Páirtithe chun an t-éileamh ar an speiceas sin a laghdú.

    4.

    Loxodontaafricana (An eilifint Afracach) (daonraí na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe)

    Leasú a dhéanamh ar Nóta Mínithe 2 a bhaineann le daonraí na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe

    Léirítear na leasuithe atá beartaithe le tréstríoc:

    Ionas go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin:

    (a)

    trádáil i dtrófaithe fiaigh chun críoch neamhthráchtála

    (b)

    trádáil in ainmhithe beo go cinn scríbe iomchuí inghlactha, mar atá sainithe i Rún Comhdhála 11.20 (Rev. CoP17), i gcás na Botsuáine agus na Siombáibe agus ar mhaithe le cláir caomhnaithe in situ i gcás na Namaibe agus na hAfraice Theas;

    (c)

    trádáil i seithí;

    d)

    trádáil i bhfionnadh;

    (e)

    trádáil in earraí leathair chun críoch trádála nó neamhthrádála i gcás na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe ;

    (f)

    trádáil in ekipa-anna atá marcáilte agus deimhnithe ina gceann agus ina gceann agus atá ionchorpraithe i seodra críochnaithe chun críoch neamhthrádála i gcás na Namaibe agus snoiteáin eabhair chun críoch neamhthrádála i gcás na Siombáibe;

    (g)

    trádáil in amh-eabhar cláraithe (starrfhiacla iomlána agus píosaí díobh, i gcás na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe) faoi réir an mhéid seo a leanas:

    (i)

    stoic ar leis an rialtas iad agus atá cláraithe, agus ar de thionscnamh an Stáit iad (cé is moite den eabhar a urghabhtar agus den eabhar nach eol cad as é) agus na stoic sin amháin;

    (ii)

    trádáil le comhpháirtithe trádála a bhfuil sé deimhnithe ina leith ag an Rúnaíocht, i gcomhairle leis an mBuanchoiste, gur leor an reachtaíocht náisiúnta agus na rialuithe trádála intíre atá acu lena chinntiú nach ndéanfar athonnmhairiú ar an eabhar allmhairithe, agus go mbainisteofar é i gcomhréir le gach ceanglas de Rún Comhdhála 10.10 (Rev. COP17) maidir le monaraíocht agus trádáil intíre, agus chuig an comhpháirtithe sin amháin;

    (iii)

    ní dhéanfar an trádáil gan fíorú ón Rúnaíocht a bheith faighte ag na tíortha allmhairithe ionchasacha agus ag na stoic ar leis an rialtas iad agus atá cláraithe;

    (iv)

    ní úsáidfear na fáltais ón trádáil ach ar mhaithe le caomhnú eilifintí agus ar mhaithe le cláir caomhnaithe agus forbraíochta pobail laistigh de raon na n-eilifintí nó in aice leis, agus ar mhaithe leis na nithe sin amháin; agus

    Má mholann an Rúnaíocht é, féadfaidh an Buanchoiste a chinneadh go gcuirfear faoi deara go scoirfear den trádáil sin go páirteach nó go hiomlán i gcás neamhchomhlíonadh ag tíortha is onnmhaireoirí nó ag tíortha is allmhaireoirí nó i gcás ina gcruthaítear go bhfuil tionchair dhíobhálacha ag an trádáil ar dhaonraí eile eilifintí.

    Measfar na heiseamail eile go léir a bheith ina n-eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil.

    an tSiombáib

    Cur ina choinne agus é sa staid ina bhfuil sé, ós rud é go n-osclófaí trádáil idirnáisiúnta in eabhar mar thoradh ar an athrú a iarrtar, agus, dá bhrí sin, nach n-urramaíonn sé na bearta réamhchúraim in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24. Dá dtiocfaí ar chomhaontú ag COP19 maidir leis na héifeachtaí a bheadh ag forchoimeádas maidir le hathruithe ar nóta mínithe (d’fhanfadh an nóta mínithe a bhí ann i bhfeidhm), agus go dteorannófaí na hathruithe a dhéanfaí ar an nóta mínithe do scriosadh codanna iomarcacha ar an díolachán aonuaire a rinneadh agus/nó do scriosadh na tagartha don rún ar bhealach a bheadh i gcomhréir le doiciméad AE 66.4.2 atá beartaithe, d’fhéadfadh an tAontas vóta a chaitheamh i bhfabhar athrú.

    (–)

    5.

    Loxodontaafricana (An eilifint Afracach) (daonraí na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe)

    II – I

    Daonraí na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe a aistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    Buircíne Fasó, an Ghuine Mheánchiorclach, Mailí, an tSeineagáil

    Ní chomhlíonann na ceithre dhaonra sin na critéir maidir le liostú i bhFoscríbhinn I.

    6.

    Cynomys mexicanus (an marmat machaire Meicsiceach)

    I – II

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

    Meicsiceo

    Ní chomhlíontar a thuilleadh na critéir maidir le liostú i bhFoscríbhinn I. Ó liostaíodh an speiceas i bhFoscríbhinn I CITES in 1975, níor taifeadadh ach dhá idirbheart trádála idirnáisiúnta (agus bhain an dá idirbheart sin le samplaí chun críoch eolaíoch). Thuairiscigh Údarás um Fhorfheidhmiú an Dlí Mheicsiceo (PROFEPA) gur urghabhadh naoi n-eiseamal ó 2013 go 2019, ar an leibhéal náisiúnta. Níl aon taifead oifigiúil ann maidir le díol eiseamal den speiceas seo, ná níl margadh náisiúnta ná idirnáisiúnta ann a chuireann a ndaonraí fiáine i mbaol.

    +

    FAUNA – AVES

    7.

    Branta canadensis leucopareia (gé ghogalaí Ailiúit)

    I – II

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis an moladh. Tá téarnamh maith déanta ag daonra an fhospeicis seo ón uair a bhí sé ar tí imeacht in éag sna 1960idí go dtí an lá inniu tráth a bhfuil 162 000 de dhaonra ann a bhainistítear go maith trí fhiach rialáilte. Ní thuairiscítear aon trádáil neamhdhleathach.

    +

    8.

    Kittacinclamalabarica (an seáma bánphrompach)

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Mhalaeisia, Singeapór

    Tacú leis an moladh, ós rud é go gcomhlíonann an speiceas critéir liostaithe Fhoscríbhinn II. Mar gheall ar a chumas cantana, tá an speiceas seo ar cheann de na speicis is luachmhaire i dtrádáil éan cliabháin Oirdheisceart na hÁise agus baineann sé leis na speicis is mó úsáid i gcomórtais cantana.

    +

    9.

    Pycnonotus zeylanicus (an bulbal ceannbhuí)

    II – I

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    An Mhalaeisia, Singeapór, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis an moladh. Comhlíonann an speiceas seo na critéir bhitheolaíocha in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24 (Rev. COP17).

    +

    10.

    Phoebastria albatrus (an t-albatras earrghearr)

    I – II

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis an moladh ós rud é nach bhfuil an trádáil idirnáisiúnta ina bagairt a thuilleadh agus nach bhfuil éileamh mór ar na speicis a thuilleadh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an daonra fós an-bheag agus leochaileach, ba cheart na Stáit Aontaithe agus stáit raoin eile a spreagadh chun a áirithiú go ndéanfar bearta caomhnúcháin iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an daonra cobhsaí agus ag dul i méid.

    +

    FAUNA – REPTILIA

    11.

    Caiman latirostris (an cadhman srónleathan) (daonra na Brasaíle)

    I – II

    Daonra na Brasaíle a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

    an Bhrasaíl

    Tacú leis, toisc go bhfuil an speiceas forleathan agus flúirseach in go leor áiteanna ó na 1990í agus nach bhfuil aon riosca díothaithe sa todhchaí intuartha. Comhlíontar na bearta réamhchúraim de réir Iarscríbhinn 4, mhír A 2 a ii), a ghabhann le Rún 9.24 (rev.) agus ní bheadh údar leis na bearta sin a choinneáil i bhFoscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal II mír 1 den Choinbhinsiún.

    +

    12.

    Crocodylusporosus (an crogall sáile) (daonra Oileáin Palawan (na hOileáin Fhilipíneacha))

    I – II

    Daonra Oileáin Palawan (na hOileáin Fhilipíneacha) a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II agus cuóta nialais leis sin le haghaidh onnmhairiú eiseamal fiáin

    na hOileáin Fhilipíneacha

    Tacú leis, ós rud é nach bhfuil an speiceas faoi bhagairt go háitiúil ná fud an domhain agus go bhforáiltear do bheart réamhchúraim sa chuóta nialais onnmhairiúcháin d’eiseamail fhiáine i gcomhréir le hIarscríbhinn 4, mír A 2 a iii), a ghabhann le Rún 9.24 (rev.).

    +

    13.

    Crocodylussiamensis (an crogall Siamach) (daonra na Téalainne)

    I – II

    Daonra na Téalainne a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II agus cuóta nialasach leis sin le haghaidh eiseamail fhiáine

    an Téalainn

    Cur i gcoinne, toisc go bhfuil an daonra fiáin fós an-bheag agus go bhfuil sé faoi bhagairt a dhíothaithe. Tá na critéir bhitheolaíocha maidir le liostú Fhoscríbhinn I fós á gcomhlíonadh.

    14.

    Physignathus cocincinus (dragan uisce Síneach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An tAontas Eorpach, Vítneam

    Moladh ón Aontas

    +

    15.

    Cyrtodactylus jeyporensis (geiceo cnoic Patinghe)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An India

    Tacú leis, toisc go gcomhlíontar critéir Fhoscríbhinn II. Tá an speiceas teoranta do líon beag áiteanna agus is dócha go bhfuil méid beag daonra ann. Níl an speiceas faoi bhagairt a dhíothaithe faoi láthair, ach i ndáil le méid an daonra, tá an t-éileamh ar thrádáil ard go leor chun bagairt ar mharthanas an speicis a léiriú.

    +

    16.

    Tarentola chazaliae (an geiceo clogadcheannach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Mháratáin, an tSeineagáil

    Déantar líon ard den speiceas a thrádáil ó am go chéile ar a laghad, rud a d’fhéadfadh an daonra áitiúil agus leanúnachas an raoin a chur i mbaol. Is gá trádáil faoi Fhoscríbhinn II a rialáil chun cosc a chur ar thrádáil dhíobhálach a d’fhéadfadh an speiceas a chur i mbaol.

    +

    17.

    Phrynosoma platyrhinos (an laghairt adharcach ghaineamhlaigh)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Cur i gcoinne, toisc nach bhfuil na critéir á gcomhlíonadh. Tháinig laghdú ar leibhéil trádála le blianta beaga anuas agus ní léir go bhfuil meath ar an daonra a d’fhéadfadh an speiceas a chur i mbaol amach anseo.

    18.

    Phrynosoma spp. (laghairteanna adharcacha)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Meicsiceo

    Ní féidir tacú leis an moladh mar atá sé ach is féidir breithniú ar speicis áirithe a chomhlíonann na critéir a liostú.

    (–)

    19.

    Tiliqua adelaidensis (an mhionlaghairt ghormtheangach)

    0 – I

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

    an Astráil

    Tacú leis. Comhlíonann an speiceas roinnt critéir liostaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 1, míreanna B agus C.

    +

    20.

    Epicrates inornatus (an bua Pórtó Ríceach)

    I – II

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tacú leis an moladh. Níl an speiceas seo faoi bhagairt níos mó agus tá éileamh íseal ann. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I a thuilleadh.

    +

    21.

    Crotalus horridus (an nathair shligreach feá)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Cur i gcoinne, toisc go bhfuil an trádáil idirnáisiúnta chomh híseal sin nach féidir léi an speiceas coitianta agus forleathan sin a chur i mbaol agus nach gcomhlíontar na critéir liostaithe.

    22.

    Chelus fimbriata agus C. orinocensis (an matamata Amasónach agus an matamata Oranócóch)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Peiriú

    Cuirtear sonraí neamhréireacha i láthair sa mholadh maidir le foinse na n-eiseamal sa trádáil dhleathach agus neamhdhleathach agus tá easpa sonraí ann maidir le daonraí reatha. Ina fhoirm reatha, ní léiríonn an moladh go bhfuil an speiceas faoi bhagairt, ná go bhfuil tionchar díobhálach ag an trádáil ar a mharthanas. D’fhéadfaí tacú leis an moladh dá gcuirfeadh na moltóirí fianaise ar fáil gur den fhiadhúlra na heiseamail a trádáladh go neamhdhleathach agus/nó go ndéantar eiseamail a tógadh go neamhdhleathach ar rainsí a chur isteach sna feirmeacha pórúcháin trí sciúradh fiadhúlra, agus nach féidir é sin a chosc gan an speiceas a liostú i bhFoscríbhinn II. Cuirfear bailchríoch ar sheasamh an Aontais nuair a gheofar faisnéis bhreise ó Pheiriú.

    (+)

    23.

    Macrochelys temminckii agus Chelydra serpentine (an turtar sclamhach ailigéadair agus an turtar sclamhach coiteann)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Cur i gcoinne an togra mar a tíolacadh é ach tacú le cuimsiú Macrochelys temminckii amháin i bhFoscríbhinn II. Ní éascódh liostú Chelydra serpentina i gcomhréir le hAirteagal II 2 rialú éifeachtach na trádála i Macrochelys temminckii, bheadh ina chúis le saincheisteanna cosúlachta maidir le Chelydra rossingnonii agus C. acutirostris agus mhéadódh sé ar an mbrú trádála ar na speicis leochaileacha seo.

    (–)

    24.

    Graptemys barbouri, G. ernsti, G. gibbonsi, G. pearlensis agus G. pulchra (turtar mapa Barbour, turtar mapa Escambia, turtar mapa Pascagoula, turtar mapa Pearl River, turtar mapa Alabama)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Tá trádáil idirnáisiúnta i ngach ceann de na cúig speiceas chomh híseal sin, agus ní dhéantar (beagnach) ach i bhfoinse C amháin í, nach bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar diúltach aici orthu. Níl critéir Fhoscríbhinn II comhlíonta. Cé go léirítear go bhfuil tionchar ag bagairtí iomadúla ar gach speiceas, níl aon léiriú ann go bhfuil trádáil ina measc.

    (–)

    25.

    Batagur kachuga (an turtar díonbhlaoscach deargchorónach)

    II – I

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    An India

    Tacú leis an moladh. Comhlíonann an speiceas critéir liostaithe Fhoscríbhinn I go soiléir. Tá speicis faoi bhagairt agus tá sé deacair an ghnáthóg nádúrtha a chosaint.

    +

    26.

    Cuora galbinifrons (turtar boscach Ind-Síneach)

    I – II

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    An tAontas Eorpach, Vítneam

    Moladh ón Aontas

    +

    27.

    Rhinoclemmys spp. (Turtair choille nuathrópaiceacha)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Panama

    Is cosúil nach ndéantar trádáil ar líon a bheadh ábhartha don chaomhnú ach amháin i gcás Rhinoclemmys pulcherrima agus R. punctularia ach ní cheadaíonn an príomh-onnmhaireoir, Nicearagua, ach trádáil in eiseamail a phóraítear i mbraighdeanas agus níl aon fhianaise ann maidir le neamhchomhlíonadh a bhaineann le caomhnú. Is féidir le gach speiceas a aithint de réir a gceann, muineál agus dath a mblaoscanna. Dá réir sin, is cosúil nach gcomhlíontar Airteagal II 2 a nó b i gcás gach speicis agus ní thacófar leis an moladh mar a cuireadh isteach é, ach d’fhéadfaí tacú le moladh laghdaithe a bhreithniú.

    (–)

    28.

    Claudius angustatus (an musc-thurtar caolcholbhach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Meicsiceo

    Tacú leis an moladh. Comhlíontar critéar B d’Iarscríbhinn 2a toisc gur dócha go bhfuil méid atá ábhartha maidir le caomhnú ag baint leis an mbuaint dhleathach agus neamhdhleathach ón dúlra fiáin.

    +

    29.

    Kinosternon spp. (turtair láibe)

    0 – I

    0 – II

    Kinosternon cora agus K. vogti a chuimsiú i bhFoscríbhinn I agus gach speiceas eile de Kinosternon spp. a chuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, an tSalvadóir Meicsiceo, Panama, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    D’fhéadfadh an tAontas tacú le moladh níos cúinge dá gcinnfeadh na moltóirí é a theorannú do na speicis sin ar féidir a léiriú go gcomhlíonann siad na critéir liostaithe, go háirithe go ndéantar na speicis sin a thrádáil go mór. Is cosúil go gcáilíonn K. cora agus K. vogti lena liostú i bhFoscríbhinn I; is cosúil go bhfuil speicis bhreise den ghéineas incháilithe lena liostú i bhFoscríbhinn II, ach níl go leor speiceas faoi bhagairt ná ní thuairiscítear trádáil ina leith.

    (–)

    30.

    Staurotypus salvinii agus S. triporcatus (an t-oll-mhusc-thurtar Meicsiceach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFos críbhinn II

    An tSalvadóir, Meicsiceo

    Tacú leis. Tá údar le Staurotypus triporcatus a liostú, toisc go bhfuil éileamh ard ar a thrádáil. Níl sé soiléir an gcomhlíonann Staurotypus salvinii na critéir bhitheolaíocha d’Fhoscríbhinn II, ach tá sé deacair é a idirdhealú ó Staurotypus triporcatus, agus is dócha nach ndéantar idirdhealú agus iad á dtrádáil, mar sin is dóichí go gcomhlíonann sé fós an critéar cosúlachta atá i Rún 9.24 (critéar A d’Iarscríbhinn 2 b).

    +

    31.

    Sternotherus spp. (an musc-thurtar)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Is fearr a chomhlíonfadh Sternotherus depressus na critéir lena n-áireamh i bhFoscríbhinn I ná i bhFoscríbhinn II. Is é S. intermedius an t-aon comhaicmeach amháin a bhfuil aon chosúlacht aige le S. depressus, ach is annamh a dhéantar an speiceas a thrádáil agus ní éascódh sé sciúradh fiadhúlra ábhartha. Déantar líon ard speicis eile a shaothrú agus a thrádáil, ach gan aon fhianaise gur bagairt é sin. Cé nach gcomhlíonann an moladh na critéir liostaithe ina n-iomláine, is féidir tacaíocht do mholadh laghdaithe, go háirithe cuimsiú S. depressus i bhFoscríbhinn II, a bhreithniú.

    (+)

    32.

    Apalone spp. (an turtar blaoscbhog)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II (ach amháin na fospeicis atá i bhFoscríbhinn I)

    Stáit Aontaithe Mheiriceá

    D’fhéadfaí critéar B d’Iarscríbhinn 2a a bheith á chomhlíonadh, ach tá easpa sonraí ábhartha ann maidir leis an daonra, rud a fhágann go bhfuil sé deacair tionchar na trádála ar dhaonraí fiáine a mheas. Is beag fianaise atá ann de phóitseáil Apalone spp. fiáine. Bunaithe ar éileamh an-ard, ba cheart bearta réamhchúraim a chur i bhfeidhm agus ba cheart tacú leis an moladh.

    +

    33.

    Nilssonia leithii (Turtar blaoscbhog Leith)

    II – I

    Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

    An India

    Tacú leis an moladh toisc go gcomhlíontar critéir maidir le liostú i bhFoscríbhinn I. Is cosúil go bhfuil an dianlaghdú daonra (níos mó ná 90 % le 30 bliain anuas) fós ag dul ar aghaidh. Ceann de na príomhbhagairtí is ea an t-éileamh ar bhia agus ar leigheas traidisiúnta na hÁise.

    +

    FAUNA — AMPHIBIA

    34.

    Centrolenidae spp. (froganna gloine)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Airgintín, an Bhrasaíl, Cósta Ríce, an Cósta Eabhair, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, an tSalvadóir, an Ghabúin, an Ghuine, an Nígir, Panama, Peiriú, Tóga, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Is léir nach gcomhlíonann an fhine ar fad lena 158 speiceas an critéar liostaithe le haghaidh liostú i bhFoscríbhinn II. Ós rud é nach gcomhlíontar na critéir liostaithe, níor cheart tacú leis an moladh.

    (–)

    35.

    Agalychnis lemur (an frog duille léamair)

    0 – II

    É a chuimsiú i bhFoscríbhinn II agus cuóta nialais leis sin le haghaidh onnmhairiú bliantúil eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála.

    an Cholóim, Cósta Ríce, an tAontas Eorpach, Panama

    Moladh ón Aontas

    +

    36.

    Laotriton laoensis (niút faithneach Laos)

    0 – II

    É a chuimsiú i bhFoscríbhinn II agus cuóta nialais leis le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála.

    An tAontas Eorpach

    Moladh ón Aontas

    +

    FAUNA – ELASMOBRANCHII (Siorcanna)

    37.

    Carcharhinidae spp. (An siorc sceire liath, an siorc breacdhorcha, an siorc beag-eireaballach, an siorc Gainséiseach, an siorc guaire, an siorc Boirneoch, an siorc Podaiseireach, an siorc rinndubh mínfhiaclach, an siorc buí géarfhiaclach, siorc sceireacha Mhuir Chairib, an siorc duircshrónach, an siorc oíche, an siorc bánsrónach, an siorc dubhsrónach, an siorc bánleicneach, an siorc caillte, siorc beageireaballach an Aigéin Chiúin, siorc leathan-eiteach Bhoirneo, an siorc leathan-eiteach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Bhanglaidéis an Cholóim, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, an tSalvadóir, an tAontas Eorpach, an Ghabúin, Iosrael, Oileáin Mhaildíve, Panama, an tSeineagáil, na Séiséil, Srí Lanca, Poblacht Arabach na Siria, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

    Arna chomh-mholadh ag an Aontas Eorpach

    +

    38.

    Sphyrnidae spp. (an siorc ceann casúir)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An Bhrasaíl, an Cholóim, Eacuadór, an tAontas Eorpach, Panama

    Moladh ón Aontas

    +

    39.

    Potamotrygon albimaculata, P. henlei, P. jabuti, P. leopoldi, P. marquesi, P. signata agus P. wallacei (roc fionnuisce an gha nimhe Tapajós, roc mórfhiaclach abhann an gha nimhe, roc péarlach fionnuisce an gha nimhe, roc balscóideach bán abhann an gha nimhe, roc an gha nimhe Marques, roc abhann an gha nimhe, roc cururu an gha nimhe)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    an Bhrasaíl

    Níl sé soiléir an gcomhlíonann gach speiceas na critéir liostaithe, ná an mbeadh an liostú ina chabhair chun dul i ngleic le trádáil neamhdhleathach. Tá cur i bhfeidhm na gcritéar cosúlachta neamhréireach.

    (–)

    40.

    Rhinobatidae spp. (An giotáriasc)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    Iosrael, an Chéinia, Panama, an tSeineagáil

    Tacú leis, toisc go bhfuil formhór na speiceas i mbaol agus faoi réir dianbhrú iascaireachta. Ní hamháin go n-áiritheodh liostú i bhFoscríbhinn II go mbeadh trádáil idirnáisiúnta neamhdhíobhálach do mharthanas na speiceas seo, ach freisin d'fhágfadh an liostú sin go bhféadfaí sonraí trádála níos fearr a bhailiú. D’fhéadfadh roinnt speiceas a bheith incháilithe lena gcuimsiú i bhFoscríbhinn I amach anseo mura rialáiltear an trádáil.

    +

    41.

    Hypancistrus zebra (an pleiceo séabrúil)

    0 – I

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

    an Bhrasaíl

    Níor cheart tacú leis an moladh ina fhoirm reatha. Mar sin féin, d’fhéadfadh an tAontas tacú le moladh maidir le liostú i bhFoscríbhinn II. D’fhéadfadh sé go gcomhlíontar na critéir bhitheolaíocha le haghaidh Fhoscríbhinn I i gcás an speicis, ach, cé gur cosúil gurb ann do thrádáil neamhdhleathach ón mBrasaíl, níl sé soiléir conas a théann an trádáil seo i gcion ar dhaonraí fiáine.

    (–)

    FAUNA – HOLOTHUROIDEA

    42.

    Thelenota spp. (an súmaire cladaigh anannúil, an t-ollsúmaire cladaigh, an súmaire cladaigh deargstríocach)

    0 – II

    Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

    An tAontas Eorpach, na Séiséil, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Moladh ón Aontas

    +

    FLORA (PLANDAÍ)

    43.

    Apocynaceae, Cactaceae, Cycadaceae, Dicksoniaceae, Euphorbiaceae, Gnetaceae, Liliaceae, Magnoliaceae, Nepenthaceae, Orchidaceae, Papaveraceae, Podocarpaceae, Sarraceniaceae, Trochodendraceae, Zamiaceae, Zingiberaceae

    Speicis flóra le nóta mínithe #1, #4, #14 agus speicis Orchidaceae spp. (magairlíní) atá liostaithe i bhFoscríbhinn-I

    Nóta mínithe #1 a leasú mar seo a leanas: Gach cuid agus gach díorthach, seachas: […] b) saothráin síolóige nó fíocháin a fhaightear in vitro, agus iad á n-iompar in umair steiriúla;

    Nóta mínithe #4 a leasú mar seo a leanas: Gach cuid agus gach díorthach, seachas: […] b) saothráin síolóige nó fíocháin a fhaightear in vitro, i solaid nó, agus iad á n-iompar in umair steiriúla;

    Nóta mínithe #14 a leasú mar seo a leanas: Gach cuid agus gach díorthach seachas: […] b) saothráin síolóige nó fíocháin a fhaightear in vitro, agus iad á n-iompar in umair steiriúla; […] f) táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus ullamh do thrádáil mhiondíola; níl feidhm ag an díolúine seo maidir le sliseanna adhmaid, coirníní, clocha paidrín ná snoiteáin.

    Mír f) den téacs i bhFraincis de Nóta Mínithe #14 a leasú mar seo a leanas: f) les produits finis conditionnés et prêts pour la vente au détail; níl feidhm ag an díolúine seo maidir le sliseanna adhmaid, coirníní, clocha paidríní ná snoiteáin.

    An nóta mínithe idir lúibíní a ghabhann le Foscríbhinn I Orchidaceae sna Foscríbhinní a leasú mar seo a leanas: ORCHIDACEAE Magairlíní (Maidir le gach ceann de na speicis seo a leanas i bhFoscríbhinn-I, saothráin síolóige nó fíocháin a fhaightear in vitro, agus iad á n-iompar in umair steiriúla, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin ach amháin má chomhlíonann na heiseamail an sainmhíniú ar “arna n-iomadú go saorga” arna chomhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe).

    Ceanada

    Tacú leis, toisc gur leasú riachtanach é chun gach cás den fhrása “i meáin sholadacha nó leachtach” a chomhchuibhiú i bhFoscríbhinní CITES agus sa tsraith haise de nótaí mínithe.

    +

    FLORA – BIGNONIACEAE

    44.

    Handroanthus spp., Roseodendron spp. agus Tabebuia spp. (crainn throimpéadacha)

    0 – II

    Iad a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe #17 (Logóga, adhmad sáfa, leatháin veiníre, sraithadhmad agus adhmad claochlaithe.)

    An Cholóim, an tAontas Eorpach, Panama

    Moladh ón Aontas

    +

    BLÁTHANNA — CRASSULACEAE

    45.

    Rhodiola spp. (an raidióla bláthmhór, an raidióla)

    0 – II

    Iad a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe #2 (Gach cuid agus gach díorthach seachas: a) síolta agus pailin; agus b) táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus ullamh do thrádáil mhiondíola.)

    an tSín, an tAontas Eorpach, an Úcráin, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    Moladh ón Aontas

    +

    FLORA – LEGUMINOSAE

    46.

    Afzelia spp.

    (Daonraí na hAfraice) (mahagaine Afracach)

    0 – II

    Daonraí uile na hAfraice a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe #17 (lomáin, adhmad sáfa, lomáin veiníre, sraithadhmad agus adhmad claochlaithe.)

    Beinin, an Cósta Eabhair, an tAontas Eorpach, an Libéir, an tSeineagáil

    Moladh ón Aontas

    +

    47.

    Dalbergia sissoo (crann rósadhmaid thuaisceart na hIndia)

    II – 0

    Scriosadh ó Fhoscríbhinn II

    an India, Neipeal

    Cur i gcoinne an mholta i bprionsabal toisc go bhfuil gá le saineolas speisialaithe chun idirdhealú a dhéanamh idir an speiceas seo agus speicis eile. Más féidir leis na moltóirí fianaise bhreise a chur ar fáil maidir le teicnící aitheantais atá ar fáil go héasca d’údaráis CITES, is féidir athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh.

    48.

    Dipteryx spp. (an crann barú, an crann tonca)

    0 – II

    Iad a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe “lomáin, adhmad sáfa, lomáin veiníre, sraithadhmad. adhmad claochlaithe agus síolta”

    An Cholóim, an tAontas Eorpach, Panama

    Moladh ón Aontas

    +

    49.

    Paubrasilia echinata (an crann rósadhmaid Brasaíleach)

    II – I

    Iad a aistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I le nóta mínithe “Gach cuid, díorthach agus táirge críochnaithe, lena n-áirítear boghanna d’uirlisí ceoil, seachas uirlisí ceoil agus a gcodanna, atá i gcuid de threalamh ceolfhoirne taistil agus ceoltóirí aonair a bhfuil pas ceoil ar iompar leo i gcomhréir le Rún 16.8.”

    An Bhrasaíl

    Níl téacs an anótála soiléir. agus ní féidir leis an Aontas tacú leis an moladh ach amháin má leasaítear é.

    Cé go bhfuil comhaontú ann go bhfuil gá le rialú méadaithe ar thrádáil na speiceas agus gur cheart gach onnmhairiú ón mBrasaíl, lena n-áirítear idir bhoghanna gan bhoghribe agus bhoghanna críochnaithe, a chumhdach, ní mór ualach riaracháin iomarcach nach bhfuil gá leis chun an speiceas a chaomhnú a sheachaint agus aird chuí a thabhairt do riachtanais shonracha na ndéantóirí boghanna freisin. Ní féidir leis an Aontas teacht ar chomhaontú maidir le tagairt do rún i nóta mínithe.

    (+)

    50.

    Pterocarpus spp.

    (daonraí na hAfraice) (an crann flannadhmaid Afracach, an crann flannadhmaid diasach, an crann flannadhmaid mionduilleach, an crann flannadhmaid cruinnduilleach, padúc Afracach)

    0 – II

    Daonraí uile na hAfraice a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe #17 (lomáin, adhmad sáfa, lomáin veiníre, sraithadhmad agus adhmad claochlaithe) agus nótaí mínithe Pterocarpus erinaceus agus P. tinctorius, atá liostaithe cheana féin i bhFoscríbhinn II, a leasú go nóta mínithe #17

    An Cósta Eabhair, an tAontas Eorpach, an Libéir, an tSeineagáil, Tóga

    Moladh ón Aontas

    +

    FLORA – MELIACEAE

    51.

    Khaya spp. (mahagaine Afracach)

    Daonraí uile na hAfraice a chuimsiú i bhFoscríbhinn II le nóta mínithe #17 (lomáin, adhmad sáfa, lomáin veiníre, sraithadhmad agus adhmad claochlaithe.)

    Beinin, an Cósta Eabhair, an tAontas Eorpach, an Libéir, an tSeineagáil

    Moladh ón Aontas

    +

    FLORA – ORCHIDACEAE

    52.

    Orchidaceae spp. (magairlíní)

    Nóta mínithe #4 a leasú, agus an mhír g) nua seo a leanas a chur leis: “g) táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus ullamh do thrádáil mhiondíola cosmaidí ina bhfuil codanna agus díorthaigh de Bletilla striata, Cycnoches cooperi, Gastrodia elata, Phalaenopsis amabilisP. Lobbii

    An Eilvéis

    Cur i gcoinne, ní féidir é a chur as an áireamh go n-úsáidfear ábhar de thionscnamh W nó Y sna cosmaidí amach anseo. Bunaithe ar an méid sin, moltar cur chuige réamhchúraim mura n-athraítear an nóta mínithe chun cóid fhoinseacha “W” agus “Y” a eisiamh. Tá fadhbanna ag baint leis an togra reatha maidir leis an mbaol a bhaineann le sciúradh fiadhúlra a sheachaint.


    (1)  Rún. = Rúnaíocht CITES

    BC = Buanchoiste

    CA = An Coiste um Ainmhithe

    CP = An Coiste um Plandaí


    IARSCRÍBHINN IIa

    Leasú ar Fhoscríbhinn III a ghabhann le CITES

    Papilio phorbanta Foscríbhinn III


    Top