EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2545

Cinneadh Cur Chun Feidhme(AE, Euratom) 2022/2545 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 maidir leis an modheolaíocht chun costais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a leithdháileadh faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a bhunú

C/2022/9701

IO L 328, 22.12.2022, p. 123–135 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/07/2024; Arna aisghairm le 32024D1974

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2545/oj

22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/123


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME(AE, Euratom) 2022/2545 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2022

maidir leis an modheolaíocht chun costais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a leithdháileadh faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a bhunú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 220a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) tugtar isteach an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe mar mhodh cistiúcháin aonair chun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais arna ndéanamh ag an gCoimisiún a chur chun feidhme i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an “Rialachán Airgeadais”). Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434, beidh feidhm ag an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe maidir le cláir cúnaimh airgeadais a dtiocfaidh na bunghníomhartha i bhfeidhm ina leith an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin.

(2)

Ba cheart don Choimisiún na socruithe is gá a bhunú chun an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme. Chun an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a chur i bhfeidhm, is gá sraith rialacha a ghlacadh chun leithdháileadh na gcostas faoi seach ar na cláir cúnaimh airgeadais ábhartha a chinneadh, agus ba cheart a áirithiú leis sin go ndéanfar na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann le cúnamh airgeadais a ghearradh ar an tairbhí.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún (3), bunaíodh an mhodheolaíocht chun na costais a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe faoi NextGenerationEU (NGEU) a leithdháileadh. Is iomchuí na socruithe sin a leathnú chuig oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a dhéantar faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe de bhun Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais.

(4)

Ba cheart é a bheith d’oibleagáid fós ar thairbhithe an chúnaimh airgeadais na haisíocaíochtaí a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 220(5), pointe (e) den Rialachán Airgeadais agus i gcomhréir le prionsabail bhuiséadacha na bainistíochta fónta airgeadais agus na cothromaíochta. Ba cheart na costais uile a mhuirearú ar na tairbhithe bunaithe ar mhodheolaíocht aonair maidir le leithdháileadh costas lena n-áirithítear go leithdháiltear na costais ar bhealach trédhearcach comhréireach.

(5)

Leis an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas, ba cheart a áirithiú nach mbeidh aon tras-fhóirdheonú costas á dhéanamh ag catagóir tairbhí amháin thar ceann catagóir tairbhí eile. Ba cheart costais na n-iasachtaí a chur i leith thairbhithe na n-iasachtaí sin go hiomlán, ar thaobh amháin, agus costais neamh-inaisíoctha a chur i leith Bhuiséad an Aontais, ar an taobh eile, bunaithe ar na costais iarbhír a thabhaítear agus sciar na bhfáltas faoi seach á chruinniú agus á eisíoc leis na tairbhithe éagsúla. Ba cheart na costais uile a thabhaíonn an tAontas i leith oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a bheith cumhdaithe sa mhodheolaíocht, lena n-áirítear na costais riaracháin uile, agus ba cheart a áirithiú léi go ndéanfaí catagóirí éagsúla costas a ríomh le haghaidh gach eisíocaíochta.

(6)

Chun cóir chothrom agus chomhionann a áirithiú idir tairbhithe, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht choiteann aontaithe le haghaidh costas a chur chun feidhme, modheolaíocht a bheidh infheidhme maidir le gach cineál eisíocaíochta (iad sin a aisíocann buiséad an Aontais, agus iad sin a aisíocann tairbhithe), a dhéanfaidh costais a chur i leith na dtairbhithe ar bhonn sciar na bhfáltas a fuarthas.

(7)

Leis an modheolaíocht sin a bhaineann le costais a ríomh agus a leithdháileadh, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir trí chatagóir costais: costas an chistithe, costas na bainistíocha leachtachta agus costais riaracháin. Eascraíonn costas an chistithe as an ráta úis agus as muirir eile nach mór don Choimisiún a íoc ar na hionstraimí éagsúla a eisítear chun na heisíocaíochtaí atá i gceist a mhaoiniú. Is iad costais na bainistíocha leachtachta na costais a thabhaítear mar thoradh ar shuimeanna a eisítear agus a shealbhaítear go sealadach i gcuntais leachtachta mar chúlchistí chun íocaíochtaí atá ag teacht chun cinn a íoc. Is gné dhílis den straitéis chistiúcháin éagsúlaithe é an forchostas oibríochtúil leanúnach sin agus ba cheart é a roinnt go cothrom ar fud na dtairbhithe go léir. Is éard atá sa tríú catagóir costais na costais riaracháin a bhaineann leis an acmhainneacht theicniúil agus oibríochtúil a fhorbairt chun straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme agus a thagann chun cinn go soiléir mar thoradh ar chur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe.

(8)

Déanfar leithdháileadh cothrom agus comhréireach na gcostas trí eisíocaíochtaí agus ionstraimí cistiúcháin gaolmhara a roinnt ina dtréimhsí ama (dá ngairtear “urranna ama” anseo feasta). Maidir le heisíocaíochtaí atá ann cheana agus idirbhearta iasachta gaolmhara a eisítear faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe, a sannadh cheana d’urranna ama, ní dhéanfar difear dóibh má thugtar eisíocaíochtaí breise isteach faoi chláir cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais. Ó thús na n-eisíocaíochtaí iasachta sin ar aghaidh, aon eisíocaíocht a mhaoineofar tríd an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe, déanfar a chostais a ríomh agus a shannadh go comhionann. Is ionann costas an chistithe le haghaidh na n-eisíocaíochtaí uile a shanntar don urrann ama chéanna lena n-áirithítear go bhfuil iasachtaí curtha in oiriúint do riachtanais eisíocaíochta, agus is é sin an buntáiste is mó a bhaineann leis an gcur chuige sin.

(9)

Ba cheart a áirithiú nach mbeidh aon tionchar ar dháileadh costas le haghaidh aon cheann de na cláir ar maidir leo a mbeadh feidhm ag an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas. Bheadh feidhm ag an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas, ón uair a glacadh í, maidir le hiasachtaí NGEU agus maidir leis na hiasachtaí faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a bhfuil ré agus struchtúr comhchosúil acu. Dá bhrí sin, is féidir iad a áireamh sna hurranna ama céanna. Má bhunaítear clár nua cúnaimh airgeadais, a bhfuil fad agus struchtúr difriúil aige, ar dócha go mbeidh tionchar aige ar na costais, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht sin de réir mar is iomchuí.

(10)

Ba cheart ríomh chostas an chistithe a eascraíonn as idirbhearta iasachtaíochta a bheith bunaithe ar na costais a eascraíonn as gach oibríocht iasachtaíochta le linn na tréimhse ama 6 mhí thart ar dháta na heisíocaíochta. Tá gá leis na costais chistiúcháin sin a roinnt chun a áirithiú go mbeidh dlúthnasc idir costas an chistithe a ghearrtar ar an eisíocaíocht agus na rátaí margaidh atá i réim tráth a dhéantar é. Fágann an cur chuige sin nach socraítear costas beacht an chistithe go dtí go mbeidh an comhthiomsú cistiúcháin críochnaithe tráth a dhúnfar an urrann ama sé mhí, ach beidh praghsanna táscacha ar fáil do thairbhithe iasachta roimh an gcostas deiridh. Ba cheart do thairbhithe iasachta nó, i gcás an ioncaim shannta sheachtraigh faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 2020/2094 ón gComhairle (5), do bhuiséad an Aontais an muirear céanna a íoc. Seachnaíonn sé sin an treallachas nó ceist an tseans is dual don mhodh traidisiúnta droim-le-droim, modh inarbh iad na costais a bhí ar aon tairbhí ar leith na téarmaí ab fhéidir a fháil an lá áirithe ar tugadh an iasacht.

(11)

Ba cheart gach urrann ama a bheith gníomhach le linn thréimhse 6 mhí dar tús an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. Mar sin féin, ba cheart an tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a chumhdach leis an urrann chéaduaire, dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chinneadh.

(12)

Cé go bhféadfadh costas an chistithe a bheith éagsúil idir na hurranna ama sé mhí mar gheall ar dhifríochtaí i gcoinníollacha cistiúcháin nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu, déanfaidh an Coimisiún oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a bhainistiú chun a áirithiú go mbeidh próifílí aibíochta comhchosúla ag gach urrann ama a mhéid is féidir.

(13)

Le straitéis chistiúcháin an Choimisiúin is féidir riosca ráta úis agus rioscaí airgeadais eile a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Cé go mbeidh na rátaí úis a ghearrfar ar thairbhithe iasachta cobhsaí, beidh gá leis na rátaí a athríomh go tréimhsiúil agus go himeallach nuair is gá na hionstraimí sa chistiú comhthiomsaithe atá ag dul in aibíocht a ionadú. Más gá, forbróidh an Coimisiún an cumas atá aige chun díorthaigh amhail babhtálacha a úsáid chun aon riosca ráta úis atá fágtha a bhainistiú agus chun an rogha iasachtaí ar rátaí seasta úis a thairiscint do thairbhí. Ba cheart don tairbhí a fheidhmíonn an rogha seo costais an ráta sheasta úis sin a íoc go hiomlán agus go heisiach.

(14)

Ba cheart méideanna na n-eisíocaíochtaí in urrann ama a bheith cothrom le méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shanntar don urrann ama sin. I bhformhór na gcásanna, tarlóidh eisíocaíocht na bhfáltas san urrann ama chéanna le heisiúint na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a úsáidtear chun na fáltais a thiomsú, agus sannfar eisíocaíocht na bhfáltas sin don urrann ama chéanna sin. Mar sin féin, de dheasca moilleanna gan choinne a bheith ann maidir leis an eisíocaíocht a dhéanamh, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar tiomsaíodh fáltais an chistiúcháin fhadtéarmaigh ach nach féidir iad a eisíoc mar a bhí sceidealaithe ar dtús. Sa chás sin, féadfar moill a chur ar an eisíocaíocht ó urrann ama amháin go dtí an urrann ama ina dhiaidh sin. Mar sin féin, más rud é gur tiomsaíodh na cistí do na riachtanais chistiúcháin áirithe sin cheana agus gur sannadh iad don urrann ama roimhe sin, ní féidir iad a úsáid le haghaidh riachtanas eile san urrann ama sin. Sna himthosca sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann eisíocaíochtaí a shannadh d’urrann ama ar eisíodh na hionstraimí cistiúcháin ina leith. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann freisin na hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh don urrann ama a leanann an urrann ama roimhe sin sa chás nach leor méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha don urrann ama sin chun méid na n-eisíocaíochtaí a chumhdach.

(15)

Beidh roinnt modhanna ag teastáil ón gCoimisiún chun réamh-mheas a dhéanamh, le linn na hurrainne ama roimhe sin, ar na riachtanais eisíocaíochta a thiocfaidh chun cinn go luath i saolré na chéad hurrainne ama eile. Chun freastal ar na cásanna sin agus chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ar fáil ag an gCoimisiún ar théarmaí buntáisteacha chun eisíocaíochtaí a dhéanamh gar don aistriú idir na hurranna ama, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh don urrann ama ina dhiaidh sin.

(16)

Is gné lárnach den straitéis chistiúcháin éagsúlaithe é an cumas chun leachtacht na n-oibríochtaí cistiúcháin a bhainistiú trí rochtain a fháil ar iasachtaíocht ghearrthéarmach agus trí airgead tirim a shealbhú chun críocha stuamachta, agus is í an ghné is mó a shainíonn an straitéis sin í. Cuirfidh an bainistiú leachtachta sin ar chumas an Choimisiúin na riachtanais íocaíochta uile a chomhlíonadh agus eisiúint a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh. As an gcumas sin eascraíonn costais a bhaineann le fáltais a thiomsú trí pháipéar gearrthéarmach a eisiúint, agus trí roinnt fáltas a shealbhú ar bhonn sealadach ar chuntas leachtachta chun an chumas chun na híocaíochtaí uile a dhéanamh de réir mar a éilítear iad a ráthú. Le hoibríochtaí bainistíochta fiachais faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe, beifear in ann an ráta úis agus rioscaí airgeadais eile a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Féadfar a áireamh leo úsáid díorthach amhail babhtálacha chun ráta úis nó rioscaí airgeadais eile a bhainistiú i ndáil le hiasachtaí do na tairbhithe, nó chun idirbhearta margaidh airgid urraithe nó neamhurraithe a dhéanamh. Na costais a thabhaítear i ndáil le haischeannach agus/nó sealbhú bannaí dílse chun críocha bainistíochta leachtachta, ba cheart iad a mheas mar chostais bainistíochta leachtachta. Ba cheart a bhunú leis an gCinneadh seo bonn chun na costais leachtachta sin a ríomh agus na costais leachtachta sin a mhuirearú ar bhonn cóir cothromasach ar gach tairbhí ábhartha fáltas in imeacht na bliana atá i gceist.

(17)

Maidir le riachtanais eisíocaíochta atá níos airde ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leithdháiltear ar an urrann ama nó ar na híocaíochtaí úis faoi seach, féadfaidh easnamh leachtachta urrainne ama a bheith mar thoradh orthu. Maidir le riachtanais eisíocaíochta atá níos ísle ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leithdháiltear ar an urrann ama nó ar na híocaíochtaí fuascailte faoi seach a fhaightear maidir leis na heisíocaíochtaí atá gan íoc agus atá leithdháilte ar an urrann ama sin, féadfaidh barrachas leachtachta a bheith mar thoradh orthu. Is ceanglais dhosheachanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe iad na barrachais nó na heasnaimh leachtachta sin a chúiteamh. Níor cheart na costais sin a bheith ar na hurranna ama faoi seach, ach ba cheart iad a leithlisiú agus a bhainistiú mar chuid d’fhorchostas bainistíochta leachtachta ar leith. Ba cheart sásra a bhunú leis an gCinneadh seo chun costais a eascraíonn as easnaimh leachtachta nó barrachais leachtachta a dhínascadh ionas gur féidir iad a ionsú leis an gclár cistiúcháin níos leithne i bhfoirm costais bainistíochta leachtachta. Ba cheart don Choimisiún urrann na bainistíochta leachtachta a úsáid chun aon chomhardú airgid dearfach nó diúltach sna hurranna ama a chothromú le méid iomlán na n-eisíocaíochtaí.

(18)

Chun an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme, ní mór na cumais nua is gá a fháil chun an rochtain is buntáistí a fháil ar mhargaí caipitil agus chun a áirithiú go gcoinneofar an bonneagar sin ar bun ar bhealach leanúnach agus éifeachtach. Áirítear leis sin na costais is gá chun cuntais leachtachta a choinneáil ar bun, chun cumas a fháil ceantanna a reáchtáil do bhillí an Aontais agus do bhannaí an Aontais agus chun cumais próiseála sonraí inmheánacha nua a chur chun feidhme. Ba cheart costais den sórt sin a eascraíonn go díreach as cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus eisíocaíochta a láimhseáil mar fhorchostais lena ndéantar idirdhealú idir costais a bhaineann le bunú agus costais a bhaineann le cothabháil bhonneagar iasachtaíochta agus íocaíochta. Ba cheart na costais sin a chuimsiú le costas na seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

(19)

Cuimsíonn costas seirbhíse na bhforchostas riaracháin na costais riaracháin uile a thabhaítear go díreach i gcur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe. Tiocfaidh na costais sin chun cinn mar chostais bhunaithe, a bhaineann le costais aonuaire chun acmhainneachtaí oibríochtúla a thógáil nó mar chostais athfhillteacha, ar costais dhosheachanta iad atá insannta go díreach d’oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe agus a tharlaíonn le himeacht ama. Cé gur costais bhliantúla rialta a ghearrtar ar na heisíocaíochta in aon bhliain ar leith na costais athfhillteacha, ba cheart na costais bhunaithe a iontráil go barúlach mar mhuirir aonuaire.

(20)

Ó bhí 2021 ann, tabhaíodh costais a bhaineann le bunú agus fothú acmhainneachta na n-oibríochtaí sin agus tá siad sannta cheana féin do thairbhithe chláir tacaíochta airgeadais NGEU, trí fhorchostas shonrach costais bhunaithe. Dá bhrí sin, tairbhithe clár cúnaimh airgeadais eile faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, níor cheart go n-íocfaidís costais a bhaineann leis an bhfothú acmhainneachta roimhe sin seachas caiteachas amach anseo a bhaineann le cothabháil an bhonneagair sin. Dá bhrí sin, sciar chostais riaracháin na gclár cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, seachas NGEU, ba cheart é a theorannú do chostais athfhillteacha, agus ba cheart é a láimhseáil mar thairbhí den straitéis chistiúcháin éagsúlaithe.

(21)

Ba cheart na costais riaracháin a áirítear sa chostas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a theorannú do liosta dúnta de chostais incháilithe, a bhaineann go díreach leis an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe. Cuirtear táillí conarthacha le haghaidh earcú foirne sainchomhairleoirí seachtracha le liosta na gcaiteachas riaracháin incháilithe tar éis comhaontuithe a baineadh amach i gcomhthéacs an Bhuiséid Bhliantúil do 2023. An leathnú a rinneadh ar liosta na gcaiteachas riaracháin incháilithe, cuireadh in iúl é d’údaráis na mBallstát sular glacadh an Cinneadh seo. Sciar an-teoranta de na costais chomhiomlána ó oibríochtaí na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe atá i gcostas comhiomlán na seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

(22)

Tá an próiseas sonrascaithe ex post ceaptha chun a áirithiú go ndéanfar costais a aisghabháil an bhliain dár gcionn agus go dtí an tráth nach nginfear costais a thuilleadh trí oibríochtaí iasachtaíochta, fiachais agus bainistíochta íocaíochta faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe.

(23)

Go heisceachtúil i gcás na n-iasachtaí cúnaimh airgeadais don Úcráin a dheonaítear faoi Rialachán (AE) 2022/2463, d’fhéadfadh sé go n-íocfadh an tAontas costas na n-ús agus na gcostas riaracháin a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2022/2463. Sholáthrófaí na hacmhainní riachtanacha le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/2463. Dá bhrí sin, ba cheart sonrascadh na gcostas sin a ailíniú le sonrascadh na gcostas i ndáil le heisíocaíochtaí mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 2020/2094 agus ba cheart é a ghrúpáil in aghaidh na ráithe den bhliain.

(24)

Ba cheart don Choimisiún fógra deimhniúcháin a eisiúint maidir le gach eisíocaíocht, lena n-áirítear tacaíocht neamh-inaisíoctha de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) agus (c) de Rialachán 2020/2094, tacaíocht inaisíoctha do Bhallstáit de réir bhrí Airteagal 2(2)(b) de Rialachán 2020/2094, agus iasachtaí do Bhallstát nó do thríú tír faoi chláir cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais.

(25)

Cuirfear iasachtaí faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme ar théarmaí caighdeánacha airgeadais (próifíl aibíochta agus aisíocaíochta) le haghaidh gach eisíocaíochta. Maidir le tacaíocht neamh-inaisíoctha, ba cheart an fógra deimhniúcháin a bheith ina phríomhghné tacaíochta lena gcinntear na téarmaí airgeadais sin do Bhuiséad an Aontais. Is ann don fhógra deimhniúcháin chun an t-éileamh ar chostas a chinneadh bunaithe ar a théarmaí airgeadais. Ba cheart dáta na heisíocaíochta, méid na tacaíochta airgeadais, dáta chostas na n-íocaíochtaí cistiúcháin agus an dáta aibíochta a bheith san áireamh sna téarmaí sin. Is é an fógra deimhniúcháin an bonn bunriachtanach atá ina bhonn taca le pleanáil bhuiséadach an Aontais, le scagchuairdeanna airgeadais agus le tacaíocht neamh-inaisíoctha.

(26)

Soiléireofar le tagairtí iomchuí sna comhaontuithe iasachta go gcinnfear costais na n-eisíocaíochtaí trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta a leagtar amach leis an gCinneadh seo.

(27)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le gach idirbheart iasachtaíochta agus gach eisíocaíocht faoi chlár NGEU, lena n-áirítear na hidirbhearta agus na heisíocaíochtaí sin a rinneadh sular tháinig sé i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus prionsabal rialaithe

1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear modheolaíocht aonair aontaithe chun costais a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a chuirtear i gcrích faoi chláir cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (6) (‘cláir CAM’) a leithdháileadh.

2.   Beidh cur chun feidhme na modheolaíochta maidir le leithdháileadh costas bunaithe ar phrionsabal na cothroime agus ar phrionsabal na córa comhionainne, lena n-áiritheofar go ndéanfar na costais a leathadh bunaithe ar sciar coibhneasta na tacaíochta a fuarthas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tairbhí” Ballstát nó tríú tír is páirtí i gcomhaontú iasachta faoi chlár CAM, nó buiséad an Aontais le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

(2)

ciallaíonn “eisíocaíocht” aistriú fáltas a fhaightear trí oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais chun tacaíocht inaisíoctha nó neamh-inaisíoctha le tairbhí a mhaoiniú;

(3)

ciallaíonn “ionstraimí cistiúcháin” bannaí, nótaí, páipéar tráchtála, billí an Aontais nó aon idirbheart airgeadais gearrthéarmach agus/nó fadtéarmach iomchuí eile faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe;

(4)

ciallaíonn “tréimhse úis” tréimhse dhá mhí dhéag (12 mhí), nó cibé tréimhse eile a shonrófar san fhógra deimhniúcháin, dar tús dáta na heisíocaíochta nó an chéad dáta íoca úis;

(5)

ciallaíonn “bainistíocht leachtachta” bainistíocht sreafaí airgid a bhaineann le hionstraimí cistiúcháin agus le heisíocaíochtaí;

(6)

ciallaíonn “comhaontú iasachta” comhaontú idir an Coimisiún agus tairbhí faoi chlár CAM;

(7)

ciallaíonn “oibríochtaí iasachtaíochta” oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (EU, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún (7);

(8)

ciallaíonn “oibríochtaí bainistíochta fiachais” oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (EU, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún;

(9)

ciallaíonn “cistiú gearrthéarmach” cistiú dá dtagraítear in Airteagal 2(11) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (EU, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún;

(10)

ciallaíonn “cistiú gearrthéarmach” cistiú dá dtagraítear in Airteagal 2(10) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (EU, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún.

Airteagal 3

Cineálacha costas

Bunófar na catagóirí costas seo a leanas:

(a)

costas cistithe;

(b)

costas bainistíochta leachtachta;

(c)

costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

CAIBIDIL 1

COSTAS CISTITHE AGUS COSTAIS BAINISTÍOCHTA LEACHTACHTA

ROINN 1

Urranna

Airteagal 4

Urranna ama

1.   Beidh urrann ama gníomhach ar feadh tréimhse 6 mhí dar tús an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. Mar sin féin, cumhdófar an tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 leis an gcéad urrann ama.

2.   Is éard a bheidh san urrann ama na heisíocaíochtaí a dhéanfar le linn a tréimhse gníomhaí agus na hionstraimí cistiúcháin gaolmhara a leithdháilfear uirthi. Leagfar aon eisíocaíocht ar an urrann ama a bheidh gníomhach ar dháta na heisíocaíochta sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás inar mó méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a sannadh don urrann ama roimhe sin ná méid na n-eisíocaíochtaí a sannadh don urrann sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leanfar de na heisíocaíochtaí a leithdháileadh ar an urrann ama sin go dtí go sroichfidh méid na n-eisíocaíochtaí méid na bhfáltas ón ionstraim chistiúcháin fhadtéarmach sin.

Beidh an eisíocaíocht fós sannta don urrann ama i ndáil le haon mhéid atá fós le haisíoc.

3.   Gan dochar d’Airteagal 6(2), déanfar fáltais ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh d’urrann ama.

4.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha seachas iad sin dá dtagraítear i mír 5, déanfar iad a shannadh don urrann ama a bheidh gníomhach an tráth a thabharfar i gcrích an oibríocht iasachtaíochta a ghineann iad.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír,

(a)

féadfar ionstraimí cistiúcháin a tiomsaíodh d’fhonn eisíocaíocht a chistiú san urrann ama dá éis sin a shannadh don urrann ama sin;

(b)

i gcás inar mó méid na n-eisíocaíochtaí ag deireadh na hurrainne ama atá gníomhach ná méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha, déanfar na hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a ghintear ó na hoibríochtaí iasachtaíochta tar éis dheireadh thréimhse ghníomhach na hurrainne ama a shannadh don urrann ama sin go dtí go sroichfidh méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha méid na n-eisíocaíochtaí san urrann ama sin.

5.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a chuirtear in ionad ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha atá ag dul in aibíocht, déanfar iad a shannadh don urrann ama chéanna. Beidh feidhm ag Airteagal 6 i gcás neamhréire idir dáta aibíochta na hionstraime fadtéarmaí atá ag dul in aibíocht agus dáta iasachtaíochta na hionstraime fadtéarmaí a chuirtear ina hionad.

Airteagal 5

Urrann na bainistíochta leachtachta

1.   Feidhmeoidh urrann na bainistíochta leachtachta go dtí go n-aisíocfar go hiomlán na hoibríochtaí iasachtaíochta arna n-údarú i gcláir CAM.

2.   Déanfar ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha, oibríochtaí bainistíochta fiachais agus na costais a eascraíonn astu a shannadh d’urrann na bainistíochta leachtachta.

Airteagal 6

Comharduithe leachtachta a leibhéalú

1.   Déanfar leibhéal na sealúchas leachtachta in urrann ama a ríomh ar bhonn laethúil mar an difríocht idir insreafaí agus eis-sreafaí, mar a leagtar amach i gcéim 3 de phointe 1 den Iarscríbhinn.

2.   Déanfar aon mhéid deimhneach dá dtagraítear i mír 1 (“barrachas leachtachta”) a leithdháileadh ar bhonn laethúil ón urrann ama ar urrann na bainistíochta leachtachta, mar a leagtar amach i gcéim 4 de phointe 1 den Iarscríbhinn ar chostas cistithe na hurrainne ama ábhartha ar an lá sin.

3.   Déanfar aon mhéid a chomhfhreagraíonn don méid diúltach dá dtagraítear i mír 1 (“barrachas leachtachta”) a leithdháileadh ar bhonn laethúil ó urrann na bainistíochta leachtachta ar an urrann ama, mar a leagtar amach i gcéim 6 de phointe 1 den Iarscríbhinn, ar chostas cistithe urrann na bainistíochta leachtachta ar an lá sin.

ROINN 2

Costas cistithe agus costais bainistíochta leachtachta a ríomh

Airteagal 7

Costas cistithe urrainne ama a ríomh

1.   Déanfar costais chistithe a ríomh ar bhonn laethúil.

2.   Is éard a bheidh i gcostas cistithe ionstraime cistiúcháin an leas laethúil i ndáil le gach ionstraim chistiúcháin agus agio/disagio féideartha bunaithe ar an bpraghas eisiúna iomlán.

3.   Is éard a bheidh i gcostas laethúil cistithe na hurrainne ama costas laethúil cistithe na n-ionstraimí cistiúcháin a shanntar don urrann ama tar éis thorthaí chur i bhfeidhm Airteagal 6(2) agus (3).

Airteagal 8

Costas bainistíochta leachtachta a ríomh

1.   Is é a bheidh i gcostas na bainistíochta leachtachta suim an chostais a bheidh le hiompar in urrann na bainistíochta leachtachta, mar a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

2.   Is éard a bheidh sa chostas iompair an difríocht idir an t-ús arna fhabhrú faoi ionstraimí cistiúcháin ábhartha na hurrainne bainistíochta leachtachta, na costais agus na torthaí a eascraíonn as aon bharrachas leachtachta nó easnaimh leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) a leibhéalú, agus an toradh ar infheistíocht arna ghiniúint ag na sealúchais.

3.   Déanfar costais na bainistíochta leachtachta a ríomh ar bhonn laethúil.

Airteagal 9

Costais bainistíochta leachtachta a leithdháileadh

1.   Ríomhfar costais na bainistíochta leachtachta mar shuim chostais laethúla na bainistíochta leachtachta thar ráithe. Sannfar na costais sin do gach eisíocaíocht ar bhonn pro rata de sciar coibhneasta na heisíocaíochta le méideanna iomlána na n-eisíocaíochtaí atá gan íoc ag deireadh na ráithe.

2.   Déanfar costas na bainistíochta leachtachta a ríomh bunaithe ar an modheolaíocht agus na céimeanna a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

Airteagal 10

Costas cistithe a shannadh d’eisíocaíocht

1.   Íocfaidh eisíocaíochtaí na hurrainne ama céanna an meánchostas laethúil cistithe céanna go dtí go n-aisíocfar iad.

2.   Maidir le gach eisíocaíocht atá gan íoc, déanfar costas laethúil an chistithe a ríomh trí chostas iomlán chistiú na hurrainne tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 6(2) agus (3) a iolrú faoi mhéid na heisíocaíochta roinnte ar mhéideanna iomlána eisíocaíochtaí gan íoc na hurrainne ama a bhfuil an eisíocaíocht sannta dó.

CAIBIDIL 3

Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin

Airteagal 11

Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin

Is éard a bheidh sa chostas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin na costais riaracháin athfhillteacha le haghaidh tairbhithe agus na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF. Déanfar iad a ríomh i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn.

Airteagal 12

Costais riaracháin athfhillteacha

1.   Is éard a bheidh sna costais riaracháin athfhillteacha aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus é i mbun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais, arb iad na cineálacha costas seo a leanas iad: táillí dlí amhail na táillí sin a thabhaítear i leith tuairimí dlíthiúla, costais athfhillteacha bainistíochta cuntas, costais le haghaidh iniúchóireacht sheachtrach, táillí cothabhála ardáin ceantála, táillí gníomhaireachta rátála, liostú, cánacha, táillí cláraithe, foilsithe agus socraíochta, teicneolaíocht faisnéise, speansais taighde a bhaineann leis an margadh, agus táillí gníomhairí conarthacha a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe.

2.   A mhéid atá na costais sin comhchoiteann i gcás oibríochtaí iasachtaíochta a chuirtear chun feidhme le haghaidh cláir chúnaimh airgeadais eile, ríomhfar na costais a áirítear sa ríomh bunaithe ar an sciar pro rata a shanntar d’oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais sa bhliain féilire ábhartha.

3.   Déanfar costais riaracháin athfhillteacha a ríomh le haghaidh gach eisíocaíochta a gheofar faoi gach comhaontú iasachta ar bhonn pro rata na heisíocaíochta le méideanna iomlána na n-eisíocaíochtaí ag deireadh na bliana féilire.

Airteagal 13

Costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF

1.   Is éard a bheidh sna costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus é ag cur leis an acmhainneacht chun oibríochtaí iasachtaíochta, bainistíochta fiachais agus bainistíochta íocaíochta NGEU a dhéanamh. Áirítear orthu sin costais a bhaineann le cuntais NGEU a bhunú, ardán ceant a bhunú, uirlis bhainistíochta infheisteoirí, costais eile teicneolaíochta faisnéise agus taighde a bhaineann leis an margadh agus táillí comhairliúcháin.

2.   Íocfaidh na Ballstáit a shíníonn comhaontuithe iasachta RRF 48 % de na costais bhunaithe iomlána.

3.   In 2021, 2022 agus 2023, íocfaidh na Ballstáit na costais bhunaithe dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn pro rata mhéid na hiasachta faoin gcomhaontú iasachta RRF sínithe le méid iomlán na n-iasachtaí faoi gach comhaontú iasachta RRF sínithe, mar a leagtar amach i bpointe 3(2)(a) agus 3(2)(b) den Iarscríbhinn.

4.   Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfar aon chostas bunaithe neamh-leithdháilte ar Bhallstáit a shínigh comhaontuithe iasachta RRF a leithdháileadh ar bhonn pro rata ar mhéid na n-iasachtaí a shínítear faoi gach comhaontú iasachta RRF ar mhéideanna iomlána na n-iasachtaí faoi gach comhaontú iasachta RRF go dtí an 31 Nollaig 2023, mar a leagtar amach i bpointe 3(2)(c) den Iarscríbhinn.

5.   Ní bheidh aon chostas bunaithe breise le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta dlite tar éis dheireadh na bliana 2023 ná ní leithdháilfear aon chostas den sórt sin ar chláir CAM, mura rud é go dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

CAIBIDIL 4

SONRASCADH

Airteagal 14

Fógra deimhniúcháin

1.   I ndáil le gach eisíocaíocht, bunófar fógra deimhniúcháin ina mbeidh na téarmaí is cúis leis an éileamh ar chostais ón gCoimisiún.

2.   Leis an bhfógra deimhniúcháin, cinnfear téarmaí maidir le costas na híocaíochta agus na haisíocaíochta príomhshuime a chistiú, atá le haisíoc as buiséad an Aontais faoi Airteagal 5(1) an chéad fhomhír de Chinneadh 2020/2053 le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha, agus ag tairbhithe comhaontuithe iasachta.

3.   Beidh na gnéithe seo a leanas san fhógra deimhniúcháin:

(a)

méid na heisíocaíochta,

(b)

an aibíocht,

(c)

an sceideal aisíocaíochta,

(d)

sannadh na heisíocaíochta don urrann ama,

(e)

tréimhse úis lena léirítear an dáta íocaíochta.

4.   Beidh gnéithe breise a léirítear i gcomhaontuithe iasachta ar áireamh freisin san fhógra deimhniúcháin d’iasachtaí.

Airteagal 15

Costais chistithe a shonrascadh

1.   Déanfar costas an chistithe a ríomh i ndáil le gach eisíocaíocht ag deireadh na tréimhse úis a chinntear san fhógra deimhniúcháin.

2.   Déanfar an sonrascadh ag deireadh na tréimhse úis a chinntear san fhógra deimhniúcháin. Maidir le heisíocaíochtaí mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 2020/2094 agus le heisíocaíochtaí faoi ionstraim MFA+, i gcás ina n-iarrann an Úcráin fóirdheonú na gcostas gaolmhar, féadfar na sonraisc a ghrúpáil in aghaidh na ráithe den bhliain.

Airteagal 16

Costas na bainistíochta leachtachta a shonrascadh

Déanfar costas na bainistíochta leachtachta a shonrascadh ag tús gach bliana féilire i leith an chostais a tabhaíodh i rith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 17

Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a shonrascadh

Déanfar tairbhithe iasachtaí a shonrascadh ag tús gach bliana féilire le haghaidh costas seirbhíse d’fhorchostais riaracháin a tabhaíodh le linn na bliana féilire roimhe sin, i ndáil leis na costais chomhiomlána a leithdháileadh faoi Airteagal 11.

Ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(3)(a) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna híocaíochtaí a dhéanfaidh tairbhithe le haghaidh chostais na seirbhíse.

Airteagal 18

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/1095.

Déanfar tagairtí don chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta (IO L 319, 13.12.2022, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun costais a leithdháileadh a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoi NextGenerationEU faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtaithe a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 236, 5.7.2021, lch. 75).

(4)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe (féach leathanach 109 den Iris Oifigiúil).


IARSCRÍBHINN

1.   Costas an chistithe a ríomh

Ríomhfar costas an chistithe de réir na gcéimeanna seo a leanas:

Céim 1: Costais iomlána laethúla ionstraime cistiúcháin aonair in urrann ama nó in urrann na bainistíochta leachtachta a ríomh

Ríomhfar na fabhruithe laethúla:

Formula

I gcás gach ionstraime cistiúcháin, leithdháilfear agio/disagio go líneach thar shaolré na hionstraime:

agio/disagiolaethúil = (100-praghas eisiúna):(dáta aibíochta-dáta eisiúna)

más Praghas eisiúna = Praghas iomlán (lena n-áirítear táillí bainc)

I gcás gach ionstraime cistiúcháin, déanfar na costais iomlána laethúla a ríomh mar a leanas:

CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime = ACClaethúil+agio/disagiolaethúil

Céim 2: Méid comhiomlán chostais laethúla iomlána an chistithe a ríomh

I gcás gach urrainne ama (TC1-TC11), is éard a bheidh i gcostais laethúla iomlána le haghaidh na hurrainne roimh an leibhéalú dá dtagraítear in Airteagal 5 suim chostais laethúla iomlána uile gach ionstraime cistiúcháin a shanntar don urrann ama:

CoFlaethúilTC(x) roimh an leibhéalú=∑ CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime arna leithdháileadh do TC(x)

I gcás urrann na bainistíochta leachtachta is éard a bheidh i gCostas an Chistithe an méid seo a leanas:

CoFlaethúilLMC roimh an leibhéalú=∑ CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime arna leithdháileadh do LMC

Céim 3: Comharduithe leachtachta sna hurranna ama a ríomh

Ríomhfar leibhéal na sealúchas leachtachta ar bhonn laethúil mar a leanas:

LeachtachtTC(x) = Insreafaí [Fáltais eisiúna + Úsiasachtaí/deontais + Aisíocaíochtaíiasachtaí/deontais] – Eis-sreafaí [Eisíocaíochtaí + Cúpóinfiachas gan íoc + Fuascailtí Fiachais]

Céim 4: Costas cistithe na n-ionstraimí cistiúcháin a ndéanann barrachas leachtachta difear dóibh a ríomh

Leis an gcéim seo, sainaithnítear an chuid de CoF na n-urrann ama ina bhfuil barrachas leachtachta is féidir a shannadh don leachtacht a shealbhaítear san urrann sin.

Déanfar costais an chistithe a bhaineann leis na hionstraimí cistiúcháin a ríomh mar a leanas:

CoFBarrachas leachtachtaTC(barrachas) =

CoFlaethúilTC(barrachas)roimh an leibhéalú * LeachtachtTC(barrachas): TC(barrachas)

CoFlaethúilTC(barrachas)tar éis an leibhéalaithe = CoFTClaethúil(barrachas)roimh an leibhéalú - CoFBarrachas leachtachtaTC(barrachas)

Céim 5: Costas urrann na bainistíochta leachtachta a ríomh i gcás ina sanntar costas cistithe dó ó am go ham ón urrann ama a bhfuil barrachas leachtachta ag gabháil léi

I gcás ina bhfaigheann urrann na bainistíochta leachtachta barrachas ón urrann ama, déanfar costas urrann na bainistíochta leachtachta a ríomh mar seo a leanas:

CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe = CoFlaethúilLMCroimh an leibhéalú + ∑ CoFbarrachas leachtachtaTC(barrachas)

Céim 6: Costas cistithe na hurrainne ama a bhfuil easnamh leachtacha ag gabháil léi a ríomh

Déantar aon easnamh leachtachta in urrann ama a leibhéalú le haistriú leachtachta ó urrann na bainistíochta leachtachta ag a costais cistithe laethúla (Céim 5).

I gcás urranna ama a bhfuil cothromaíocht leachtachta dhearfach ag gabháil leo, is as Céim 4 thuas a thagann costas an chistithe tar éis an leibhéalaithe cheana féin.

CoFAistriú leachtachta ó LMC = CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe * Méid aistrithe: LMC

CoFlaethúilTC(easnamh)tar éis an leibhéalaithe = CoFlaethúilTC(easnamh)roimh an leibhéalú + CoFAistriú leachtachta ó LMC

Cé go bhféadfadh costas an chistithe a bheith éagsúil idir urranna ama sé mhí mar gheall ar dhifríochtaí i gcoinníollacha cistiúcháin nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu, déanfaidh an Coimisiún oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a bhainistiú chun a áirithiú go mbeidh próifílí aibíochta comhchosúla ag gach urrann ama a mhéid is féidir.

Céim 7: Costas laethúil cistithe eisíocaíochta a ríomh

Is éard a bheidh sa chostas laethúil cistithe eisíocaíochta méid na heisíocaíochta arna iolrú faoi sciar choibhneasta na heisíocaíochta i ndáil leis an urrann ama a leithdháileadh an sciar sin ina leith.

CoF eisíocaíochta in TC(x) =

CoFlaethúilTC(x) tar éis an leibhéalaithe * méid gan íoc na heisíocaíochta: ∑ eisíocaíochtaí gan íoc in TC(x)

2.   Costas Bainistíochta Leachtachta a ríomh

Déanfar costais na bainistíochta leachtachta in aghaidh na heisíocaíochta a ríomh mar shuim chostais laethúla shealúchas urrann na bainistíochta leachtachta tar éis comharduithe leachtachta na n-urrann ama a chothromú thar an tréimhse ríomha. Asbhainfear aon tuairisceán (nó aon chostas i gcás rátaí diúltacha) mar a leanas:

LIQMna ráithe= ∑ CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe thar an ráithe – RoI shealúchais leachtachtana ráithe

Sanntar LIQM do gach eisíocaíocht mar a leanas:

LIQM na heisíocaíochta =

LIQMna ráithe *

∑ eisíocaíocht gan íocag deireadh na ráithe: ∑ eisíocaíochtaí gan íocag deireadh na ráithe

3.   Costas Seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a ríomh

3.1.   Costais riaracháin athfhillteacha a ríomh

Ríomhfar na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla iomlána = ∑ ítimí costais riaracháin athfhillteacha le haghaidh na bliana féilire

Leithdháilfear na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla in aghaidh an tairbhí = costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla iomlána *

∑ eisíocaíocht gan íoc atá ag dul don tairbhíag deireadh na bliana: ∑ eisíocaíochtaí gan íocag deireadh na bliana

3.2.   Na costais bhunaithe a ríomh agus a leithdháileadh

Ríomhfar na costais bhunaithe in aghaidh thairbhí iasachtaí RRF de réir an dá chéim seo a leanas:

(a)

Ríomhfar na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF mar a leanas:

costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF = 48 %*∑ ítimí costais bhunaithe

(b)

Leithdháilfear na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF le haghaidh na mblianta 2021, 2022 agus 2023 ar gach Ballstát a shínigh comhaontú iasacht RRF mar a leanas:

costais bhunaithe de réir na hiasachta RRF a síníodh = costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF*

méid na hiasachta a síníodh in aghaidh an Bhallstáit ag deireadh na bliana: uasmhéid iomlán iasachtaí RRF

(c)

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ríomhfar aon chostas bunaithe neamh-leithdháilte mar a leanas:

costais bhunaithe neamh-leithdháilte le haghaidh iasachtaí RRF = costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí RRF - ∑ ítimí costais bhunaithe arna leithdháileadh ar iasachtaí RRF in 2021, 2022 agus 2023

Leithdháilfear na costais bhunaithe neamh-leithdháilte sin mar chostais bhunaithe sa bhreis ar eisíocaíochtaí do Bhallstáit faoi chomhaontú iasacht RRF mar a leanas:

costais bhunaithe bhreise in aghaidh an tairbhí = costas bunaithe neamh-leithdháilte le haghaidh iasachtaí RRF ag deireadh 2023*

∑ méideanna na n-iasachtaí arna síniú in aghaidh an tairbhí ag deireadh 2023: méid iomlán na n-iasachtaí faoi chomhaontuithe iasacht RRF arna síniúag deireadh 2023

3.3.   Costas Seirbhíse in aghaidh an tairbhí a ríomh

CoSBliantúil= ∑ Ítimí costais riaracháin athfhillteacha + ∑ Ítimí costais riaracháin bhunaithe

4.   Gluais na n-acrainmneacha

ACCdaily

Costais úis fhabhraithe arna miondealú de réir an lae

(ACC) laethúil

Fabhruithe laethúla ar ionstraim chistiúcháin aonair

agio/disagiolaethúil

agio nó disagio arna miondealú de réir lae

Tairbhí

Ballstát nó tríú tír is páirtí i gcomhaontú iasachta faoi chlár CAM, nó buiséad an Aontais le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053

CoF éilimh aonair in TC(x)

CoF éilimh in urrann ama X

CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime

CoF in aghaidh an lae in aghaidh na hionstraime cistiúcháin

CoFlaethúilLMC tar éis an leibhéalaithe

CoF in aghaidh an lae le haghaidh LMC tar éis an leibhéalaithe

CoFlaethúilLMCroimh an leibhéalú

CoF in aghaidh an lae le haghaidh LMC roimh an leibhéalú

CoFlaethúilTC(easnamh)tar éis an leibhéalaithe

CoF in aghaidh an lae tar éis an leibhéalaithe le haghaidh na n-urrann a bhfuil easnamh leachtachta tosaigh ag gabháil leo

CoFlaethúilTC(barrachas)tar éis an leibhéalaithe

CoF in aghaidh an lae tar éis an leibhéalaithe le haghaidh na n-urrann a bhfuil barrachas leachtachta tosaigh ag gabhail leo

CoFlaethúilTC(x)roimh an leibhéalú

CoF in aghaidh an lae roimh leibhéalú urrann X

CoFBarrachas leachtachtaTC(barrachas)

CoF in aghaidh an lae a bhaineann le barrachas leachtachta san urrann ama

CoFAistriú leachtachta ó LMC

CoF in aghaidh an lae a bhaineann leis an leachtacht a aistrítear chuig LMC

CoSBliantúil

Suim chostas riaracháin na seirbhíse le linn na bliana féilire

Cúpón

Leasanna arna n-íoc ag an eisitheoir ar an mbanna

LeachtachtTC(x)

Méid na leachtachta in urrann ama X. Léirítear barrachas nó easnamh i ndiaidh Chéim 3

Costais LMCna ráithe

Costais na bainistíochta leachtachta thar ráithe

méid barúlach

Méid ainmniúil

RoI shealúchais leachtachtana ráithe

Toradh ar infheistíocht na sealúchas leachtachta thar ráithe

TC(x)

Suim iomlán éileamh agus leachtachta urrann ama X


Top