Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2537

    Cinneadh (AE) 2022/2537 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022… maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne

    ST/8732/2019/REV/1

    IO L 328, 22.12.2022, p. 96–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2537/oj

    Related international agreement

    22.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 328/96


    CINNEADH (AE) 2022/2537 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Nollaig 2022…

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 82(1) agus pointe (a) d’Airteagal 87(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa, (1)

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1172 ón gComhairle (2), an 27 Meitheamh 2019, síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (‘an Comhaontú’), faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (2)

    Ní féidir leis na Ballstáit, agus iad ag gníomhú ina n-aonar, feabhas leordhóthanach a chur ar mhalartú faisnéise i bhforfheidhmiú an dlí chun slándáil a chothabháil san Aontas, de bharr nádúr na coireachta idirnáisiúnta, nach bhfuil teoranta do theorainneacha an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go bhféadfadh na Ballstáit uile agus Prionsacht Lichtinstéin rochtain chómhalartach a bheith acu ar bhunachair sonraí náisiúnta maidir le comhaid anailíse DNA, córais aitheantais dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí chun comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a chothú.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Chomhaontú, tá Airteagal 5(1) agus (2) den Chomhaontú á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta sínithe an Chomhaontaithe.

    (4)

    Tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle (3), Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (4) agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus Cinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle (5), agus dá bhrí sin tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (6)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (6).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) den Chomhaontú (7).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  Toiliú an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2019/1172 an 6 Meitheamh 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (IO L 184, 10.7.2019, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

    (4)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

    (5)  Cinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (IO L 322, 9.12.2009, lch. 14).

    (6)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 184, 10.7.2019, lch. 3, mar aon leis an gcinneadh maidir le síniú.

    (7)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top