This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2306
Commission Implementing Decision (EU) 2022/2306 of 23 November 2022 granting derogations to certain Member States with respect to the transmission of statistics pursuant to Regulation (EC) No 1338/2008 of the European Parliament and of the Council, as regards statistics on healthcare facilities, healthcare human resources and healthcare utilisation (notified under document C(2022) 8341) (Only the Czech, Dutch, English, French, German, Greek, Irish, Portuguese, Romanian, Spanish and Swedish texts are authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2306 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe i ndáil le tarchur staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le staidreamh maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8341) (Is iad na téacsanna sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis atá barántúil agus na téacsanna sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2306 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe i ndáil le tarchur staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le staidreamh maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8341) (Is iad na téacsanna sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis atá barántúil agus na téacsanna sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/8341
IO L 305, 25.11.2022, p. 58–62
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Derogation | 32008R1338 | 25/11/2022 |
25.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/58 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2306 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Samhain 2022
lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe i ndáil le tarchur staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le staidreamh maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8341)
(Is iad na téacsanna sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis atá barántúil agus na téacsanna sin amháin)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint do na hiarrataí a rinne Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, féadfar, más gá, maoluithe agus idirthréimhsí a ghlacadh le haghaidh na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe ar fhorais oibiachtúla. |
(2) |
Léiríonn an fhaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún gurb é is cúis leis na hiarrataí ar mhaoluithe go bhfuil gá le hoiriúnuithe móra ar na córais náisiúnta riaracháin agus staidrimh chun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 a chomhlíonadh go hiomlán. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na maoluithe sin a dheonú do Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne, arna iarraidh sin dóibh. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear maoluithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad do na Ballstáit a liostaítear inti.
Airteagal 2
Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Paolo GENTILONI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 70.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
IARSCRÍBHINN
Maoluithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte
Chun críoch an bhailithe sonraí, deonófar na maoluithe seo a leanas:
Ní cheanglófar ar an tSeicia, Éire, an Spáinn, an Chipir, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil ná an Rómáin sonraí a chur ar fáil maidir leis na hathróga a shonraítear i dTábla 1, ná, i gcás ina léirítear sin, maidir le miondealú na n-athróg, le haghaidh na mblianta tagartha a shonraítear ann. I gcás nach bhfuil gá le cumhdach iomlán, míneofar na diallais ón gcumhdach iomlán sna meiteashonraí tagartha.
Tábla 1
Ballstát |
Athróg/miondealú |
Na blianta tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
||||||||||||||||||||
An tSeicia |
Tír chónaithe na neamhchónaitheoirí a scaoileadh amach maidir leis na hathróga seo a leanas:
|
2023-2024 |
||||||||||||||||||||
An tSeicia |
|
2023-2024 |
||||||||||||||||||||
Éire |
Cumhdach iomlán na n-athróg seo a leanas (tá gá le cumhdach páirteach):
|
2023-2024 |
||||||||||||||||||||
An Spáinn |
Na haoisghrúpaí “65-74” agus “75 nó níos sine” maidir leis an athróg seo a leanas:
|
2021-2023 |
||||||||||||||||||||
An Chipir |
Cumhdach iomlán na n-athróg uile in Iarscríbhinn II (tá gá le cumhdach páirteach) |
2021-2022 |
||||||||||||||||||||
Lucsamburg |
Athróga 1.1-1.6 faoi Shonraí maidir le Fostaíocht Sláinte |
2023 |
||||||||||||||||||||
An Ísiltír |
Cumhdach iomlán na n-athróg faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil (tá gá le cumhdach páirteach) |
2023 |
||||||||||||||||||||
An Ostair |
|
2021-2022 |
||||||||||||||||||||
An Phortaingéil |
|
2023-2025 |
||||||||||||||||||||
An Phortaingéil |
Athróga faoi phointe 4. Sonraí maidir le Feistí Íomháithe Leighis.
|
2021-2023 |
||||||||||||||||||||
An Phortaingéil |
Réigiún NUTS2 áit chónaithe an othair a scaoileadh amach as an ospidéal maidir leis na hathróga seo a leanas:
|
2023-2025 |
||||||||||||||||||||
An Phortaingéil |
Cumhdach iomlán na n-athróg seo a leanas (tá gá le cumhdach páirteach):
|
2023-2025 |
||||||||||||||||||||
An Rómáin |
|
2021 |
Deonófar maoluithe don Bheilg, don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc, do Lucsamburg agus don tSualainn maidir leis an sprioc-am chun sonraí a chur ar fáil i dtaca leis na hathróga i dTábla 2 agus na meiteashonraí tagartha i gcás ina sonraítear sin.
Tábla 2
Ballstát |
Athróg |
Sprioc-am nua |
Na blianta tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
||||||
An Bheilg |
|
Am+26 mhí |
2021-2024 |
||||||
An Ghréig |
Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte |
Am+20 mí |
2023 |
||||||
An Spáinn |
Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte agus meiteashonraí tagartha |
Am+16 mhí |
2023 |
||||||
An Spáinn |
Athróga faoi phointí 2-5 d’Iarscríbhinn II, agus meiteashonraí tagartha |
Am+16 mhí |
2021-2023 |
||||||
An Fhrainc |
|
Am+21 mhí |
2021-2023 |
||||||
Lucsamburg |
Athróga faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil agus 7. Sonraí maidir le Gnáthaimh Mháinliachta |
Am+38 mí |
2023 |
||||||
Lucsamburg |
Athróga faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil agus 7. Sonraí maidir le Gnáthaimh Mháinliachta |
Am+26 mhí |
2024 |
||||||
An tSualainn |
Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte |
Am+21 mhí |
2023-2024 |