Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2200

    Cinneadh (AE) 2022/2200 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 13, 24, 34, 43, 48, 67, 83, 90, 118, 125, 127, 129, 149, 151, 158, 159, 161, 162 agus 163, i leith togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hÚsáideoirí Soghonta Bóithre i nDlúthghaireacht do Thosach nó Taobh Feithicle, i leith togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Ceadú Mótarfheithiclí i ndáil lena Radharc Díreach, agus i leith togra le haghaidh leasú ar M.R.1

    ST/13763/2022/INIT

    IO L 292, 11.11.2022, p. 54–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2200/oj

    11.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 292/54


    CINNEADH (AE) 2022/2200 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Samhain 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 13, 24, 34, 43, 48, 67, 83, 90, 118, 125, 127, 129, 149, 151, 158, 159, 161, 162 agus 163, i leith togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hÚsáideoirí Soghonta Bóithre i nDlúthghaireacht do Thosach nó Taobh Feithicle, i leith togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Ceadú Mótarfheithiclí i ndáil lena Radharc Díreach, agus i leith togra le haghaidh leasú ar M.R.1

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

    (2)

    Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

    (3)

    Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

    (4)

    De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (“UNECE WP.29”) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe (“RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe”) agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe agus tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síntí a chur le sainorduithe RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

    (5)

    Le linn an 188ú seisiún den Fhóram Domhanda a thionólfar idir an 14 agus an 16 Samhain 2022, féadfaidh UNECE WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 13, 24, 34, 43, 48, 67, 83, 90, 118, 125, 127, 129, 149, 151, 158, 159, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le húsáideoirí soghonta bóithre i ndlúthghaireacht do thosach nó taobh feithicle; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil lena radharc díreach; agus togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe.

    (6)

    Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar cinntitheach ar inneachar dhlí an Aontais i réimse chineálcheadú na bhfeithiclí. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos maidir le glacadh na dtograí sin.

    (7)

    Chun forbairtí teicniúla agus taithí a chur san áireamh, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 0, 13, 24, 34, 43, 48, 67, 83, 90, 118, 125, 127, 129, 149, 151, 158, 159, 161, 162, 163 ó na Náisiúin Aontaithe agus le rialachán frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá iad a leasú nó a fhorlíonadh.

    (8)

    Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, chun feabhas a chur ar shábháilteacht na bhfeithiclí, agus chun neamhchosaint úsáideoirí bóithre a laghdú, is gá rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le húsáideoirí soghonta bóithre i ndlúthghaireacht do thosach nó taobh feithicle agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil lena radharc díreach a ghlacadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 188ú seisiún a thionólfar idir an 14 agus an 16 Samhain 2022, is ea vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. STANJURA


    (1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, Lch. 78).

    (2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 a bhaineann le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Rialachán Uimh.

    Teideal mhír an chláir oibre

    Cód tagartha an doiciméid (1)

    0

    Togra le haghaidh sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 0 ó na Náisiúin Aontaithe (Cineálcheadú Idirnáisiúnta Feithicle ina hIomláine)

    (ECE/TRANS/WP.29/1166, mír 107, bunaithe ar WP.29-187-20)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/111

    13

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 20 a ghabhfadh le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma) (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/11, arna leasú le GRVA-13-22/Rev.1)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/137

    13

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma) (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/11, arna leasú le GRVA-13-22/Rev.1)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/138

    24

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 24 ó na Náisiúin Aontaithe (Truailleáin infheicthe, cumhacht innill adhainte comhbhrú a thomhas (Deatach díosail)) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/86/Rev.1, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/22, arna leasú le linn an tseisiúin le hIarscríbhinn VII)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/133/Rev.1

    34

    Togra le haghaidh sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe (Rioscaí dóiteáin a chosc) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/19/Rev.1, arna leasú le mír 33 den tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/116

    34

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe (Rioscaí dóiteáin a chosc) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/19, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/117

    43

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfadh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 43 ó na Náisiúin Aontaithe (Gloiniú sábháilteachta) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 12, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/3 agus ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/4, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/118

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 17 a ghabhfadh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/86, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/5, arna leasú le GRE-86-05-Rev.2)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/112

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfadh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/86, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/5 arna leasú le GRE-86-05-Rev.2)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/113

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/86, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/5, arna leasú le GRE-86-05-Rev.2)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/114

    67

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 67 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí GPL) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 35, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/11, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/119

    67

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfadh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 67 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí GPL) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 35, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/11, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/120

    83

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 16 a ghabhfadh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRPE/86/Rev.1, mír 21, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/10 agus ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/13 agus GRPE-86-12, arna leasú le hIarscríbhinn IV)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/134

    83

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhfadh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRPE/86/Rev.1, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/10 agus ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/13, GRPE86-12 agus GRPE-86-24-Rev.1, arna leasú le hIarscríbhinn V)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/135

    83

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 15 a ghabhfadh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRPE/86/Rev.1, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/10 agus ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/13, GRPE86-12 agus GRPE-86-24-Rev.1, arna leasú le hIarscríbhinn VI)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/136

    90

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfadh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Páirteanna ionadacha le haghaidh coscán)

    (bunaithe ar GRVA-14-17)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/148

    118

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfadh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 118 ó na Náisiúin Aontaithe (Iompraíocht dhóite na n-ábhar) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 8, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/2, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/121

    125

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 125 ó na Náisiúin Aontaithe (Réimse radhairc chun tosaigh na dtiománaithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 49, bunaithe ar GRSG-123-05)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/122

    127

    Togra le haghaidh sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/71, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/4, arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/129

    127

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/71, mír 21, bunaithe ar GRSP-71-04 arna mhacasamhlú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/130

    129

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe um shrianadh linbh) ECE/TRANS/WP.29/GRE/71, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/7, arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil, ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/8, nár leasaíodh, agus ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/9, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/128

    129

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfadh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe um shrianadh linbh) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/71, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/5, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/131

    129

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfadh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe um shrianadh linbh) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/71, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/6, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/132

    149

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfadh le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin bóthair) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/86, mír 12, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/8)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/115

    151

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 151 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Faisnéise Caochspota)

    (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 18, bunaithe ar GRSG-2022-9, mar a leasaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/147

    158

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe (Gluaiseacht chúlaithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/10, arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/123/Rev.1

    159

    Togra le haghaidh cuid I d’Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 159 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas faisnéise bogtha chun siúil) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 23, bunaithe ar GRSG-123-11-Rev.1, arna mhacasamhlú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/124

    159

    Togra le haghaidh cuid II d’Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 159 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas faisnéise bogtha chun siúil) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 23, bunaithe ar GRSG-123-32, arna mhacasamhlú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/125

    161

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe (Gléasanna i gcoinne Úsáid Neamhúdaraithe)

    (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 43, bunaithe ar GRSG-2022-14, arna leasú le mír 43)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/146

    162

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (Baic dhúisithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 46, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/15, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/126/Rev.1

    163

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Aláraim feithicle) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 48, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/16, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/127

    Rialachán nua

    Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hÚsáideoirí Soghonta Bóithre i nDlúthghaireacht do Thosach nó Taobh Feithicle (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/6, arna leasú le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/139

    Rialachán nua

    Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Ceadú Mótarfheithiclí i ndáil lena Radharc Díreach (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, mír 28, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/7, arna leasú le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an tuarascáil agus ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/30)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/140/Rev.1


    Ilghnéitheach

    Teideal mhír an chláir oibre

    Cód tagartha an doiciméid

    Rún Frithpháirteach

    Togra le haghaidh Leasú 3, Aguisín 1 a ghabhfadh le Rún Frithpháirteach Uimh. 1 (M.R.1) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/71, mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/10, nár leasaíodh)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/141

    Rialacháin theicniúla atá le liostú sa Choimre de Thograí a d’fhéadfaí a ghlacadh mar RTDanna ó na Náisiún Aontaithe

    Liostú Uimhir 11: Cláir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil agus Roinn Iompair na Stát Aontaithe um Chaighdeáin Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa i leith Feithiclí Saothair Éadroim agus um Chaighdeáin Meánbharainneachta Corparáidí Breosla

    ECE/TRANS/WP.29/2022/142

    Rialacháin theicniúla atá le liostú sa Choimre de Thograí a d’fhéadfaí a ghlacadh mar RTDanna ó na Náisiún Aontaithe

    Liostú Uimhir 12: Cláir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil agus Riarachán Náisiúnta na Sábháilteachta Tráchta ar Mhórbhealaí de chuid na Roinne Iompair um Chaighdeáin Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa agus Caighdeáin Éifeachtúlachta Breosla i leith Innill agus Feithiclí Meánsaothair agus Tromsaothair

    ECE/TRANS/WP.29/2022/143

    Rialacháin theicniúla atá le liostú sa Choimre de Thograí a d’fhéadfaí a ghlacadh mar RTDanna ó na Náisiún Aontaithe

    Liostú Uimhir 13: Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil agus Riarachán Náisiúnta na Sábháilteachta Tráchta ar Mhórbhealaí de chuid na Roinne Iompair, Clár le haghaidh Leasuithe agus Breisithe ar an Lipéad Barainneachta Breosla le haghaidh Mótarfheithiclí: Lipéid Nua Barainneachta Breosla agus Chomhshaoil le haghaidh Glúin Nua Feithiclí

    ECE/TRANS/WP.29/2022/144


    (1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: (WP.29) An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (188ú seisiún) | UNECE


    Top