Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex
Dokument 32022D2199
Council Decision (EU) 2022/2199 of 8 November 2022 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Regional Steering Committee of the Transport Community as regards the adoption of the budget of the Transport Community for 2023
Cinneadh (AE) 2022/2199 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh
Cinneadh (AE) 2022/2199 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh
ST/13637/2022/INIT
IO L 292, 11.11.2022, str. 50—53
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Obowiązujące
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 292/50 |
CINNEADH (AE) 2022/2199 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Shínigh an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1) (TCT) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (2). An 4 Márta 2019 formheasadh é thar ceann an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (3). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019. |
(2) |
De bhun Airteagal 35 TCT, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair (“an Coiste Stiúrtha”) le buiséad an Chomhphobail Iompair a ghlacadh gach bliain. De réir Airteagal 35 TCT, tugtar de chumhacht freisin don Choiste Stiúrtha cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme. |
(3) |
Tá an Coiste Stiúrtha le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 ag an seisiún deireanach a bheidh aige in 2022. |
(4) |
Tá gá le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 atá beartaithe ionas go bhfeidhmeoidh comhlachtaí an Chomhphobail Iompair go cuí. Cumhdaítear leis na costais le haghaidh acmhainní daonna, taistil, trealamh agus bogearraí TF, chomh maith le caiteachas oibríochtúil amhail staidéir, fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus eagrú comhdhálacha agus cruinnithe. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha a bhunú, a bhaineann leis an gcinneadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh, ós rud é go mbeidh cinneadh den sórt sin, ar cinneadh é atá riachtanach d’fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, ina cheangal ar an Aontas. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Choiste Stiúrtha a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (“an Coiste Stiúrtha”) a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) IO L 278, 27.10.2017, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).
(3) Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. .../2022 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 a ghlacadh
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar leis seo buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2023 atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de na rialacha airgeadais agus nósanna imeachta iniúchta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, féadfar leithreasuithe de líne bhuiséid ar leith le haghaidh bhuiséad 2023 a úsáid chun críocha a bhaineann le líne bhuiséid eile, laistigh den teorainn iomlán 10 % de leithreasuithe na líne buiséid ar leith sin. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an líne bhuiséid a bhaineann le buiséad na n-acmhainní daonna.
2. Maidir le leithreasuithe a thugtar ar aghaidh chun oibleagáidí a shínítear ag deireadh 2022 a chomhlíonadh, mar a shonraítear sa bhuiséad a ghabhann leis seo, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh na húsáide dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear san áireamh iad chun an t-uasmhéid a chomhfhreagraíonn don teorainn 10 % dá dtagraítear ann a chinneadh.
Airteagal 3
Leithreasuithe nach bhfuil gealltanas tugtha ina leith faoi dheireadh na bliana airgeadais 2022, déanfar iad a chur ar ceal agus a íoc ar ais leis na Páirtithe i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar síos in Iarscríbhinn V den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus na ranníocaíochtaí iarbhír a íocadh.
Arna dhéanamh i/sa..., an....
Thar ceann Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
an Chomhphobail Iompair
An tUachtarán
BUISÉAD AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR LE hAGHAIDH 2023
Líne bhuiséid |
Méid (EUR) |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
1 502 097 |
||||||||||
|
119 220 |
||||||||||
|
64 150 |
||||||||||
|
543 117 |
||||||||||
|
730 000 |
||||||||||
|
510 000 |
||||||||||
|
220 000 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
28 000 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
18 560 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
177 300 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
10 800 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
5 720 |
||||||||||
Iomlán na gcreidmheasanna nua (gan an Cúlchiste Buiséid san áireamh) |
2 978 964 |
||||||||||
An Cúlchiste Buiséid (thart ar 3 % de na creidmheasanna nua) |
81 036 |
||||||||||
Iomlán na gcreidmheasanna nua |
3 060 000 |
||||||||||
Iomlán na tabhartha anonn ó 2022 |
220 000 |
||||||||||
Móriomlán |
3 280 000 |
||||||||||
Ranníocaíocht ón Aontas Eorpach (80 % de na creidmheasanna nua) |
2 448 000 |
||||||||||
Ranníocaíocht ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % de na creidmheasanna nua: In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair gheofar an dáileadh in aghaidh gach tíre) |
612 000 |
(1) Cinnfear an méid iomlán ar thabhairt i gcrích nósanna imeachta agus conarthaí seirbhíse a shínítear le linn R3 de 2022