Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1028

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1028 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/355 a mhéid a bhaineann le suiteálacha áirithe sa Danmhairg, sa Fhrainc agus sa tSualainn a chuimsítear sa liosta de shuiteálacha atá faoi chumhdach chóras trádála astaíochta an Aontais a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)4289) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4289

IO L 172, 29.6.2022, pp. 21–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1028/oj

29.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 172/21


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1028 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/355 a mhéid a bhaineann le suiteálacha áirithe sa Danmhairg, sa Fhrainc agus sa tSualainn a chuimsítear sa liosta de shuiteálacha atá faoi chumhdach chóras trádála astaíochta an Aontais a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)4289)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis do na Ballstáit a mBearta Náisiúnta Trasuite (NIManna) a thíolacadh, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2021/355 (2) maidir le bearta cur chun feidhme náisiúnta le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis an gCinneadh sin, diúltaítear suiteálacha áirithe agus a sonraí comhfhreagracha a inscríobh ar liostaí na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, agus ar an gcaoi sin déantar iad a eisiamh ó raon feidhme chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE).

(2)

Rinneadh suiteálacha a úsáideann bithmhais go heisiach a eisiamh ó CTA AE, i gcomhréir le mír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Tugadh an fhoráil sin isteach sa Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí le Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ó cuireadh i bhfeidhm í an 1 Eanáir 2013 rinne sí raon feidhme nua a chinneadh le haghaidh CTA AE. Dá bhrí sin, i dtaca le hinscríobh na suiteálacha a d’úsáid bithmhais go heisiach le haghaidh gach bliain den tréimhse bhonnlíne, tá an t-inscríobh sin le diúltú d’ainneoin iad a bheith liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE.

(3)

Cuireadh in iúl don Choimisiún go ndearna an tSualainn an tsuiteáil SE-207651 a áireamh ina cuid NIManna go hearráideach. Úsáideann an tsuiteáil sin bithmhais go heisiach agus ar an gcúis sin ba cheart í a eisiamh an uair sin ó raon feidhme CTA AE.

(4)

Tar éis iarratas a fháil ón gCoimisiún, dheimhnigh an Danmhairg nach raibh astaíochtaí iontaise ar bith ag suiteálacha DK-65, DK-66 ná DK-135 le linn na tréimhse bonnlíne 2014-2018. Úsáideann na suiteálacha sin bithmhais go heisiach agus ba cheart iad sin freisin a eisiamh an uair sin ó raon feidhme CTA AE.

(5)

Dá bhrí sin, i dtaca le hinscríobh na suiteálacha DK-65, DK-66, DK-135 agus SE-207651 ar liostaí na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, is iomchuí an t-inscríobh sin a dhiúltú le haghaidh gach bliain den tréimhse bhonnlíne, lena n-áirítear na cásanna inar liostaíodh iad i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE.

(6)

Tar éis di iarratas ar shoiléiriú a fháil ón gCoimisiún, chuir an Fhrainc in iúl don Choimisiún, i dtaca le dhá shuiteáil sa tír sin, FR-206164 agus FR-206032, nach dtáirgtear iontu ach polaiméirí. Astaíochtaí CO2 díreacha nialasacha atá ag an dá shuiteáil ós rud é go ndéanann siad an teas is gá le haghaidh an táirgthe a allmhairiú ó shuiteáil CTA AE eile. Sa bhreithiúnas i gCás C-577/16 (4), chinn an Chúirt Bhreithiúnais, maidir le suiteáil le haghaidh polaiméirí a tháirgeadh a fhaigheann an teas is gá le haghaidh an táirgthe sin ó shuiteáil tríú páirtí, nach dtagann an tsuiteáil sin faoi raon feidhme CTA AE, ós rud é nach ngineann sí astaíochtaí CO2 díreacha. Dá bhrí sin, i dtaca le hinscríobh na suiteálacha sin ar liostaí na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, ba cheart an t-inscríobh sin a dhiúltú.

(7)

Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh (AE) 2021/355 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:

“6.   I dtaca le hinscríobh na suiteálacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo a áirítear ar liosta na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus i dtaca leis na sonraí comhfhreagracha maidir le leithdháiltí saor in aisce ar na suiteálacha sin, arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin, diúltaítear iad.”;

(2)

An téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear an téacs sin in ionad Iarscríbhinn I;

(3)

An téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear an téacs sin isteach mar Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le bearta cur chun feidhme náisiúnta le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 26.2.2021, lch. 221).

(3)  Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).

(4)  Cinneadh na Cúirte Breithiúnais an 28 Feabhra 2018, Trinseo Deutschland Anlagengesellschaft mbH v Bundesrepublik Deutschland, C-577/16, ECLI:EU:C:2018:127.


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN I

Suiteálacha a úsáideann bithmhais go heisiach

Aitheantóir suiteálacha i liostaí na mbeart náisiúnta trasuite

DK000000000000065

DK000000000000066

DK000000000000135

 

FI000000000000645

FI000000000207696

 

 

SE000000000000031

SE000000000000086

SE000000000000169

SE000000000000211

SE000000000000320

SE000000000000523

SE000000000000583

SE000000000000686

SE000000000000789

SE000000000000845

SE000000000205887

SE000000000209930

SE000000000000779

SE000000000000064

SE000000000000088

SE000000000000186

SE000000000000249

SE000000000000324

SE000000000000543

SE000000000000629

SE000000000000687

SE000000000000798

SE000000000000847

SE000000000206192

SE000000000211058

SE000000000207651

SE000000000000073

SE000000000000099

SE000000000000199

SE000000000000261

SE000000000000382

SE000000000000547

SE000000000000659

SE000000000000705

SE000000000000830

SE000000000202297

SE000000000208282

SE000000000000153

SE000000000000074

SE000000000000102

SE000000000000205

SE000000000000319

SE000000000000468

SE000000000000565

SE000000000000681

SE000000000000785

SE000000000000838

SE000000000205800

SE000000000209062

SE000000000000231


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN IV

Suiteálacha ina dtáirgtear polaiméirí agus a allmhairíonn teas, ag a bhfuil astaíochtaí díreacha CO2 nialasacha

Aitheantóir suiteálacha i liosta na mbeart náisiúnta trasuite

FR000000000206164

FR000000000206032


Top