Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1025

Cinneadh (AE) 2022/1025 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún sin

ST/8816/2022/INIT

IO L 172, 29.6.2022, pp. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1025/oj

29.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 172/11


CINNEADH (AE) 2022/1025 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Meitheamh 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (“an Coinbhinsiún”) i bhfeidhm in 1992 agus thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 93/98/CEE ón gComhairle (1).

(2)

De bhun an Choinbhinsiúin, tá Comhdháil na bPáirtithe le leasuithe ar an gCoinbhinsiún a mheas agus a ghlacadh, de réir mar is gá. Is ag cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe a ndéanfar leasuithe ar an gCoinbhinsiún a ghlacadh.

(3)

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 den Choinbhinsiún, ag an 15ú cruinniú a bheidh aici i mí an Mheithimh 2022, tá Comhdháil na bPáirtithe chun an togra ó Chónaidhm na Rúise a mheas maidir le mír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún a leasú. Is é is aidhm don togra sin teorainn ama 30 lá a bhunú ar laistigh di a thabharfaidh Stát allmhairiúcháin freagra ar an bhfógróir maidir le loingsiú dramhaíola, agus cuimsítear sa togra sin athrú amháin eile a chuirtear i láthair mar athrú eagarthóireachta.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a bhunú i leith an togra ó Chónaidhm na Rúise, ós rud é go mbeadh an leasú sin ina cheangal ar an Aontas agus go ndéanfadh sé difear do dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(5)

Níor cheart don Aontas tacú leis an togra ó Chónaidhm na Rúise maidir le mír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún a leasú. Dá ndéanfaí amhlaidh, bheadh próiseas fada dian caibidlíochta riachtanach agus thógadh sé tamall fada sula dtiocfadh leasú den sórt sin i bhfeidhm. Is léir go mbeadh sé díréireach tús a chur le próiseas den sórt sin, ós rud é go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach ar mhodhanna eile. Ina ionad sin, ba cheart don Aontas a bheith oscailte do thionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar an nós imeachta i dtaobh toiliú feasach a chur in iúl roimh ré, agus ba cheart dó tionscnaimh den sórt sin, a leagtar amach in Airteagal 6 den Choinbhinsiún, a chur ar aghaidh nó gníomhú ina leith, ar choinníoll go mbeidh raon feidhme níos leithne ag na tionscnaimh sin ná mar atá ag an togra a chuir Cónaidhm na Rúise faoi bhráid an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, go bhfuil siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n-éilítear leasú ar an gCoinbhinsiún leo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, gan tacú leis an togra ó Chónaidhm na Rúise chun mír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún a leasú.

2.   Cuirfidh an tAontas tionscnamh ar aghaidh, nó tacóidh sé le tionscnaimh ó Pháirtithe eile sa Choinbhinsiún, chun feidhmiú an nós imeachta i dtaobh “toiliú feasach a chur in iúl roimh ré”, a leagtar amach in Airteagal 6 den Choinbhinsiún, a fheabhsú, ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir le tionscnaimh den sórt sin:

(a)

go bhfuil siad ceaptha chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta i dtaobh “toiliú feasach a chur in iúl roimh ré”, trí aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna agus fadhbanna a fhearann ar Stáit onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó idirthurais ó thaobh fógraí a láimhseáil agus trí thacú le digiteáil an nós imeachta sin, chun gur féidir gluaiseachtaí dramhaíolacha atá i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún a dhéanamh thar theorainneacha gan moill mhíchuí;

(b)

nach n-éilítear leo an Coinbhinsiún a leasú;

(c)

go rannchuidíonn siad le dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda; agus

(d)

go rannchuidíonn siad le cur chun feidhme cuí na sásraí rialaithe a leagtar síos sa Choinbhinsiún agus le deimhneacht dhlíthiúil ina leith sin.

Airteagal 2

I bhfianaise na bhforbairtí a dhéanfar ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, féadfaidh ionadaithe an Aontais i gcomhairle leis na Ballstáit an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, mír 2, den Chinneadh seo a mhionchoigeartú le linn cruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair, gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 2 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DE MONTCHALIN


(1)  Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (Coinbhinsiún Basel) (IO L 39, 16.2.1993, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).


Top