EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0997

Cinneadh (AE) 2022/997 ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha a mhéid a bhaineann leis an togra chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

ST/7009/2022/INIT

IO L 168, 27.6.2022, p. 63–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/997/oj

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/63


CINNEADH (AE) 2022/997 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Aibreán 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha a mhéid a bhaineann leis an togra chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (“an Coinbhinsiún”) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004 agus tugadh é i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle (1).

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme laistigh den Aontas.

(3)

De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ceimiceáin a liostú, in Iarscríbhinní A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus bearta rialaithe a bhaineann le ceimiceáin den sórt sin a shonrú,.

(4)

Ag a dheichiú cruinniú, meastar go bhfuil Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún chun cinneadh maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh.

(5)

Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a laghdú nó a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus tacú lena liostú sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(6)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, is iomchuí é a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe sin ina gceangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha, tacú le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus aird chuí á tabhairt ar mholtaí ábhartha Choiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach gan díolúintí sonracha.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe maidir le chomhordú ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle, mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Cinneadh (2006/507/CE) ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 a bhaineann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).


Top