Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0735

    Cinneadh (CBES) 2022/735 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1200 d’fhonn deireadh théarma oifige an Chathaoirligh reatha ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar agus d’fhonn ceapachán an chéad Chathaoirligh eile ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar

    ST/8471/2022/INIT

    IO L 136, 13.5.2022, p. 106–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/735/oj

    13.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 136/106


    CINNEADH (CBES) 2022/735 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Bealtaine 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1200 d’fhonn deireadh théarma oifige an Chathaoirligh reatha ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar agus d’fhonn ceapachán an chéad Chathaoirligh eile ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2001/79/CBES ón gComhairle an 22 Eanáir 2001 lena mbunaítear Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 3(1) de Chinneadh 2001/79/CBES, tá an Chomhairle le Cathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (“an Coiste Míleata”) a cheapadh ar mholadh ó chruinniú an Choiste Mhíleata ag teacht le chéile dó ar leibhéal na gCeann Cosanta. De réir Airteagal 3(2) den Chinneadh sin, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt, 3 bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach an Choiste Mhíleata.

    (2)

    Le Cinneadh (CBES) 2018/297 (2), cheap an Chomhairle an Ginearál Claudio GRAZIANO ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata ar feadh tréimhse 3 bliana go leith ón 6 Samhain 2018. Le Cinneadh (CBES) 2021/1200 (3), chuir an Chomhairle síneadh le téarma oifige an Ghinearáil Claudio GRAZIANO mar Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata go dtí an 31 Bealtaine 2022.

    (3)

    Ag an gcruinniú a bhí aige an 19 Bealtaine 2021, mhol an Coiste Míleata, ag teacht le chéile dó ar leibhéal na gCeann Cosanta, go gceapfaí an Ginearál Robert BRIEGER ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata, mar chomharba Ghinearáil Claudio GRAZIANO, go ceann tréimhse 3 bliana.

    (4)

    Le Cinneadh (CBES) 2021/1200, cheap an Chomhairle an Ginearál Robert BRIEGER ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2025.

    (5)

    An 25 Aibreán 2022, chuir an Ginearál Claudio GRAZIANO in iúl do Coreper nach mór dó scor dá dhualgais mar Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata an 15 Bealtaine 2022.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh le téarma oifige an Ghinearáil Claudio GRAZIANO mar Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata a chur aniar go dtí an 15 Bealtaine 2022, agus ba cheart ceapachán an Ghinearáil Robert BRIEGER ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata a chur aniar go dtí an 16 Bealtaine 2022.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/1200 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1200 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    Leis seo, cuirtear síneadh le téarma oifige an Ghinearáil Claudio GRAZIANO mar Chathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh go dtí an 15 Bealtaine 2022.”.

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2

    Leis seo, ceaptar an Ginearál Robert BRIEGER ina Chathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh ón 16 Bealtaine 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2025.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  IO L 27, 30.1.2001, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2018/297 ón gComhairle an 20 Feabhra 2018 lena gceaptar an Cathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (IO L 56, 28.2.2018, lch. 33).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2021/1200 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le téarma oifige an Chathaoirligh ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh agus lena gceaptar an chéad Chathaoirleach eile ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (IO L 259, 21.7.2021, lch. 6).


    Top