EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0119

Cinneadh (AE) 2022/119 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/613/CE maidir le cruthú grúpa comhairleach i ndáil leis an mbiashlabhra agus le sláinte ainmhithe agus plandaí

C/2022/364

IO L 19, 28.1.2022, p. 71–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/119/oj

28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/71


CINNEADH (AE) 2022/119 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2022

lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/613/CE maidir le cruthú grúpa comhairleach i ndáil leis an mbiashlabhra agus le sláinte ainmhithe agus plandaí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2004/613/CE ón gCoimisiún (1) cruthaíodh an grúpa comhairleach um an mbiashlabhra agus um shláinte ainmhithe agus plandaí. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an ngrúpa sin i dtaca lena chlár oibre maidir le sábháilteacht bia agus beatha, le lipéadú agus cur i láthair bia agus beatha, le cothú an duine i ndáil le reachtaíocht maidir le bia, le sláinte agus leas ainmhithe agus sláinte plandaí chomh maith le haon bheart eile ab éigean don Choimisiún a dhéanamh nó a mholadh sna réimsí beartais thuasluaite.

(2)

An 20 Bealtaine 2020, ghlac an Coimisiún an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (2).

(3)

Agus an Straitéis “Ón bhfeirm go dtí an Forc” á cur chun feidhme, táthar le dul i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara a bhfuil saineolas acu i réimsí na sláinte, an chothaithe, na margaíochta, an chomhshaoil, na haeráide, na talmhaíochta inbhuanaithe, na hagranamaíochta, na n-iascach, an dobharshaothraithe agus na n-eolaíochtaí sóisialta, chomh maith le réimsí an chlaochlaithe dhigitigh agus an airgeadais a mhéid a bhaineann le córais bhia.

(4)

Dá bhrí sin, téann na saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” thar a bhfuil de shaineolas ag an ngrúpa dá bhforáiltear faoi láthair i gCinneadh 2004/613/CE. Dá bhrí sin, chun rannpháirtíocht mhéadaithe ó shaineolaithe sna réimsí beartais sin a áirithiú, is gá grúpa nua neamhfhoirmiúil a chur ar bun le ballraíocht mhéadaithe agus tascanna méadaithe.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, is gá Cinneadh 2004/613/CE a aisghairm.

(6)

Ós rud é go rachaidh sainordú bhaill an ghrúpa chomhairligh reatha in éag an 14 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón lá dár gcionn,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh 2004/613/CE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Iúil 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Cinneadh ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2004 maidir le cruthú grúpa comhairleach i ndáil leis an mbiashlabhra agus le sláinte ainmhithe agus plandaí (IO L 275, 25.8.2004, lch. 17).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381 final).


Top