EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1793

Rialachán (AE) 2021/1793 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

C/2021/7331

IO L 361, 12.10.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1793/oj

12.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 361/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1793 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Deireadh Fómhair 2021

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a leithdháiltear ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

17/TQ92

BALLSTÁT

An Phortaingéil

STOC

BET/ATLANT (lena n-áirítear BET/*ATLLL agus BET/*ATLPS)

SPEICEAS

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

LIMISTÉAR

An tAigéan Atlantach

DÁTA DEIRIDH

20/9/2021


Top