Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0139

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/139 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chun tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a chur san áireamh

    C/2020/8572

    IO L 43, 8.2.2021, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/139/oj

    8.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 43/5


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/139 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Nollaig 2020

    lena leasaítear Iarscríbhinní I agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chun tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a chur san áireamh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán(AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, (1) agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 24 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (2) na socruithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) a bheith ag tarraingt siar as an Aontas agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”).

    (2)

    Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse a leagtar amach i gCuid a Ceathair den Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020 nuair a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

    (3)

    De bhun Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, arna léamh in gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) 2019/125 maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann amhail ó dheireadh na hidirthréimhse.

    (4)

    I gcás ina mbunaítear le Rialachán (AE) 2019/125 ceanglas maidir le húdarú le haghaidh trádáil ón Aontas chuig tríú tíortha, ba é “údarás inniúil” na Ríochta Aontaithe a bheadh freagrach, ón 1 Eanáir 2021, as cinneadh a dhéanamh maidir le haon iarratas ar údarú den sórt sin, de bhun an Rialacháin sin, a dhéanann onnmhaireoirí atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann.

    (5)

    Faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/125 maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, is iomchuí dá bhrí sin Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 a leasú.

    (6)

    De bhun Airteagail 16 agus 19 de Rialachán (AE) 2019/125, tá údarú de dhíth chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán a onnmhairiú, ar táirgí iad a d’fhéadfaí a úsáid chun daoine a chur chun báis trí bhíthin instealladh marfach.

    (7)

    Déantar foráil le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2019/125 maidir le “húdarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas”.

    (8)

    I gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125, tá feidhm ag an údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas maidir le honnmhairí earraí a liostaítear in aon iontráil in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 agus tá sé bailí ar fud an Aontais i gcás onnmhairí chuig na cinn scríbe a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V. Is tríú tíortha iad na cinn scríbe sin a bhfuil pionós an bháis dhíothaithe acu i gcás gach coire agus a bhfuil an díothú sin deimhnithe trí ghealltanas idirnáisiúnta (3).

    (9)

    Maidir leis an ualach rialála a chuirtear ar chuideachtaí de chuid an Aontais a onnmhairíonn earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán, cuidíonn an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas é sin a laghdú agus táirgí íocshláinte den sórt sin á n-onnmhairiú acu chun críoch dlisteanach teiripe.

    (10)

    Dhaingnigh an Ríocht Aontaithe Prótacal Uimh. 13 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, maidir le pionóis an bháis a chur ar ceal i ngach imthoisc agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na ceanglais chun í a chur ar liosta na gceann scríbe a leagtar síos i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

    (11)

    Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/125 maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, is iomchuí dá bhrí sin Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 a leasú.

    (12)

    Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hinfheidhmeacht an Rialacháin seo tar éis dheireadh na hidirthréimhse, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Má thagann deireadh leis an tréimhse agóide tar éis an 1 Eanáir 2021 is iomchuí, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun aon suaitheadh díobhálach a sheachaint a d‘fhéadfaí a dhéanamh ar oibríochtaí cuideachtaí de chuid an Aontais ar mian leo earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a onnmhairiú chuig an Ríocht Aontaithe, foráil a dhéanamh maidir le hinfheidhmeacht chúlghabhálach an Rialacháin ón 1 Eanáir 2021.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní I agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 30, 31.1.2019, lch. 1.

    (2)  An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

    (3)  Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní I agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 mar a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn I, leasaítear liosta na n-údarás inniúil mar a leanas:

    (a)

    faoi Cheannteideal “A. Údaráis na mBallstát”, scriostar an iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe.

    (b)

    i ndiaidh an Cheannteidil “B. Seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún Eorpach” cuirtear isteach an ceannteideal seo a leanas:

    “C.

    Údarás na Ríochta Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann

    AN RÍOCHT AONTAITHE, faoi réir chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2, den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, amhail ón 1 Eanáir 2021

    Allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

    Department for International Trade (DIT)

    Import Licensing Branch (ILB)

    Seoladh ríomhphoist: enquiries.ilb@trade.gov.uk

    Onnmhairiú earraí agus soláthar cúnaimh a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinní II, III agus IV:

    Department for International Trade

    Export Control Joint Unit

    3 Whitehall Place

    London

    SW1A 2AW

    UNITED KINGDOM

    Teil. +44 2072154594

    Seoladh ríomhphoist: eco.help@trade.gov.uk”

    (2)

    In Iarscríbhinn V, sa liosta i gCuid 2 “Cinn Scríbe”, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach san ord aibítre le haghaidh liostú na dtíortha de réir an leagain teanga faoi seach:

    An Ríocht Aontaithe, gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/125 maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2, den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, amhail ón 1 Eanáir 2021”


    Top